Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag comhlíonadh ár ndualgais fulfilling our duty
" Tharla sé gach áit ar glacadh le roinnt mhaith eachtrannach, mar sin tuige nach dtarlódh sé in Éirinn? Muna nglacaimid leis na hinimircigh, áfach, ní bheimid ag comhlíonadh ár ndualgais sa domhan, dualgas atá orainn de bharr go bhfuil rath eacnamaíoch ar an tír faoi láthair.
a chomhlíonadh to fulfil
" D'oibrigh sé go dian dícheallach thar na blianta lena chúraimí i mBord na Gaeilge agus san Fhoras úrnua a chomhlíonadh go héifeachtach; is iomaí duine agus eagraíocht a spreag sé le tabhairt faoi fhiontair a chuir dlús le hobair na Gaeilge.
á gcomhlíonadh being fulfilled
" Níl na gealltanais a tugadh dóibh á gcomhlíonadh.
a fhís a fhíorú to fulfil his vision
" Bheadh sé go deas dá bhféadfaí a rá gur cheadaigh siad do Trimble a fhís a fhíorú, ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil fís ag ceannaire an UUP ná ag an pháirtí ina iomláine, taobh amuigh de chúpla eisceacht.
ag comhlíonadh a cuid dualgas fulfilling their duties
" An teifigh iad nó daoine ag lorg dídine? Ar chóir iad a ligint i dtír? An raibh an Astráil ag comhlíonadh a cuid dualgas? An raibh cáineadh tuillte ag an Astráil? An cúis náire a bhí ann? Má bhí tairbhe ar bith ag baint leis an scéal, dhírigh sé aird na meán ar an méid teifeach atá ar domhan - tuairim is 22 milliún, beagnach ceithre mhilliún acu ón Afganastáin, fiú sular thosaigh an cogadh is deireanaí ansin.
a chomhlíonadh to fulfil
" Má chuirtear i bhfeidhm na moltaí seo, beidh dúshraith mhaith dhaingean teanga leagtha síos agus ní bheidh orthu siúd atá ag feidhmiú sa chóras scolaíochta ach na dualgais atá leagtha orthu cheana féin a chomhlíonadh.
a chomhlíonadh to fulfil
" Agus thuig mé go maith i ndiaidh uair a chloig ag caint le Pádraigín go gcreideann sí sa duine daonna agus sna dualgais atá ar dhaoine a chomhlíonadh.
ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta fulfilling their responsibilities as regards equality
" Ach is ar mhaithe *linne *ba cheart dóibh í a fhoghlaim, d'fhonn is go mbeadh sé ar a gcumas ar deireadh thiar thall feidhmiú mar shaoránaigh chóra chearta na Poblachta, ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta i leith chlann na tíre go léir.
Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin not only did she fulfil that promise
" Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin, ach tá éacht déanta agus á dhéanamh aici ó thaobh na Gaeilge de i gCalifornia.
ag comhlíonadh a chuid dualgas fulfilling his duties
" Deir sé go raibh sé ag comhlíonadh a chuid dualgas mar shagart ach go raibh sé an-deacair.
lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo to ensure that these conditions are fulfilled
" Ach bhí air a admháil nach ndéantar aon saghas scrúdú lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo.
Níor comhlíonadh an gealltanas sin that promise hasn't been fulfilled
" Níor comhlíonadh an gealltanas sin go fóill.
a ndualgais a chomhlíonadh to fulfil their obligations
" Le tamall beag anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí agus go bhfuil comhlachtaí sásta a ndualgais a chomhlíonadh - go mór mhór toisc go bhfuil Rialtas Mheiriceá anois den tuairim gur fadhb shlándála don tír sin atá i víris ar ríomhairí.
go dtí gur fíoraíodh an fhís until the vision was fulfilled
" Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo ó bunaíodh é i 1996 agus is cinnte go bhfuil na ghníomhaígh teanga a raibh an fhís acu an chéad lá riamh, agus a throid ar feadh na mblianta fada go dtí gur fíoraíodh an fhís, breá sásta leis an toradh atá ar a saothar.
comhlíonta fulfilled
" )" Tá Ian Mór an Páiseadóir chomh sásta le muc sa chró anois go bhfuil ceann dá chuid uaillmhianta móra comhlíonta aige.
tháinig an tuar fán tairngreacht the prediction was fulfilled
" Ba é a thuar Bertie Ahern ná gur praiseach a bheadh i dtorthaí an toghcháin ó thuaidh agus tháinig an tuar fán tairngreacht.
a chomhlíon a gheallúintí réamhthoghcháin uile which fulfilled all its pre-election promises
" Ach le bheith fírinneach, an raibh rialtas riamh a chomhlíon a gheallúintí réamhthoghcháin uile!? Creidim féin gurb é an *Bertie Speak *thar aon rud eile is cúis leis an titim thubaisteach i leibhéal tacaíochta an phobail don *Teflon Taoiseach*.
atá le comhlíonadh aige that he has to fulfil
" Sa saothar seo, léirítear Íosa mar dhuine cráite a bhful cathú air, agus dírítear ar na dualgais atá le comhlíonadh aige.
a chomhlíonadh to fulfil
" Bhí coirp agus saighdiúirí gortaithe i ngach áit ach lean siad ar aghaidh leis an dualgas a bhí orthu a chomhlíonadh agus tar éis tamaill bhí na Ceanadaigh ábalta dul chun tosaigh intíre go dtí Graye sur Mer agus ansin Caen.
á chomhlíonadh being fulfilled
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
á chomhlíonadh being fulfilled
" Tá cúram na hoiliúna á chomhlíonadh anois ag meáin eile chumarsáide, dar leis; ag na meáin chraolta, an raidió, an teilifís, na scannáin is na físeáin, agus ag an ghréasán dhomhanda.
ag comhlíonadh fulfilling
" Bhí an neamhaird a thug an rialtas ar an mhórshiúl frithchogaidh i Londain ar a raibh milliún duine ina chomhartha nach raibh an rialtas ag comhlíonadh mhian na ndaoine, measann Fisk.
Ag Fíorú na hAislinge Eorpaí Fulfilling the European Dream
" Bhí moladh eile ag Conradh na Gaeilge ina bpolasaí oideachais, “1+1+1 - Ardchumas i 3 theanga –Ag Fíorú na hAislinge Eorpaí”.
ar tí seandúil a chomhlíonadh about to fulfil an old wish
" Bhraith mé go raibh mé ar tí seandúil a chomhlíonadh agus mé ag tosú ar thuras timpeall Pháirceanna Flanders.
go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís that their prophecy will be fulfilled again
" Má leanann an freasúra lena bhfaitíos agus mura dtosaíonn siad ag treabhadh a ngort féin, beag beann ar Shinn Féin, tá an baol ann go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís.
ag comhlíonadh fulfilling
" Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí.
lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí to ensure that fathers would fulfil their duties as regards their children
" Coincheap ar sine go mór é ná an Chríostaíocht agus a cumadh lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí.
ag comhlíonadh fulfilling
" Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí.
nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige that he wasn't fulfilling his duties
" Chomh maith leis sin, thairg sé éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.
nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige that he wasn't fulfilling his duties
" Chomh maith leis sin, thairg sé éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.
nár chomhlíon a gcuid dualgas who did not fulfil their duties
" Bhí cuid de na ranna stáit is tábhachtaí ina measc siúd nár chomhlíon a gcuid dualgas i leith marcanna breise a thabhairt d’iarrthóirí a bhí inniúil sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha ardú céime.
go raibh gach dualgas a cuireadh orthu comhlíonta ag na poblachtánaigh that republicans had fulfilled every duty that they were given
" In agallamh a foilsíodh san *Irish News* ag deireadh mhí Iúil, dúirt uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, go raibh gach dualgas a cuireadh orthu comhlíonta ag na poblachtánaigh.
má chomhlíonann siad critéir na Roinne Oideachais if they fulfil the criteria of the Department of Education
" Tá foinsí maoinithe ann do na naíscoileanna má chomhlíonann siad critéir na Roinne Oideachais fríd an “Grúpa Comhairleach Réamhscoile” (GCR) agus tá go leor ag an ghrúpa seo ach na scoileanna a bheith aitheanta ag na Seirbhísí Sóisialta, rud a tharlaíonn 99% den am.
ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí. fulfilling his penance.
" Bíodh sin mar atá, tá rudaí athraithe go mór ón uair a bhí an Teachta McQuillan ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí.
le comhlíonadh to be fulfilled
" Agus slán á fhágáil againn ag a chéile fiafraím de Justinean bhfuil aon uaillmhian fós le comhlíonadh aici.
go gcomhlíonfaí an gealltanas sin that that promise would be fulfilled
" Bhí an chuma ar an scéal go gcomhlíonfaí an gealltanas sin nuair a cuireadh oifig frith-chaimiléireachta (CBA) ar bun, ach ba ghearr go bhfacthas do Pholannaigh nach raibh i CBA ach uirlis rialtais chun poiblíocht mhaith a fháil do PiS agus chun an freasúra a chiapadh.
ag comhlíonadh a gcuid dualgas fulfilling their duties
" An mbeidh ciorclán eile á chur aici chuig bunús na mbunscoileanna eile lena chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas i leith mhúineadh na Gaeilge? Nuair a chuir comhghleacaí de mo chuid i Nuacht TG4 sraith ceisteanna faoi bhráid na roinne faoi stádas dlíthiúil an churaclaim agus ag fiafraí cad chuige nach ndearnadh é a fhorordú, ní bhfuair sí mar shásamh uathu ach an ráiteas seo: *“The Department’s policy in this area, which has been set out in replies to Parliamentary Questions, is that all schools, including Irish medium schools, should provide the minimum recommended instruction time in English in the infant classes of 2.
nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta when that contract has been fulfilled
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
Comhlíonann Fulfils
" Comhlíonann ard-ghobharnóir na hAstráile dualgais an cheannaire stáit ar bhonn laethúil.
comhlíonadh fulfilling
" Tá an Tionól, ar a laghad, ar ais i mbun oibre agus iad ag comhlíonadh cuid de na cúraimí atá orthu.
comhlíonadh fulfilling
" Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair.
iomlánú fulfils
" Is í a ngnáthaonaracht a thugann slánú agus iomlánú don mbeirt, agus tré chumhacht shlánaithe na healaíne, slánaítear sinne - an lucht féachana - ar deireadh.
chomhlíon fulfilled
" Níl duine ar domhan nach cuimhin leo an uair sin sna déaga nuair a chéad chomhlíon leannán gach folús iontu.
féinchomhlíontach self-fulfilling
" Fiche Bliain ag Cromadh? An tuar féinchomhlíontach seo de a bheith ní ba mhoille, níos boige mar fhear, níos caite ag amharc, is féidir seo a sheachaint.
chomhlíonadh to fulfil
chomhlíon fulfilled
" Fágadh an cúram faoin Seanadóir Labhrás Ó Murchú tuarascáil a réiteach, cúram a chomhlíon sé go paiteanta.
chomhlíonadh fulfilled
" Rinne dornán beag eile an dá ról a chomhlíonadh ag leibhéal club i Sasana, ach b’eisceacht é mac Uí Ghlaisne mar gheall ar an bhfad ama a chaith sé sa dá chúram sin idir chlub agus thír.
chomhlíonadh to fulfil
" Is múnla gnó spéisiúil é Gruupy: cuireann siad margadh ar fáil chuile lá ar an tuiscint go mbeidh a dhóthain daoine ann chun a margadh a chomhlíonadh.
ag comhlíonadh fulfilling
" Deirtear fosta go mbeidh an tÚdarás úr ag comhlíonadh ‘feidhmeanna ábhartha’ atá acu faoi láthair, ach níl na feidhmeanna ábhartha úd beachtaithe ann.
chomhlíonadh to fulfil
" Deirtear go gcuirfear ‘an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí’ ar fáil do COGG le dualgais áirithe a chomhlíonadh i réimse an oideachais ar nós téacsleabhair agus áiseanna foghlama agus múinteoireachta a sholáthar agus comhairle a chur ar an Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.
chomhlíonadh to fulfil
" Tá nasc fíorláidir idir na stáit éagsúla agus bíonn ar an stát aontais éagsúla idirnáisiúnta a chomhlíonadh.
nár cuireadh an Poblacht i gcrích that the republic wasn’t fulfilled
" Tá ráite ag Higgins nár cuireadh an Poblacht i gcrích ó dheas riamh.
comhlíonadh a ndualgas reachtúil fulfilling their legislative obligations
" Locht ar an mBord ========== Mura raibh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge, tá cuid mhaith den locht ar Bhord an Udaráis.
ag comhlíonadh a shainchúraim fulfilling its special obligations
" Tá Conrad Atkinson, chomh maith le léirmheastóirí éagsúla eile, den tuairim nach bhfuil an t-aitheantas seo tuillte mar nach bhfuil an Iarsmalann ag comhlíonadh a shainchúraim maidir le healaín chonspóideach a chur i láthair an phobail ar mhaithe le díospóireacht agus le hathbhreithniú ar mhórcheisteanna náisiúnta.
a chomhlíonadh to fulfil
" Is iomaí comhlacht poiblí a rialaíodh ina n-éadan de bharr gearáin ón phobal mar gur theip orthu a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó faoi aon reachtaíocht eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
gcomhlíonfar shall be fulfilled
" Ar an láimh eile, tá Fine Gael ag déanamh cinnte de go gcomhlíonfar an gheallúint a tugadh don dream is saibhre sa tír, ’sé sin nach mbeidh orthu aon cháin bhreise a íoc ar an ardioncam a fhaigheann siad.
nár comhlíonadh weren’t fulfilled
" Chuir sé síos ar an chaimiléireacht, an tsaint, an craos chun cumhachta, na gealltanais nár comhlíonadh agus doirteadh ollmhór na fola nuair a bhí an ceathrú cuid de dhaonra an domhain faoi smacht ag Impireacht na Breatáine.
chomhlíonadh to fulfil
" Cheap Mac Gearailt go raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh.
tháinig an tuar faoin an tairngreacht the prophecy was fulfilled
" * Bhuel, mar is eol do chách, tháinig an tuar faoin an tairngreacht agus ní ag maíomh atáim as eolas ná as tuiscint ar leith a bheith agam nuair a scríobh mé an méid sin thuas in 2008.
a dhualgas a chomhlíonadh maidir le to fulfil its duty relating to
" Ó scéalta na scoileanna saothair go dtí an tuarascáil dheireanach ar bhás na bpáistí a bhí faoi chúram an FSS, is léir go dteipeann ar an stát a dhualgas a chomhlíonadh maidir le páistí.
an dualgas sin comhlíonta that obligation (is) fulfilled
" Is léir ón dtuarascáil go gceaptar go forleathan in RTÉ go bhfuil an dualgas sin comhlíonta ag an eagraíocht tré uair an chloig in aghaidh an lae teilifíse a chur ar fáil do TG4 agus nach gá a thuilleadh do RTÉ aon chlár Ghaeilge a dhéanamh le craoladh ar a chuid bealaí teilifíse féin.
na coinníollacha atá le comhlíonadh conditions to be fulfilled
" Ar na coinníollacha atá le comhlíonadh ag iarratasóir sula mbronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta air, caithfear taispeáint gur duine measúil é.
