Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Déan an dá thrá a fhreastal do two things at once
" "Déan an dá thrá a fhreastal," a chomhairlíonn Balor don eagarthóir.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Tá an taispeántas a bhí le feiceáil sa Rubicon snasta, bríomhar agus éagsúil ach tá an cheist go fóill le freagairt: an ealaín é nó fógraíocht chliste? B'fhéidir go bhfuil ag éirí leis an dá thrá a fhreastal.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Bhí sé dian go maith an dá thrá a fhreastal.
giolla freastail servant
" An mairnéalach misteach … ======= Ar ais linn san *abra* agus lasmuigh den Al Abra Cafeteria, feach!- giolla freastail ar a dhá ghlúin, ag paidreoireacht.
toiseacht ag freastal orthu to begin to cater for them
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh Aonad na Gaeilge mar gur aithin BBC Thuaisceart Éireann go raibh neamart déanta acu i bpobal na Gaeilge agus go raibh sé thar am acu toiseacht ag freastal orthu.
gach trá a fhreastal do everything at the same time
" Thuig sí nach dtiocfadh léi gach trá a fhreastal.
ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine catering for people's needs
" Bhíodh lucht siúil gur tháilliúirí, ghréasaithe agus lucht déanta cannaí iad ag taisteal i ngach ceantar ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Ní raibh mé in ann an dá thrá a fhreastal.
ní féidir le RTÉ an dá thrá a fhreastal RTÉ can't do two things at once
" Ceart go leor, ní hiad is measa, ach ní féidir le RTÉ an dá thrá a fhreastal.
caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo the needs of this community must be catered for
" Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge ag neartú de réir a chéile ach caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
ag freastal ar a gcúraimí laethúla going about their normal routine
" Is mian leo go leanfadh bunadh na cathrach orthu ag freastal ar a gcúraimí laethúla, agus teastaíonn uathu go leanfadh turasóirí orthu ag teacht chun na cathrach.
freastal ar to attend
" Is mian leo go leanfadh bunadh na cathrach orthu ag freastal ar a gcúraimí laethúla, agus teastaíonn uathu go leanfadh turasóirí orthu ag teacht chun na cathrach.
ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla catering for the professional training needs
" Tá siopa leabhar agus ceardaíochta - Ogmios - ag soláthar áiseanna do scoileanna agus do chliaint ar fud fad na tíre agus tá tionscadal ceannródaíoch, Gairm, ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla phobal na Gaeilge agus ag cur na Gaeilge chun cinn sa áit oibre.
Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin we wanted to cater for our own community
" Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin, i.
gach trá a fhreastal to do everything at once
" "Tá sé deacair gach trá a fhreastal, fiú amháin mar mháthair.
chun freastal ar riachtanais to cater for the needs (of)
" Áiseanna, imeachtaí agus cúrsaí nua a bheith ar fáil chun freastal ar riachtanais fhoghlaimeoirí agus phobal na Gaeilge.
le freastal ar na riachtanais to attend to the needs
" Ní raibh gach duine sa rang ag an leibheál céanna agus bhí bealach an-chliste ag na múinteoirí le freastal ar na riachtanais a bhíodh ag na gasúir.
le freastal ar an éileamh atá ann to satisfy the demand that exists
" Bíonn thart fá ochtar nó deichniúr múinteoirí ag teagasc na ranganna seo, a théann ón bhunrang suas go dtí an ardcheardlann, agus dúradh liom gurb é ceann de na fadhbanna is mó atá acu ná go leor múinteoirí a fháil le freastal ar an éileamh atá ann.
ag freastal ar riachtanais an phobail attending to the public's needs
" Chaill an daonra pé muinín a bhí acu sna páirtithe polaitíochta mar gur tháinig siad ar an tuairim nach raibh siad ag freastal ar riachtanais an phobail ach ar a gcuid riachtanas féin.
