Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
freagrachta responsibility
" Tá siad ag glacadh freagrachta as forbairt agus saibhriú a gceantair féin.
freagracht responsibility
" Cuireann siad brú leanúnach ar an rialtas freagracht a ghlacadh as nithe sóisialta, déanann siad iarracht riachtanais grúpaí áirithe atá ar an imeall a chur chun cinn, féachann siad ar na fadhbanna a d'fhéadfadh a bheith againn sa todhchaí, agus gan dabht, cuireann siad seirbhís ar fáil do dhaoine gan dídean.
freagracht responsibility
" Ghlac Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge freagracht as urraíocht a dhéanamh ar threalamh agus ar chothabháil na seirbhíse.
freagracht responsibility
" Le cumhacht, tig freagracht agus go dtí go bhfásfaidh siad tuilleadh sa Deisceart ní rachaidh siad isteach sa rialtas, is cuma cén chuma a bheas ar na huimhreacha sa Dáil.
freagracht responsibility
" Ach an bhfuil na réigiúin réidh le glacadh le freagracht chomh mór seo? Tá siad i mbun oibre cheana féin ach is fada go mbeidh siad réidh i gceart don tasc ollmhór seo.
an fhreagracht is mó the greatest responsibility
" Agus cé go dtagaim go hiomlán leis na daoine a deir gur chóir cosc a chur ar fhógaí don "ghreim ghasta", faoi mar atá déanta le fógraí tobac, tuigim go maith gur orainn féin sa mbaile atá an fhreagracht is mó.
éalú ó fhreagracht escape from responsibility
" Ba thithe déirce iad ón taobh amuigh; thug siad deis don phobal éalú ó fhreagracht agus a bheith saor ó chiontacht.
freagracht responsibility
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
freagracht responsibility
" Ach tá freagracht ar an tomhaltóir freisin - níor chóir dúinn a bheith meallta ag gach fógra a fheiceann muid agus trealamh saor nach maireann ach seal gairid a cheannach.
fhreagracht responsibility
" Glacann **Séamus Aldridge** cuid den fhreagracht as an gcúl is cáiliúla a scóráladh riamh sa pheil Ghaelach, cúl Mikey Sheehy do Chiarraí i gcoinne Átha Cliath i 1978 - is beag nach n-admhaíonn sé nár chóir dhó an cic saor a bhronnadh ar Chiarraí as ar scóráil Mikey Sheehy an cúl clúiteach úd.
fhreagracht responsibility
" Go dtí an lá atá inniu ann níl aon rannóg sna Gardaí ná in Arm na hÉireann a bhfuil sé de fhreagracht uirthi súil a choimeád ar obair sheirbhísí rúnda na Breataine sa stát seo.
a bhfreagracht their responsibility
" Céard é a n-údarás agus a bhfreagracht - céard é tionchar lucht bainistíochta ar easpa smachta na n-imreoirí? Mo thuairim féin ná gur gá freagracht áirithe a chur ar bhainisteoirí as iompar a gcuid imreoirí agus as a n-iompar féin (is minic iad ó smacht leis) ar an bpáirc agus lasmuigh di.
bhfreagracht responsibility
" Go deimhin, níl formhór na gcomhlachtaí bogearraí sásta glacadh leis an bhfreagracht atá orthu, agus tacaíocht a thabhairt dá gcustaiméirí ar chostas réasúnta.
fhreagracht responsibility
" Freagracht ======= Ardaíonn costais mhéadaithe árachais ceisteanna bunúsacha faoin fhreagracht ba chóir nó nar chóir a bheith ar eagraíochtaí spóirt.
fhreagracht responsibility
" uk)) nach féidir leis seo tarlú mar baineann sé an fhreagracht ó fhoireann siopaí agus cuireann sé gach rud i lámha na teicneolaíochta.
freagracht responsibility
" Ní raibh siad sásta freagracht ar bith a ghlacadh as chomh lochtach agus chomh claonta is a bhí an t-eolas a tugadh dóibh nó faoin gcaoi ar bhain siad úsáid as.
fhreagracht responsibiltiy
" Chuir sí i gcuimhne don lucht éisteachta nósanna an phobail náisiúnaigh i rith laethanta fada na dTrioblóidí: "Má chonaic muid duine éigin ar thaobh an bhóthair agus é nó í á cheistiú ag na póilíní, bhí an fhreagracht orainn stopadh, agus gan iad a fhágáil ina seasamh ansin ina n-aonar.
