Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
géilleadh compromise
" Nuair a fógraíodh an t-athrú seo, bhí imní ar go leor daoine go mbeadh géilleadh an-mhór i gceist.
ag géilleadh surrendering
" "Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás," a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.
géilleadh give in to
" Daoine a chreid go raibh an ceart ar a dtaobh agus nach raibh sásta géilleadh do na boic mhóra.
géilleadh submit, give in
" Is mionlach iad lucht iomána i mBaile Átha Cliath agus caitheann siad géilleadh go minic ó thaobh cur chun cinn an chluiche, mar shampla, maidir le cén uair a imrítear cluichí na n-ógánach (Márta - Bealtaine de ghnáth don iomáint, Meán Fómhair go Feabhra don pheil).
géilleadh give in
" "Cad ina thaobh go dtabharfaimis smacht ar chodanna éagsúla d'ár ngeilleagar do chomhlachtaí mar seo? An trioblóid ná go bhfuil na príomhpháirtithe ar meisce leis an bhfealsúnacht chaipitleach agus dá bhrí sin ní fheiceann siad aon slí eile chun rudaí a dhéanamh ach géilleadh don chumhacht atá ag na comhlachtaí móra ilnáisiúnta.
géilleadh to surrender
" Dúirt an t-ambasadóir: "Síleann Sharon gur féidir iallach a chur ar na Palaistínigh géilleadh.
ag géilleadh beagán ar an phointe stretching the point
" B'fhéidir go bhfuil mé ag géilleadh beagán ar an phointe a bheith ag cur asal faoi agallamh, ach ní chluintear a léitheid go minic ar an BBC nó RTÉ.
géilleadh concede
" Fiú nuair ná fuil daoine glan i gcoinnibh na teangan, is minic is deacair dhóibh géilleadh go bhféadfadh earraí Gaelacha a bheith praiticiúil, nó fiúntach, nó ar ardchaighdeán.
níorbh fhéidir liom gan géilleadh don chathú I couldn't resist the temptation
" Nuair a bhí mé ansin ag an Cháisc, níorbh fhéidir liom gan géilleadh don chathú, agus chinn mé ar lá a chaitheamh ar Inis Meáin.
géilleadh to yield
" Cé go raibh feisire áitiúil, Bob Parry (nach maireann), i láthair agus ag argóint leis an chigire Owens, ní raibh seisean sásta géilleadh.
géilleadh don lagmhisneach give in to low spirits
" '" Goilleann sé uirthi go bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig sa Ghaeltacht ach ní duine í atá sásta géilleadh don lagmhisneach.
géilleadh to budge
" Cé acu a n-aontaíonn tú leis na tuairimí thuas nó nach n-aontaíonn, rud amháin atá ag éirí soiléir i Nua-Eabhrac ná nach bhfuil ceachtar den dá thaobh sásta géilleadh.
Ach dhiúltaigh captaen an Chatalpa, George Anthony, géilleadh But the captain of the Catalpa, George Anthony, refused to surrender.
" Ach dhiúltaigh captaen an Chatalpa, George Anthony, géilleadh.
gan géilleadh do not to give in to
" Ach, de réir an Ollaimh Ní Aoláin, ba é cinneadh bhreithiúna Thuaisceart Éireann, más ar deireadh thiar féin é, gan géilleadh do bhrú polaitiúil ba chúis leis an RUC éirí as córas na n-ollbhrathadóirí.
géilleadh surrender
" Le go dtig le haontachtaithe atá ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta an ceann is fearr a fháil ar an DUP, caithfidh siad cruthú dá bpobal go bhfuil siad ag baint níos mó amach ná atá siad ag géilleadh.
ag géilleadh surrendering
" Le go dtig le haontachtaithe atá ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta an ceann is fearr a fháil ar an DUP, caithfidh siad cruthú dá bpobal go bhfuil siad ag baint níos mó amach ná atá siad ag géilleadh.