ag iarraidh an dá thrá a fhreastal trying to do two things at once
" (Chítear dom go bhfuil Dodgson ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
freastal ar cater for
" An mana a bhíonn ag lucht Bayern 3, áfach, ná go gcaithfidh siad freastal ar an *mainstream*.
ag freastal ar attending
" Níl an leabhar ar fáil go fóill, ach deir an Free Press: "Tar éis dó a shaol a chaitheamh ag freastal ar an Aifreann gach Domhnach, tá deireadh curtha ag Breslin leis an cheangal atá aige leis an Eaglais a raibh oiread grá aige di tráth, agus, sa leabhar tábhachtach seo, atá lán feirge an duine a bhraitheann gur tréigeadh é, míníonn sé cén fáth.
ag freastal ar attending
" Chaith sé samhradh 2003 ag taisteal na tíre agus ag freastal ar chluichí peile agus iomána.
chun freastal ar to cater for
" Bunaíodh an club áitiúil, Na Piarsaigh, thart ar l980 chun freastal ar aos óg Ros Muc agus Chamuis agus chuireadar chun traenála go dícheallach.
chun freastal ar mhuintir na háite to cater for the local people
" Táimid anseo chun freastal ar mhuintir na háite agus a gcuid riachtanas, ach is féidir leosan páirt a ghlacadh sna himeachtaí chomh maith.
ní fhéadfainn freastal air ach go hannamh I could only attend it occasionally
" Bhíos ag freastal ar an rang seo ar feadh b'fhéidir trí nó ceithre de bhlianta agus ag baint an-taitnimh as, ach ansin thosaigh mo chuid oibre ag méadú agus ní fhéadfainn freastal air ach go hannamh.
Ní féidir an dá thrá a fhreastal you can't do two things at once
" Tá réiteach fhadhbanna an lae inniu níos tábhachtaí ná cultúr atá beagnach marbh ar aon nós, nach bhfuil? Ní féidir an dá thrá a fhreastal, mar a deir an seanfhocal.
ag freastal ar réimse mór daoine catering for a wide range of people
" B'fhacthas do na dreamanna sin nach raibh Bus Éireann ag freastal ar réimse mór daoine a bhí scaipthe i gceantair tuaithe agus nach raibh seirbhís iompair poiblí ar fáil acu.
le freastal ar to cater for
" Os a choinne sin, deir an NRA go bhfuil gá le bóthar nua idir an Uaimh agus Baile Átha Cliath le freastal ar an fhás atá tagtha ar dhaonra an cheantair sin.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Táthar ag iarraidh go mbeadh Aer Lingus ábalta an dá thrá a fhreastal, idir riachtanais chorparáideacha agus chúram pobail.
a d'fhreastail ar who attended
" Thug sé an-tacaíocht don Ghaeilge i gcónaí, mar shampla, bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a d'fhreastail ar chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus a thug tacaíocht don nuachtán *Lá* agus do na scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
ag freastal serving
" Is méadú 50% a bheadh ansin ar na fórsaí Astrálacha atá ag freastal sa gcuid sin den domhan cheana féin.
fhreastal rialta nó ócáidiúil regular or occasional attendance
" Cuirtear fáilte roimh fhreastal rialta nó ócáidiúil agus gearrtar táille beag de €6 ar an rang.
ag freastal ar attending
" asp) Cuid 4 le fáil anseo Agus mé ag freastal ar Centro Koinè i Lucca, rinne muid dhá thuras an-taitneamhacha taobh amuigh den chathair, agus fuair muid roinnt eolais mar gheall ar an saol faoin tuath sa seanam agus sa atá inniu ann.
freastal ar to attend
" Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Dá dtarlódh ionsaí náisiúnach ar cheantar Protastúnach, bheifeá ag dúil go gcuirfeadh iarbhaill an IRA deireadh leis ach an mbeadh siad mar chuid d’eagraíocht bheo? An gá go mbeidh an IRA ann go ceann fada go leor le timireacht a dhéanamh? An dá thrá ======= Caithfidh cibé ráiteas a thiocfaidh ón IRA an dá thrá a fhreastal.
freastal ar to attend
" Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi.
