Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhostóirí employers
" Teastaíonn ó fhostóirí go mbeadh a gcuid fostaithe ar an eolas fad is atá siad ag imeacht thart i mbun a gcuid oibre.
fostóir-bhunaithe employer-based
" Clúdach sláinte fostóir-bhunaithe ======= Tá sé tábhachtach go gcuirfí maoiniú ar fáil do Mary's Center mar go bhfuil sé ag freastal ar dhaoine a d'fhéadfadh titim "idir na scoilteanna" i gcóras cúraim sláinte na Stát Aontaithe.
fhostóirí employers
" Ghlac m'fhostóirí leis sin, ach an chéad lá eile, chuir Robin Livingstone scairt orthu agus bhagair sé go gcuirfeadh sé na péas agus a dhlíodóir ina ndiaidh.
ar theachtaireachtaí dá fhostóir on messages for his employer
" Bíonn an buachaill Kaim i gcónaí ag rith trasna na talún tirime donnbhuí, ag dul ar theachtaireachtaí dá fhostóir.
i gcoinne a fostóra against her employer
" Bíonn fadhbanna móra le saghsanna eile pornagrafaíochta freisin; bhuaigh bean i Sasana cás i gcoinne a fostóra toisc go raibh a comhghleacaithe fir ag féachaint ar phornagrafaíocht ar an idirlíon go rialta.
na fostóirí is mó the biggest employers
" Fostaíocht ======= Is iad Marine Harvest na fostóirí is mó sa cheantar seo.
i gcás fostóirí móra in the case of big employers
" Ach cuirim geall leat nach dtarlódh a leithéid i gcás fostóirí móra.
fhostóirí employers
" De réir trí cinn déag de na Royal Colleges of Medicine sa Bhreatain, tá dualgas ar fhostóirí a gcuid fostaithe a chosaint ó dhochar agus, dá mbeadh áiteanna oibre saor ó thoit, dhéanfaí 150,000 beatha a shábháil go fadtéarmach.
Tá sé sin ag brath ar an fhostóir féin that's up to the employer himself
" Ach cad é faoin Health and Safety at Work Act 1974 agus an dualgas atá ar fhostóirí? "Tá sé sin ag brath ar an fhostóir féin," arsa Tim Carter, agus é ar nós cuma liom.
fostóirí employers
" Bhí na Cailvínigh i ndiaidh cosc a chur ar shamhlacha beannaithe agus na séipéil ar fad a ghealadh le haol agus, dá bharr seo, b'éigean d'ealaíontóirí fostóirí nua a fháil agus ábhair nua dá saothar.
fostóirí employers
" Ach mar a tharla sé, ní raibh sé sin ina mhíbhuntáiste, mar go minic is fearr le fostóirí oibrithe atá iontaofa agus a bhfuil taithí acu ná *dollybirds *nó a leithéid.
fostóir employer
" De réir an achta sin, tá sé mar dhualgas ar gach fostóir sláinte a chuid fostaithe a chosaint agus, de réir cóid cleachtais a eisíodh i Meán Fómhair 2000, tá an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar atá saor ó thoit.
a bhfostóirí their employers
" Tuigeann na seandálaithe céanna nach chun leas na seandálaithe an iomarca moille a chur ar a bhfostóirí.
fhostóir employer
" ie)), cumann proifisiúnta a bunaíodh i 1993, go gcuireann an teileachomaitéireacht – is é sin, bheith ag obair achar áirithe ó d’fhostóir nó do chliaint, sa bhaile, ar an bhóthar, nó in ionad éigin áitiúil – ar chumas daoine bheith ag obair beagnach áit ar bith, a fhad is go bhfuil ríomhaire, líne theileafóin agus meaisín facs ar fáil ansin.
fostóirí employers
" Tá cuid de na fostóirí seo sásta i bhfad níos lú ná an pá íosta a íoc leis na heachtrannaigh; tá siad sásta iad a chaitheamh isteach i dtithe gan teas nó compoird an tsaoil, ceathrar go minic i seomra codlata amháin agus iad ag maireachtáil ar bheagán.
faoin bhfostóir. about the employer.
