Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuafar hideous
" Ní féidir mórán eile a rá faoi chomh fíochmhar agus chomh fuafar is a bhí an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ar an 11 Meán Fómhair (agus an dá eachtra eile an lá céanna), an chailliúint thragóideach beatha agus an trombhuairt a d'fhulaing daoine dá barr.
fite fuaite sa stát firmly interwoven in the state
" Tá an mheánaicme Phrotastúnach fite fuaite sa stát maidir le hairgead agus postanna.
fuaim a chruthú create a sound
" Cé nach ndeir Spillane é seo, tá an chuma ar an scéal gur theastaigh ón chomhlacht léiritheoir a chur ag obair ar an albam a n-éireodh leis fuaim a chruthú agus cóiriú a dhéanamh ar chuid de na hamhráin a dhéanfadh níos oiriúnaí iad do stáisiúin tráchtála raidió.
fite fuaite i dteanga eile inextricably linked with another language
" Ansin, chuireas spéis i litríocht na hÉireann agus cé gurbh as Béarla a léigh mé an chuid is mó de na leabhair, ba léir dom go raibh an Béarla a bhí á úsáid fite fuaite i dteanga eile - le teanga dhúchais na tíre.
fite fuaite interwoven
" Óg agus aosta fite fuaite i sruth nua forbartha i gceantar Charna mar sin? Sea, ar go leor bealaí.
fite fuaite le fuaim an uisce mixed up with the sound of the water
" Cloistear glórtha ag teacht ó na baisíní níocháin, iad fite fuaite le fuaim an uisce.
fhuaim fho-thairseachúil subliminal sound
" "Smaoinigh mé ar na mná ag comhrá leo agus iad ag crochadh na n-éadaí le triomú," arsa Fenster, "agus go mbeadh na glórtha seo mar fhuaim fho-thairseachúil.
fite fuaite le cultúr an phobail interwoven with the culture of the community
" Cé go bhfuil an saol athraithe go mór ó bhí sé féin ina ghasúr, agus go bhfuil rogha i bhfad níos mó ag gasúir ó thaobh spóirt agus caitheamh aimsire eile de, tá ceantair fós ann ina bhfuil an iománaíocht fite fuaite le cultúr an phobail agus le rithim laethúil an tsaoil.
dhruid an fearas fuafar he closed the hateful device
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
dhruid an fearas fuafar he closed the hateful device
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
fhuadar rush, bustle
" Cuirfidh an t-ionad seo cúrsaí ar fáil do dhaoine fásta sa teanga, sa cheol agus sa tseandálaíocht, sa gcaoi go mbeidh deis acu a scíth a ligint ar an oileán, saor ó bhrú agus ó fhuadar na cathrach.
fuaim sound
" Is maith liom fuaim na Gaeilge agus is breá liom na focail labhartha a ion-análú mar spiorad an cheoil ag seisiún.
fuaim amaideach silly sound
" Tá eagla orthu ach déanann siad fuaim amaideach.
fite fuaite lena chéile closely connected
" I ndáiríre, tá na healaíona agus an gnáthshaol fite fuaite lena chéile.
fuaim sluasaidí the sound of shovels
" FX: Scaifte ag imeacht as cill; fuaim sluasaidí ag caitheamh cré isteach in uaigh.
fite fuaite leis an fharraige closely connected with the sea
" Tá scéal Ulapul fite fuaite leis an fharraige, agus tá neart le feiceáil faoin stair sin.
tá muid fite fuaite ina chéile we are inextricably mixed together
" Is é sin le rá, tá muid fite fuaite ina chéile.
fuaim dhraíochtúil a chuir gliondar orm a magical sound that made me feel very happy
" Rac – ba é a chóip de “Let it Be” an chéad teagmháil a bhí agam leis na Beatles – fuaim dhraíochtúil a chuir gliondar orm.
fuaim cheolmhar musical sound
" Go tobann bhí fuaim cheolmhar againn.
fuaim dhraíochtúil a chuir gliondar orm a magical sound that made me feel very happy
" Rac – ba é a chóip de “Let it Be” an chéad teagmháil a bhí agam leis na Beatles – fuaim dhraíochtúil a chuir gliondar orm.
