Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fulaingthe suffering
" " Bhí an méid sin fulaingthe ina súile agus í ag smaoineamh faoi go mbrisfeadh sé do chroí.
a d'fhulaing suffered
" Ach ba é an grúpa ba mhó a d'fhulaing ná gasúraí (den chuid is mó) idir ocht mbliana déag agus trí bliana is fiche d'aois.
fulaingthe suffering
" Bhí tuismitheoirí Johnathan Ball mar a gcéanna agus nuair a chonaic daoine eile, b'fhéidir daoine gan an méid céanna péine nó fulaingthe ina saol, nach raibh muid ag tabhairt amach ná ag iarraidh díoltais, ghlac siad ár sampla," a dúirt sé liom.
d'fhulaing muintir na háite the locals suffered
" Fuair naonúr páistí bás ansin i measc na ndaoine eile agus d'fhulaing muintir na háite mar a d'fhulaing muidne," a dúirt Colin liom.
fulaingthe neamhriachtanaí unnecessary suffering
" Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó fulaingthe neamhriachtanaí ann.
Cé gur fhulaing sé go leor although he suffered a lot
" Cé gur fhulaing sé go leor bhí sé sásta dearmad a dhéanamh air sin agus oibriú chun go mbeadh an dá thaobh san Afraic Theas in ann teacht le chéile agus stát nua a bhunú.
an chaoi a bhfulaingíonn duine aonair how an individual suffers
" "Thug Joyce blas ar an saol ar na sráideanna, tugann Maeve Brennan blas ar an saol taobh istigh de na tithe agus an chaoi a bhfulaingíonn duine aonair nuair atá rialacha ag teacht salach ar a chéile ón tsochaí mhór; rialacha faoi bheith i do thost is faoi rudaí áirithe a dhéanamh agus an chaoi a dteanntaítear daoine idir dhá chloch mhóra éagsúla.
fulaingthe suffered
" Tá díomá i ndiaidh díomá fulaingthe ag pobal na Sé Chontae ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ach is léir nach bhfuil an fál go haer ag cur isteach ar na poblachtánaigh.
an té a fhulaingíonn the person who suffers
" “Tá dhá chineál duine sa saol seo: an té a fhulaingíonn mar thoradh ar an angar agus an té a dtugann an t-angar tiomántas dó,” a deir Peter.
nár fhulaing a dhath, who didn't suffer at all,
" Tá an díbhinn síochána le leas na ndaoine nár fhulaing a dhath, dar leo.
an méid atá fulaingthe the amount that he has suffered
" Tá an-trua agam do Chathal agus an méid atá fulaingthe aige.
fhulaing suffered
" Níl aon amhras ach gur fhulaing na teifigh sna hionaid choinneála, na páistí ach go háirithe.
go leor bróin agus fulaingthe a lot of sadness and suffering
" ” Scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
d'fhulaing suffered
" Cinnte, do dhaoine a d'fhulaing, is maith ann an t-airgead mar chúiteamh beag don fhulaingt sin, ach is é nádúr an duine é go mbeidh teaghlaigh ag troid eatarthu féin faoi cad ba chóir a dhéanamh leis an airgead.
fulaingíonn suffer
" Sciúirse na gCoimhlintí Anuas ar an díshealbhú atá á dhéanamh ar na Batwa le fada, ar ndóigh, fulaingíonn siad chomh maith de dheasca na gcoimhlintí atá is a bhí mar sciúirse ar thíortha Réigiún na Mór-Lochanna.
fulaingthe suffered
" Níl aon amhras ach go bhfuil an iomarca bochtaineachta agus ainnise fulaingthe acu cheana féin.
fulaingthe suffered
" Is iad an trí dhream is mó a shamhlaímid leis an tír mhí-áidh seo, ar ndóigh, ná na Sunnaígh, na Siaigh is na Coirdínigh agus is cinnte go bhfuil a gcuid d’anachain an tsaoil fulaingthe ag gach dream díobh um an dtaca seo.
D'fhulaing suffered
" D'fhulaing an tromlach de bharr gníomhartha an mhionlaigh.
d’fhulaing suffered
" Is cathair í Brest a d’fhulaing go mór ag deireadh an dara cogadh domhanda, nuair a scriosadh an chuid is mó de na foirgnimh ag buamaí Mheiriceá.
nár fhulaing didn't suffer
" Tá bóthar ‘La Route Touristique’ le taobh na farraige idir sráidbhailte deasa nár fhulaing aon díobháil ailtireachta ach ab é na fógraí bóthair.
fulaingthe endured
" Éiríonn leis blaiseadh dá saol pearsanta teaghlaigh agus dá gcaidreamh leis an bpobal áitiúil a cheapadh ar fhís, iad sásta labhairt amach go neamheaglach gan náire ar an mbriseadh croí agus ar an íobairt phearsanta atá fulaingthe acu.
an saol a fhulaingítear life spent
" Ar dhul Malick, creidim chomh maith gur iomláine an saol a caitear le Grásta ná an saol a fhulaingítear fá anáil sheasc an Nádúir/na Caoithiúlachta amháin.
nár fhulaing a dhath who didn’t suffer anything
" 
Tá gortuithe na dTrioblóidí a tháinig chun deiridh (tá súil againn) i 1994 ag déanamh angaidh go fóill fiú i measc pholaiteoirí an deiscirt nár fhulaing a dhath mar gheall orthu taobh leis na híobartaigh aontachtacha, náisiúnaíocha agus bhaill na bhfórsaí slándála ó thuaidh, ach tá cluiche bréagach polaitíochta á imirt acu.
D’fhulaing suffered
" D’fhulaing Tóibín fén ualach cultúrtha sin dar bhreaclínigh Ó Ríordánach ina dhán fuarchúiseach scéirdiúil, ‘Fill Arís’, dán a dhéanann idirdhealú dólásach idir an Béarla agus an Ghaeilge agus a dhéanann iarracht daoine do ghríosadh chun cluas bhodhar a thabhairt do shaibhreas intleachtúil ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ ós rud é, dar leis, nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’.
an dochar a d’fhulaing siad damage they suffered
" Ba ea droimdhiúltú John Howard, Príomh-Aire na hAstráile um an dtaca sin, leithscéal oifigiúil a ghabháil leis an mhuintir dhúchais as an dochar a d’fhulaing siad mar gheall ar theacht na gcoilíneach Eorpach cionsiocair na teipe.
a bhfuil fulaingthe what has been suffered
" I ndiaidh a bhfuil fulaingthe ag an oiread sin daoine ar mhargadh na dtithe in Éirinn nuair a thit an tóin as, ní rud cuibhiúil é a bheith ag déanamh mórtais as an mhéid a chaith tú ar theach.
a d'fhulaing who suffered
" Cuid de na daoine a d'fhulaing, níl siad sasta maithiúnas a thabhairt cionn is nach bhfuil (an focal doiléir sin) ‘clabhsúr’ acu agus daoine eile ann atá ar theann a ndíchill dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar an aimsir chaite.
nár fhulaing siad they didn’t suffer
" "* Bíonn an milleán ar dhuine eile i gcónaí is cosúil! Barraíocht Ballasta ======== Ar ndóigh bhí sé de bhuntáiste ag fear Bhurma agus ag an bheirt Pholannach nár fhulaing siad galar Pheig, rud a d'fhágfadh nach mbeadh sé de chumas acu an teanga a fhoghlaim go brách.
fhulaingíonn le linn géarchéime suffer during a crisis
" Is iad na healaíona agus an t-imeall a fhulaingíonn le linn géarchéime.
fhulaing suffered
" Mar chuid de ‘Suirbhé Sábháilteachta na hEorpa ar Líne’ a rinne Microsoft i 2009, léiríodh gur fhulaing 22% de dheagóirí na hÉireann maistíneacht ar líne.
