Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an ghéarchéim the crisis
" Míshásamh ======= I measc an lucht gnó faoin tuath fiú tá míshásamh ann faoin dóigh a bhfuil an ghéarchéim ag cur isteach orthu - géarchéim a tháinig chun cinn an chéad lá riamh mar gheall ar dhrochghrúdarlach muc a bheith á cheannach ag feirmeoirí áirithe.
ghéarchéim crisis
" An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann? Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí? B'fhéidir gurbh fhiú d'Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.
géarchéime crisis
" Le linn na géarchéime i dtaobh "busing" i mBostún bhí polaiteoirí agus breithiúna (an Breitheamh Garrity san áireamh) ag spreagadh daoine bochta a leanaí a chur ar bhusanna chun na scoileanna a iomlanú ó thaobh líon na ndaltaí de.
ghéarchéim crisis
" " Tithíocht ======= Measann sé go bhfuil an ghéarchéim i gcúrsaí tithíochta ar cheann de na fadhbanna is mó atá sa tír.
géarchéim crisis
" Tá mo mhuintir tar éis a bheith i ngéarchéim agus i gcogadh le leath mo shaoil, agus le linn uafás an chogaidh sa chomharsanacht, chuala mise den chéad uair ceol amhránaí Ghaelaigh agus amhrán Gaeilge le hEnya darbh ainm "Na Leatha Geala i m'Óige".
géarchéim crisis
" De dheasca an spriocama atá ann don alt, bíonn i gcónaí géarchéim réidh le titim amach nó ar tí á réiteach agus mé i mbun pinn.
géarchéim crisis
" Ní léir fós cé chomh dona is a bheas an Astráil buailte leis an ngéarchéim eacnamaíochta domhanda ach má mhaireann sí mórán achair beidh tionchar aici sa tír seo freisin.
Géarchéim crisis
géarchéimeanna crises
" Géarchéim ======= Nuair a chuireann tú gach rud san áireamh, tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil ar an Eaglais Chaitliceach i Meiriceá dul i ngleic le ceann de na géarchéimeanna is measa ina stair, géarchéim atá gach pioc chomh holc leis an fhoréigean frith-Chaitliceach sna 1830í, an imirce ollmhór de bharr an ghorta sna 1850í agus 1860í, agus ról an Ku Klux Klan i scrios iarracht Al Smith, Caitliceach as Nua-Eabhrac, a bheith ina uachtarán i 1928.
géarchéim crisis
" " Ganntanas múinteoirí ======= Tá géarchéim ann le blianta de thairbhe go bhfuil ganntanas múinteoirí sa tír, go mór mór in ábhair mar mhatamaitic, eolaíocht agus ríomhaireacht.
géarchéim an ghalair crúibe agus béil the foot-and-mouth crisis
" Ní tionscal é, áfach, ar féidir brath air, mar a chruthaigh géarchéim an ghalair crúibe agus béil agus uafás an 11 Meán Fómhair i Meiriceá anuraidh.
géarchéim crisis
" Ní tionscal é, áfach, ar féidir brath air, mar a chruthaigh géarchéim an ghalair crúibe agus béil agus uafás an 11 Meán Fómhair i Meiriceá anuraidh.
géarchéim crisis
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
ghéarchéim crisis
" Tháinig mé i gcomharbacht ar an bhoc eile sin Leamh Ó Cuinneagáin, alias Crocodile Dungloe, fear maith beartaíochta agus idirbheartaíochta, fear a fheiceann agus a thuigeann an dá thaobh in aighneas ar bith, mar ba léir ón agallamh a rinne sé ar TG4 ar na mallaibh ar ghéarchéim na Gaelscoile i nDún Bóinne.
géarchéim crisis
" An ghéarchéim bia ======= Sampla den chlár oibre seo is ea an chaoi a bhfuil SAM ag plé leis an ngéarchéim bia i ndeisceart na hAfraice.
géarchéim crisis
" Ag caint sa Dáil dó le gairid dúirt sé gur ar an Iaráic a bhí an locht ar fad go bhfuil géarchéim ann faoi láthair.
tugadh neamhaird ar an ngéarchéim the crisis was ignored
" Go deimhin, mhol Schröder "polasaí na láimhe ciúine", sin le rá tugadh neamhaird ar an ngéarchéim agus dúradh go raibh gach rud i gceart.
ghéarchéim crisis
" Chuaigh sí chun cainte le hUachtarán an Chumainn le go dtabharfadh sí tuairisc suas lena bhéal dó ar an ghéarchéim ó thuaidh.