páistí fuaite earraí leathair the children who sew leather goods
" * Gluais • Glossary cuairteoirvisitor saoithiúilpeculiar prochógcave, hovel i gceann mo mharanaengaged in contemplation meanaawl a thriailto try oidíteachers dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told brocaisden le m’uillinnbeside my elbow ag stánadh uirthistaring at it go mínósachrudely an léaráid áirithe sinthat particular sketch sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me dúil bheolive creature cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts frídín deannaighdust germ m’fhabhramy eyelash aireattention glasuainevivid green donnliath na huaimhethe grey brown of the cave feisteas coimhthíochstrange attire seacht fairsingeseven times more wide leadhb leathana wide piece fionnachrithgoose-flesh tír shiocthafrozen country géagalimbs aeráid fhionnuar s'againneour cool climate ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash Géarchéim Munchenthe Munich Crisis slis creigea piece of rock ina dhornin his fist ionsormtowards me cén treo a léifinn íwhat direction I'd read it treoraitheguides toilteanachwilling comhléaráideoirífellow illustrators cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures brollach is másaíbosom and thighs ag sciolladóireachtscolding ag fiafraí dá chéileasking each other dheamhan fonn ormI wasn't in the mood ghréasobairfancywork saothraithelabourers mo chuid líníochta féinmy own drawing mo shamhlaíocht féinmy own imagination a míniúto explain it tinfeadhinspiration leamhdull páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods sclábhlannasweatshops fá mo choinne féinfor myself a dhath ar bithanything i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world
fite fuaite ina chéile firmly interwoven
" Tá an dá oidhreacht fite fuaite ina chéile agus bíonn siad ag streachailt lena chéile in amanna.
an fhuaim is uaigní dár chuala tú riamh the loneliest sound you ever heard
" Táimid le ceolchoirmeacha a dhéanamh le ceoltóirí mór le rá: Haruhiko Saga, a sheinneann fidil ón Mhongóil, agus an fhuaim is uaigní dár chuala tú riamh uaithi; Ryo Watanabe, cnaguirliseoir; Kotaro Oshio, seinnteoir giotáir agus popréaltóg anseo sa tSeapáin; Ryutaor Kaneko, duine de dhrumadóirí Kodo.
fuaim triomadóra gruaige the noise of a hair-dryer
" Luathaíonn sé ó bheith stadta go dtí 100 ciliméadar san uair níos tapúla ná Ferrari, agus gan fuaim – ach amháin seabhrán beag cosúil le fuaim triomadóra gruaige! Cuirtear le chéile é i monarcha Lotus i Sasana – agus má dhéanann tú é a phlugáil isteach um thráthnóna, is féidir leis turas 400 ciliméadar a dhéanamh an maidin dár gcionn, a bhuí sin le teicneolaíocht chliste a úsáideann ceallraí iain litiam, cosúil leis na cinn a bhíonn i ríomhairí glúine (ach i bhfad níos mó).
fite fuaite trí go leor acu. mixed through a lot of them.
" Tá trí amhrán déag ar an albam agus tá dánta de chuid de Paor fite fuaite trí go leor acu.
ag cruthú fuaim úrnua creating a totally-new sound
" Ag an am sin, bhí leithéidí Dhaithí Sproule (cara mór le Martin), Skara Brae, Dónal Lunny, Planxty, daoine mar sin, bhí siad ag cruthú fuaim úrnua, thar a bheith corraitheach.
an fhuaim ag méadú agus ag laghdú the sound increasing and decreasing
" Siosarnach ard ag teacht ó liáin na muilte, an fhuaim ag méadú agus ag laghdú le gach casadh den lann.
thit mé i ngrá leis an bhfuaim. I fell in love with the sound.
" Sheinn Rossa, mo dheartháir, caiséad caite blianta fada ó shin sa charr ar an mbealach abhaile ó Ghaillimh agus thit mé i ngrá leis an bhfuaim.
an fhuaim sin a chruthú to create that sound
" Mar shampla, caithfidh an gléas a bheith in ann fuaim a dhéanamh trí chluasáin, agus caithfidh ríomhaire beag ar mhicrishlis an fhuaim sin a chruthú ó eolas digiteach.
ar an bhfuaim on the sound
" Tá tionchar ollmhór ag an mbogha ar an bhfuaim a thagann ón veidhlín.
an fhuaim the sound
" Áirítear an taifeadadh sin ar cheann de na halbaim Ghaeilge is fearr a rinneadh riamh agus tá an fhuaim chomh draíochtach céanna anois is a bhí ag an am úd.
fuaim álainn lovely sound
" Ach chaithfeadh fuaim álainn a bheith aici don cheoltóir freisin, sin an rud is tábhachtaí ar fad agus, dar ndóigh, pearsantacht dá cuid féin a bheith aici.
an fhuaim. the sound.
" *AÓF: Céard é an rud is tábhachtaí ar fad atá le baint amach agus* fidil á déanamh agat? YB: Go mbeidh an ceoltóir sásta - sin é an rud is tábhachtaí thar gach rud eile, an fhuaim.
ciall agus fuaim meaning and sound
" Buachaill bó a bhí ann mar buckaroo agus arís, tagann ciall agus fuaim chur síos Cassidy le chéile.
an fhuaim the sound
" Caithfimid a bheith ag smaoineamh, ‘an bhfuil an *shot* seo oiriúnach, ní hamháin don teilifís, ach don ghléas póca; an bhfuil an fhuaim oiriúnach; an bhfuil leaganacha difriúla den táirge céanna ag teastáil i gcomhair na meán éagsúil?’” Ach, dar le hIrial, tá an *future-proofing* déanta ag Nemeton.
an fhuaim a thagann aisti the sound which comes from it
"an fhuaim a thagann aisti cosúil le fuaim na fidle, ach amháin go bhfuil sí níos géire.
cosúil le fuaim na fidle like the sound of the fiddle
" Tá an fhuaim a thagann aisti cosúil le fuaim na fidle, ach amháin go bhfuil sí níos géire.
fuaim thaibhsiúil ghostly sound
fite fuaite le cúrsaí eacnamúla agus imirce. closely linked with economic and emigration matters.
" Tá stair CLG na Breataine fite fuaite le cúrsaí eacnamúla agus imirce.
fite fuaite intertwined
" Tharraing sé bratach na Breataine anuas, agus ina háit, chroch sé bratach a raibh seamróg órga agus na focail “Erin go Bragh” scríofa uirthi! B’iomaí uair a bhí cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí spóirt fite fuaite lena chéile sna cluichí Oilimpeacha ó shin a leith.
chun an fhuaim a chothromú. to balance the sound
" Chuir Bill Leader muid in áiteanna éagsúla in íoslach Rynne’s sa Chorrchoill, shocraigh sé cúpla micreafón steirió ansin agus bhog sé timpeall an tseomra muid chun an fhuaim a chothromú.
fuaim na bpíob sound of the pipes
" Bhí Liam (O’Flynn) ina shuí i gcúl an tseomra ag rá, ‘Ní féidir leat fuaim na bpíob a ísliú!' Ach bhí an t-albam go hiontach sa deireadh.
tuigeadh dóibh go raibh daoine an-tógtha leis an fhuaim a bhí acu. it was implied to them that people were very taken with the sound that they had
" ”Níor shíl Lunny ag an am sin go raibh aon rud nua nó radacach faoin cheol a bhí á sheinm aige féin agus ag a chairde ach nuair a tháinig sé féin Moore, O’Flynn agus Irvine le chéile leis an ghrúpa Planxty a bhunú gan mhoill ina dhiaidh sin, tuigeadh dóibh go raibh daoine an-tógtha leis an fhuaim a bhí acu.
rithim agus fuaim. rhythm and sound.
" Ba é an bunús a bhí leis ná rithim agus fuaim.
gan an chraic a bheith fite fuaite tríd. without the crack being an integral part of it.
" Bhíodh a chuid ranganna beoga agus léannta; agus ní raibh sé in ann ceacht a thabhairt gan an chraic a bheith fite fuaite tríd.
fite fuaite intertwined
" Mar is léir ó leabhair fhantaisíochta an Bhéarla ón ré Victeoiriach ar aghaidh, feidhmíonn struchtúr agus nósanna sochaí s’againne mar amhábhar agus an "domhan eile" á chruthú agus tá na heilimintí seo le feiceáil fite fuaite le samhlaíocht fhairsing an scríbhneora.
fad fite fuaite lena chéile intertwined with each other
" “Is í an tuiscint a bhain mé as m’óige ná go bhfuil muid ar fad fite fuaite lena chéile; gur ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.