d’fhulaing an teaghlach the family suffered
" Ba léir nuair a labhair sí ag deireadh an ionchoisne a bháúla is a bhí sí leis an méid a d’fhulaing an teaghlach, caillteanas a n-iníne ach go háirithe.
d’fhulaing suffered
" Tá sé truamhéileach ar fad do na híospairtí, na daoine a d’fhulaing.
an dream is mó a d’fhulaing who most suffered
" An mbeidh an aicme oibre - an dream is mó a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí - in ann theacht ar straitéis nach bhfuil ar chumas pholaiteoirí meánaicmeacha? Agus anois tuar na haimsire: cith agus dealán go dtí biaiste na mórshiúlta, ansin d'fhéadfadh stoirmeacha, toirneach agus tintreach a bheith forleathan, go háirithe i mBéal Feirste.
as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil for all they suffered in life
" Dúirt Luigi nuair a nochtadh an dealbh an mhí seo cháite, agus é gleasta ina éide airm, go raibh sé go mór faoi chomaoin ag muintir Chív agus na hÚcráine agus dúirt sé fosta gur mór an cúiteamh a bhí san aitheantas seo as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil.
cé a d'fhulaing dá dheasca who suffered as a result
" Ní fios cé a chaith na diúracáin cinniúnacha ar an 21ú Lúnasa (is mó is dóichí gurbh é arm Assad é), ach tá a fhios ag an domhan cé a d'fhulaing dá dheasca: fuair 635 bás nuair a phléasc diúracáin lán leis an néarghás Sarin i bhfobhailte thoir na Damaisce ina raibh na ceannaircigh i gceannas.
a fhulaingíonn siad which they suffer
" Deir sé gur minic a bhíonn fonn air screadaíl faoi na héagóracha a fheiceann sé ar na sráideanna agus dar leis go ndeánann airgead bog muid agus gur fíormharthanóirí iad na daoine atá ina chuid pictiúr, a mhaireann in ainneoin an chruatain agus na hainnise a fhulaingíonn siad ar bhonn laethúil.
a d'fhulaing an agóid uafásach dhílseach who suffered with the terrible loyalist protest
" (Ar ndóigh, ba é scoil chailíní na Croise Naofa - an Holy Cross - a d'fhulaing an agóid uafásach dhílseach siar i 2001, mar sin bhí taithí ag an scoil ar an fhaisisteachas).
Fear cíortha na fulaingthe móire the man who teases out the tales of immense suffering
" Fear cíortha na fulaingthe móire.
i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm in light of the what the Black people went through
" Agus creidim, i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm, mar a ríomhtar í i ’*12 Years a Slave*’, nár mise an t-aon chriticeoir saolta i Cineworld Shráid Pharnell go dtáinig na mothúcháin aniar aduaidh air.
Gan trácht ar lucht fulaingthe not to mention the suffering supporters
" *’ Conas nach bhfuil ainm draoi seo na caide in airde sa leathsféar thuaidh, arsa mise liom féin? Conas nár chaith sé sealanna fada ina dhia beag ag Rossoneri an San Siro, ag Madridistas an Bernabéu – nó ag Culés an Camp Nou fiú? Gan trácht ar lucht fulaingthe (déanaí) Old Trafford - an dea-mhéin idir Manchester United agus pobal na Seapáine curtha san áireamh? Bearna le Líonadh ======= I gcead di, tá Parramatta fós sna garbhchríocha sacair.
mar ar fhulaingíodar where they suffered
" Tá aithne ag an mbeirt chailíní seo ar a chéile le blianta fada; chaitheadar beirt a n-óige i ndílleachtlann ghruama mar ar fhulaingíodar mí-úsáid chorpartha agus ní fios cad eile tráth den saol.
theaghlaigh a d’fhulaing an bhris sin families who suffered that loss
" Is eagras é Féileacáin a thapaíonn an deis le tacaíocht thábhachtach a chur ar fáil go cneasta do theaghlaigh a d’fhulaing an bhris sin nuair a tháinig páiste ar an saol marbh.