freagracht responsibility
" Focail mheallacacha ======= Tá Peter Robinson agus a chomhghleacaithe ag baint úsáide as focail mheallacacha - freagracht, daonlathas, éifeachtacht ach, taobh thiar de seo, measann naisiúnaithe gur bac eile ar an bhealach chuig roinnt na cumhachta atá i gceist.
freagracht responsibility
" Go dtí seo, níl oifigigh thoghcháin - na daoine atá fostaithe go lánaimseartha chun aire a thabhairt do nithe tábhachtacha mar bhallóid neamhláithreacha - sásta freagracht ar bith a ghlacadh as an mhéid a tharla.
freagrachtaí responsibilities
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
freagracht responsibility
" Tá an t-ádh liom: tá fear céile iontach agam, tá obair shuimiúil agus spreagúil agam, tá mo shláinte agam … "In 2000, thosaigh an Roinn Fiontar Poiblí ag déanamh iniúchadh ar rialachas agus freagracht san earnáil phoiblí," a deir Goggin.
freagrachtaí responsibilites
" Tar éis an tsaoil, táthar in iomaíocht dhíreach le haerlíne a chuaigh chun na cúirte le hiarracht a dhéanamh éalú óna gcuid freagrachtaí i leith daoine le míchumas.
freagracht bhunúsach basic responsibility
" “Is freagracht bhunúsach é a bhaineann leis an tsaoránacht sa daonlathas iontach seo.
fhreagracht responsibility
" Lena chois sin, tá feasach tábhachtach leagtha síos anois a chiallaíonn nach dtiteann aon fhreagracht ar úinéir talún as gortú a tharlaíonn do dhuine a bhíonn ag siúl ar a chuid talún.
fhreagracht responsibility
" Tá siad dall ar an mhilleán agus ar an fhreagracht atá orthu féin as foréigean an chéid seo caite.
fhreagracht responsibility
" An féidir bheith cinnte nach dtárlóidh sé seo arís? Gan an IRA ann leis an phobal náisiúnach ó thuaidh a chosaint, is mó an fhreagracht anois atá ar an dá rialtas.
freagrachta responsibility
" Dhéanfadh sé maitheas d’urlabhraithe Fhine Gael agus an Lucht Oibre smaoineamh air seo sula n-eisíonn siad ráiteas béalchráifeach eile ag cur na freagrachta maidir le drochiompar i measc na nGardaí ar Fhianna Fáil amháin.
fhreagracht responsibility
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
Easpa feighlíochta, cinnireachta agus freagrachta. Lack of vigilance, leadership and responsibility.
" Easpa feighlíochta, cinnireachta agus freagrachta.
fhreagracht responsibility
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
freagrachtaí responsibilities
" Cibé céard a tharlós san Iaráic, is léir go bhfuil arm Mheiriceá tuirseach traochta ag troid sa tír sin agus nach féidir leanacht ar aghaidh leis an méid sin saighdiúirí ann, go háirithe nuair atá freagrachtaí eile orthu timpeall an domhain.
freagrachtaí responsibilities
" Tá tuiscint mhaith againn ar an margadh, ar an reachtaíocht a bhaineann leis na heagrais phoiblí, agus na dualgais agus na freagrachtaí atá anois ar na heagrais phoiblí seo in Éirinn.
freagrachtaí responsibilities
" Tá tuiscint mhaith againn ar an margadh, ar an reachtaíocht a bhaineann leis na heagrais phoiblí, agus na dualgais agus na freagrachtaí atá anois ar na heagrais phoiblí seo in Éirinn.
Freagracht sách trom quite a heavy responsibility
" Freagracht sách trom, mar sin, atá ar bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, agus sin an fáth gur díríodh an méid sin airde le déanaí ar cheapacháin an Uachtaráin Bush.
freagracht responsibility
" I bhfocail eile, is cóir freagracht a chur ar bhainisteoirí agus ar choistí chontae as iompar a gcuid foirne agus imreoirí ar an bpáirc agus i dtimpeallacht na páirce.
fhreagracht responsibility
" Mar sin, nuair a moladh go gceapfaí stiúrthóir iomána i mBaile Átha Cliath, glacadh leis an moladh ag coiste an chontae mar thuig daoine nach mbeadh aon fhreagracht ná dualgas orthu féin níos mó a dhéanamh ar son na hiomána.
freagracht dhaonlathach democratic answerability
" ” (Tabhair faoi deara gur dhúirt sé “the island of Ireland”!) Deir Sinn Féin nach bhfuil freagracht dhaonlathach ar bith ag baint le MI5.
