Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
boladh na móna ón bhfuisce the smell of turf from the whiskey
" Is luachmhar liom na laethanta sin: boladh na móna ón bhfuisce, port meidhreach na nAlbanach i mo thimpeall: “’S ann an Ìle,’n Ìle,’n Ìle,’S ann an Ìle…’ atá mo chroíse.
tráidirí beorach agus fuisce. trays of beer and whiskey
" I halla ollmhór ar dheis bhí comórtas *Poker* ar siúl, na céadta imreoir ina suí go ciúin chun boird, cailíní ar bheagán éadaí (na "Borgata Babes") ag siúl timpeall ina measc le tráidirí beorach agus fuisce.
buidéal fuisce bottle of whiskey
" Is minic buidéal fuisce mar dhuais bhreise, agus bronntar naoi mbuidéal fuisce ar bhuaiteoirí na gcomórtas tarraingthe téide! Bhí mé ag caint le fear óg ar de bhunadh na háite é – fear a d’imir ar fhoireann na hAlban i gcoinne na nÉireannach sa chamanachd – agus dúirt sé liom gur minic a thuilleann sé cúpla céad punt in aon lá amháin ag na Géamannan mar go bhfuil sé láidir, aclaí agus mear.
cinntíonn an fuisce the whiskey makes sure
" Ní fada go dtagann an buidéal *Scotch* ocht mbliana déag d’aois amach, agus dá olcas na bitsíochta eatarthu suas don bpointe seo, cinntíonn an fuisce go mbeidh idir urlacan agus fuil ar an dtalamh as seo amach.
taoscáin fuisce shots of whisky
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.