Fís agus Fuaim Sound and Vision
" Éagsúlacht clárachaAch ní hé gur cláracha ceoil amháin a mbíonn an stáisiún ag gabháil dóibh na laethanta seo; tá cuid mhór cláracha faisnéise agus oideachasúla déanta acu le déanaí, a bhuíochas sin ar chiste speisialta, ar a dtugtar Fís agus Fuaim, a chuir Coimisiún Craolacháin na hÉireann sa tsúil le maoiniú a thabhairt do chláracha teilifíse agus raidió a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, oideachais nó pobail.
fite fuaite lena cheile. intertwined with each other
" Ach ar ndóigh, tá na fadhbanna seo fite fuaite lena cheile.
fite fuaite intertwined
" “Nuair a bhí mé faoi oiliúint in RTÉ, bhí mé ag cabhrú le Cathal Goulding an feachtas cearta sibhialta a chur ar bun sa Tuaisceart agus mar sin, bhí an pholaitíocht is an léiritheoireacht fite fuaite ina chéile i gcónaí.
fuaim ar leith a distinct sound
" Is ansin a thosaigh mé ag foghlaim amhráin an traidisiúin in Éirinn, an dtuigeann tú? Ceapaim go bhfuil fuaim ar leith ag Dervish agus go n-aithníonn daoine an fhuaim sin.
fearas fuafar hateful equipment
" Stán Balor go mailíseach ar an ghléas ghránna, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile aonaraí leis, chaith an fearas fuafar ar leataobh agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
fite fuaite interwoven
" Creidtear go bhfuil scéal Phallaidigh agus scéal Phádraig fite fuaite ina chéile agus gur deineadh pearsa amháin den bheirt le himeacht aimsire.
fite fuaite fríd a chéile interwoven through other
" Bhí daoine ‘na gcónaí anseo i bhfad sular bheartaigh ’n duine sráideanna a thógáil agus níl na sráideanna sin leagtha amach ar bhealach dronuilleogach mar atá i ngach áit eile i Manhattan, ach bóithre atá fite fuaite fríd a chéile, a dhéanann a gcomhairle féin, cheapfá.
fite fuaite tied up with
" Cé go bhfuil RSS fite fuaite tríd an ngréasán, níl an tuiscint bhunúsach chéanna ag an saol mór air is atá acu ar r-phost.
fite fuaite tied up, connected
" org/) bean Rajiv Gandhi a feallmharaíodh i 1991, (feallmharaíodh a mháthair siúd, Indira Gandhi, chomh maith sa bhliain 1984) i gceannas ar an pháirtí seo agus tá clann Nehru fite fuaite leis freisin (Ba é Jawaharlal Nehru an chéad Taoiseach ar an India tar éis dóibh an tsaoirse a bhaint amach ón Bhreatain Mhór).
fhuaim sound
" Bhíodh seanteangacha a raibh cuma an iarthair orthu – an fhuaim ‘k’ in áit ‘s’ ar ‘cent’ agus ‘celt’, abair – i dtreis i bhfad fadó san áit sular tháinig an Tuircis ina neart ann.
fite fuaite interwoven
" ” Is ábhair spreagtha ag Doherty an Ghaeilge, béaloideas, stair agus logainmneacha Ghleann Cholm Cille agus tá siad le feiceáil fite fuaite ina shaothar.
Fuaim sound
" Is dráma uair a chloig nuascríofa é seo a fuair coimisiún faoin scéim ‘Fuaim agus Fís’ de chuid an Choimisiún Chraolacháin.
fite fuaite interlocked
" Tá an scéal inste i monlóga atá fite fuaite ina chéile.
bhfuadar rush
" Cé gur sheol siad Leathanaigh Facebook is Fógraí i 2007, i 2009 d’fhógair siad gné nua a tharraing comhlachtaí beag is mór chucu i bhfuadar ollmhór.
fite fuaite intertwined
" Ciallaíonn sé gurb é daonáireamh na bliana 1901 an chéad cheann atá fágtha againn fós) Ní mór tuiscint go raibh cúrsaí sóisialta, cultúir agus teanga fite fuaite ina chéile.
fuaim sound
" Is féidir leo fís agus fuaim a chur leis, rud a chuirfeadh go mór le cothú an phobail a ghlacann páirt mór san Oireachtas.
fite fuaite intertwined
" Tá ceist na teanga sa Ghaeltacht fite fuaite le forbairt geilleagair, fostaíochta is sóisialta.