" Thug sí dhá bhliain ag an obair seo chomh maith agus níl focal diúltach le rá aici faoin bpost ná faoin bhfostóir.
fostóirí employers
" Ach tá míbhuntáistí ann freisin agus tá ráflaí ann go mbíonn fostóirí ag breathnú ar na suíomhanna sin nuair a fhaigheann siad CV chun féachaint go díreach cé chomh bríomhar is atá saol sóisialta daoine atá ag lorg poist.
i gcoimhlint lena bhfostóirí in conflict with their employers
" Agus an mana fá Phoblacht Shóisialach 32 Contae mar dhlúthchuid dá *raison d'être* polaitiúil, shílfeá go mbeadh lántacaíocht an Aire ag na cúntóirí ranga atá i gcoimhlint lena bhfostóirí - na Boird Oideachais agus Leabharlann – le 12 bhliain anuas maidir le cúrsaí pá.
fostóirí employers
" Cionn is go raibh mo chuid fostóirí ag íoc as an turas, bhí mé ag iarraidh mo chuid taistil ar fad a bheith chomh compordach is a thiocfadh leis a bheith – agus an buiséad taistil uilig a úsáid! Agus na cathracha seo chomh gar dá chéile, ní bheadh ciall ar bith le heitleán a ghlacadh.
fostóirí áirithe certain employers
" Bhí cuid de na ceardchumainn abhus, ámh, glan in aghaidh an chur chuige seo, ag maíomh go mbainfeadh fostóirí áirithe mí-úsáid as le coinníollacha oibre san Astráil a ísliú.
Fostóirí employers
" Go deimhin, tá go leor Meiriceánach ag fáil árachais beagnach saor in aisce, ó íocann a bhFostóirí na préimheanna árachais.
fostóra employer
" Cé go mba leor an t-aon teach amháin, bhí ar Rita obair a dhéanamh i dtithe dhaoine muinteartha a fostóra.
bhfostóirí employers
" Creideann sé i bpolaitíocht na heite deise agus i gceart na ngnólachtaí agus na bhfostóirí.
fostóirí employers
" Tá aigne dhígeanta ag oibrithe na Fraince agus is minic i gcoimhlint lena gcuid fostóirí iad.
a fhostóir his employer
" Tá post maith aige anois agus chuir a fhostóir é chun an choláiste mar shíl sé gurbh infheistíocht bhrabúsach í.
Is iomaí fostóir many employers
" Is iomaí fostóir a thuigeann gur féidir íde na muc is na madraí a thabhairt d’inimirceach a bhfuil eagla air roimh na húdaráis.
fostóirí ag tuar go sollúnta employers solemnly prophesying
"fostóirí ag tuar go sollúnta go gcaillfear 250,000 post mar gheall air.
a gcuid fostóirí Sasanacha their English employers
" Ba ghéire an iomaíocht ag bun an chairn ná an iomaíocht náisiúnta idir na Gaeil a théadh ar imirce agus a gcuid fostóirí Sasanacha.
teip a fhostóra his employer’s failure
" Rinne an scríbhneoir Astrálach Don Watson iarracht speisialta teip a fhostóra Paul Keating san ollthoghachán i 1996 a mhíniú freisin ina Recollections of a Bleeding Heart: A Portrait of Paul Keating PM.
fostóirí employers
" Táthar ag baint mí-úsáide as an idirlíon i go leor ionad oibre in Éirinn agus thar lear agus is iad na fostóirí a bhíonn thíos leis go minic, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
fhostóirí employers
" Mac Gabhann dúinn faoi chóras scrúdaithe teg agus míníonn an fáth a bhfuil idir fhoghlaimeoirí, mhúinteoirí agus fhostóirí ag cur spéise ann.