Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fothoghchán Dála Dáil by-election
" An t-earrach seo chugainn, reáchtálfar fothoghchán Dála i gContae na Mí don suíochán a d'fhág John Bruton nuair a ghlac sé leis an bpost mar ambasadóir an Aontais Eorpaigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
san fhothoghchán in the by-election
" Ba é an léamh a bhí ag O’Rawe air seo ná gur thábhachtaí i bhfad do cheannasaithe na gluaiseachta go dtoghfaí Owen Carron san fhothoghchán i bhFear Manach/Deisceart Thír Eoghain ná beatha na stailceoirí ocrais.
fhothoghchán na Mí the Meath by-election
" Tá brúghrúpaí ag lorg seirbhíse paisinéara ón Uaimh go Baile Átha Cliath, agus is cinnte go dtógfadh an rian seo roinnt brú ón N3, ach an ndéanfar gealltanais fhothoghchán na Mí a chomhlíonadh i ndáiríre? Ábhar mór eile plé é Conair Iarnróid an Iarthair, an rian ó Inis i gContae an Chláir, trí Chontae na Gaillimhe agus Clár Chlainne Mhuiris go Sligeach.
fhothoghchán by-election
" San fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Lárnach i mí an Mheithimh níor toghadh chun na Dála í agus í curtha ar aghaidh mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre ar an suíochán a d’fhág Tony Gregory ina dhiaidh nuair a fuair sé bás mí Eanáir.
fhothoghchán by-election(s)
" ” Meitheamh 2009: Déantar slad ar pháirtithe an rialtais i dtoghcháin na hEorpa, sna toghcháin áitiúla agus in dá fhothoghchán i mBaile Átha Cliath.
fothoghcháin by-elections
" An Phobalbhreith ======== Nuair a reáchtálfar na fothoghcháin san earrach seo chugainn, beidh an scéal níos measa don Chomhrialtas.
feachtas fothoghcháin by-election campaign
" Le linn feachtas fothoghcháin Dhún na nGall Thiar Theas, áfach, thug iarrthóir Fhianna Fáil, Brian Ó Domhnaill, le fios do Raidió na Gaeltachta go bhfuair sé barántas ón Aire Carey go bhfanfadh cúraimí fiontraíochta is fostaíochta ag an Údarás.
fothoghcháin by-elections
" Ó thaobh feachtasaíochta, tháinig cártaí vótála amach le haghaidh na dtoghchán éagsúil, fothoghcháin, toghchán na hEorpa agus m’ainm litrithe gan síneadh fada, an seoladh scríofa amach i mBéarla cé gur chláraigh mé mé féin i nGaeilge.
fothoghchán by-election
" ”* Cathal Ó hEochaidh ======== Bhuaigh Clement Coughlan (FF) fothoghchán i nDún na nGall i 1980 agus thosaigh sé ag stocaireacht go dian ar son na beirte.
fothoghchán Dála Dáil by-election
" Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.