Géarchéim crisis
" Cad é a bhí mar phríomhscéal acu sin??? Inseoidh mé daoibh: May Mac Ránais ag cothú trioblóide idir Íosa Mhic Ghiolla Mháire agus An Seanadóir Navid Doris ar mhaithe lena leabhar úr a dhíol; scéal a bhí chomh mórchúiseach gur dhíbir sé Géarchéim na hIaráice isteach in aice leis na leathanaigh spóirt.
tuirse géarchéime crisis fatigue
" Bhí an ceart ag Gerry Adams an tseachtain seo, le linn tréimhse eile cainteanna, nuair a dúirt sé go raibh "tuirse géarchéime" ar dhaoine ó thuaidh.
géarchéim crisis
" Nuair a dúirt José Luis Rodríguez Zapatero, ceannaire an fhreasúra, sa Pharlaimint go raibh an rialtas ag tabhairt tacaíochta do chogadh mídhleathach agus go raibh sé ag cur leis an ngéarchéim sna Náisiúin Aontaithe, is é an freagra a thug Aznar air ná nach raibh an Páirtí Sóisialach ach ag iarraidh dochar a dhéanamh don rialtas.
ghéarchéim crisis
" Fuair na hOllannaigh Papua Thiar (nó Irian Jaya), an áit a bhfuil an ghéarchéim anois.
sa ghéarchéim is measa in the worst crisis
" Tá an UUP sa ghéarchéim is measa dá raibh siad ann le 30 bliain anuas.
géarchéime crisis
" Tá víris ag cruthú géarchéime ar an idirlíon faoi láthair ach níl na comhlachtaí a fhoilsíonn bogearraí ag tabhairt go leor cabhrach d'úsáideoirí ríomhairí.
géarchéim crisis
" Tá víris ag cruthú géarchéime ar an idirlíon faoi láthair ach níl na comhlachtaí a fhoilsíonn bogearraí ag tabhairt go leor cabhrach d'úsáideoirí ríomhairí.
an ghéarchéim seo a shárú overcome this crisis
" Ach caithfidh na comhlachtaí bogearraí tacaíocht leanúnach a thabhairt d'úsáideoirí baile ionas gur féidir leis an tionscal ríomhaireachta an ghéarchéim seo a shárú.
géarchéim phearsanta personal crisis
" Is minic leis gur géarchéim phearsanta i saol duine, ar nós briseadh caidrimh, bás, nó foréigean gnéasach nó fisiciúil sa bhaile, a bhrúnn duine amach ar na sráideanna.
géarchéim féiniúlachta identity crisis
" Tá "géarchéim féiniúlachta" againn i gCeanada - cé hé muid féin, agus cén rud faoi leith atá againn le tabhairt don chomhphobal domhanda? Faoi dheireadh (i gceann 500 bliain, b'fhéidir) beidh orainn a admháil gurb é inphrionta na mbundúchasach Ceanadach an t-aon rud amháin sainiúil atá againn nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan - sin í " an fhéiniúlacht" agus an "rud áirithe sin" atáimid ag lorg.
géarchéim crisis
" Ar aon nós, tá sé soiléir don saol mór anois go mbeadh géarchéim sa gheilleagar, ní hamháin sa Spáinn ach i dtíortha eile ar nós na hÉireann chomh maith, dá dtitfeadh praghas na dtithe go tobann.
ghéarchéim crisis
" Ba é seo an toradh a bhí ar an ghéarchéim sa deireadh - tar éis dó tacaíocht an leasuachtaráin agus ceann de na trí pháirtí sa (chomhrialtas) a chailliúint, agus tar éis do 70 duine bás a fháil agus 500 a bheith gortaithe.
ghéarchéim shlándála security crisis
" Is é an tátal a bhaineann siad as an staidéar ar fad ná gur mó i bhfad an chontúirt do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a eascraíonn as athruithe san aeráid ná bagairt na sceimhlitheoireachta, agus gur chóir do na Stáit Aontaithe déileáil leis mar ghéarchéim shlándála - ní mar argóint theibí idir an lucht glas agus lucht na dtionscal mór.
ghéarchéim crisis
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil the foot and mouth crisis
" D'oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil.
ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí the tragic sexual-abuse crisis
" McBrien, Ollamh le Diagacht in Ollscoil Notre Dame, a dúirt: "As na leabhair ar fad atá tar éis a theacht chun cinn mar gheall ar ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí san Eaglais Rómhánach Chaitliceach, tá niche dá chuid féin ag leabhar Jimmy Breslin.
géarchéim chosanta defensive crisis
" Agus Bod sínte ar chlár a dhroma, thuig an chosmhuintir go raibh géarchéim chosanta ann.
géarchéim crisis
" Is mór an dul chun cinn é an méid sin ón ngéarchéim a bhí ann tamall beag de bhlianta ó shin, nuair a bhí daoine á ligint chun siúil ó Telegael mar gheall ar an tionchar a d'imir deacrachtaí airgid TG4 ar an gcomhlacht.
géarchéim airgid financial crisis
" Bhí géarchéim airgid in RTÉ ag an am agus bhí siad ag tairiscint iomaíochta do dhaoine ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil.
géarchéim crisis
" An bhfuil géarchéim eile ola ar an mbealach? An bhfuil muid réitithe don lá nach mbeidh aon soláthar ola fágtha? An bhfuil neamhaird á tabhairt againn ar an bhfadhb? Tá, níl, agus tá na freagraí atá ag cuid mhaith den lucht comhshaoil ar na ceisteanna sin.
ghéarchéim áitiúil éigin some local crisis
" ) Sóisialaithe, ceardchumannaithe, an seomra lán toite, agus iad ag déanamh plé ar ghéarchéim áitiúil éigin.
ghéarchéim crisis
" Mura n-éiríonn léise maolú a dhéanamh ar an ghéarchéim atá sa chóras sláinte, is beag seans go n-éireoidh le duine ar bith eile an beart a dhéanamh.
géarchéim dífhostaíochta unemployment crisis
" Chuir na comharchumainn fostaíocht ar fáil do dhaoine le linn tréimhse a raibh géarchéim dífhostaíochta sna ceantair sin.
géarchéim airgeadais financial crisis
" Tá ráite ag na trí Bhord eile go mbeidh géarchéim airgeadais acu mura bhfaigheann siad tuilleadh airgid.
an ghéarchéim fostaíochta the employment crisis
" An-mhisneach léirithe aige fosta nuair a chuaigh sé go Gaoth Dobhair le hiarracht a dhéanamh fuascailt a fháil ar an ghéarchéim fostaíochta ansin.
géarchéim mhór pholaitiúil big political crisis
" " Bhí géarchéim mhór pholaitiúil san Úcráin ag an am, agus bhí an-imní uirthi faoi sin.
géarchéim crisis
"géarchéim ag teacht chun cinn i mBaile Átha Cliath ó thaobh CLG (agus a leithéid chéanna sna bailte móra ar fud na tíre).
go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim that the biggest industry in the country would recover from the crisis
" Buille an bháis ======= Rinne pobal na tíre seo gnaithe maith aimsir an ghalair crúibe is béile nuair a tharraing muid le chéile lena chinntiú go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim.
géarchéimeanna crises
" “Is é an fear ceart é agus tá an cúlra aige a chuireann ar a chumas déileáil le géarchéimeanna,” a dúirt an Bráthair Gerald Molyneaux, atá os cionn na Roinne Cumarsáide in Ollscoil LaSalle i Philadelphia.
géarchéimeanna crises
" Is cuimhin liom agallamh a chur ar Gerry Adams i ndiaidh ceann de na géarchéimeanna sin a chráigh próiseas na síochána go leanúnach le blianta anuas.