oiread freagrachta agus ab fhéidir a chruthú i gcúrsaí slándála to create as much accountability as possible in security matters
" Ach dúirt an tUasal Rea go raibh an Bord ag iarraidh oiread freagrachta agus ab fhéidir a chruthú i gcúrsaí slándála agus “gurbh fhearrde an scéal dá mbeadh Sinn Féin ar bord le cuidiú leis an phróiseas sin.
nuair atá freagracht ort when you have responsibility
" Tá sé furasta go leor, ar ndóigh, rudaí a cháineadh ó na taobhlínte – mar a chruthaigh an DUP – ach is scéal eile ar fad é nuair atá freagracht ort agus tú i ndeabhaidh polaitíochta le do shean-namhaid agus sibh ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach a shásódh an bheirt agaibh.
ár sciar féin den fhreagracht our own share of responsibility
" Agus ba cheart go dtitfeadh ár sciar féin den fhreagracht ar thír bheag seo na hÉireann.
freagracht bhreise extra responsibility
" Ar an drochuair, ba bheag freagracht bhreise a cuireadh orainn de bharr na Comhdhála Idirnáisiúnta Aeráide a bhí ar siúl i Nairobi le gairid.
go dtig linn an fhreagracht sin a cheannach that we can buy that responsibility
" Is é an dearcadh atá ag an rialtas, faraor, ná go dtig linn an fhreagracht sin a cheannach agus gur fearr i bhfad fíneálacha a íoc ná ceannasaíocht a léiriú trí bheartais a chuirfeadh olc ar an toghlach a chur i bhfeidhm.
sciar den fhreagracht a share of the responsibility
" Níor mhór dóibh, mar sin, sciar den fhreagracht a ghlacadh as an dearcadh sin a athrú.
freagracht responsibility
"freagracht orainn a chinntiú go mbeidh gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha ar fáil don chéad ghlún eile iarchéimithe, an dream sin atá díreach tar éis foirmeacha an CAO a chomhlánú.
freagrachtaí an tsaoil laethúil the responsibilities of daily life
" Dar liom go gcuireann freagrachtaí an tsaoil laethúil isteach ar an scríbhneoireacht.
ach le cearta, tagann freagrachtaí. but with rights, come responsibilities.
" Tá cearta ag na meáin maidir le saoirse cainte - ach le cearta, tagann freagrachtaí.
an fhreagracht the responsibility
" Is ar an Roinn Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha atá an fhreagracht maidir le polasaí na hÉireann a dhréachtú i dtaca le dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha.
freagracht náisiúnta national responsibility
" Is freagracht náisiúnta é imscrúdú aerthionóiscí, agus tá eagraíocht speisialta ag gach tír, ar ball EESI í, atá freagrach as cúraimí an imscrúdaithe a chur i gcrích.
gan aon fhreagracht without any responsibility
" ’ Is cuma liom i ndáiríre agus amanna deirim liom féin, ‘*Yeah*, bheadh sé an-deas’ agus amanna eile deirim, ‘Nach breá an rud gur féidir liom dul abhaile agus gan aon fhreagracht a bheith orm.
agus freagracht air i leith drugaí. with responsibility for drugs.
" **Buntáistí**: Chruthaigh sé é féin go maith mar aire sóisearach agus freagracht air i leith drugaí.
freagracht responsibility
" Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh tú gur thuig tú an t-alt!** CEIST A hAON(I) Cén fáth ar chuir Megan lámh ina bás féin? (p2) (II) De réir an ailt seo, cé a bhfuiltear ag cur an mhilleáin uirthi maidir le bás Megan? Cén fáth a bhfuiltear ag cur an mhilleáin ar an duine seo? (p3) (III) Céard a léiríonn torthaí an taighde ar thug "Primetime" agus *The Irish Independent *faoi? (p4 agus p5) CEIST A DÓ (I) Cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag an gcibirbhulaíocht ar shaol an duine a ndéantar bulaíocht air? (p6) (II) Cén fáth a bhfuil an chibirbhulaíocht níos nimhní ná bulaíocht a dhéantar aghaidh ar aghaidh? (p8)(III) Céard iad na ceantair is mó a mbíonn an chibirbhulaíocht coitianta iontu? Cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh? (p11) CEIST A TRÍ(I) Ar chóir, dar le húdar an ailt, an locht a chur ar an teicneolaíocht? (p12) (II) Cé hiad na dreamanna a bhfuil freagracht orthu ó thaobh polasaithe i leith na cibirbhulaíochta a stiúradh? (12)
easpa freagrachta daonlathaí a lack of democratic accountability
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
freagracht responsibility
" Is iad na nithe atá in easnamh ná cumarsáid, meas, oscailteacht, freagracht agus muinín.