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo to cater for the needs of these groups
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
freastal attend
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo to cater for the needs of these groups
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
freastal attend
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
ag freastal ar attending
" De ghnáth, bíonn ar a laghad trí imeacht againn gach deireadh seachtaine agus bím féin i láthair ag na himeachtaí sin ar fad, nach mór! AÓF: Céard faoin bpobal áitiúil? An mbaineann siadsan úsáid as an áit nó cé hiad na daoine a bhíonn ag freastal ar na hócáidí? SMP: Bíonn an teach in úsáid go rialta ag an bpobal áitiúil.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Ach ar “Questions and Answers” ar RTÉ an oíche a tháinig an chonspóid chun tosaigh rinne urlabhraithe Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre prácás den scéal agus iad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
ag freastal ar scoil de chuid an rialtais attending a government school
" Tá siad ag freastal ar scoil de chuid an rialtais faoi láthair ach an bhliain seo chugainn, rachaidh siad go dtí meánscoil príobháideach.
freastal ar an éileamh to cater for the demand
" Ní leor é agus an eagraíocht ag iarraidh freastal ar an éileamh le haghaidh ógsheirbhísí Gaeilge atá amuigh ansin.
le freastal ar thórramh seanmhúinteora dá cuid to attend the funeral of an old teacher of hers
" Ach tarlóidh sé fós, b’fhéidir!” **Múinteoir faoi leith** Nuair a bhuail mé le Muireann, bhí sí díreach i ndiaidh pilleadh as Ciarraí, áit a ndeachaigh sí cúpla lá roimhe sin le freastal ar thórramh seanmhúinteora dá cuid ón bhunscoil, Mícheál Ó Dubhshláine.
freastal ar an éileamh seo to cater for this demand
" Mhaígh Enda Kenny ag an am go raibh 18,000 státseirbhíseach lonnaithe i mBaile Átha Cliath a bhí ag iarraidh aistriú go ceantar tuaithe agus nár mhór freastal ar an éileamh seo láithreach.
ag iarraidh an dá thrá a fhreastal trying to do two things at once
" “Nuair a thosaigh na Trioblóidí dhírigh an chléir ar an dá thaobh aird an phobail ar Fhear Dia Mac an Ali mar eiseamláir dóibh siúd a bhí ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
ag freastal ar attending
" foghlaimeoirí Gaeilge idir 11 bhliain agus 18 mbliana d’aois), múinteoirí agus mná tí, ag freastal ar sheisiún ceoil anois is arís, agus ag baint thaitneamh an domhain as an obair agus as an saol difriúil a bhíonn ann i rith an tsamhraidh.
ag freastal go rialta attending regularly
" Ach chuir an Coileánach é féin ar fáil dóibh le seans a thabhairt dóibh bheith ar aon leibhéal le daoine a bhíodh ag freastal go rialta ar na ranganna.
ag freastal ar catering for
" Ba iad na *Major Leagues* an leibhéal ab airde, agus ba bhrabúsaí, agus níorbh fhada go raibh foireann *Major League* i ngach cathair mhór i Meiriceá, agus bhí staideanna móra ag freastal ar phobail na gcathracha seo.
ag freastal ar attending
" Is dócha go bhfuil níos mó ná tríocha míle páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna na tíre faoi láthair agus an uimhir seo ag méadú in aghaidh na bliana.
chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club. to cater properly for the ordinary club player.