géarchéim airgeadais financial crisis
" Ní chuireann an t-athrú sin ann féin imní mhór ar bith ar Miller cé gur dóigh leis go bhfuil baint aige le géarchéim airgeadais na ranna litríochta sna hollscoileanna sa lá atá inniu ann.
géarchéim airgeadais financial crisis
" Ní chuireann an t-athrú sin ann féin imní mhór ar bith ar Miller cé gur dóigh leis go bhfuil baint aige le géarchéim airgeadais na ranna litríochta sna hollscoileanna sa lá atá inniu ann.
géarchéim crisis
" Go meántéarmach agus go fadtéarmach, is féidir leis an gcill bhreosla roinnt den éileamh a athrú ón ola go foinsí eile fuinnimh agus, mar sin, moill a chur ar an ngéarchéim a thiocfaidh ón easpa ola.
ghéarchéim Suez the Suez crisis
" ” Deir sé gur inis Anthony Eden bréaga le linn ghéarchéim Suez nuair a mhaígh sé nach raibh comhoibriú i gceist le hIosrael roimh an ionradh Sasanach/Francach ar Suez.
géarchéim crisis
" Beidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin i 2015: “Méadú mór sa líon daoine atá ag táirgeadh a gcuid bia féin” Teaghlaigh in easnamh cothromais tar éis thitim na bpraghsanna Capaill oibre níos daoire ná tarracóirí anois Ach dá mbeadh freagairt éirimiúil agus thapa ó na rialtais Eorpacha tar éis na géarchéime in 2007? Bhuel, sin an cás deireanach: “**Roinnt Chothrom**”.
i rith ghéarchéim an ghalair crúibe is béil during the foot-and-mouth crisis
" ” Tharraing Leigh aird air féin den chéad uair in 2001 i rith ghéarchéim an ghalair crúibe is béil.
mura rachfar i ngleic leis an "ghéarchéim" sna scoileanna if the 'crisis' in the schools is not tackled
" Tá an t-eolas seo ag teacht sna sála ar thuarascáil ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta inar dúradh nach mbeadh aon scoil Ghaeltachta ag múineadh trí Ghaeilge i gceann scór bliain mura rachfar i ngleic leis an "ghéarchéim" sna scoileanna, mar a thug siad air.
géarchéim crisis
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
*Géarchéim Munchen* the Munich Crisis
" “Mar sin atá sé san r-leabhar” – d’ardaigh sé a r-leabhar ina lámh dheas – “idir *Cliseadh Shráid Wall* is *Géarchéim Munchen*.
géarchéim crisis
" Go gcaithfidh CLG i gcomhar leis an GPA aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhaineann le líon na gcluichí atá le himirt ag imreoirí, idir chluichí club agus chluichí contae.
géarchéimeanna rialta regular crises
" Chuir mé agallamh ar Gerry Adams i ndiaidh ceann de na géarchéimeanna rialta i bpróiseas na síochána agus bhí mé ar buile nach raibh poblachtánaigh sásta níos mó a dhéanamh ar son na n-aontachtaithe.
Cén ghéarchéim? What crisis?
" Géarchéim? Cén ghéarchéim? Níor thuig mé cén fáth nach raibh Adams chomh feargach is a bhí mé féin.
géarchéim sna haerlínte Meiriceánacha crisis in the American airlines
" Agus, idir an dá linn, chuir eachtraí an 11 Meán Fómhair tús le géarchéim sna haerlínte Meiriceánacha agus chothaigh eagla i measc mórán aerlínte eile faoina margadh.
géarchéim crisis
"géarchéim i scoileanna áirithe Gaeltachta mar nach féidir leo teacht ar mhúinteoirí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.
géarchéim crisis
" géarchéim Rud eile, feictear dom go bhfuil géarchéim i ndán don fhoireann náisiúnta sacair i Sasana agus dá réir sin d’fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann.
géarchéim crisis
" Nuair a labhair sé Dé hAoine, arís eile dúirt sé go raibh géarchéim i ndán d’Ulaidh (sic).
