Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deiseanna fostaíochta employment opportunities
" "Ré úr" a gheall Margaret Thatcher i 1979 nuair a toghadh í - tír gan boilsciú ar bith ann, airgead ag daoine a bhí sásta a bheith ag obair go crua agus deiseanna fostaíochta do gach duine.
deiseanna fostaíochta employment opportunities
" Bíonn ar dhaoine foinsí eile ioncaim a fháil de bharr go bhfuil a laghad sin deiseanna fostaíochta sa cheantar.
fostaíocht employment
" Tionsclaíocht ======= Is beag tionsclaíocht atá sa cheantar féin, amach ó thógálaithe tí agus dornán fear a bhfuil gnólachtaí beaga acu agus a thugann fostaíocht do bheagán.
fostaíocht employment
" fostaíocht a chruthú.
réimse leathan fostaíochta a wide range of employment
"réimse leathan fostaíochta ag muintir na háite anois.
gan fostaíocht without employment
" Bhí 674 foirgneamh, siopaí den chuid is mó, gnólachtaí agus stórais, loite … Fágadh idir 3,000 agus 4,000 oibrí gan fostaíocht.
fostaíocht employment
" Roimh 1980, is beag fostaíocht a bhí sa pharóiste ach tháinig píosa beag den Tíogar Ceilteach an bealach seo agus tá muid sásta go leor anois ó thaobh oibre de.
fostaíochta employment
" Tá cuid den cheantar seo go mór faoi míbhuntáiste ó thaobh fostaíochta agus áiseanna de, agus tá fadhb mhór drugaí le fáil ann.
todhchaí na fostaíochta the future of employment
" Cé go bhfuil an rialtas agus a lán eagraíochtaí ag rá go bhfuil infrastruchtúr bandaleithid leathain riachtanach chun todhchaí na fostaíochta in Éirinn a chinntiú, is beag caint atá ann ar na riachtanais eile sa tionscal teicneolaíochta.
mórán den bhfostaíocht much of the employment
" Tugann mórán den bhfostaíocht a thuilleadh Béarla isteach go dtí an nGaeltacht.
fostaíocht employment
" fostaíocht ======= Is iad Marine Harvest na fostóirí is mó sa cheantar seo.
fhostaíocht employment
" Tá níos mó tairbhe le baint as an bhfarraige, idir chaitheamh aimsire (curachaí agus húicéirí na Gaillimhe) agus fhostaíocht (feirmeoireacht bradán, gliomadóireacht agus srl).
fostaíocht shéasúrach seasonal employment
" Cé mhéad duine atá fostaithe san eagraíocht? Duine amháin atá fostaithe go lánaimseartha ach cuireann Dáil Uladh fostaíocht shéasúrach ar fáil do theagascóirí agus gnó do na daoine sa cheantar a bhíonn ag plé le lóistín, bia agus taisteal.
fostaíochta employment
" Tá go leor deacrachtaí ag Árainn Mhór ó thaobh bhuanú na teanga, bhonneagar na háite, agus fostaíochta de ach tá spiorad iontach le sonrú sna daoine.
binse breithimh fostaíochta employment tribunal
" Chaith mé dhá uair an chloig i gclár na mionn ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh.
fhostaíocht employment
" Chaith sí dhá bhliain iontacha i bPáras, cé go n-admhaíonn sí anois nach ndearna sí mórán maidir le dochtúireacht a bhaint amach agus í ansin! An chéad fhostaíocht a bhí ag Máire nuair a d'fhill sí abhaile ó Pháras ná post sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, post a thaitin go mór léi.
binse breithimh fostaíochta employment tribunal
" Fuair mé £2,750 mar chúiteamh agus leithscéal táiríseal ón choláiste ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh, agus fuair mo cheardchumann, NATFHE, a thug tacaíocht dom, £400 mar chostaisí.
fostaíocht employment
" Níor bhac sí a mhíniú cén chaoi ar réitigh a cuid tuairimí leis na míbhuntáistí follasacha atá acu maidir le sláinte, tithíocht agus fostaíocht.
idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta discrimination in employment
" "Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
neart fostaíochta plenty of employment
" Ní hamháin go bhfuil neart fostaíochta cruthaithe sa chuid seo den earnáil teilifíse ach tá tionchar nach beag á imirt aici ar íomhá na Gaeilge, rud atá an-luachmhar ar fad.
fostaíocht employment
" Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
riachtanais fhostaíochta agus shóisialta employment and social needs
" Tá dhá chlár á reáchtáil againn i láthair na huaire, ceann amháin acu clár fostaíochta pobail atá ag déanamh digitiú ar chartlann fuaime Raidió na Gaeltachta agus, chomh maith leis an obair a dhéanann na rannpháirtithe, cuirtear cúrsaí oiliúna ar fáil dóibh atá dírithe ar na riachtanais fhostaíochta agus shóisialta atá acu.
fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach language- and community-centred employment
" Is faoin Acadamh a bheas an tÁras ag feidhmiú as seo amach agus ar an mbealach sin beifear ag cumasú daoine agus pobal le fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach a chur chun cinn.
scéimeanna fostaíochta pobail community employment schemes
" Ní mór a rá, áfach, gur ábhar buartha faoi leith é an gearradh siar atá á dhéanamh ar scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS, agus go bhféadfadh sé seo dochar mór a dhéanamh do riar an Árais.
fostaíocht employment
" Dá ndíolfaidís an gás chrúthódh sé fostaíocht agus bhéarfadh sé airgead isteach sa tír.
gníomhaireachtaí fostaíochta employment agencies
" Ar feadh tréimhse roimhe sin, nuair a bhí na néalta dorcha le feiceáil ag teacht i mo threo, chuirinn ceist ar dhaoine a bhí ag déanamh obair shealadach cad iad na gníomhaireachtaí fostaíochta is fearr sa chathair.
fostaíocht employment
" Tá ceantair áirithe sa tír gur beag fostaíocht eile atá ar fáil iontu seachas obair shéasúrach na turasóireachta.
ghníomhaireacht fostaíochta employment agency
" Nuair a d'iarr an ghníomhaireacht fostaíochta orm dul go hoifig ar Bhóthar na Seancille, bhí an-drogall orm.
fostaíocht employment
" Tá ioncam agus fostaíocht sna bialanna tar éis méadú, de réir Rick Sampson, uachtarán an New York State Restaurant Association, agus ní bhíonn mórán daoine ag briseadh an dlí.
fostaíocht employment
" " Ach nach drochrud é, ó thaobh fostaíochta de, nach bhfuil an méid céanna daoine de dhíth in RTÉ? "Rinneamar amhlaidh (gearradh siar ar phostanna) chun cur leis an méid cláracha a dhéanaimid, go háirithe na cláracha baile," a deir sí, "mar sin iad na cláracha is mó a thaitníonn le daoine.
gcleachtais fhostaíochta employment practices
" Tá sé fíor fá Chaitlicigh oiread le Protastúnaigh ach ní raibh Caitlicigh riamh san áit a dtiocfadh leo an seicteachas seo a fhí isteach i bpolasaithe rialtais, i gcleachtais fhostaíochta sa chuid is mo, agus i gcúrsaí tithíochta.
fostaíocht lánaimseartha full-time employment
" Is minic a chloistear gearáin á ndéanamh i ranna teangacha na n-ollscoileanna timpeall na tíre faoi gcaoi nach bhfuil fostaíocht lánaimseartha á cruthú iontu.
an ghéarchéim fostaíochta the employment crisis
" An-mhisneach léirithe aige fosta nuair a chuaigh sé go Gaoth Dobhair le hiarracht a dhéanamh fuascailt a fháil ar an ghéarchéim fostaíochta ansin.
chruthú fostaíochta the creation of employment
" Bhí mé ceapaithe a bheith mar bhainisteoir faoi oiliúint ann ach obair innealtóireachta ar fad a bhí ar bun agam mar go raibh go leor obair thógála ar siúl ag Gaeltarra ag an am - bhí borradh ceart ag teacht faoi chruthú fostaíochta.
deiseanna fostaíochta employment opportunities
" Tá níos mó deiseanna fostaíochta sa gceantar.