" Tá gá cheana féin, agus cás na gclubanna mar atá sé, le polasaí nua chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club.
dhá thrá a fhreastal to do two things at once
" Is iomaí duine nach n-éiríonn leo dhá thrá a fhreastal achdealraíonn sé gur bean í Justine McCarthy ar féidir léi slí bheatharathúil a bhaint amach gan neamart a dhéanamh ina saol pearsanta násna daoine ar luachmhar léi iad.
ag freastal ar na trí phríomhócáid: attending the three main events:
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
ag freastal ar attending
" Tá suas le 30,000 páiste ag freastal ar ghaelscoileanna ar fud na tíre; tá 10,000 páiste ag freastal ar scoileanna Gaeltachta.
Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh Gráinne used to attend summer colleges
"Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh fosta, le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge, ach admhaíonn sí gur ar mhaithe leis an chraic a chuaigh sí ann fosta.
ag freastal ar cheolchoirmeacha attending concerts
" Nuair a thosaigh mé ag cur spéise sa cheol traidisiúnta, ag freastal ar cheolchoirmeacha agus ag ceannach ceirníní, bhí lámh Dhónal Lunny ar beagnach gach rud maith.
ag freastal serving
" Tá léitheoirí maithe aici agus tuigeann sí an margadh ar a bhfuil sí féin (agus Cois Life) ag freastal – foghlaimeoirí fásta agus daoine ar cainteoirí líofa iad ach léitheoirí falsa.
ag freastal ar attending
" Tá cúigear clainne ag Derek agus a bhean Eilis agus bhog siad go Birkdale in 2004 le bheith níos cóngaraí dá gcuid mac, atá ag freastal ar Scoil Stoneyhurst i Lancashire.
freastal ar an ollscoil. to attend university.
" AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú ag déanamh fidleacha? YB: Bhuel, nuair a chríochnaigh mé mo chuid scolaíochta, níor theastaigh uaim freastal ar an ollscoil.
le freastal ar chomhdháil to attend a conference
" Cúpla mí ó shin, chuaigh mé go Rotorua le freastal ar chomhdháil de chuid léiritheoirí Maoracha teilifíse.
ag freastal ar na cluichí attending the games
" I gcás gach ceann acu, na cinn mhóra ach go háirithe, bíonn corradh agus 80,000 duine ag freastal ar na cluichí gach Satharn.
ag freastal ar chruinnithe attending meetings
" Thosaigh Tommy féin ag freastal ar chruinnithe de chuid Chomhairle na Breataine sa bhliain 1949, agus baineann sé úsáid as a chuimhní féin chun an scéal a insint.
caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola. any wound which is bleeding must be attended to
" Ó thaobh na garchabhrach de, agus an “ABC” déanta, caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola.
freastal attend (to), serve
" Dúirt sí leis go gcaithfí freastal chomh maith orthu sin gan Ghaeilge nó go raibh a gcuid Gaeilgle chomh lag sin nach dtiocfadh leo foghlaim i ranganna a bheadh go hiomlán i nGaeilge.
ag freastal ar ranganna Gaeilge in Éirinn attending Irish language classes in Ireland
" Tá na mílte foghlaimeoir ag freastal ar ranganna Gaeilge in Éirinn agus i dtíortha eile ar mhaithe le forbairt phearsanta agus phroifisiúnta a bhaint amach dóibh féin.
le freastal ar chomaitéirí as baile isteach. to cater for commuters from the outside.
" Ba léir go dtiocfadh claochlú as cuimse ar an chothromaíocht idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla sa Ghaeltacht dá dtógfaí lear mór eastát tithíochta le freastal ar chomaitéirí as baile isteach.
go mbíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal that it is difficult to do two things at one time
" Is cinnte go mbíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal agus cúraimí náisiúnta agus áitiúla a chomhlíonadh ag an am céanna.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Fuair Carrie obair mar láithreoir leis an stáisiún áitiúil raidió i bPort Láirge, WLR FM, agus rinne sí iarracht an dá thrá a fhreastal ar feadh tamaill, go dtí gur éirigh sé ródhian.
ag freastal ar attending
" Bhí Carrie ag freastal ar m’ardrang agus is cuimhin liom gur chuir sí go mór leis an chúrsa.
ag freastal attending
" ” Bhí mé ag freastal ar ranganna oíche Gaeilge do dhaoine fásta i Learpholl i 1985 agus chuala muid ansin go raibh athbheochan iontach ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste, áit a bhfuil gaolta agam.
Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal he was trying to do two things at once
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
an lucht freastail the people in attendance
" Cad chuige ar chuir an lucht freastail spéis sa teanga go tobann? Bhuel, bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill ar feadh deireadh seachtaine amháin! “Ba é Rossa Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla a mhol i dtosach gur chóir dúinn Puball na Gaeilge a reáchtáil ag an bhféile agus ba eisean a d'eagraigh an rud ar fad,” a deir Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life.
freastal attending
" Thosaigh sé ag freastal ar Chumann Chluain Ard, an cumann Gaelach is clúití i mBéal Feirste.
freastal serving
" Agus tá daoine ann a chreideann gur lean Paulson ag freastal ar a sheanchomhlacht agus é ag obair sa rialtas.
cruinnithe le freastal meetings to attend
" Bíonn cruinnithe le freastal agus cinní le glacadh.
ag freastal ar mhian catering for the wishes
" D'fhéadfaí a rá nach raibh na polaiteoirí ach ag freastal ar mhian na ndaoine mar, sa deireadh thiar thall, nach bhfuilimid go léir mar a gcéanna: táimid tugtha don fhorbairt gheilleagrach agus nílimid sásta mórán doghrainne a chur orainn féin ar son na timpeallachta.
freastal attendance
" Reachtáilfear an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Rialtas Áitiúil i gCill Airne ag tús na míosa seo, fágaim, agus táthar ag súil le freastal maith air.
gcaithfidh sé freastal he has to attend
" Sa leabhar L’Adversaire a scríobh Emmanuel Carrère agus atá bunaithe ar shaol Romand, feictear an príomhcharachtar ag imeacht as an teach chuile mhaidin chun dul ag obair, mar dhea, nó ag ligint air go mbeidh sé imithe ón mbaile ar feadh tréimhse cúpla lá toisc go gcaithfidh sé freastal ar chomhdháil éigin i dtír iasachta a bhaineann lena chuid oibre.
lucht freastail siopaí shop attendants
" Seachas daoine muinteartha is lucht freastail siopaí a bheith ina gcónaí ann, bhí roinnt de na seomraí san fhortheach ligthe ar cíos le daoine nár ghnáth-thionóntaí iad i gCorcaigh na seascaidí.
freastal attending
" Bhíos ag freastal ar chomhdháil staire le gairid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a eagraíódh faoin teideal ‘*Irish Socialist Lives’*.
fhreastal ar spriocdháta foilsithe meeting a target publication deadline
" Fiú más gá fanacht go tús an tsamhraidh lena fhoilsiú, is ceart gur ar théagair na mbeartas seachas ar fhreastal ar spriocdháta foilsithe a mheasfar an iarracht.
d'fhreastail mé I attended
" Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
freastal serving
" Chuirfeadh sé seo deireadh leis an fhadhb seo go gcaithfidh daoine, tar éis dóibh a bheith tofa, a gcuid ama ag freastal ar an aidhm a bheith atofa an chéad iarraidh eile ina dhiaidh sin arís.
freastal attending
" Buíochas le Dia, bhí athbheochan den cheol tradisiúnta sa cheantar nuair a thosaigh mé ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ag Oideas Gael i lár na 1980s agus an caiséad 'Ó bhun Shliabh Liag' a cheannaigh mé ansin san am, tá sé agam go fóill.
an dá thrá a fhreastal doing two things simultaneously
" Ach fuair siad amach go bhfuil siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
freastal attend
" Tagann na céadta míle mac léinn as tíortha éagsúla san Áis chun na hAstráile gach bliain le freastal ar chúrsaí oideachais.