Sásaíonn sé bunéilimh uile it fulfils all the basic demands
" Sásaíonn sé bunéilimh uile an genré agus na luacha a ghabhann leis: tá éagóir le cur ina ceart, fear cruaidh onórach (Tommy Lee), agus turas le taisteal chun slánaithe.
le comhlíonadh to be fulfilled
" Tá éiginnteacht faoi na coinníollacha atá le comhlíonadh ag iarratasóirí agus faoi na baill teaghlaigh atá i gceist.
cur i bhfeidhm conartha fulfilling contracts
" Rud amháin atá soiléir, mar sin, is ea gur tábhachtaí le comhlachtaí slándála príobháideacha brabús agus cur i bhfeidhm conartha ná cearta is sláinte na ndaoine atá le haistriú ón tír.
a gcuid prionsabail a chur i gcrích in fulfilling their principles
" Mhínigh sé i Temple Street v D and Anor (2011) go raibh teorainn chinnte ag baint le cearta grúpaí creideamhach a gcuid prionsabail a chur i gcrích, ach ní fhéadfadh sé an cheist seo a scagadh gan ceiliúradh a dhéanamh ar charthanacht fhairsing an Bhunreachta: “*Article 44.
a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe as long as certain conditions were fulfilled
" Mhol an cigire ón Bhord Pleanála a bhí ag láimhseáil an iarratais go mbronnfaí cead pleanála air a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe.
Ní bheimid in inmhe an fhreagracht sin a chomhlíonadh we won't be able to fulfil the responsibility
" Ní bheimid in inmhe an fhreagracht sin a chomhlíonadh go gcuire muid buneolas ar chúrsaí geilleagair.
beidh orainn rialacha an EDT a chomhlíonadh we shall have to fulfil the conditions of WTO
" Ach cé gur imigh an Troika tá an neamhspleáchas sin teoranta – beidh orainn rialacha an EDT a chomhlíonadh, beidh orainn ar gcuid dualgas mar bhall-stát an AE a chomhlíonadh, agus, b’fhéidir níos measa fós, beidh orainn cur ina luí ar na margaí airgeadais go bhfuil ar ár gcumas an tír a stiúradh mar is ceart.
a chomhlíon who fulfilled
" Bhí triúr ‘máistir’ ag Northup ó dheas – William Ford (Benedict Cumberbatch), Críostaí cráifeach, duine lách, fear a chomhlíon focal Dé sa Bhíobla, mar a thuig sé é, i gcomhthéacs chultúir, sochaí, mhóráltacht agus béasaí na haimsire sin.
ag comhlíonadh a dhualgas fulfilling its duties
" Níl an Rialtas ag comhlíonadh a dhualgas faoin Chairt Eorpach chun teanga mhionlaithe, nó mar a deir siad, mionteanga, a chosaint is a chaomhnú, agus níos measa, tá naimhdeas don Ghaeilge sa Tionól, deirtear.
Má fhíoraítear an tairngeacht if the prophecy is fulfilled
" Má fhíoraítear an tairngeacht is féidir le duine maíomh as a shaineolas agus mura bhfíoraítear í is féidir leis an milleán a chur ar réiteoir éigin! Tá daoine ann os cionn aoise áirithe, Ciarraígh den chuid is mó, a chreideann agus a áitíonn agus nach n-athróidh a n-intinn go brách ina thaobh, gurb í foireann Chiarraí '75-'86 an fhoireann ab fhearr riamh.
a bhfís féin a chomhlíonadh from fulfilling their own vision
" Nach bhfuil siad i gceannas ar ghnéithe inmheánacha na tíre le cúig bliana déag agus nár éirigh chomh maith leo le hoifigigh Londain? Deir Ascherson nach bhfuil sa nasc le Londain faoi láthair ach srian atá ag cur bac orthu a bhfís féin a chomhlíonadh.
ar fíoraíodh a chuid brionglóidí if his dreams were fulfilled.
" Tháinig sé go hÉirinn i dtosach toisc a spéis sa cheol Gaelach agus mar a deir sé féin, na smaointe rómánsacha a bhí aige faoin tír! Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí le fáil amach ar fíoraíodh a chuid brionglóidí.
a chuid dualgaisí a chomhlíonadh fulfil his duties
" Cuireann sé an cheist an bhféadfadh sé tarlú go mbeadh Uachtarán ar Éirinn, le linn comóradh Éirí Amach na Cásca, nach mbeadh in ann a chuid dualgaisí a chomhlíonadh trí Ghaeilge?