Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Nach sin a guth a fuair an freagra there was no need to ask twice
" "Nach sin a guth a fuair an freagra," arsa Síle le Deirdre.
Nach sin a guth a fuair an freagra there was no need to ask twice
" "Nach sin a guth a fuair an freagra," arsa Síle le Deirdre.
Fuair tú éirí, an bhfuair you mangaged to get up, did you
" "Fuair tú éirí, an bhfuair," arsa Tadhg lena mhac Féilim nach bhfacthas táisc ná tuairisc air go dtí seo.
Nuair a fuair Áine a fhad leis an tábla when Áine got to the table
" Nuair a fuair Áine a fhad leis an tábla a bhí curtha in áirithe, bhí a hathair agus a máthair ann roimpi.
chomh luath agus a fuair sí a cos a chur fúithi as soon as she managed to stand
" Rinne sí iarraidh éirí ach chomh luath agus a fuair sí a cos a chur fúithi bhuail an phian í.
Nuair a fuair Sue deis ar a hanáil when Sue managed to get her breath back
" Nuair a fuair Sue deis ar a hanáil chuir sí an tábla ina cheart agus tharraing sí chuici cathaoir, agus sin mar a fágadh í go béal maidine.
fuair mé cláirseach ar cíos I rented a harp
" Tar éis sin fuair mé cláirseach ar cíos ó Janet Harbison ar feadh bliana.
Ba é an ceann sé nó seachrán acu sin a fuair duine one only got one of those occasionally
" Ba é an ceann sé nó seachrán acu sin a fuair duine agus ní raibh sé sona a scaoileadh uait, agus níor i measc na gcnónna eile ina phóca a choinnigh sé an cailín sin ach i gcúinne beag slán léi féin.
fuair mé amach go gasta I quickly learnt
" Bhuail mé isteach chuig cúpla ceann acu ón tsráid ar dtús, ach fuair mé amach go gasta gurb é an rud is fearr ná scairt a chur orthu agus coinne a dhéanamh le dul isteach fá choinne agallaimh.
Fuair seisean deis ar a anáil he got his breath back
" Fuair seisean deis ar a anáil sa deireadh agus dúirt sé le Louis: "Tá muid san fhaopach anois, a mhic.
fuair mise réidh leis an áit I got rid of the place
" “Ní bheidh duine ar bith agaibh ag dul ar saoire in Dingle i gcás ar bith,” a mhaígh Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, “nó fuair mise réidh leis an áit! Is iomaí duine sa tír seo a bhunaigh baile úr – Neilstown, Blakestown, Tyrellstown, Quarry.
fuair sé sceiteadh dá shúl air he glimpsed him
" Bhí cuma air go raibh a raibh sna ceithre hairde fichid cruinnithe agus, cibé nach raibh ann, bhí Pól ann nó fuair sé sceiteadh dá shúl air.
a fuair siad. they received.
" Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad.
Fuair sí bás she died
" Fuair sí bás dhá bhliain ina dhiaidh sin.
fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar. the anti-Irish language parties got the upper hand.
" Ach, mar is dual don chluiche polaitiúil sa Tionól, fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar.
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha when the Australian cricket team got the better of the team of its paternal country
" Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
ní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, not only because of the death threats that I received
" Bhraith mé go mór faoi ionsaí – ní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, ach mar gheall ar gur bhraith mé gur loic m’fhoireann eagarthóireachta orm go huile is go hiomlán.
níorbh é sin an t-aiseolas a fuair mé uathu that wasn't the feedback I received from them
" Ní raibh siad sásta tacaíocht ar bith a chur ar fáil dom, cé nár luaigh siad sular cuireadh an t-alt i gcló go mb'fhéidir go mbeadh sé conspóideach – níorbh é sin an t-aiseolas a fuair mé uathu tar éis dóibh an t-alt a léamh.
gur le hoidhreacht a fuair an teaghlach seilbh orthu. that the family came into possession of them through inheritance
" Nuair a chuirtí ceist orthu faoin áit ar tháinig siad ar na hearraí, deireadh siad i gcónaí gur le hoidhreacht a fuair an teaghlach seilbh orthu.
a fuair bás who died
" Ba é sin ainm m'athar, a fuair bás beagnach fiche bliain ó shin, cé go bhfuil a ainm fós san eolaí teileafóin don teach a bhfuil cónaí orm ann.
a fuair bás i mo bhachlainn who died in my arms
" ”Géilleann sí don bhrón, áfach, ar feadh soicind: “Nuair a smaoiním ar na páistí uilig a fuair bás i mo bhachlainn .
nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne when two other from Zhvania's staff died suddenly or without warning
" Bhí go leor daoine ann, áfach, nár chreid gur bás tionóisceach a bhí ann, go háirithe nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne go luath ina dhiaidh sin.
fuair Scofield maoiniú obtained financing
" De réir criticí áirithe an dispeansáideachais, áfach, fuair Scofield maoiniú ó Shíónaigh mhór le rá a bhí ag iarraidh tacaíocht a chothú don choincheap Iosraelach sna Stáit Aontaithe.