cúraimí nó na freagrachtaí duties or responsibilities
" Mar shampla, as siocair go mbíodh baill foirne as láthair de bharr tinnis go minic – agus de thairbhe go raibh go leor deacrachtaí ag an ghrúpa ó thaobh cainteoirí Ultaise a earcú – ní raibh a fhios ag aon duine cad iad na cúraimí nó na freagrachtaí a bhí orthu.
fhreagracht accountability
" An fhadhb is mó atá sa tír seo ná go bhfuil an fhreagracht in easnamh inár gcultúr ceannaireachta.
fhreagracht responsibility
" ” An t-am a mbeidh Dervish sa bhaile, tharla gur dream ceoltóirí iad atá saor ar fad, gan aon cheangal comhlachta orthu, bíonn siad ag brath ar a chéile le sciar den obair agus den fhreagracht a ghlacadh ó thaobh cleachtadh, féilire ceolchoirmeacha agus turais a aontú, ó thaobh am taifeadta agus mar sin de.
freagrachta accountability
" Níorbh fhada dó ag glacadh freagrachta as an ngadaíocht.
fhreagracht responsibility
" An fhreagracht Ba mhaith liom freisin go leagfaí freagracht ar bhainisteoirí foirne agus ar choistí contae maidir le hiompar a gcuid imreoirí agus go mbeadh iallach orthu gníomhú i gcás mí-iompair.
fhreagracht responsibility
" Tá an dualgas poiblí, an fhreagracht, agus an t-ionracas lom in easnamh inár gcultúr polaitiúil.
fhreagracht responsibility
" Tá an dualgas poiblí, an fhreagracht, agus an t-ionracas lom in easnamh inár gcultúr polaitiúil.
fhreagracht responsibility
" Tagann an fhreagracht nua seo orthu gan réamhcheapadh is gan choinne.
Freagracht responsibility
" Freagracht an Aire Ainneoin breis is seacht mbliana a bheith caite ag Éamon Ó Cuív ina Roinn, níl iomrá ar bith ar réiteach san aighneas idir siúlóirí sléibhe agus feirmeoirí maidir le cearta fánaíochta, ná baol air.
freagracht responsibility
" An airíonn tú go bhfuil freagracht, ar shlí, ort dá bharr san? - Gan an treibh a ligean síos? DÓS: Aon duine atá ar an teilifís, tá freagracht éigin orthu, iad féin a iompar i gceart.
fhreagracht responsibility
" Ba mhór an onóir é, agus ba mhór an fhreagracht é.
freagracht responsibility
" Ceapadh Éamon Ó Cuív mar Aire Stáit sa Roinn Ealaín, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin tar éis Olltoghcháin 1997 agus cuireadh freagracht na Gaeltachta air.
fhreagracht responsibility
" Tá Fianna Fáil agus an Páirtí Glas sásta cionn is nach mbeidh aon fhreagracht orthu as an gheilleagar níos mó, agus go mbeidh aird an phobail ar rud inteacht eile seachas ar nósanna ólacháin an Taoisigh.
freagrachtaí atá orm my responsibilities
" Ach cén rogha eile atá ag an rialtas, a deirtear linn? Cá bhfaighfear an t-airgead? Drochscéal atá ann go cinnte scéal seo na bpinsean ach i gcaint a thug sé ag deireadh Mheán Fómhair, dúirt Sarkozy: Mar uachtarán, glacaim leis na freagrachtaí atá orm.
freagracht responsibility
" Séard atá insna Boird Oideachais seo ná Coiste Bunreachtúil Dleathach le cumhachtaí, freagracht, agus le rialacha.
freagracht responsibility
" Aithnítear an Gníomh roimh an gCaint =========== Glacann muid leis mar sin go bhfuil an Rialtas seo dáiríre ‘maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga’ agus mar sin de, cén gníomh a bhfuil muid ag súil leis sa Ghaeltacht: 1 Roinn na Gaeltachta faoi chúram Aire sinsearach le freagracht a ghlacadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an leibhéal is airde sa chóras daonlathach atá againn sa tír seo.
freagracht responsibility
" Ní thuigimid cad is freagracht saoránaigh ann.
