Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a fhuadach kidnap
" Is sraith grianghraf atá i gceist atá bunaithe ar na suímh inar adhlacadh ochtar i ndiaidh don IRA iad a fhuadach agus a dhúnmharú sna seachtóidí agus sna luathochtóidí.
ag fuadach kidnapping
" Chuirfeadh siad i gcuimhne do dhaoine ansin an chaoi, sna 1830í agus 1840í, ar dódh séipéil Chaitliceacha, agus a raibh foilseacháin lasánta á scaipeadh a "thug chun solais" an dóigh a raibh sagairt agus mná rialta ag fuadach páistí breátha Protastúnacha agus á gcoinneáil mar sclábhaithe gnéis.
D'fhuadaigh an tIRA Mrs McConville the IRA kidnapped Mrs McConville
" D'fhuadaigh an tIRA Mrs McConville i 1972 i ndiaidh di cuidiú le saighdiúir a bhí ag fáil bháis.
é a fhuadach to kidnap him
" I 1978 rinneadar iarracht é a fhuadach in aice áite ar a dtugtar Sturgan Brae ach fuaireadar an fear mícheart.
a fhuadach to kidnap
" Ach ansin, rinne McBratney, a bhíodh ag feidhmiú ina bhuirg dúchais, Staten Island, den chuid is mó, caimiléir iasachtaí a raibh ceangal aige le muintir Gambino a fhuadach.
cé a d’fhuadaigh iad who kidnapped them
" Bhíodh an beart déanta, ní bhíodh a fhios ag na híospartaigh cé a d’fhuadaigh iad agus bhíodh carn mór airgid faighte ag McBratney agus a chomhpháirtithe.
fuadaigh abductions
" Tá na fuadaigh á n-iniúchadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi láthair ach deir an tUachtarán George Bush nach bhfuil siad ag sárú an dlí.
a fhuadach to kidnap
" Aon duine atá eolach ar an mbealach a dhéanann poblachtánaigh brathadóirí a mharú, tá a fhios aige go ndéantar an brathadóir atá le marú a fhuadach de ghnáth, go gcuirtear mála ar a cheann agus go dtógtar é go háit éigin iargúlta, áit a gceistítear é (agus ar uairibh go ndéantar é a chéasadh), sula gcuirtear é ar a ghlúine, go scaoiltear é taobh thiar dá chluas agus go gcuirtear an corp áit éigin nach n-aimseofar é.
fhuadaigh agus dhúnmharaigh kidnapped and murdered
" D’fhuadaigh agus dhúnmharaigh antoiscigh Phalaistíneacha aon duine déag ó fhoireann Iosrael le linn na gcluichí a bhí ar siúl in München sa bhliain 1972.
fuadach kidnapp
" I ndiaidh do na Fórsaí Cosanta agus don tSeirbhís Rúnda a bheith “ag obair” ar an Chanónach Ó Fiannachta ar feadh trí lá agus trí oíche d’admhaigh sé go raibh sé faoi orduithe ón Chliarlathas fuadach an Tóirse a eagrú.
Fuadach feidhmeannaigh kidnapping an executive
" Fuadach feidhmeannaigh Agus a chúis acu! D’fhuadaigh oibrithe i monarcha de chuid Sony, gar do Dax in iardheisceart na Fraince, an príomhfheidhmeannach atá acu nuair a fógraíodh go ndúnfaí an mhonarcha i mí Aibreáin.
fuadach kidnapping
" Taispeánadh an scannán i seachtain ina bhfuil aird á díriú ar dhúnmharú eile i ré monacróm na 1970í luatha - fuadach, marú agus adhlacadh rúnda Jean McConville, baintreach a raibh 10 bpáistí aici.
fuadach intinne mental kidnap
" Mhothaigh an scríbhneoir Virginia Woolf mar sin fosta, agus dúirt sí go raibh an síciteiripe mar a bheadh fuadach intinne ann, ainneoin go raibh scríbhneorí eile ag an am céanna den tuairim gur thug an teiripe níos mó saoirse dóibh le bheith cruthaitheach.
d’fhuadaigh kidnapped
" Ar an teilifís, bhí cláracha ar loscadh Shráid Bombay ag drong dílseoirí i 1969 agus ar Bhúistéirí na Seanchille, dream dílseoirí síceapatacha a d’fhuadaigh, a chiapaigh agus a mharaigh ar a laghad 30 duine - Protastúnaigh ina measc - ag gearradh sceadamán na n-íobartach go minic.
Tádar ag goid is ag fuadach they’re robbing and stealing
" Tádar ag goid is ag fuadach ach tá sise san ospigéal agus tá sí ag fáil bháis i ndáiríre ach ag an am céanna she doesn’t miss a trick.
freagrach as fuadach an linbh responsible for taking the child
" Chinn an cróinéir go raibh diongó freagrach as fuadach an linbh.
mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara who pirates kidnapped
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
impleachtaí fhuadach Bobby Tohill the implications of the abduction of Bobby Tohill
" Féachann Robert McMillen ar impleachtaí fhuadach Bobby Tohill do phróiseas na síochána sna Sé Chontae.
fhuadach páiste the kidnapping of a child
" Is scéal bleachtaireachta é faoi fhuadach páiste.
á bhfuadach being kidnapped
" Daoine á bhfuadach, á gcéasadh is á gcartadh marbh i dtalamh gan taise.