Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghreann géarchúiseach shrewd humour
" Chuir an *Nobel Laureate*, Seamus Heaney, tús leis na himeachtaí le hóráid a bhí lán de mhachnamh agus de ghreann géarchúiseach.
ghéarchúiseach keen-witted, astute
" Bhí a fhios agam sular bhuail mé léi ar chor ar bith gur bean chumasach, ghéarchúiseach a bhí inti, agus nach raibh mórán foighde aici le hamaidí de chineál ar bith.
géarchúiseach astute
" " An dá thréith sin a bhain le Brennan - an duine intleachtúil, géarchúiseach a raibh léargas aici ar an saol agus an duine péacógach a bhí an-sáite i gcúrsaí faisin - cén chaoi ar réitigh siad lena chéile? Freagraíonn Bourke mé trína rá "Tuige nach mbeadh an dá rud i gceist? Cuid den léann feimineach is fearr liomsa ná an chuid a dhéanann iniúchadh ar an bhfuáil agus sníomh agus a thugann gradam dóibh mar ealaín, agus a dhéanann comparáid idir fuáil agus scríobh agus a deir go bhfuil na healaíona seo cóngarach go maith dá chéile; tá siad an-chruthaitheach.
an chuid is tromchiallaí agus is géarchúisí dá shaothar the most expressive and discerning of his work
" Is le linn na tréimhse míshocra seo dá shaol a rinne Caravaggio an chuid is tromchiallaí agus is géarchúisí dá shaothar, agus, murab ionann agus an chuid is cáiliúla dá shaothar, atá le feiceáil gan stró in eaglaisí agus iarsmalanna sa Róimh, tá an saothar deireanach seo scaipthe in áiteanna éagsúla.
géarchúiseach astute
" Léiríonn an taispeántas na hathraithe stairiúla, sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha atá i ndiaidh a theacht ar an tír, ó thuaidh agus ó dheas, agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn ar an saol a bhí ag muintir na cathrach agus ag bunadh na tuaithe trí na daoine atá faoi scrúdú ag an lionsa.
ghéarchúiseach sharp
" Eachtra Charbaid Uí Chlarion ============ Bhí Jack Mason, duine de Ghaeil dhílse Mheiriceá ina sheasamh fá ghiota díobh, é ag tarraingt ar thodóg mhór agus ag tochas a thóna ag an aon am amháin, cuma ghlinnsúileach, ghéarchúiseach, dhomhainsmaointeach air, mar a bhíonn ó am go chéile.
géarchúiseach sharp
" Glic, géarchúiseach, cíocrach.
géarchúiseach sharp
" Mar a chuir anailísí géarchúiseach é, níl sa brúghrúpa nua ach *“little more than a spin-off of the existing Israel Lobby to make it more palatable to the liberal Democrats that make up the Obama Administration.
géarchúiseach discerning
" Mar a thaispeáin TG4 dúinn aimsir na Nollag imithe tharainn insa chlár géarchúiseach, Seó Man, fear siamsaíochta é an Tóibíneach ach is saineolaí ar an masla pearsanta ’s polaitiúil é freisin.
Murach peannaireacht ghéarchúiseach were it not for the sharp pen
" Murach peannaireacht ghéarchúiseach Sorrentino agus scil Penn, ní dóigh liom go ngéillfinn gan troid do chonsaeit an scannáin – racréalta spíonta sa tóir ar Neatsaí.
scrúdú géarchúiseach a sharp scrutinty
" Rinne an scríbhneoir/iriseoir Éamonn Mc Cann, in éineacht leis na léiritheoirí cláir bhreathnadóireachta, Julian Keane, Ewan Angus, Paul Mc Guigan agus Steve Carson ó RTÉ, scrúdú géarchúiseach ar an bhonn eiticiúil a bhí faoi ‘chláracha réaltachta’ agus mheabhraigh siad an mhórtharraingt a bhí ag cláracha ar nós *The Estate* agus *The Scheme*.
chomh ghéarchúiseach oilte as sharp and skilled
" Ní minic a chruthaítear scoláire chomh ghéarchúiseach oilte le Gearóid Ó Crualaoich.
ghéarchúiseach intense
" Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.
géarchúiseach agus inchreidte sharp and credible
" Tá a chuid anailíse ar na fadhbanna airgeadais géarchúiseach agus inchreidte, i mbealach nach bhfuil ag Richard Boyd Barret (ULA) nó Joe Higgins (SP).
leabhar géarchúiseach ar shaothar an astute book on the work
" ’ I measc na bhfoilsiúchán tábhachtach seo, scríobh Louis de Paor leabhar géarchúiseach ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Faoin mblaoisc bheag sin: an aigneolaíocht i scéalta Mháirtín Uí Chadhain i 1991.
le cíoradh géarchúiseach a sharp concentration (on)
" Ciallaíonn sé sin go mbeifear ag súil le cíoradh géarchúiseach (seachas geisfhocal na bpreasráiteas) ar imeachtaí a bhaineann go sonrach leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht.
eagarthóirí géarchúiseacha ardoilte sharp and highly skilled
" Bhí triúr eagarthóirí géarchúiseacha ardoilte againn go dtí seo, mar atá Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus an Dr Seosamh Mac Muirí.
anailís ghéarchúiseach shrewd analysis
" Polaiteoirí, turcaithe agus fuirseoirí – tá anailís ghéarchúiseach déanta ag ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor ar mhórscéalta na míosa atá imithe tharainn.