fhreagracht tromchúiseach serious responsibility
" Tá poll ollmhór mar sin, i bpolaitíocht na heite clé agus ins na blianta atá amach romhainn, tánn sé mar dhualgas orainn, mar fhreagracht tromchúiseach ar an eite chlé fíor, gluaiseachtaí nua a chur chun cinn a thabharfaidh ionadaíocht mhacánta radacach le malairt pholaitíocht, malairt eacnamaíochta a chur chun cinn.
freagracht answerability
" Mar is gnách i gcásanna mar seo, tá an uile dhuine ag cur an loicht ar an uile dhuine eile, ach tá gach taobh aontaithe go bhfuil praiseach déanta ag NIW - bhuel, seachas Conor Murphy an tAire Forbartha Réigiúnach, a bhfuil freagracht air as cúrsaí uisce i ndeireadh na dála.
freagrachta responsibility
" Ar an dtaobh eile, bíonn buntáiste ag baint le córas an aon seomra: is féidir dlí a achtú níos gasta agus bíonn níos mó freagrachta ann cionn is nach bhfuil ach aon dream amháin daoine i gceist.
fhreagracht ar responsibility
" Ba léir go raibh siad scantraithe go dtitfeadh an rialtas nuair a tharraing na Glasaigh amach mar go bhfágfaí an fhreagracht ar an Lucht Oibre i gcomhrialtas le Fine Gael an Bille Airgeadais a threorú tríd an Oireachtas.
dóthain freagrachta enough responsibility
" An gcuirtear dóthain freagrachta ar na maoir eile i gcás cluichí móra?** A.
Freagracht responsibility
" Freagracht ar na hÚdaráis =============== Cé go bhfuil an gortú do rannpháirtithe ina chuid bhunúsach de chluichí páirce leis na cianta cairbreacha, braithim go bhfuil méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an ngéarghortú tromchúiseach do bhallnaisc agus d’ailt.
freagracht responsibility
" Caithfidh mé a rá gur chuireas féin dóchas ann chomh maith nuair a ceapadh é i 1997 mar Aire Sóisearach le freagracht na Gaeltachta/Gaeilge.
freagrachtaí responsibilities
" Mar a theip Éamonn orainn: =============== Nuair a ceapadh é ina Aire Sóisearach sa mbliain 1997, chuireas agallamh air don iris Pléaráca ’97 faoi na freagrachtaí nua a bheadh air maidir leis an nGaeltacht.
freagracht responsibility
" Ní raibh meas ar bith aige ar na rudaí bunúsacha atá mar bhia is mar dheoch ag an daonlathas: oscailteacht, ionracas, agus freagracht.
bhfreagracht responsibility
" Is í mo thuairim go bhfuil cuid den bhfreagracht ar Ó Cuív, go bhfuil deireadh á chur le Scéim Labhairt na Gaeilge gan aon cheo eile le tíocht ina háit.
fhreagracht responsibility
" Sa chóras seo tá an fhreagracht ar na cearrbhaigh anó iarraidh ar na clubanna agus ar thithe tábhairne iad a thoirmeasc óna gcuid inneall.
freagracht responsibility
" Ar an gclár Primetime ar RTÉ le déanaí, mhol Orla údarás deonaithe aonar amháin a chur i bhfeidhm chun go mbeadh freagracht agus comheagar sa chóras.
fhreagracht responsibility
" Tá an fhreagracht ar Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, rannóg atá neamhspleách ón rialtas, cásanna cúirte faoin reachtaíocht seo a thabhairt i gcoinne na gcoirpeach.
Freagracht chun Cosanta responsibility to protect
" Ar an 21 Feabhra, an lá céanna go raibh Shimon Peres ag magadh faoi chruachás Qaddafi, chuir 70 eagraíochtaí neamhrialtasacha litir chuig Uachtarán Obama, Ard-Ionadaí an AE Catherine Ashton, agus Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ban-ki Moon ag éileamh go gcuirfí dúnghaois “Freagracht chun Cosanta” (nó “R2P” i mBéarla) i bhfeidhm maidir le Libia bunaithe ar fhianaise chlostráchta ón gComhairle Idirthréimhseach Náisiunta (CIN) go raibh Qaddafi ag déanamh áir ar a mhuintir féin.
freagracht ratha nó teipe responsibility of success or failure
" Dúisímis ==== D’fhéadfaí a mhaíomh mar chosaint ag an chóras stáit in Éirinn go luíonn freagracht ratha nó teipe ar an phobal, tharla gurb iad a roghnaíonn na teachtaí ar fad.