fostaíocht employment
" ” An drámaíocht ======= Deir Killoran go bhfuil fostaíocht faighte cheana féin ag go leor daoine as an Tuaisceart de bharr an chiste, go bhfuil “gné eacnamúil” ag baint leis chomh maith.
fostaíocht employment
" Sa sráidbhaile nua, bhí na hiascáirí ábalta na scadáin a dhíol díreach leis na saillteoirí agus bhí fostaíocht ar fáil ag baint as an iasc, á shailleadh agus á phacáil.
easpa deiseanna fostaíochta lack of employment opportunities
" An feirmeoir agus an mac is sine, is féidir leosan maireachtáil sa bhaile ar an fheirm, ach tá easpa deiseanna fostaíochta ann do dhaoine eile, go mór mór na mná.
deiseanna fostaíochta employment opportunities
" ” Admhaíonn Muireann nach bhfuil mórán deiseanna fostaíochta ar fáil sa saol acadúil dóibh siúd a bhfuil céim acu sa Léann Ceilteach ach deir sí go bhfuil deiseanna nua tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas.
fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú to create high-standard employment
" Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú to create high-standard employment
" Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
fostaíocht employment
" Sna seachtóidí, rinne an rialtas airgead a infheistiú sa tionscal agus anois tagann timpeall 20% de leictreachas na tíre sin ón ngaoth, agus tá fostaíocht ag 20,000 duine sa réimse seo.
scéimeanna táirgthe fostaíochta job production schemes
" ” “Nuair a thagann sé go cúrsaí forbartha tionsclaíochta in Alt 10, ní hé amháin go leagann sé amach go bhfuil scéimeanna táirgthe fostaíochta le cur chun cinn, ach leagann sé amach an chaoi a bhfuil sé sin le déanamh.
deiseanna fostaíochta employment opportunities
"deiseanna fostaíochta Ceann de na rudaí atá athraithe go mór le blianta beaga anuas ná go bhfuil deiseanna fostaíochta trí Ghaeilge anois ann nach raibh i gceist cúig bliana déag ó shin.
ó thaobh fostaíochta de as regards employment
" Tá sé le feiscint go soiléir go bhfuil tionchar an-dearfach ag Malealea Lodge ar an bpobal áitiúil, go háirithe ó thaobh fostaíochta de.
cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta matters relating to employment and management
" Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí.
ag cruthú fostaíochta creating jobs
" **Borradh faoi na meáin** Níl mé ag séanadh gur iontach an rud é go bhfuil borradh faoi na meáin Ghaeilge agus go bhfuilimid ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.
deiseanna fostaíochta employment opportunities
" Tá i bhfad Éireann níos mó deiseanna fostaíochta ann anois d’ábhar iriseoirí Gaeilge agus méadú dá réir tagtha ar scóp na hoibre agus ar an éileamh atá air.
go n-úsáidfí an teanga ina gcoinne i gcúrsaí fostaíochta that the language would be used against them in employment matters
" An fáth nár tugadh faoi deara í roimhe sin ná nár labhraíodh an teanga go poiblí toisc náire agus faitíos a bheith ar na daoine go n-úsáidfí an teanga ina gcoinne i gcúrsaí fostaíochta agus araile.
caighdeán maith fostaíochta, a good standard of employment,
" *Ach, ar ndóigh, feicim na buntáistí atá agam féin agus ag mo thír – geilleagar láidir, caighdeán maith fostaíochta, oideachas, rogha slite maireachtála, sláinte, cothromas inscne.
ag cruthú fostaíochta creating employment
" Ach molaim na daoine a tháinig ón talamh aníos, a chuir tús le rudaí agus atá anois ag cruthú fostaíochta do mhuintir a gceantar.
fostaíocht employment
" Sna Stáit Aontaithe go háirithe, tá mórán cumhachta polaitiúla ag na feirmeoirí atá ag fás an arbhair Indiaigh: tá roinnt mhaith den ioncam agus fostaíocht i stáit mar Iowa ag brath ar an bharr seo, agus más féidir an cás a dhéanamh gur “foinse fuinnimh ghlais” é nó go spreagfaidh sé "slándáil fuinnimh”, glacfar leis sin.
sna taifid chánacha nó fostaíochta. in the tax or employment records.
