Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
friotal speech
" "Performance artists" a linne a bhí iontu agus na daoine a d'imir tionchar ormsa - leithéidí Bob Dylan agus Bob Marley - ainneoin gur amhránaithe agus ceoltóirí iad, is filí iad fosta a bhaineann úsáid as friotal agus teanga mar a rinne na filí Gaelacha sa tseanaimsir.
friotal pearsanta personal expression
" An t-údar a roghnaíonn na focail a chuirtear os comhair an léitheora, agus cuireann friotal pearsanta sin an údair dhá chuspóir i gcrích ag aon am amháin.
cruinneas friotail is smaointeoireachta accuracy of expression and thinking
" Is ar an eagarthóireacht a shaothraím mo chuid agus níl mé a rá nár thoiligh mé leis an obair sin ar bhealach éigin, mar creidim nach dtig litríocht ná critic ná cur is cúiteamh ná díospóireacht fhiúntach a bheith ann mura gcleachtann lucht pinn is caibidle cruinneas friotail is smaointeoireachta.
friotal teangan language register
" Bhí grásta eile ag Michael mar bhláth ar an mbua sin – d’aimsigh sé friotal teangan go luath a chuir ar a chumas coincheapanna casta ealaíne a cur i láthair an phobail.
Friotal speech pattern/type
" Friotal agus Seifteanna Trí chur síos beoga agus insint shoiléir an tráchtaire raidió, bhí an t-éisteoir in ann an cluiche a ‘fheiceáil’ ina intinn.
fhriotal lexicon
" 50)** Baineann cáilíocht mhantrach leis an leabhar seo, lena theideal, lena fhriotal, lena rithimí.
friotal maslach insulting terminology
" Ciallaíonn an friotal maslach seo go mbíonn cineál féinmheas ísleachta ag muintir iarchoilíneachta i dtaca lena saíocht féin, le hais saíocht a máthairthíre ach go háirithe.
a mháistreacht ar fhriotal his mastery of speech
" Níorbh é seo an chéad uair ag Seán Bán a chumas iontach craoltóireachta agus a mháistreacht ar fhriotal agus ar theanga na Gaeilge ar imeacht bheo spóirt a léiriú.
i bhfriotal na linne seo in today’s parlance
" Ní hamháin go bhfaigheann páistí scoile na Gaeltachta Big Mac agus mála sceallóg saor in aisce lena gcuid cócó ag am lóin ach déantar formhéadú, nó i bhfriotal na linne seo, supersizeáil, 10% ar a mhéid mar go labhrann siad Gaeilge! Agus í ag caint sa tSeanad faoi na réigiúin phleanáil teanga atá le bunú mar thoradh ar Acht na Gaeltachta dúirt an Seanadóir Fidelma Healy Eames: *“I would be delighted if all the deontais the Department gives Connemara currently were spread around the 19 Gaeltachtaí.
friotail loma galánta magnificently honed expressions
" Tháinig na friotail loma galánta ó Lincoln ina slaoda agus é ciaptha cráite mar Uachtarán na Stát Aontaithe ó 1861-5.
fhriotail shonta sonorous words
" Níorbh fhada gur imigh Úna féin! Ach nuair a chualathas don chéad uair é sa Sonic Arts Research Centre, bhí Owenvarragh draíochtach an dóigh ar ceanglaíodh gach gné éagsúil lena chéile, idir cheol, fhriotail shonta (sonorous words) á leamh ag Carson é féin, íomhánna, agus na fuaimeanna a thaifead Úna, ó dhaoine ag caint i dteach tábhairne, go dtí cipín á lasadh agus an fhuaim a thagann as seantolg i ndiaidh tú suí air! Ainneoin éagsúlacht na gcomhábhar, bhí sé iontach mothúchánach fosta.
friotal the language used
" Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”.
friotail luachmhara precious expressions
" Na bunfhoinsí a shaibhríos caint an duine le friotail luachmhara dar le John-Paul Mc Carthy, agus chruthaigh Abraham Lincoln an méid sin.