freastal ar attend
" Toisc nach raibh na mic léinn in ann freastal ar ranganna i rith an ama sin, ná an obair leanúnach a mbíonn céatadán den mharc iomlán ag dul di a chur ar fáil, tá amhras ann faoin stádas a bheas ag na scrúduithe deireadh bliana sna hollscoileanna seo.
freastal ar attending
" Dúirt sé gurb é an sprioc a bhí aige go leanfadh a gcuid páistí ag freastal ar an scoil ionas go mbeadh seans acu éalú ón chruatan.
freastal turnout
" Ba léir ó na pobalbhreitheanna roimh ré go raibh deis ag Nick Griffin faoin chóras seo, dá mbeadh fuarchúis agus freastal íseal ar na bothanna vótála ann.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Dúirt na póilíní anseo nach raibh siad ábalta an dá thrá a fhreastal agus d'iarr siad ar Everton an dáta don cluiche a athrú! I Learpholl, níl rud ar bith níos tábhachtaí ná cluiche sacar agus bhí rí rá faoin scéal.
D'fhreastail mé I attended
" D'fhreastail mé ar shochraid chara a fuair bás amuigh ar na na cnoic ar na mallaibh.
freastal attending
" Reáchtálann siad ranganna teanga anseo san Oireachtas do na baill ar suim leo feabhas a chur a gcuid Gaeilge agus tá sé ar intinn agam freastal ar na ranganna sin nuair a bheidh na leanaí níos sine.
dá thrá a fhreastal kill two birds ...
" An bhfuil scríbhneoirí agus iriseoirí eile amuigh ansin a láidreodh an táirge nua chun go gceannódh níos mó daoine nuachtán gaeilge? An féidir an dá thrá a fhreastal agus é a bheith tarraingteach do dhaoine óga fosta? Is dócha go raibh díolachán de thart fá trí mhíle cóip ag Foinse gach seachtain.
freastal serve
" com/), tugtar le fios gur bunaíodh an scoil chun freastal ar an bpobal Éireannach caitliceach a tháinig go St Germain leis an Rí Séamas - 1700 : Le roi d’Angleterre Jacques II, en exil en France, à Saint-Germain-en-Laye, vient demander à Saint Jean-Baptiste de la Salle d’ouvrir une école pour 50 jeunes Irlandais catholiques exilés.
freastal to serve
" Má ghlactar leis an phrionsabal sin, ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas Gaeltachta agus Gaeilge, cén fáth nach nglactar leis i dtaobh fhormhór an chaiteachais atá a dhéanamh ag an Stát, is é sin an infheistíocht ollmhór atá á déanamh go leanúnach ins na ceantair mhóra uirbeacha sa tír seo? Mar shampla an bhfuil an caiteachas atá an Stát ag déanamh sa Chóras tríú leibhéal atá lonnaithe, go príomha, ins na príomhchathracha ‘*targeted at those most in need*’? An bhfuil an lána breise a cuireadh leis an M50 i mBÁC ag freastal ar lucht na gannchoda? An Chéad Teanga Oifigiúil Tá airgead na Gaeltachta á chaitheamh de bharr an polasaí rialtais atá ann ó bhunú an stáit gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus go bhfuil gá lena forbairt agus lena buanú.
an dhá thrá a fhreastal to do everything
" Níor bhain mé mórán úsáide as Facebook dá dheasca sin, mar níor lig sé dom an dhá thrá a fhreastal ó thaobh an deighilt idir mo shaol proifisiúnta is mo shaol pearsanta.
freastal service
" Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
dá thrá a fhreastal two things at once
" Éiríonn le Mac Dhonnagáin an dá thrá a fhreastal idir bhlag gnó is bhlag pearsanta ar bhealach a mhúinfeadh rud nó dhó do bhlagadóirí fud fad na cruinne.