fite fuaite leis part and parcel
" Cé atá i gceannas agus cén duine ba cheart a bheith i gceannas agus maidir le pé dream atá i gceannas cé a choiméadfaidh súil orthu? Ar cheart athshamhlú a dhéanamh ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil dóthain sa phlean don chainteoir dúchais Gaeltachta nó an bhfuil an stráitéis róthugtha don dátheangachas? An bhfuil an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil faoi 2030 insroichte? An bhfuil dóthain ann chun dul i ngleic le fadhbanna na Gaeilge sa chóras oideachais? An bhfuil an plean radacach a dhóthain? An bhfuil struchtúr ann le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é? Ceisteanna móra tromchúiseacha Bhí alt eile san *Irish Times* le déanaí, le Brian Ó Broin, a chuir giorria eile ina shuí nach gcloistear chomh minic sin, cé go bhfuil sé fite fuaite leis na ceisteanna eile ar fad.
fite fuaite entwined
" Ní go rómhaith a d’éirigh leis an idirdhealú dearfach go fóíll, áfach, agus tá cúiseanna éagsúla leis seo atá fite fuaite ina chéile.
fite fuaite tied up with
" Tá an UUP fite fuaite sa pháirtí is mó a dhéanfá dochar do stíl mhaireachtála an ghnáthdhuine ó thuaidh agus sa Bhreatain, an Páirtí Coimeádach, ach tá Páirtí an Lucht Oibre (nach mithid an t-ainm a athrú?) agus na Lib-Dems chomh holc céanna! Ní hé an Geilleagar a Amadáin! I ndáilcheantracha áirithe, ní hé an geilleagar é, a amadáin.
fite fuaite an integral part
" Óir bhí an dealbh chéanna fite fuaite i stair chultúrtha na cathrach.
fite fuaite tied up
" Faoi láthair, tá na breoslaí iontaise seo chomh fite fuaite leis na geilleagair mhóra is gur mór agus gur iontach an t-athrú é foinsí nua a chur ina n-áit.
fite fuaite le interconnected with
" * Tá ceist an daonra fite fuaite le dúnghaois inimirce mar go bhfuil fás an daonra ag brath beagnach go hiomlán ar inimirce, ní hionann is an ráta beireatais atá ag titim san Astráil le fada an lá.
Fuaim le Focail the spoken word
" Fuaim le Focail ====== **BD: Cé mhéad leabhar agus dlúthdhioscaí atá foilsithe nó eisithe agaibh ó shin?** MÓC: Níor mhaith liom tosú á gcomhaireamh – bheadh sé ró-achrannach – ach go dtí seo, bheadh timpeall 350 leabhar foilsithe.
fite fuaite caught up, intertwined
" Sin ráite, in ainneoin gur fheabhsaigh caighdeán saoil gach uile dhuine, d’fhan an bhearna idir na boicht agus an uasalaicme chomh leathan is a bhí sí riamh - ach tá an cheist sin fite fuaite le cúrsaí nach féidir a athrú thar oíche, nó le linn dhá thréimse uachtaránachta, fiú amháin.
fhuaim sound
" ‘Huānyíng guānglín’, nó ‘tá fáilte romhat’! Agus ‘nǐ hǎo’ – Dia duit – nath atá éasca cuimhneamh air mar nach fada an fhuaim ón Ghaeilg ‘ní hea’! Tá thart fá 200 teanga á labhairt in Éirinn anois (A.
fite fuaite interlinked
" Faoi mar a dhein Joyce, tá an ghné dhomhanda agus an ghné áitiúil, an baile agus an deoraíocht, fite fuaite ina chéile i saothar Séamus Heaney, a chleachtann mar a deir sé féin: ‘making contradictions dance’.
fite fuaite intertwined
" Bhí gníomhréim na beirte sa pholaitíocht fite fuaite ina chéile.
fite fuaite le entwined
" Tá scéal na himirce fite fuaite le muintir na tíre le dhá chéad bliain anuas.
Fuaim faoi cheilt hidden sound
" Chruthaigh sé ‘Fuaim faoi cheilt’ i 1916, a bhí bunaithe ar liathroid sreinge a bhí idir dhá phláta práis a rinne fuaim nuair a chraití é.