fuair biseach improved
" Ar ndóigh, ní hé sin le rá gurbh é sin a bhí ar siúl ag na daoine a fuair biseach as na hathruithe a tugadh isteach i 2006.
fuair greim ar got a grip on
" Tá an chuid is mó de na scaranna in *Arsenal* i lámha an Mheiriceánaigh Kroenke, an Iaránaigh Moshiri agus an Rúisigh Usmanov; is le Mansour, billiúnaí ola ó Abu Dhabi an club *Manchester City*; is le billiúnaí ola eile, an Rúiseach Roman Abromovich, *Chelsea*, an club atá ar bharr na Príomhshraithe i Sasana agus cheannaigh Meiriceánach amháin *Manchester United* le déanaí ó Mheiriceánach eile, Malcolm Glazer, a fuair greim ar scaranna Man U nuair a dhíol an bheirt Éireannach, Dermot Desmond agus J.
Fuair mé amach I found out
" Fuair mé amach gur bronnadh duais nó ardmholadh ar 262 de na tionscadail ach nach raibh ach aon cheann déag, nó 4%, díobh sin i nGaeilge.
fuair sé bás he died
" B'as Baile Átha Cliath do Noonan agus fuair sé bás i Learpholl ar 3ú Feabhra 1911 (Beo eagrán 25, Bealtaine 2003).
fuair sé bás he died
" Ní raibh ach sé lá fagtha aige sa tír sin tar éis sé mhí ar dualgas a chaitheamh ansin nuair a fuair sé bás in aice leis an Maor Matthew Collins.
fuair sé an lámh in uachtar ar he won against
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
fuair sí aitheantas she gained recognition
" Tosaíodh agus críochnaíodh a saol i gCathair Mheicsiceó agus fuair sí aitheantas, de réír a chéile, mar ealaíontóir a rinne ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar nósanna dúcháis Mheicsiceó chomh maith leis an chur síos macánta a rinne sí ar an saol crua diachrach a bhí aici féin.
fuair bás died
" Mo Churachín le Pádraig Mac Niocaill ================= Teanór binn de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill ba ea Pádraig Mac Niocaill a fuair bás sa bhliain 2007.
Fuair sé bás he died
" "* Fuair sé bás tamall gearr ina dhiaidh sin.
fuair an bua ar won against
" Ar fhoireann Átha Cliath a fuair an bua ar churaidh uile-Éireann na bliana 1954, Contae na Mí, bhí Kevin Heffernan, Ollie Freeney, Des Ferguson, Cathal O Leary is araile.
fuair deontas i gcabhair obtained an aid grant
" Tá sé le léamh chomh maith go raibh Aire Airgeadais an ama go mór in amhras faoi chur chuige an Údaráis agus faoi inmharthanacht cuid de na comhlachtaí a fuair deontas i gcabhair uathu.
fuair a thópar got the sack
" Mhothaigh daoine go leor eile nár tugadh cothrom na Féinne do Rudd, an chéad phríomh-aire i stair na tíre a fuair a thópar le linn a chéad téarma.
dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine the amount of harassment and torture the ordinary people got
" N’fheadar aoinne dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine, ach níor bhris sé an misneach iontu.
fuair siad deis they had an opportunity
" B’fhéidir gur seo daoine atá ag éisteacht leis an raidió ar aon nós, ach fuair siad deis tuairimí a thabhairt agus moltaí a dhéanamh.
fuair mé cuireadh ann I recieved an invitation to go there
" Nuair a fuair mé cuireadh ann, thapaigh mé an deis.
fuair muid deis we had the opportunity
" Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí, agus níor thuig muid go hiomlán cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir go dtí go raibh muid ar an pláta bheag agus fuair muid deis leabhair a léamh, éisteacht le daoine agus staidéar a ghlacadh.
fuair sé na doiciméidí tairisceana ar ais he recieved the tender documents back
" Ach nuair a fuair sé na doiciméidí tairisceana ar ais ó lucht coimisiúnú na gclár: is i mBéarla a bhí gach rud! D’fhéadfainn samplaí eile a thabhairt ach ceapaim gur leor na trí chinn thuas le mo phointe a dhéanamh.
fuair siad an ceann is fearr air they overcame him
" D'ionsaigh Mourdock agus an Tea Party go fíochmhar é mar eadránaí a bhí ró-réidh comhréiteach a dhéanamh leis na Daonlathaigh, agus fuair siad an ceann is fearr air i réamhthoghcháin an pháirtí.