" Chaith sé cúig bliana déag ina dhiaidh sin gan aon trácht oifigiúil a bheith déanta air sna taifid chánacha nó fostaíochta.
mórdheiseanna nua fostaíochta big new employment opportunities
" Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus de bhrí go bhfuil Stádas Oifigiúil Oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach, tá mórdheiseanna nua fostaíochta ar fáil sa Ghaeltacht, ar fud na tíre agus san Eoraip.
maidir lena gconarthaí aonair fostaíochta. with regard to their individual contracts of employment.
" “Work Choices” an teideal atá ar an reachtaíocht seo, faoinar féidir le fostaithe dul i mbun idirbheartaíochta lena bhfostaithe maidir lena gconarthaí aonair fostaíochta.
go leor fostaíochta enough employment
" Ach deir daoine áirithe go bhfuil an iomarca cúrsaí dá leithéid á reáchtáil faoi láthair – idir chúrsaí i nDún na nGall agus Gaillimh agus chéim nua san iriseoireacht agus sa Ghaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – agus nach mbeidh go leor fostaíochta ar fáil do na rannpháirtithe ina ndiaidh.
easpa fostaíochta lack of employment
" Nuair a tháinig borradh faoi thrádáil anseo, bhí easpa fostaíochta in Éirinn.
ar fhostaíocht san earnáil phoiblí) on employment in the public sector)
" Caitear níos mó airgid phoiblí in Albain ná i Sasana (go háirithe ar an oideachas agus ar fhostaíocht san earnáil phoiblí) agus bíonn easnamh bliantúil sa bhuiséad acu dá réir.
cruthú fostaíochta the creation of employment
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
Acht um Chomhionannas Fostaíochta Employment Equality Act
" Ba chóir, mar shampla, leasú a dhéanamh ar mhír 37(1) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta a shíltear a bheith míchothrom mar go bhféadfaí úsáid a bhaint aisti le leithcheal a dhéanamh ar mhúinteoirí homaighnéasacha i scoileanna atá á reáchtáil ag na heaglaisí.
deiseanna fostaíochta employment opportunities
" ” I ndiaidh dó an Ardteist a dhéanamh i 1953, thug Seán aghaidh ar Shasana le hobair a lorg de bhrí nach raibh mórán deiseanna fostaíochta ar fáil in Éirinn ag an am.
san aireacht Fiontair, Trádála is Fostaíochta in the Enterprise, Trade and Employment ministry
" Titfidh cúraimí tábhachtacha uirthi, ní hamháin mar thánaiste, ach san aireacht Fiontair, Trádála is Fostaíochta chomh maith mar gheall ar an Tíogar Ceilteach a bheith sna smeachanna deireanacha.
deiseanna fostaíochta agus gairme employment and career opportunities
" Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
fostaíochta of employment
" 3% den daonra in aois fostaíochta, méadú 3,100 duine ón mhí roimhe agus cailleadh na postanna i ngach earnáil den gheilleagar, ach is measa an scéal sa tionscal tógála na i dtionscal ar bith eile.
oifigí fostaíochta job centres
" Beidh na fostaithe úra le bheith ag obair in oifigí fostaíochta (job centres) agus iad ag riar ar dhream daoine atá dífhostaithe!
cruthú fostaíochta job creation
" * €100m chun cabhrú le cruthú fostaíochta.
fostaíocht employment
" Luadh fostaíocht mar shampla den luach seo: *International student expenditure in Australia.
fostaíochta employment
" Ní hionadh mar sin go bhfuil na Uígir agus Han in iomaíocht lena chéile i gcúrsaí fostaíochta.
fostaíocht employment
" Chomh maith le seo, caomhnaítear ceardaíochtaí traidisiúnta mar an tuíodóireacht agus tógáil claíocha agus cruthaítear fostaíocht faoin tuath.
fostaíochta employment
" Tá formhór na ndaoine easáitithe seo gan ceadanna cónaithe is fostaíochta.
fostaíocht a chruthú the creation of employment
" In ainneoin a ndúirt an tAire ar Raidió na Gaeltachta le gairid, bhí sé molta ag a Roinn go mb’fhéidir go mbeadh Enterprise Ireland freagrach i dtaobh fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Roinn atá ceapaithe a bheith freagrach as an nGaeltacht ag sá na scine go feirc san aon áisíneacht Ghaeltachta atá againn.
fostaíochta employment
" Ligeann imircigh do mhórán tíortha riachtanais an mhargadh fostaíochta a shásamh agus an daonra dúchais ag dul anonn in aois nó scileanna nua ag teastáil mar gheall ar dhul chun cinn teicneolaíochta, nó mar gheall ar athruithe eile i ndálaí an mhargaidh.
fostaíochta employment
" Luaigh sí Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus na héilimh a bhí acu sin sna 1960í - vóta d’achan duine - *one man, one vote* - (seo roimh aimsir chomhionannais gnéis!), scor na B-Speisialach, deireadh le leatrom i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta agus deireadh leis an chlaonroinnt.
cead fostaíochta work permit
" Nuair a chuala Rita caint go raibh a fostóir ag smaoineamh ar í a chur abhaile go Srí Lanca, rud a bheadh le haimhleas a teaghlaigh a bhí ag brath ar airgead as Éirinn, lorg sí a clóichead is a cead fostaíochta.
fostaíochta employment
" Mar shampla, má tá cinneadh déanta go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag leanúint ar aghaidh ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, bheifeá ag súil le go mbeadh sin le feiceáil insna figiúirí.
fostaíochta employment
" Cúram na Fiontraíochta ========= Tharraing na hathruithe atá beartaithe d'Údarás na Gaeltachta caint go leor le bliain anuas, go háirithe os rud é gur dúradh i bPlean Caipitil an Rialtais go mbeadh cúraim fiontraíochta is fostaíochta na heagraíochta á aistriú go Fiontar Éireann.
fostaíochta employment
" Ritheadh dlíthe eile dhá bhliain ó shin a thug na cearta céanna is atá ag lánúnacha heitrighnéasacha neamhphósta do lánúnacha comhghnéis i dtaca le cúrsaí cánach, slándáil sóisialta agus sláinte, cúram na sean agus fostaíochta.
Fostaíochta employment
" An tAire Fiontar agus Fostaíochta: Richard Bruton.
Fostaíochta employment
" Tá sé dochreidte mar shampla go mbeadh 'comhairleoir' de chuid an Aire Danny Kennedy, Dr Brian Crowe, ag iarraidh táille gnéis a ghearradh ar chailín a bhí ag iarraidh cruinniú leis an Aire Fostaíochta agus Foghlamtha san Fheidhmeannas ó thuaidh.
srianta fostaíochta employment restraints
" Mar shampla, ní féidir leat conradh a shíniú agus tá srianta fostaíochta ort maidir le *"hazardous work !!!"* Níl cead acu dul isteach i bhfórsa póilíní nó sa bhriogáid dóiteáin agus níl cead acu amharc ar scannáin cogaidh *'X rated.
sa tóir ar fhostaíocht seeking employment
" Ar an taobh eile, áfach, d’fhéadfá a rá gurb é an t-aos óg is mó a bhfuil agus a mbeidh orthu imeacht as an tír sa tóir ar fhostaíocht mar gheall ar a bhfuil déanta ag an nglúin os a gcionn de dheasca díomailt airgid.
deiseanna fostaíochta fiúntacha worthwhile employment opportunities
" Le linn na díospóireachta thug sé ardmholadh d’Údarás na Gaeltachta as a bhfuil bainte amach ag an áisínteacht stáit “chun deiseanna fostaíochta fiúntacha a chruthú.
bhfostaíocht nuachruthaithe newly created employment
" Síleann lucht an Údaráis, idir fheidhmeannaigh agus bhord, gurb é an cúram atá ar an eagraíocht ná postanna a chur ar fáil, beag beann ar cé na daoine a bheadh sna postanna nó cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfostaíocht nuachruthaithe ar an gcothromaíocht teanga sa phobal.