níl éinne sásta géilleadh no one is willing to give in
ag géilleadh don dlí yielding to the law
" Tá an-suim aici sa mhéid daoine atá ag géilleadh don dlí ansin, mar admhaíonn sí go mbíonn a lán daoine i Learpholl ag caitheamh tobac in áiteanna a bhfuil cosc air faoi láthair, mar shampla i stáisiúin traenach.
ag géilleadh do dhlí an tslua giving in to mob rule
" Dúirt na hOráistigh, áfach, go mbeifí ag géilleadh do dhlí an tslua dá ndéanfaí é sin.
géilleadh give in
" "Caithfidh na *Brits *géilleadh ar na pointí sin," ar sé.
ag géilleadh a neamhspléachais giving up its independence
" Ní bheadh aon eagraíocht ag géilleadh a neamhspléachais nó ag cailleadh cumhachta; bheadh siad uilig ag obair as lámh a chéile agus i dteagmháil lena chéile go laethúil.
géilleadh don to yield to
" Tharraing an robáil aird gach duine ón bhfíorfhadhb, is é sin le rá, cinneadh rialtas na Breataine uair amháin eile géilleadh don Dr.
ag géilleadh don IRA surrendering to the IRA
" * D'imigh eilimintí i seirbhísí rúnda na Breataine ó smacht sna 1970í mar gur shíl siad go rabhthas ag géilleadh don IRA.
géilleadh do to yield to
" Níl dabht ach go bhfuil seo ag brath go mór ar Rialtas na Breataine géilleadh do phríomhéileamh Shinn Féin, gur rialtas Stormont a bheidh i gceannas ar chúrsaí dlí agus cirt agus cúrsaí slándála na Sé Chontae agus nach mbeidh seirbhísí rúnda ar nós MI5 agus MI6 ag rith cúrsaí mar atá faoi láthair.
géilleadh yield
" Bhí sé toilteanach tréimhse a chaitheamh i gcarcair seachas géilleadh ar a chuid prionsabal.
géilleadh le dínit to surrender with dignity
" Mar a dúirt an staraí aontachtach Donald Akenson liom: “Tá an bua ag na Caitlicigh agus tá cead á thabhairt do na Protastúnaithe géilleadh le dínit.
géilleadh ealaíonta artistic surrender
" An leor “ráiteas” agus “fiúntas” chun saothar ealaíne a bheith maith agus, in ainneoin go spreagfaidh an dealbh díospóireacht faoin dóigh a léirítear daoine faoi mhíchumas inár sochaí, tá roinnt daoine den tuairim gur géilleadh ealaíonta atá ann agus gur tábhachtaí sa chás seo an teachtaireacht pholaitiúil ná an teachtaireacht ealaíne.
géilleadh to yield
" Seans nach mbeidh an dara suí sa bhuaile ag an Vatacáin ach géilleadh ar an cheist seo agus ar oirniú na mban, mar nach léir go dtiocfaidh aon bhorradh faoi líon na n-ábhar sagairt amach anseo.
ar tí géilleadh about to give in
" Tá saothar mór caite aici féin agus a comhghleacaithe leis an fheachtas seo agus níl siad ar tí géilleadh go furasta.
géilleadh an Pholainn do Stalin Poland was yielded to Stalin
" I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda géilleadh an Pholainn do Stalin agus don Aontas Sóivéadach, rud a d’fhág gur laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn a bheadh an tír.
bheadh orm géilleadh I'd have to surrender
" Thuig mé nach raibh aon mhaith ann níos mó, bheadh orm géilleadh.
géilleadh dá n-éileamh. to give into their demand
" Agus dealraíonn sé go bhfuil Harney ag teacht faoi bhrú géilleadh dá n-éileamh.
ag géilleadh don mhinistir Baisteach yielding to the Baptist minister
" Níor lú an t-iontas a bhí orthu nuair a d'éirigh sé as an rás, ag géilleadh don mhinistir Baisteach Mike Huckabee a bhí i bhfad chun deiridh ar Romney féin agus ar an móriarrthóir, John McCain.