Fite fuaite intertwined
" Fite fuaite le ceist an phósta bhí cearta maoine na hEaglaise.
fearas fuafar hateful equipment
" Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
chomh fite fuaite so intertwined
" Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
fite fuaite intertwined
" Mhaígh sé freisin go bhfuil sé dosheachanta go mbeidh an Astráil ina poblacht luath nó mall – bíonn ceist na brataí agus ceist na poblachta fite fuaite ina chéile i dtólamh.
fite fuaite intertwined
" Beidh an toghchán tionóil ar siúl i gcionn míosa arís agus is é an siombalachas is mó atá i mbéal an phobail, ach tá na cásanna thuasluaite fite fuaite iontu, ainneoin gur tharla siad fada ó shin.
fhuaim úr new sound
" あいうえお! - Á, Í, Ú, É, Ó! =============== Ó thaobh na foghraíochta de, níl mórán stró ann mar níl aon fhuaim úr le foghlaim.
dhá fhuaim éagsúla two different sounds
" Tarlaíonn seo ar an ábhar nach bhfuil dhá fhuaim éagsúla sa tSeapáinis do R agus L agus is doiligh mar sin, don chainteoir Seapánaise an dá fhuaim a chluinstean, a dhealú lena chéile ná a fhuaimniú.
fuaim agus físeán sound and video
" Ní suímh a bheadh ann feasta ach ‘tairseacha’, áiteanna a mbeadh daoine in ann imoibriú le seirbhísí ní ba shaibhre: bheadh fuaim agus físeán i gceist.
fite fuaite ina chéile intertwined
" Saol Comhaimseartha na hÉireann ============== Rud amháin atá ag déanamh buartha dom faoi na ranna Nua-Ghaeilge sna hollscoileanna, nach mór do na léachtóirí, an fhoireann, ins na ranna Nua-Ghaeilge suim a chur in athréimniú na Gaeilge, i ndán na Gaeilge ins an saol comhaimseartha mar tá an dá rud fite fuaite ina chéile.
fhuaim sound
" Anois dá mbeadh an obair cheamara lochtach, ní ghlacfadh siad leis, ní chraolfadh siad é! Dá mbeadh an fhuaim lochtach, ní chraolfadh siad é, ach craolfaidh siad an drochthráchtaireacht lofa, an fear atá ag cur an chláir i láthair nó ag déanamh an cheangail.
fuaim sound
" Tá Evernote foirfe dá leithéid tharla gur féidir na liostaí seo a choinneáil ar Evernote trí nótaí, fuaim nó trí ghrianghraf ar an iPhone, Android, iPad nó ar líne ar www.
fuaim aisteach éidreorach a strange feeble sound
" Cailleadh na focail ar mo theanga agus ní raibh ag teacht ach fuaim aisteach éidreorach.
fuaim agus boladh sound and smell
" Bhí muid ar strae: crainnte ag clúdach radharc na habhann orainn; an ghaoth ins an duilliúr ag coinneáil fuaim agus boladh an uisce uainn.
uber-fhuaim supersound
" Ní raibh! Roimh theacht an MP3, bhíodh daoine i gcónaí ag labhairt faoin uber-fhuaim a chloistí ó threalamh Hi-Fi costasacha den scoth.
fuaim sound
" Bhí blas láidir Albanach-Éíreannach le brath ar an gceol, le fuaim na bpíob uillinne, na bhfidleacha agus na bhfeadóg.
fite fuaite ina chéile interlinked with each other
" Baineann na ceisteanna sin go minic, in Éirinn, le cúrsaí airgeadais, freagracht phearsanta, oidhreacht na nEaglaisí difiriúla, an stair agus an pholaitíocht, iad go léir fite fuaite ina chéile.
fite fuaite i intertwined in
" Má tharlaíonn sé sin, creidtear go mbeidh athrú ó bhonn ar eagraíocht atá fite fuaite i saol phobail na hÉireann le beagnach céad tríocha bliain.
fite fuaite ina chéile both interconnected
" Tá deasghnátha na heaglaise agus gnáis an phobail fite fuaite ina chéile chomh maith.
fuaim noise
" Labhair liom! Abair leat! Dein fuaim éigin.
fite fuaite intertwined
" Tá oidhreacht an Titanic fite fuaite anois in oidhreacht Halifax mar is ann a cuireadh an líon is mó de choirp íospháirtithe soithí na mícháile a d’imigh go tóin poill céad bliain ó shin.
fite fuaite interwoven
" Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.
fís, fuaim, focal vision, sound and word(s)
" An Duais ==== Cóip de 'An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc’ agus cóip de 'Ar an Taifead – fís, fuaim, focal' Eagrán 2012 An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc: =================== Clúdach bog, 312 lch.
héagóracha atá fite fuaite injustices which are interwoven
" Cáineadh Eorpach ====== Tá na héagóracha atá fite fuaite i gcóras inimirce na hÉireann tugtha faoi deara ag eagraíochtaí lasmuigh den tír, leis.