deiseanna fostaíochta employment opportunities
" Is í an fhírinne lom ná go gcaillfimid deiseanna fostaíochta de dheasca an fhógra is deireanaí ar an TTNB.
fostaíochta employment
" Cérbh í Bernadette? ========= Mar a deir sí féin, ba ghnáthdhuine í Bernadette Ní Dhoibhlin ón aicme oibre Caitliceach, a fáisceadh as an bhfeachtas a bhí ar bun ag NICRA (Gluaiseacht na gCearta Síbhialta i dTuaisceart Éireann), le cothromaíocht a fháil do Chaitlicigh/náisiúnaithe i dtaobh guthaíochta, i dtaobh fostaíochta agus i dtaobh tithíochta.
leagadh na ciallachais fhostaíochta the employment implications
" Meastar gurb é sin an chéad am a leagadh na ciallachais fhostaíochta os comhair na n-eagras Ghaeilge.
fostaíocht leanúnach continual employment
" Shíl sé, mar a shíl a lán eile cosúil leis, go raibh margadh maith déanta aige, agus deimhníodh an tuairim sin dó nuair a d’éirigh leis iasacht airgid a fháil óna bhanc gan mórán stró, ainneoin nach raibh fostaíocht leanúnach aige ag an am.
fostaíochta employment
" Beidh cead ag daoine an Ghaeilge a úsáid i réimse an oideachais agus ina gcuid fostaíochta, nó i gcás na héigeandála nó na práinne.
an foras cruthú fostaíochta a bheas ann whether it’s an employment creating institution
" Socrófar an foras cruthú fostaíochta a bheas ann feasta nó an mbeidh fócas níos leithne aige mar atá leagtha amach ins an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
fostaíochta, forbartha agus fiontraíochta of employment, development and entrepreneurship
" Níor mhiste a chinntiú go mbeidh ról lárnach fostaíochta, forbartha agus fiontraíochta ag an Údarás sa bhreis ar aon chúram teanga a bhronnfar air.
cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta responsibility for entrepreneurship and employment
" Trátha an ama seo anuraidh a tháinig an dea-scéal ó Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, go mbeadh cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta ar Údarás na Gaeltachta go fóill.
Cruthaíonn na heagrais seo fostaíocht these organizations create employment
" Cruthaíonn na heagrais seo fostaíocht agus cuireann siad beocht sna ceantair Ghaeltachta agus is ceart a bheith buíoch as an tacaíocht.
fostaíocht employment
" Tá feabhas beag le feiceáil i Meiriceá le leath bliana anuas nó mar sin, ach ní léir in aon chor go bhfanfaidh sé, ná gur toil leis na polaiteoirí tabhairt faoi fhadhbanna mar fhuinneamh, bonneagar, an timpeallacht, sláinte, agus fostaíocht a réiteach le chéile.
ní i gcúrsaí fostaíochta amháin not just in matters of employment
" Is léir nach bhfuil polaiteoirí Thuaisceart Éireann in ann smacht a fháil ar an chúlú gheilleagair agus ní i gcúrsaí fostaíochta amháin.
cá bith seasmhacht fostaíochta whatever permanency of employment
" Agus cá bith seasmhacht fostaíochta a bhí ann blianta ó shin, tá neamhchinnteacht ghoilliúnach ag baint le beagnach gach post na laethanta seo.
fostaíochta employment
" “Go díreach,” ar sí, “ach creidim go ndeachaigh sé sin amú ar chuid de na heaglaisí!” I measc na seirbhísí a chuireann an EBM ar fáil, tá ceann do dhaoine gan dídean, seirbhísí fostaíochta, an geilleagar sóisialta, obair óige agus theaghlaigh agus forbairt phobail chomh maith le tógáil síochána agus, ag an am chéanna, pobal beoga urnaitheach a chothú.
club fostaíochta a jobs club
" Bhí club fostaíochta ann agus rinne siad an dúrud oibre ar son na ndaoine.
d'fhostaíocht for employment
" Bheadh ciallachais aige seo do chúram othair agus d'fhostaíocht i dtionscal na cógaisíochta.
fostaíocht a fháil finding employment
" Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de.
in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr on the island able to handle employment better
" Bheadh eagraíocht amháin in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr.