Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thnúthán ba ghéire his greatest yearning
" Ach ugach chun a dhorais ní fhéadfadh a thnúthán ba ghéire a thabhairt di.
faraor géar alas
" Bhí baint mhór ag cúrsaí airgid le meath na Gaeilge agus, faraor géar, ní féidir í a láidriú mar theanga phobail sa Ghaeltacht gan díriú ar cheist seo an airgid.
chomh tiubh géar as fast as possible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
chomh tiubh géar as fast as possible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
iomaíocht ghéar stiff competition
" " iomaíocht ghéar Deir Rachal nach féidir a bheith ag brath ar thacaíocht stáit ach oiread.
cáineadh géar strong criticism
" cáineadh géar ======= Rinneadh cáineadh géar go hidirnáisúnta ar an Astráil de bharr an scéil.
chomh luath géar as soon as
" " Dhéanfadh Antóin sin chomh luath géar agus bhí an tae ólta aige.
bíonn an iomaíocht níos géire the competition is stronger
" Nuair a shroicheann aon táirge an staid ar an dtimthriall go bhfuil an móramh á cheannach, bíonn an iomaíocht níos géire, mar go bhfuil an margadh sáithithe le táirgí.
ag breathnú níos géire looking more sharply
" Thosaigh sé ag breathnú níos géire ar an nádúr agus braitheann sé gur ag an am seo a thosaigh an réamhobair don dráma "Pádraic Ó Conaire".
Chomh luath géar is as soon as
" " Chomh luath géar is a bhí a mhála buailte aige ar urlár an árasáin, siúd anonn é chuig an seinnteoir ceoil agus chuir isteach dlúthdhiosca.
iomaíocht ghéar stiff competition
"iomaíocht ghéar ina saol, rud nach bhfágann mórán spáis don leochaileacht.
géar sharp
" Tá cuid de géar greannmhar, agus cuid eile páistiúil gáirsiúil.
mala ghéar steep incline
" Tháinig deireadh leis an mhótarbhealach sa deireadh agus bhí mé ar bhóthar cúng, casta, dhá lána, ag dul suas mala ghéar go mall, isteach i gcroílár na Sléibhte Apaláiseacha.
in iomaíocht ghéar in stiff competition
" Cén fáth (seachas ar son airgid) go gcuirfeadh an CLG fáilte roimh spórt ar bith atá in iomaíocht ghéar le peil agus le hiomáint chun daoine óga a mhealladh? Dar leis an CLG ní spóirt eile i measc roghanna éagsúla spórt iad an iomáint agus pheil Ghaelach.
cáineadh géar sharp criticism
" Cáineadh ======= Rinne an breitheamh cáineadh géar ar an gcomhlacht dlí Clayton Utz a bhí bainteach le polasaí BAT maidir le cáipéisí a choinneáil nó a scrios.
géire an aighnis nó géire an fhuatha the acuteness of the dispute or of the hatred
" Mar go bunúsach ní thuigeann siad géire an aighnis nó géire an fhuatha.
naimhde géara bitter enemies
" Murab ionann agus a n-iomaitheoirí agus naimhde géara, Glasgow Rangers, shínigh Celtic imreoirí i gcónaí de gach saghas cine agus creidimh.
faraoir géar alas
" Ach ní leor é, faraoir géar: cé go bhfuil saol na Gaeilge ag fás, tá sé róbheag go fóill.
ag teastáil go géar badly needed
" Táimid ag soláthar áiseanna atá ag teastáil go géar.
chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis as fast as he possibly could
" Amach le Frank chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis agus suas leis ar stól na cistine.
coimhlintí géara hard rivalries
" An scil a bhí acu, an luas agus an chrógacht, na scóranna iontacha agus na coimhlintí géara, troma (a scanraigh mé ar uairibh), chomh fada siar agus is cuimhin liom is í an iomáint a chuir sceitimíní agus gliondar agus iontas orm gach uair a bhí mé i láthair i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche mór.
An rud is giorra is géire the truth hurts
" "An rud is giorra is géire," arsa Nóirín léi féin.
súil ghéar shap eye
" Tagann Síle chun a súil ghéar a choinneáil orainn.
Faraor géar alas
faraor géar alas
" Bhí Sinéad ag iarraidh an siúl sléibhe a dhéanamh ach, faraor géar, tháinig slaghdán uirthi, an cailín bocht, agus ní raibh aon rud le déanamh aici ach an cúrsa Gaeilge! Chuaigh sí isteach sa rang, d'fhoghlaim sí neart agus bhain sí sult as.
ar bharr na hadhairce géire sin on top of that sharp horn
" Agus sa bhliain úr, más ar ais ag obair ar *Timire An Chroí Ró-Naofa *a bheas Balor, beidh radharc ar Ó Doornail agus é ina shuí ar bharr na hadhairce géire sin.
faraor géar alas
" Bhí Sinéad ag iarraidh an siúl sléibhe a dhéanamh ach, faraor géar, tháinig slaghdán uirthi, an cailín bocht, agus ní raibh aon rud le déanamh aici ach an cúrsa Gaeilge! Chuaigh sí isteach sa rang, d'fhoghlaim sí neart agus bhain sí sult as.
ar bharr na hadhairce géire sin on top of that sharp horn
" Agus sa bhliain úr, más ar ais ag obair ar *Timire An Chroí Ró-Naofa *a bheas Balor, beidh radharc ar Ó Doornail agus é ina shuí ar bharr na hadhairce géire sin.
an namhaid is géire the most severe enemy
" Ba é, agus is é go fóill, Sammy Wilson an namhaid is géire atá ag Sinn Féin i Halla Chathair Bhéal Feirste.
níos géire greater
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an ionad agus leis an eagraíocht? Is iad na laigí atá ag baint linn ná na dúshláin a gcaithfidh gach eagraíocht Ghaeilge déileáil leo ó thaobh stádas mionlach na teanga de ach, níos mó ná sin, tá an dúshlán níos géire agus níos deacra do ghníomhaithe Gaeilge sa Tuaisceart.
coimhlint ghéar a hard contest
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
súil ghéar a close eye
" Chuadar ar stailc ag tús na bliana agus beidh chuile dhuine ag coinneáil súil ghéar orthu mar gheall air sin, féachaint a mbeidh siad níos fearr ná mar a bhí siad anuraidh nuair ba léir nach raibh cúrsaí ar fónamh sa champa.
súil ghéar a close eye
" Níl deireadh leis an scéal fós ná baol air, ach is léir cheana féin gur chóir súil ghéar a choinneáil ar chuid de na daoine atá i mbun gnó san Astráil agus go bhfuil gá ag cuid acu le tuiscint bhunúsach ar chúrsaí eitice.
an choimhlint ghéar the strong rivalry
" Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa, an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.
agus coimhlint ghéar strong rivalry
" Bíonn cluiche an-mhaith agus coimhlint ghéar eatarthu de ghnáth - dhá bhliain ó shin bhuaigh Laois le cúl drámatúil sa nóiméad deiridh, an bhliain roimhe sin bhí comhscór agus athimirt ann agus an rud céanna arís i mbliana.
chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis as quickly as he could
" Bhain sé amach a thuáille agus shín sé amach ar an charraig é chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis.
cáineadh géar sharp criticism
" Rinne dreamanna éagsúla cáineadh géar ar an Rialtas faoin scéal is deireanaí seo - an freasúra, na Náisiúin Aontaithe, an Indinéis agus eagraíochtaí cearta daonna.
trí spuaic ghéara three sharp peaks
" Bhí an Triúr Deirfiúr le feiceáil ón fhuinneog - trí spuaic ghéara atá iontu atá cosúil le fiacla sáibh, ag éirí ón fharraige ar an taobh eile de Chuan Ard na Caithne.
Cáineadh Keelty go géar. Keelty was strongly criticized.
na Cluaise Géire agus na Tóna Tinne of the Sharp Ear and the Sore Backside
" Tá scéala ar leith againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, agallamh eisiach a chuir Balor an Bhéil Bhinn agus na Súile Nimhe, na Cluaise Géire agus na Tóna Tinne, ar Sheoirse Óg Mac Sceiche, Íochtarán Uncail Sam.
céimeanna géara leathana steep wide steps
" Ansin dhreap mé céimeanna géara leathana i dtreo an chaisleáin.
measartha géar quite steep
" Tá na fánaí measartha géar agus clúdaithe le beitheanna.
Cháin Nixon na Gael-Mheiriceánaigh go géar Nixon blasted the Irish-Americans
" " Cháin Nixon na Gael-Mheiriceánaigh go géar chomh maith.
a cháineadh go géar to criticize sharply
" " Lena chois sin, rinne Fürst údaráis Bheirlín a cháineadh go géar de bhrí gur eagraigh siad an taispeántas agus dúirt sé go raibh sé suaite ag an "easpa tuisceana i measc údáras cultúrtha Bheirlín, ar léir go bhfuil an ghalántacht a bhaineann leis an airgead mór agus réimse ollmhór an bhailiúcháin tar éis iad a dhalladh agus a dhéanamh dearmadach.
ag clamhsán go géar complaining bitterly
" Bhí siad ag clamhsán go géar faoi na ceadúnais mhianadóireachta agus faoin gcaimiléireacht a bhain leo.
ar an bhfaraor géar in the cold
" Toghadh eisean, ach ar nós na dteachtaí neamhspleácha eile fágadh amuigh ar an bhfaraor géar é nuair a rinne Bertie cleamhnas leis an bPáirtí Daonlathach in athuair.
chomh tiubh géar agus is féidir leo as quickly as they can
" Bíonn impleachtaí ag na drugaí go minic, áfach, fiú dóibh siúd nach dtéann in aice leo riamh - tagann méadú ar an fhoréigean agus ar an ghadaíocht mar nach mbíonn an dara rogha ag na handúiligh ach tuilleadh airgid a aimsiú chomh tiubh géar agus is féidir leo chun drugaí a cheannach.
á gcáineadh go géar criticising them sharply
" Ó thús na dtrioblóidí, tá macasamhail Mhichael McDowell á gcáineadh go géar ach is beag an seasamh a bhí ag a leithéid i measc an phobail phoblachtánach.
iniúchadh géar close examination
" Chun an saothar seo a chruthú, chaith Bowler dhá bhliain ag cur aithne ar na príosúnaigh; rinne sé iniúchadh géar ar a ngnáthaimh laethúla agus ghlac sé páirt iontu é féin.
amharcaigí go géar look closely
in iomaíocht ghéar in stiff competition
" Is spóirt iad atá in iomaíocht ghéar leis na cluichí dúchasacha Gaelacha go háirithe, agus ní hamháin sin is spóirt ghairmiúla iad a ritear ar bhonn ghnó agus atá ag déanamh a míle dícheall an t-aos óg a mhealladh chucu féin.
carnáin ghéara fhéaracha steep grassy banks
" Tá an bóthar casta ag dul trasna na má idir carnáin ghéara fhéaracha a chuir an Bhriotáin in gcuimhne dom.
chomh tiubh géar is a thiocfadh leo as fast as they possibly could
" Tuairim is agus ceathrú uaire ina dhiaidh sin, chuala siad duine inteacht ag an doras agus d’éirigh siad beirt agus rinne ar an doras chomh tiubh géar is a thiocfadh leo.
chomh tiubh géar agus a thiocfadh leat as quickly as you could
" “A Shíle,” arsa an mháthair, “cá háit faoi Dhia a raibh tú? Nár iarr mé ort a bheith ar ais anseo chomh tiubh géar agus a thiocfadh leat?” Shín Síle a cuid guailneacha i dtreo a cuid cluas agus chuir sí cineál pus uirthi féin.
in ainneoin iomaíocht ghéar despite strong competition
" Is saothar é atá idir thraidisiúnta agus chonspóideach, a tháinig sa chéad áit in ainneoin iomaíocht ghéar bheith ann leis an phlionta a líonadh.
ag teastáil go géar badly needed
" Obair mhór! An éiríonn tú tuirseach di riamh? SMP: Bhí obair mhór i gceist in 2004 agus bhí mé traochta amach is amach! Bhí briseadh na Nollag ag teastáil go géar.
faraor géar alas
" Ach faraor géar níl pobal na hÉireann ag fáil na seirbhíse atá tuillte acu ó pháirtithe an fhreasúra faoi láthair – ná baol air.
faraor géar alas
" AÓF: Agus céard fút féin? MUíF: Á, níl nóta agam, faraor géar! AÓF: Tá tú i gCill Dara anois le fada nach bhfuil? MUíF: Tá.
rudaí beaga géara small sharp things
" Faraor, ní raibh mo mhasc ag feidhmiú i gceart agus lig sé isteach go leor leor uisce, ionas go raibh orm éalú ón uisce - thar carraigeacha a bhí clúdaithe le rudaí beaga géara! Bhí an fhuil ag sileadh asam, ach bhí cuma ní ba mheasa ar chúrsaí ná mar a bhí siad i ndáiríre! Go dtí seo níl mórán ag cur as dom seachas bheith ite ag na muiscítí agus gaineamh bheith i mo mhála, i mo leabhair, i mo bhróga agus i m’éadaí! Ach mé ag fágáil Mhósaimbíc, ag filleadh ar ais go dtí an Afraic Theas, bhí tuiscint éigin agam ar an draíocht a bhraith Bob Dylan agus go leor eile sa tír seo.
ag coinneáil súil ghéar orainn keeping a close eye on us
" Ba léir go raibh na póilíní ag coinneáil súil ghéar orainn agus chuir sin isteach ar an atmaisféar meidhreach a bhí ann agus daoine ag ceiliúradh ár lá náisiúnta.
chomh tiubh géar as soon as
" Seo mar a bhí mo thaibhreamh: Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin shamhraidh, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, tháinig cnag ar dhoras mo phluaise.
claíomh géar na fíréantachta the sharp sword of righteousness
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
triantán géar a sharp triangle
" Giota beag níos faide ar shiúl, tá cnoc féarach le feiceáil agus cruth mar a bheadh triantán géar air.
coimhlint ghéar intense rivalry
" Bhí coimhlint ghéar i gceist agus na hiománaithe agus na peileadóirí ab fhearr as gach cúige ag imirt.
coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar a fierce and very strong rivalry
" Tá cuimhne an-soiléir agam ar chluichí ceannais an Oireachtais sna blianta thart ar 1964/65 nuair a bhí coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann agus imreoirí mar Jimmy Ó Dúill, Eddie Ó Cathaoir, Seán Ó Dúill agus Ollie Breatnach ag imirt.
ag éirí níos géire. getting sharper.
" ” Bhí a ghlór ag éirí níos géire.
agus polaiteoirí á gcáineadh go géar aige. sharply criticising politicians.
" Is fear é a chuaigh i gcion go mór orm nuair a chonaic mé é ar an “Late Late Show” sna seachtóidí agus polaiteoirí á gcáineadh go géar aige.
níos teasaí agus níos géire more heated and intense
" Agus ceathrar in iomaíocht don duais cháiliúil, mar aon le £25,000 agus aitheantas idirnáisiúnta, ní hionadh ar bith go n-éiríonn an troid níos teasaí agus níos géire le himeacht gach bliana.
ag teastáil go géar badly needed
" Anois, agus é cinnte ina chogadh cathartha san Iaráic, is léir nach bhfuil go leor trúpaí Meiriceánacha ar fáil ann agus saighdiúirí ag teastáil go géar san Afganastáin ag an am céanna, agus go bhfuil géarghá le fórsaí cúltaca a choinneáil in áiteanna eile ar eagla go dtitfeadh cogadh amach i dtír eile a bhfuil suim ag Meiriceá inti, mar an Phalaistín nó Cúba.
dá mba ghá súil níos géire a choinneáil air if it was necessary to keep a closer eye on him
" Bhí dochtúir aige, níos faide suas an cuarbhóthar, i mbaile Rialto, gar do Bhailtíní Fatima, a choinnigh súil air, a d’athraigh na táibléid nuair ba ghá nó a threoraigh isteach chuig an ospidéal é dá mba ghá súil níos géire a choinneáil air dá mbeadh sé ag sleamhnú, dá mbeadh ag teip ar a chóir ‘fhéinleighis’ nó dá mba ghá bleaist den ECT (*electro-convulsive therapy*) a thabhairt dó dá mbeadh sé tar éis sleamhnú.
Tá faitíos orthu faoi theanga ghéar a muintire. They're afraid of their people's sharp tongues.
" Tá faitíos orthu faoi theanga ghéar a muintire.
nuair is géire a theastaíonn sí. when she's most needed.
" ) Gráinne: Mama! (*Gáire*) Do chuid beithígh-se! Peaitín: Deabhal fáil ar bith uirthi nuair is géire a theastaíonn sí.
coimhlint ghéar strong rivalry
" Bhí coimhlint ghéar idir Áth Cliath agus Ciarraí sna blianta sin, coimhlint a raibh fréamhacha aici i gcluiche ceannais na hÉireann i 1955.
Cáineadh go géar sna meáin chumarsáide é it was severely criticised in the media
" Cáineadh go géar sna meáin chumarsáide é agus rinne *The Sun* gearán, mar shampla, nach raibh mórán míneadais ag baint leis an phortráid agus fiú go raibh Freud i ndiaidh *5 o’clock shadow *a thabhairt di! Mar sin féin, tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag Freud lena shaothar chomh maith le duaiseanna luachmhara (is Companion of Honour é agus bronnadh an Order of Merit air fosta) ach in ainneoin sin ní rómhinic a bhíonn an deis ag an phobal taispeántas chomh leathan agus chomh saibhir leis an cheann seo a fheiceáil.
ag éisteacht go géar listening intently
" Bhí an-dúil agam i gceol Ennis riamh agus thosaigh mé ag éisteacht go géar leis na rudaí beaga a bhí ar siúl aige.
spreagann sin thú le héisteacht níos géire it encourages you to listen more closely
" Nuair a éisteann tú leis an taifeadadh fuaime agus an leagan scríofa a bheith os do chomhair amach spreagann sin thú le héisteacht níos géire leis an rud a bhí ar siúl aige.
Dá ghéire a dhéanann tú iniúchadh air The more closely you examine it
" Dá ghéire a dhéanann tú iniúchadh air sea is mó a fhaigheann tú amach.
an fána is géire ar domhan the steepest slope in the world
" San áit sin, a d’ainmnigh inimircigh Albanacha, tá sráid, Baldwin Street, a bhfuil an fána is géire ar domhan aici, deirtear (luaitear í i sa *Guinness Book of Records*).
mala uafásach géar a terribly sharp slope
" Ansin, suas cnoc eile leo; cnoc ar a dtugtar te Atua-perenui, a bhfuil mala uafásach géar aige.
D'airíos mothúchán éigin géar I felt some sharp emotion
" D'airíos mothúchán éigin géar agus mé ag éisteacht le casadh faoi leith de.
an iomaíocht ghéar the stiff competition
" Má leanfar leis an loighic chéanna, cuirfear i leith na teicneolaíochta digití gurb í a chuir deireadh leis an teilifíseán sa seomra suite! Méadóidh an iomaíocht ghéar idir an teilifís agus an t-idirlíon sna blianta beaga amach romhainn.
deighilt ghéar acute division
"deighilt ghéar i measc lucht leanúna an chruicéid maidir le cé acu atá níos fearr.
coimhlint ghéar intense competition
" Dá bhrí sin, bhíothas ag tnúth le coimhlint ghéar eatarthu agus na Sasanaigh san Astráil anuraidh le sraith a imirt.
de thoradh a phróis ghéir, as a result of his cutting prose,
" Colúnaí bisiúil atá ann a bhfuil cáil bainte amach aige de thoradh a phróis ghéir, agus tá suas le ceathrú milliún focal den phrós sin á bhfoilsiú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta na tíre ó bhí 1981 ann.
tuairimí a mbeadh cuma an-ghéar go deo orthu opinions which would seem very harsh indeed
" Bíonn sé níos fusa glacadh le cuid dá thuairimí nuair a chloiseann tú é á rá os ard, tuairimí a mbeadh cuma an-ghéar go deo orthu dá mbeidís scríofa síos.