i lár géarchéime in the middle of a crisis
" ” Go rómhinic, dúirt an tOirmhinneach go raibh na Sé Chontae i lár géarchéime agus ghlac daoine leis gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú le theacht slán as an “ghéarchéim”.
ar ghéarchéim an oideachais for the crisis in education
" Ag taisteal timpeall ar ghluaisrothar, admhaíonn sé nach bhfuil réiteach ar bith aige ar ghéarchéim an oideachais sa tír, ach amháin gur cheart deireadh a chur le scrúduithe.
faoin ghéarchéim sláinte agus árachais about the health and insurance crisis
" Táthar ag plé conas mar a fhreagróidh na hiarrthóirí na ceisteanna a ardaíodh sa scannán is deireanaí ó Michael Moore faoin ghéarchéim sláinte agus árachais i Meiriceá.
géarchéim féiniúlachta identity crisis
" An ea go gcaithfear fanacht go dtí go dtarlóidh eachtra mhór pholaitiúil nó géarchéim féiniúlachta chun gur féidir an bhratach seo a athrú? Dúirt bean amháin nár cheart dóibh fiú smaoineamh faoi go dtí bás na Banríona Éilís, mar shampla.
an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil the response to the foot and mouth disease
" Beidh Aer Lingus ag cur eitiltí ar fáil go Heathrow as Béal Feirste, in áit na Sionainne; tá Fianna Fáil ag beartú iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin ó thuaidh; eagraíodh an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil ar bhonn uile-Éireann.
go bhfuil sé ag dul trí ghéarchéim. that it is going through a crisis
" Níl ach sé mhí imithe thart ón uair a toghadh an Rialtas agus cheana féin tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil sé ag dul trí ghéarchéim.
cás géarchéime crisis case
" Nuair a chaitheann foireann bainistíochta in eagraíocht ar bith déileáil le cás géarchéime nach bhfuil freagra réamhullmhaithe acu fána choinne is minic a thugtar ‘fire fighting exercise’ air.
géarchéim bhunreachtúil constitutional crisis
" Ach sa bhliain 1975 bhí géarchéim bhunreachtúil san Astráil de bharr gur dhiúltaigh an seanad glacadh leis an gcáinaisnéis a chuir an rialtas faoina bhráid an bhliain áirithe sin.
roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! before the Garvaghy Road crises!
" Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.
mar réiteach ar ghéarchéimeanna comhshaoil as a solution for environmental crises
" Dar le Dewar, bhí leithéidí Strong ag cur rialachas domhanda chun cinn mar réiteach ar ghéarchéimeanna comhshaoil mar athrú aeráide.
géarchéim crisis
" **géarchéim eile**Thart ar dheich mbliana ní ba dhéanaí, tháinig géarchéim eile chun cinn a bhain le hinimircigh neamhdhleathacha san Astráil.
géarchéim an lae inniu today's crisis
" Céard iad na difríochtaí idir an ghéarchéim sna hochtóidí agus géarchéim an lae inniu agus an bhfuil muid níos ábalta inniu dul i ngleic le cúlú eacnamaíoch?* DMW: Ar bhealach, tá cúrsaí níos measa an iarraidh seo, agus is éard is measa ar fad ná an easpa cumais atá sa tír ó thaobh a bheith in ann dul i ngleic leis an ghéarchéim.
ghéarchéim crisis
" Seo thíos trí mholadh uaim a d'fhéadfadh cabhrú le gnó ar bith a bhealach a dhéanamh tríd an ghéarchéim seo.
ghéarchéim emergency
" Anois agus an ghéarchéim bhreosla (agus airgid) orainn, ní féidir leo dul in iomaíocht le táirgeoirí eachtrannacha.