géilleadh do smaointe diúltacha to give in to negative thinking
" Ní féidir leo géilleadh do smaointe diúltacha – a bheith ag ceapadh go bhfuil an fhoireann nó imreoir ar leith níos fearr, cuir i gcás – agus caithfidh a n-aird a bheith dírithe ar an sliotar nó ar an liathróid i gcónaí.
géilleadh dóibh to yield to them
" Sin an fáth a mbíonn siad ag tógáil ballaí thart timpeall orthu féin in áit dul i mbun díospóireachta le daoine nach n-aontaíonn leo, ach a bhíonn sásta géilleadh dóibh in amanna.
géilleadh give in
" Ach diúltaíonn Roche géilleadh don éadóchas.
géilleadh capitulation
" ’ Is i gcarráiste traenach taobh amuigh de Compiègne, atá 100 ciliméadar siar ó thuaidh de Pháras, a síníodh an sos cogaidh agus géilleadh na Gearmáine a chuir deireadh leis an gCogadh Mór i mí na Samhna 1918.
géilleadh go grod yielding abruptly
" Am ar bith is maith leat, a mhórgacht!” Bhí an gheonaíl agus an criongán agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh go grod d’údarás eagarthóir Beo Ar Éigean agus ag druidim a ghuthán póca le plimp.
géilleadh give in
" Iarmhairt na Bánmhartra Nuair a tháinig an tsraith de stailceanna ocrais i 1981, ní raibh ceachtar taobh sásta géilleadh.
géilleadh surrender
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
géilleadh give in to, concede
" An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
géilleadh admit, accept
" Tá Anthony Dod Mantle (Slumdog Millionaire, Last King of Scotland) ar an gceamaradóir is oilte agus is áille ar domhan, agus ní féidir ach géilleadh go bhfuil an tsraith seo, in ainneoin a réalaíochta, chomh healaíonta le haon sraith oscailte a fheicfear ó aon fhoinse i mbliana.
géilleadh accepting
" com/watch?v=ls4MDuBrXSI&feature=related) Agus ós ag caint dúinn ar líomhaintí agus ráflaí, tá sé ag madraí an bhaile go bhfuil Éamó Ó Caoimhnis i ndiaidh géilleadh ar cheist chasta achrannach seo chúngú na Gaeltachta.
géilleadh submitting
" Mar nach raibh aon fhís ideolaíochta fanta ag Fianna Fáil faoi am sin, seachas fanacht i gcumhacht, géilleadh do ideolaíocht Mac Dowell agus Harney.
géilleadh to submit
" Nuair a bunaíodh an Rannán Seirbhísí Aistriúcháin, áfach, dúradh go raibh an Stát toilteanach géilleadh don phrionsabal gur cheart na hionstraimí a bheith aistrithe go comhuaineach.
géilleadh submission
" Tá oifigigh ón dá stát ag maíomh gur ar mhaithe le muintir bhocht bhrúite chráite dhealbh na hÉireann a dhéanfar an géilleadh agus an ghabháil.
géilleadh submit
" Nuair a d’inis Truman dá Rúnaí Cosanta nach raibh an dara rogha aige ach géilleadh do na Síónaigh ar fhaitíos go gcaillfeadh na Daonlathaigh stáit New York, Pennslyvania agus California, d’fhreagair Forrestal: *“I thought it was about time that somebody should pay some consideration to whether we might lose the United States.
ag géilleadh yielding
" ” Seargluí an Mhílaochais ========== Fad is a bhí an comhrá seo ag dul ar aghaidh ar an ghuthán phóca, bhí an gheonaíl agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh arís agus arís eile d’údarás an eagarthóra.
géilleadh flaithis relaxing sovereignty
" Mar shampla, ar cheisteanna a bhaineann le moráltacht phearsanta nó ceisteanna a bhaineann le géilleadh flaithis.