Is ar éigin a fuair sé a chead he barely received permission
" Is ar éigin a fuair sé a chead – thug an lucht pleanála air an póirse beag a bheadh ag doras na sráide a fhágáil ar lár agus fuair sé an cead ar choinníoll go rachadh sé féin agus a bhean chun cónaithe sa teach.
fuair an té seo cead this person received permission
" Arís fuair an té seo cead ar choinníoll go rachadh sé chun cónaithe sa teach, ach mar a tharlaíonn sé, tógálaí a bhí san fhear seo agus bhí cead faighte aige fiche teach a thógáil ar fud na contae.
a fuair maoiniú le taisteal which received funding to travel
" An bhfuil siad chomh feidhmiúil is ba chóir daofu a bheith nó an gcaitear acmhainní maithe amú go ciotach ar roinnt acu? Tá mé ag cuimhneamh ar dhream a fuair maoiniú le taisteal go hIosrael agus a phill le léaráidí powerpoint díofu féin ag caitheamh gainimh na trá sa mhullach ar a chéile ar ‘lá breá te sa tsamhradh’, lá a chaith siad ag déanamh bolg le gréin, go bhfóire Dia orainn.
Fuair muid in aiscidh an teangaidh we got the language completely free
" Fuair muid in aiscidh an teangaidh agus ní chosnódh sé tadaí an teanga a choinneáil ag imeacht, a choinneáil beo.
i dtaobh imreora a fuair about a player who received
" ‘B’fhéidir go dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill’ a dúradh uair eile i dtaobh imreora a fuair buille láidir sa chloigeann agus nach raibh cinnte ar feadh tamaill an raibh sé i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an tolg.
fuair sé buille de chamán he was struck by a hurley
" Bhí sé ag imirt i gCill Bharróg nuair a fuair sé buille de chamán, ar mhí-ámharaí an tsaoil a bhris cnámh a ghlúine agus caithfidh mé a rá gur réab sé a chroí mar gurbh í an pheil Ghaelach an rud ab ansa leis ag an am.
a fuair greim docht ar aigne na hÉireann which took a firm grip on the Irish psyche
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
fuair siad ar ruathair the obtained in raiding
" Deir Rolston gur thug na Lochlannaigh blamadr ar dhaoine gorma a fuair siad ar ruathair ar chósta thuaidh na hAfraice agus an bhunchiall atá le blamadr ná daoine gorma.
an deis a fuair sé freastal ar the chance he got to attend
" Deir sé gurbh é an deis a fuair sé freastal ar an Ollscoil i gCambridge an rud a cabhraigh leis scaoileadh leis an ngalar go huile is go hiomlán.
a fuair an biseach as were the ones who benefitted from it
" Daoine nár leo an t-airgead in aon chor a fuair an biseach as tríd an chóras bainc.
fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar another project of C. bettered
" Cúpla bliain i ndiaidh dráma na Páise seo, fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar fiú ar aisteoireacht spleodrach D’Aughton.
Cuimhnigh ar an easpa aitheantais a fuair let us remind ourselves of how un-noticed
" Cuimhnigh ar an easpa aitheantais a fuair Seosamh Ó hÉanaí ina thír dhúchais féin agus an t-éamh ina choinne mar aoi ag coirm cheoil na Dubliners.
Fuair an scéal an ceann is fearr air he was overcome by the tale
" Fuair an scéal an ceann is fearr air.
fuair sé dídean anseo ó thuaidh he received refuge here in the north
" Le linn réimeas Idi Amin, díbríodh muintir na hÁise ón tír i 1972 agus fuair sé dídean anseo ó thuaidh agus ghlac sé go fonnmhar le cleachtais an phobail Phrotastúnaigh a raibh sé ina chónaí ina measc agus a raibh sé buíoch beannachtach de.
a fuair an teaghlach which the household got
" Tháinig billí agus litreacha tríd an doras, bhí mo leabhar in aice na leapa, bhí an t-aon nuachtán amháin a fuair an teaghlach ar an mbord cistine.
nuair a fuair sé bás when he died
" Bhí sé ceithre scór go leith nuair a fuair sé bás, ach fiú go dtí an coicís deireanach, bhí sé gníomhach.
a fuair an rialtas which the government received
" Ní dóigh liom féin go raibh an dearg-ghríosáil a fuair an rialtas tuilte acu.
a fuair dídean who found refuge
" Luaigh sé Enoch Powell, an ball parlaiminte Sasanach a díbríodh i ndiaidh é a aitheasc faoi ‘Aibhneacha Fola’ a thabhairt ach a fuair dídean Pháirtí Aontachtach Uladh ag cur síos air mar fháidh.
Fuair mise tuargain I took a pounding
" Fuair mise tuargain do chrádh mé le luath-bhuillí cruaidhe na námhad.
a fuair an conradh which received the contract
" Ní bheidh aon nuachtán Ghaeilge ar fáil sna siopaí Lá ’le Pádraig i mbliana mar gur theip ar an gcomhlacht a fuair an conradh foilsithe tíocht gar do na spriocanna díolaíochta a leagadar rompu.
Fuair mé sos ón ngnáthshaol I got a break from the my usual lifestyle
Fuair sí léargas she came to understand
" Fuair sí léargas ann ní hamháin ar an gceiliúradh, ach ar an gcruatan saoil.
Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir our dreary world, the vale of tears, overcame the writer
" Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid.