Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gairme career
" • An Ghaeilge ar chlár oiliúna gach gairme atá ag plé le páistí.
gairm na tréidliachta the veterinary profession
" Seo scéal atá á phlé ag gairm na tréidliachta ó rinneadh na margaí níos oscailte sa Chomhphobal Eorpach ag tús na nóchaidí.
a ghairm to call
" Chinn an Bord Pleanála ar éisteacht phoiblí a ghairm ar an gClochán Liath ag deireadh mhí na Samhna seo caite chun an cheist a chíoradh.
gairm vocation, career
" Is ionann gairm an mhadaidh rua agus mo ghairm féin, níl ionainn beirt ach lucht glanta na sráideanna, ní bhaineann uaisleacht ar bith le ceachtar againn nó, chomh luath agus a éiríonn muid sotalach, buaileann taomanna ocrais muid agus glacann an nádúr an lámh in uachtar ar an intleacht.
ghairm bheatha occupation, career
" Ullmhúchán do ghairm bheatha ======= Is mian leis an Aire Moratti athruithe a chur i gcrích a chinnteoidh go mbeidh scoileanna ansin chun daltaí a ullmhú do ghairm bheatha seachas chun saibhriú a dhéanamh ar a saol.
ghairm profession, occupation
" Fágann 18% eile an ghairm i rith a gcéad trí bliana ag múineadh.
ghairm career
" Tá beagnach tríocha bliain caite aige anois ag plé leis an iriseoireacht agus braitheann tú go bhfuil sé chomh tógtha céanna leis an ghairm sin anois is a bhí an chéad lá riamh.
ghairm profession
" An t-idirlíon ======= Mar a bheifeá ag súil, baineann an ghairm is sine ar domhan úsáid as an idirlíon agus as an nuatheicneolaíocht.
ghairm na hiriseoireachta the journalism profession
" Léiriú maith ar a chlaonta agus atá dlíthe leabhail an stáit seo in aghaidh ghairm na hiriseoireachta is ea an méid airgid a chaitheann nuachtáin Shasanacha ar chásanna cúirte bainteach lena n-eagráin Éireannacha.
a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm which would gain a bad name for the profession
" Mar, i ndeireadh na dála, is chun leas Chumann na nIriseoirí féin atá sé féachaint chuige nach scríobhfadh aon duine dá bhaill rud ar bith a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm.
go dtógfainn sos gairme that I'd take a career break
" Chuir sé sin as dom agus shocraigh mé lá amháin go dtógfainn sos gairme.
sos gairme career break
" * I 1994 agus mé ar thuras domhanda, "sos gairme", mar a déarfá, chuaigh mé go hÉirinn ar feadh coicíse mar dhualgas - chuir mo mháthair brú orm dul ann fad is a bheinn thar sáile.
reifreann a ghairm to call a referendum
" Ach nuair a thug Bob Browne, ceannaire na nGlasach, dúshlán an rialtais reifreann a ghairm faoin gceist, ní raibh moill ar bith ar an rialtas a rá nach dtarlódh sé sin.
shos gairme career break
" Chinn sí ansin ar shos gairme a ghlacadh ach ní raibh a fhios aici cad é a dhéanfadh sí.
sos gairme career break
" Ach, in ainneoin go bhfuil sí ag tógáil sos gairme sa bhliain atá amach romhainn, mothaím nach bhfuil sí réidh le slán a fhágáil ag Fiontar go fóill.
mo ghairm bheatha my occupation
" I rith an ama seo bhí mé ag obair mar fhiaclóir, mo ghairm bheatha ar feadh cúig bliana is tríocha.
sos gairme career break
" An samhradh ina dhiaidh sin thóg mé sos gairme ó IBM chun dul ag seinm ceoil agus chaith mé trí mhí i mBaile Átha Cliath; nuair a bhí mé ansin, d'éirigh liom dul i dteagmháil le Clodagh.
beifear ábalta na toghcháin a ghairm the elections can be called
" Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís.
gairm the calling of
" Ní hé gur rúndiamhair Fatima eile é an beart a bhfuiltear ag obair air - gairm toghcháin an fómhar seo, barantáis ó na haontachtaithe nach scorfar an Tionól, an dímhíleatú (nó an normalú) ó thaobh Arm na Breataine de agus gníomh eile díchoimisiúnaithe ar a laghad ón IRA.