géilleadh submit
" Ceant na hÉireann ========== Sa stát seo, agus brú airgeadais mór millteach orainn, beidh sé éasca géilleadh don chathú sócmhainní poiblí na tíre a dhíol ar mhaithe leis na pinginí rua, agus tá sé ráite ag Fine Gael, príomhpháirtí an chéad rialtais eile, gurb é sin dúnghaois oifigiúil dá chuid.
géilleadh to submit
géilleadh éigin le cloisteáil some leniency
" Bhí géilleadh éigin le cloisteáil ina ráiteas, sular gearradh príosún ar na mná, nuair a dúirt sé ‘nach raibh aon mhaitheas sa mhéid a rinne na mná, ach nár chóir caitheamh go róthrom leo’.
géilleadh don tiarna fuarchúiseach to submit to the uncaring lord
" Ba cheart agus ba chóir dar leis an dtraisiún seo géilleadh don tiarna fuarchúiseach.
rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair they had yielded to Western pressure
" Ní raibh Moscó ná Béising sásta go mbeadh an chuma ar an scéal go rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair.
chaithfeadh duine amháin géilleadh one person would have to yield
" Bhí dhá sciúine ann, agus san áit a raibh cumar an dá shraith, chaithfeadh duine amháin géilleadh don té a bhí ag teacht ina choinne.
géilleadh don éadóchas of yielding to despair
" An Turas Spleodair ======== Ach, má bhíonn leithéidí Lance Armstrong ann, bíonn na dea-scéalta ann freisin agus dóthain díobh sin le nach baol dúinn géilleadh don éadóchas.
géilleadh do dhlí an Stáit submit to the laws of the ‘land’
" Anuas ar sin, ar ndóigh, ní mór don bpolaiteoir géilleadh do dhlí an Stáit i gcónaí.
mbeidh orthu géilleadh don gcóras sin they shall have to yield to that system
" Nuair a sheasann iarrthóirí i dtoghchán Dála tuigeann siad go bhfuil an córas seo i bhfeidhm agus go mbeidh orthu géilleadh don gcóras sin muna mbeidh ar a gcumas a dtuairimí féin a chur siar ar an bpáirtí go héiritheach i gcónaí.
ar tí géilleadh don tuirse about to yield to tiredness
" Theastaigh uaidh an léitheoir a bhodhrú le mionsonraí éigiallta agus díreach nuair a bheadh sé ar tí géilleadh don tuirse, chaitheadh Joyce na boinn órga sin ar an leathanach.
géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar the article on the mother’s danger of suicide was capitulation
" Thiocfadh fosta go mbeadh an reachtaíocht ar ghinmhilleadh buan go leor i gcuimhne roinnt de chúlbhinseoirí coimeádacha Fhine Gael a mheas gur géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar do chlár oibre Pháirtí an Lucht Oibre.
tá an tuiseal ginideach ag géilleadh the genitive is yielding
" Cinnte, tá an ghramadach ag athrú – tá an tuiseal ginideach ag géilleadh don tuiseal tabharthach, mar shampla – ach ta na hathruithe seo ag tarlú taobh istigh den teanga agus ní de bharr thionchar an Bhéarla.
géilleadh gan choinníoll ar bith submit unconditionally
" Sa deireadh, b'éigean do na Poblachtánaigh géilleadh gan choinníoll ar bith, agus tháinig an bille sláinte slán as.
géilleadh ar yield in the matter of
" Ní féidir leis an rialtas géilleadh ar shocrú Bhóthair Haddington do cheardchumann amháin, gan na ceardchumainn a vótáil ar son an chomhaontú a chur in aer.
Ní féidir foras mar sin géilleadh an institution like that cannot yield
" Ní féidir foras mar sin géilleadh don Bhéarla nó tá deireadh ar fad caillte.
ní féidir géilleadh one can't yield
" Ach ní féidir géilleadh don éadochas.
gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha not to yield to the sisters’ threat
" “*Fortified by one of Roy’s dangerously potent dry Martinis*”, mhol a chomhairleoir Anthony Lester don Stát-Rúnaí gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha go nglacfaidís lámha ina mbás féin muna gcuirfí iad siar go carcair Éireannach.