go géar harshly
" Cáineadh go géar an dlí a chuireann cosc ar thuismitheoirí a bhfuil leanaí níos sine ná ocht mbliana déag d’aois acu iarratas a dhéanamh ar iad a thabhairt go hÉirinn le cur fúthu anseo.
iomaíocht ghéar stiff competition
"iomaíocht ghéar i gceist in Iowa faoi láthair mar sin, go háirithe mar go bhfuil a fhios ag an saol mór nach bhfuil aon duine róthógtha leis na móriarrthóirí i gceachtar páirtí.
ag coinneáil súil ghéar keeping a close eye
" Is cinnte go mbeidh lucht gailf na hÉireann – agus pobal na hÉireann i gcoitinne, go deimhin – ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn Phádraig in 2008 agus ag dréim go mbuafaidh sé ceann eile de na mórchomórtais ghailf arís i mbliana.
díospóireacht ghéar a sharp debate
" Faoin am sin, bhí díospóireacht ghéar ar siúl sa tír seo mar gheall ar inimirce ón Áise.
iomaíocht ghéar intense competition
" Sa lá atá inniu ann, úsáideann ealaíontóirí graifítí cannaí péinte agus marcóirí den chuid is mó, agus bíonn iomaíocht ghéar i gceist eatarthu leis an íomhá nó an teachtaireacht is radacaí a chur os comhair an phobail.
mo léan géar! woe is me
" Thosaigh mé ag spochadh as, cineál de, ag rá os ord, ‘Ó, mo léan géar! Tuigim cás na n-amhránaithe seo anois.
cuma ghéar a harsh appearance
" Cé go bhfuil cuma ghéar ar an méid a dúirt sé thuas faoin drochbhail a thug RTÉ air le linn “Don’t feed the Gondolas”, deir sé fosta go bhfuil an-chuid gnéithe dearfacha ag baint leis an institiúid.
cáineadh géar sharp criticism
" cáineadh géarI mBealtaine na bliana 2006, rinne an Bord Pleanála cáineadh géar ar Chomhairle Contae na Gaillimhe faoin chaoi fhánach a leagann siad síos coinníollacha teanga ar fhorbairtí sa Ghaeltacht.
ar a mine ghéire on the qui vive
" Is cinnte gur rith an smaoineamh céanna le Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill agus daoine eile nach iad a raibh dlúthbhaint acu le blianta luatha an nuachtáin agus iad ar a mine ghéire á chur amach ar acmhainní suaracha.
iomaíocht ghéar stiff competition
" Mar sin, bhí iomaíocht ghéar i gceist i gcatagóir na n-amhrán agus is cúis bhróid é do mhuintir na hÉireann - agus do mhuintir Phoblacht na Seice, dar ndóigh - gurbh iad Hansard agus Irglova ar éirigh leo an Oscar a bhuachan.
cáineadh na póilíní go géar the police were sharply criticised
" Roimh i bhfad coimhlint idireitneach a bhí sa scéal, agus cáineadh na póilíní go géar i gceantar Urewera, áit dhúchais an *iwi* (treibh) *Tūhoe* (http://Tuhoe.
géar sharp
" Tig leis an údar a bheith géar agus tig leis an spochadh a bheith searbh, ach níl go leor de ann.
cáineadh géar harsh criticism
" An bhfuil sé cothrom go bhfuiltear ag iarraidh go bhfeidhmeoidh an lucht spóirt mar chaomhnóirí morálta na cruinne le linn do dhaoine eile a bheith ag déanamh gach iarrachta – ar chúla téarmaí – an caidreamh tráchtála agus trádála leis an tSín a threisiú? Is léir go bhfuil ceannairí an domhain ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu – tá cáineadh géar i gceist óna dtaobhsan de, ach easpa gnímh chomh maith.
tháinig ceisteanna géara chun cinn difficult questions emerged
" Mar sin féin, tháinig ceisteanna géara chun cinn mar gheall ar iompar na bpóilíní.
iomaíocht ghéar intense competition
" Bhí iomaíocht ghéar i gceist idir Sydney, príomhchathair New South Wales, agus Melbourne, príomhchathair Victoria, maidir le cé acu a bheadh mar phríomhchathair na tíre.