ár ngairmeacha our professions
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
sos gairme career break
" Tá cónaí air in California i láthair na huaire, agus tá sos gairme dhá bhliain tógtha aige óna phost mar léachtóir le Gaeilge agus mar Stiúrthóir ar Ionad an nAmhrán in Ollscoil Luimnigh.
gairm title
" "Cá'id go mbeidh tú ag baint arís?" "A ngearradh a dhéantar le scoilb!" Bhí sé práinneach as an téarma ceart gairme a bheith aige.
mar ghairm as a profession
" An spórt mar ghairm ======= Deirtear gurb é a dhúil sa spórt ba chúis lena imeacht.
gairme career
" "Bím ag insint scéalta dóibh faoi Thuaim agus is minic anois iad ag fiafraí faoin 'scoil uafásach' sin ar a fhreastail mé!" Níor chuir taithí a chéad bhliana sa mheánscoil isteach ar an rogha a rinne sé ó thaobh gairme de agus cháiligh sé féin mar mhúinteoir bunscoile.
ghairm bheatha career
" Tá dream eile ann, gur mionlach iad, a bhfuil an spórt mar ghairm bheatha acu i slí amháin nó i slí eile.
ghairm call
" "Rinne sé mo ghairm ní ba láidre, fiú, fanacht sna sagairt," a dúirt Buckley.
líon na ngairmeacha the number of vocations
" Deirtear go bhfuil laghdú tagtha i líon na ngairmeacha, agus tá dochar mór déanta do mhuinín daoine as an Eaglais.
mar ghairm bheatha as a career
" Tá an t-ádh dearg liom go bhfuil sé de sheans agam a bheith ag déanamh ceoil mar ghairm bheatha.
a chomórann gairmeacha áirithe which celebrate certain professions/occupations
" Chomh maith leis sin ar fad, bíonn laetha speisialta ann i rith na bliana a chomórann gairmeacha áirithe, ar nós lá na múinteoirí, lá na ndochtúirí nó lá na dtógálaithe.
sos gairme career break
" Thóg mé sos gairme i mbliana chun an dlúthdhiosca a chríochnú.
sos gairme career break
" Thóg mé sos gairme sa bhliain 2000, agus d'fhan mé i gConamara agus i nGaillimh ar feadh sé mhí chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
gairm call
" B'fhear dóiteáin é a athair sa chathair ach, ag pointe amháin ina shaol, chuala Cudahy gairm eile agus chuaigh sé isteach i gcliarscoil, Cathedral Prep i mBrooklyn.
gairm bheatha career
" "Meastar, de shíor, gur gairm bheatha na mban í an mhúinteoireacht, fiú sna hollscoileanna.
lena ghairm bheatha with his career
" Is léir fosta gur fear é atá sásta lena ghairm bheatha, cé go maíonn sé go modhúil nach bhfuil “cumas speisialta nó tallann aige”.
óna ghairm from his calling
" Ach is cuma cén caitheamh aimsire atá aige, ní féidir duine a scaradh i gcónaí óna ghairm.
ghairm career
" ” Ní dheachaigh sé leis an mhúinteoireacht mar ghairm ach fuair sé deis sa deireadh, mar sin féin, bheith ag múineadh na Gaeilge, teanga nach raibh aon teagmháil aige léi ar feadh daichead bliain.
nach bhfanfainn sa ghairm sin that I wouldn't stay in that career
" “Chuaigh mé le bunmhúinteoireacht, is dócha, toisc go raibh sé san fhuil ach bhí a fhios agam nach bhfanfainn sa ghairm sin.