Géarchéimeanna crisis
" Géarchéimeanna agus Liospóin Má cheap daoine áirithe go ligfí Liospóin i ndearmad de bharr na géarchéime airgeadais, bhí dul amú orthu.
ghéarchéim emergency/crisis
" Bhailigh an dearcadh seo neart nuair a tharla an ghéarchéim gheilleagrach dhomhanda i rith 2008.
géarchéim crisis
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
ghéarchéim emergency
" D’fhonn an ghéarchéim airgeadais seo a thuiscint, ní mór dúinn dul siar go 1999 agus chuig an gcinneadh polaitiúil ríthábhachtach a rinneadh ansin.
ainneoin na géarchéime geilleagraí despite the economic crisis
" Thaispeáin na figiúirí, dar le cuid de na hiriseoirí, go raibh dóchas ag daoine i dtodhchaí na tíre in ainneoin na géarchéime geilleagraí.
ghéarchéim airgeadais financial straits
" Cliseadh margaidh is cúis leis an ghéarchéim airgeadais fosta, ach sa chás áirithe seo, chuir an cliseadh isteach ar shaol an phobail go tobann.
ghéarchéim crisis
" ” Comhairle mhaith shílfeá, agus ceann nár mhiste a chur san áireamh agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ghéarchéim eacnamaíochta reatha.
géarchéime crisis
" In am na géarchéime agus na práinne agus na héigeandála tagann faobhar ar na mianta bunúsacha, agus i gcás Bhaloir níl dúil níos bunúsaí nó níos láidre ná an caitheamh.
géarchéim mhór major crisis
" Ach is soiléir ó stair na tíre sin go mbíonn ceannaire ar leith le fáil inti nuair a bhuaileann géarchéim mhór í.
géarchéim crisis
" Fágann sé sin go bhfuil Éire ag deireadh píblíne gháis as tír a bhfuil géarchéim fuinnimh inti féin nach mór, agus gan amhras, is guagach a bheith amhlaidh.
ghéarchéim mhuiníne crisis of confidence
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
ghéarchéim emergency
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
ghéarchéim gheilleagrach financial crisis
" Cad é do bharúil d’iarrachtaí na hÉireann, nó an bhfuil iarracht ar bith ar siúl ag rialtas s’againne ar chor ar bith? Beairic: Níl dabht ar bith orm ach go bhfuil an fear ceart san áit cheart ag muintir na hÉireann chun déileáil leis an ghéarchéim gheilleagrach seo.
ghéarchéim crisis
" Ó thosaigh an ghéarchéim gheilleagair reatha is beag seachtain nach mbíonn alt sna nuachtáin náisiúnta faoin chaiteachas rábach a bhaineann le cúrsaí Gaeilge.
ghéarchéim reatha current crisis
" ” Is léir dá mbeadh Dev ina steillebheatha arís go dtabharfadh sé comhairle dá gharmhac gur mithid misneach a léiriú maidir lena straitéis fiche bliain don teanga, beag beann ar an ghéarchéim reatha.
gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa a credit crisis solution device
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
Géarchéim an Gheilleagair the financial crisis
" Géarchéim an Gheilleagair Anois don chéad uair tá sé ag teacht chun solais chomh cóngarach do chiumhais na haille a tháinig an tír i ndeireadh 2008 agus tús 2009.
ghéarchéim crisis
" Ní iontas ar bith é go bhfuil an pobal ag iarraidh a fháil amach cad ba chúis leis an ghéarchéim gheilleagair.
géarchéim an gheilleagair the finance crisis
" Easpa ceannródaíochta le dul i ngleic le géarchéim an gheilleagair agus gan an téagar polaitiúil léirithe le go mbeadh meas coitianta tuillte aici (à la Dan Quayle).
ghéarchéim na scuainí the queuing crisis
" ) Ach tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an tAire ag fáil an ceann is fearr ar ghéarchéim na scuainí agus na liostaí feithimh.
ghéarchéim crisis
" B’údar náire ag an Astráil é go raibh an ghéarchéim chomhshaoil seo ag tarlú ar chríoch dá cuid, go háirithe críoch atá ar liosta na Náisiún Aontaithe.
ghéarchéim emergency
" Rinne mé tuar san iris seo an t-am seo anuraidh go mbainfí leas as an ghéarchéim gheilleagair le tuairimí agus dúnghaoisí a chur chun tosaigh nach nglacfaí leo cúpla bliain ó shin.