Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuadaíodh (he was) kidnapped
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, 1998, fuadaíodh Matthew Shepard, fear aerach bliain is fiche a bhí ina chónaí in Albany County, Wyoming, tugadh amach faoin tuath é, tugadh léasadh brúidiúil dó, agus fágadh ansin é le bás a fháil.
fuadaithe hijacked
" "Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad ag tús an chéid seo caite.
gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile that a few other children were kidnapped and killed
" Cé go bhfuiltear den tuairim gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile a d'imigh ar iarraidh agus nár aimsíodh, níor ciontaíodh riamh duine ar bith sa stát seo as coir den chineál a tharla i Sohom an samhradh seo.
fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán a small group of terrorists hijack the plane
" Nóiméad ina dhiaidh sin fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán agus dhá nóiméad níos deireanaí tiomáintear an 747 - atá lán de bhreosla don turas tras-Atlantach - isteach i dtanca mór plútóiniam ag Sellafield.
a fuadaíodh é he was kidnapped
" Ar scor ar bith, is as Albain a fuadaíodh é mar sclábhaí an chéad lá riamh, áit a raibh a dhaidí ina rúnaí ar chumann tacaíochta áitiúil Glasgow Rangers.
D'fhuadaigh an tIRA Mrs McConville the IRA kidnapped Mrs McConville
" D'fhuadaigh an tIRA Mrs McConville i 1972 i ndiaidh di cuidiú le saighdiúir a bhí ag fáil bháis.
"Fuadaíodh" Bobby Tohill Bobby Tohill was 'abducted'
" "Fuadaíodh" Bobby Tohill ó theach tábhairne i lár chathair Bhéal Feirste agus tugadh gríosáil dó.
cé a d’fhuadaigh iad who kidnapped them
" Bhíodh an beart déanta, ní bhíodh a fhios ag na híospartaigh cé a d’fhuadaigh iad agus bhíodh carn mór airgid faighte ag McBratney agus a chomhpháirtithe.
tar éis a fhuadaithe after his kidnap
" Nuair a maraíodh duine eile de chuid mhuintir Gambino tar éis a fhuadaithe, cuireadh *hit* amach ar McBratney.
nuair a fhuadaítear iad when they are kidnapped
" Bíonn na daoine seo ag siúl fá shráideanna na hIodáile, na Sualainne, na Pacastáine nó na Cróite nuair a fhuadaítear iad.
fuadaigh abductions
" Tá na fuadaigh á n-iniúchadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi láthair ach deir an tUachtarán George Bush nach bhfuil siad ag sárú an dlí.
a gcuid misean fuadaithe their abduction missions
" Ach is féidir a rá ar an rud is lú go bhfuil an tír seo – tír atá in ainm is a bheith neodrach - ag tabhairt deise do loingeas forghabhálach an CIA a gcuid umar a líonadh sula dtugann siad aghaidh ar a gcuid misean fuadaithe.
a fuadaíodh sa tSualainn who were kidnapped in Sweden
" I measc na n-eitleán a thuirling bhí ceann de chuid an CIA a deirtear a úsáideadh i Nollaig na bliana 2001 le beirt fhear Éigipteach a fuadaíodh sa tSualainn a thabhairt chun na hÉigipte.
a fuadaíodh, which were hijacked,
" Bhí scéal againn ar fad faoi chailín a rugadh i Ros Muc agus a bhí in ainm is a bheith ag obair mar aeróstach ar cheann de na heitleáin a fuadaíodh, ach gur athraíodh a sceideal oibre.
fuadaithe hijacked
" Ar an drochuair, b’fhéidir go bhfuil smaoineamh maith seo na mbithbhreoslaí fuadaithe ag na tionscail mhóra.
fhuadaigh agus dhúnmharaigh kidnapped and murdered
" D’fhuadaigh agus dhúnmharaigh antoiscigh Phalaistíneacha aon duine déag ó fhoireann Iosrael le linn na gcluichí a bhí ar siúl in München sa bhliain 1972.
Fuadaíodh was kidnapped
" Fuadaíodh Betancourt agus í i mbun toghchánaíochta sa Cholóim i mí Feabhra 2002.
fuadaithe kidnapped
" “Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad,” a mhaíonn sé, “agus ní Brains Cowen atá i gceist agam!” Breast Rúdolf! Dar le Balor Bearránach go mb’fhearr go mór é féin mar Dhaidí na Nollag ná feolamán díolta Cóca Cóla.
Fuadaítear are kidnapped
" Fuadaítear daoine a d’fhéadfadh fuascailt a íoc, ach uaireanta fiú má íoctar an t-airgead, ní thiocfar beo as.
fuadaíodh were hijacked
" Agus ba é fochuideachta ICTS, Huntleigh USA, a bhí i bhfeighil slándála in Aerfort Logan i mBostún, áit as ar fhág dhá eitilt a fuadaíodh ar 11 Meán Fómhair, 2001.
Fuadaíodh was kidnapped
" Fuadaíodh an stócach álainn Ganymede ag Iúpatar, a bhí i gcruth iolair agus tógadh go Olympus é le go mbeadh sé ina sheirbhíseach aige.
Fuadaíodh were kidnapped
" Fuadaíodh beirt déagóirí, mar shampla, is bhí orthu a bhfuadaitheoirí a threorú timpeall na dufaire.
fuadaíodh was kidnapped
" Tá breis agus ceithre bliana is fiche ann ó fuadaíodh Brian Keenan taobh amuigh dá theach cónaithe i mBéiriút agus é ar a bhealach chun na hoibre i dtús mhí Aibreáin 1986.
d’fhuadaigh kidnapped
" Ar an teilifís, bhí cláracha ar loscadh Shráid Bombay ag drong dílseoirí i 1969 agus ar Bhúistéirí na Seanchille, dream dílseoirí síceapatacha a d’fhuadaigh, a chiapaigh agus a mharaigh ar a laghad 30 duine - Protastúnaigh ina measc - ag gearradh sceadamán na n-íobartach go minic.
fuadaithe kidnapped
" ” a scríobh sé ina bhlag i 2009, “B’fhéidir go dtiocfadh leo mé a tharraingt as amharc agus duine fuadaithe a dhéanamh díom, ach níl an chruthaíocht nó an tsamhlaíocht sin acu.
bplean fuadaithe agus dúnmharaithe a plan to kidnap and murder
" Nuair a d’fhoilsigh Kevin Myers ar an 19ú Nollag 1989 an bhréag go raibh lámh ag Traolach Mac Suibhne, athair Mháire, i bplean fuadaithe agus dúnmharaithe Easpag Caitiliceach Chorcaí, ní shásódh aon ní eile Máire Óg, bean na dtrí go leith scór an uair sin, ach iarraidh ar a mac Cathal í a thabhairt i láthair an Uas.
mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara who pirates kidnapped
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
baol fuadaithe danger of kidnapping
" Bhí PJ Mac Gabhann ag caitheamh súile ar ghuagacht taistil i gcodanna áirithe den domhan, ceantair a mbíonn baol fuadaithe ag baint leo.