freagracht ghairmiúil professional responsibility
" Freagracht amháin a luíonn ar an Teachta Dála a roghnaíodh, ach freagracht ghairmiúil is ea obair i Roinn Airgeadais agus a bheith saibhsiúil agus léirsteanach agus a bheith in ann a rá cad le déanamh roimh ré agus in am.
fhreagracht responsibility
" Bunaithe i 1997 ag beirt nuachoimeádach, William Kristol agus Robert Kagan, le “beartas eachtrach nua-Riagánach” a chur cinn, ní beag an fhreagracht a bhí ag an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua (PNAC) as an gcogadh tubaisteach san Iaráic.
an fhreagracht responsibility
" Léirigh fear Newsnight go glinn an fhreagracht atá ar an Bhreatain as síoraighneas marfach na Palaistíne nach bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair 64 bliain i ndiaidh an *Balfour Declaration*.
freagracht na sochraide responsibility for the funeral
" Ghlac an Ministir Andy Cramed le freagracht na sochraide, iarbhithiúnach ó bháid an Mhississippi sular bhuail taom naofachta é nuair a bhí sé i bhfeighil ar theach áitiúil striapachais sa Bella Union.
bhí an fhreagracht iomlán were entirely responsible
" D’ainneoin fadhb aitheanta na nua-Naitsithe a bheith sa Ghearmáin, in Oirthear na tíre ach go háirithe, ghlac die Polizei - na póilíní go breá réidh leis gur ar bhithiúnaigh eachtrannacha amháin a bhí an fhreagracht iomlán as na dúnmharuithe brúidiúla seo.
fhreagracht responsibility
" Nuair a bhain an Astráil neamhspleáchas amach ina tír chónascach sa bhliain 1901, bhí an fhreagracht ar na sé stát oideachas saor, éigeantach agus saolta a mhaoiniú.
an fhreagracht sin that responsibility
" Thóg muid an fhreagracht sin orainn féin, agus sa deireadh bhí muid as poca mar gheall air.
faoi fheidhmiúlacht agus faoi fhreagracht carthanais regarding effectiveness and charity responsibility
" Thug an *American Institute of Philanthropy* (eagraíocht a sholátraíonn eolas faoi fheidhmiúlacht agus faoi fhreagracht carthanais) grád F do *Planet Aid*, ag rá nach gcaitheann sé ach 34% de na cistí a bhailíonn siad ar charthanacht.
le freagracht a ghlacadh as an tslándáil to take responsibility for security
" Bhíothas ag siúl go mbeadh trúpaí Astrálacha ar fiannas san Afganastáin go ceann dhá bhliain eile ar a laghad, ach mhaígh Karzai ar na mallaibh go raibh a chuid fórsaí féin réidh le freagracht a ghlacadh as an tslándáil i gceantair áirithe na tíre.
freagracht as riar cheantar an locha responsibility for administering the lake district
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
Freagracht Lucht na Meán agus na Polaitíochta the responsibility of the media and politicians
" ”* Freagracht Lucht na Meán agus na Polaitíochta ========== Léigh sí slíocht dúinn as bileog eolais de chuid an English Defence League (EDL) a rinne cur síos ar *‘the scrounging Irish,’* ach mhaígh sí go bhfaigheann siad spreagadh ó na ráitis sna meáin agus ó na polaiteoiri.
an fhreagracht an bóthar sin a thógáil the responsibility to build that road
" Ach is creatúir sóisialta muid agus giorraíonn beirt bóthair go háirithe nuair ortsa atá an fhreagracht an bóthar sin a thógáil cloch mhéarach i ndiaidh na cloiche méaraí.
Freagracht is Milleán responsibility and blame
" Freagracht is Milleán ======== Is féidir roinnt den locht as fulaingt na n-inimirceach i Maracó a chur ar an Aontas Eorpach.
ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar to carry the burden of responsibility that goes with it
" Le bheith fírinneach, ba caitheamh aimsire an-taitneamhach an agóidíocht: bhí taobh sóisialta ag baint leis agus ba dheas an mothúchán a cheapadh go bhfuil tú ag seasamh don rud atá ceart, dar leat féin agus ní raibh aon ghá ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar.
freagracht ar an tsoláthraí seirbhíse responsibility on the service provider
" De réir cosúlachta, déantar nasc idir an tseirbhís agus an gréasán i Meiricéa agus bíonn freagracht ar an tsoláthraí seirbhíse an gréasán a choinneáil, rud a chuireann brú orthu an bonneagar a uasghrádú.