gairm profession
" “Dalta gach tuismitheora, b’fhearr le mo mhuintir go mbeinn i mo dhochtúir nó i mo dhlíodóir nó go mbeadh gairm de shórt éigin agam, ach dúirt uncail liom, ‘Dá mbeifeá i seomra cúirte, arbh fhearr leat bheith i do bhreitheamh nó i do thuairisceoir?’ agus dúirt mise, ‘I mo thuairisceoir’ agus, mar sin, ghlac mo thuismitheoirí leis go raibh mé ag dul a bheith ag obair i bpáipéar nuachta.
olltoghchán a ghairm to call a general election
" Bertie Ahern ======= Seans maith go mbeidh Bertie sásta olltoghchán a ghairm i mbliana agus dul sa seans go n-éireoidh le Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach fanacht i gcumhacht.
a ghairm to call
" Beidh a chuid comhairleoirí ag tathant ar Harper bealach an chomhréitigh a leanúint – ar a laghad go dtí go mbeidh deis aige olltoghchán eile a ghairm agus an móramh sin a lorg amach anseo.
a ghairm to call
" Thiocfadh leis preasagallamh a ghairm nó d’fhéadfaí an t-eolas a chur amach trí iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
ina ngairm bheatha in their career
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
aicme na ngairmeacha the professional class
" Ní bheadh sin chomh fíor céanna san Eoraip ach go traidisiúnta baineann an sacar níos mó leis an aicme oibre ná le haicme na ngairmeacha den chuid is mór.
sos cogaidh a ghairm to call a ceasefire
" Níos measa fós, in ainneoin a raibh an domhan ag súil leis, ní dhearna an Dr Rice sos cogaidh a ghairm agus í in Iarúsailéim.
a ghairm comhairleoirí an réimis which was called by the advisors of the regime
" Ní fheadar go fóill cad a thiocfaidh as, ach amháin go bhfuil faitíos ar an domhan mór go bhfuil Meiriceá ag cailliúint an chogaidh a ghairm comhairleoirí an réimis deich mbliana ó shin.
gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta an enjoyable, innovative, high-technology career
" “Sílim gur seo ceann de na rudaí is mó a thugann ardú misnigh domsa, go bhfuil anois glúin óg tagtha ar an bhfód a fheiceann go bhfuil gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta le baint amach sa nGaeilge agus gur féidir leat, nuair a thograíonn tú, imeacht ón nGaeilge agus siúl isteach in aon stáisiún teilifíse eile in aon áit ar domhan agus a mhacasamhail de phost a fháil.
réimse leathan gairmeacha, a wide range of careers,
" Bhí cúrsaí athnuachana á reáchtáil san institiúid do dhaoine a bhain le réimse leathan gairmeacha, oibrithe sóisialta, múinteoirí agus daoine a bhí ag plé leis an leigheas ina measc.
go ndéanfar olltoghchán a fhógairt agus a ghairm. that a general election will be announced and called.
" “Agus tarlóidh i samhradh na bliana sin go ndéanfar olltoghchán a fhógairt agus a ghairm.
gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha stimulating and worthwhile careers
" Tá freagracht orainn a chinntiú go mbeidh gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha ar fáil don chéad ghlún eile iarchéimithe, an dream sin atá díreach tar éis foirmeacha an CAO a chomhlánú.
sos gairme career break
" Tá seacht mbliana rite ó bhí sos gairme aige óna chuid cúraimí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus litríocht na Nua-Shéalainne agus an Aigéin Chiúin á mbainistiú aige.
mar ghairm as a career
" Ach níor bhreathnaigh Martin ar an cheol mar ghairm – bhí suim aige i gcúrsaí acadúla.
ag tógáil sos gairme, taking a career break,
" Agus múinteoirí ag dul ar scor, ag tógáil sos gairme, ag filleadh ar an staidéar nó ag imeacht le gairm eile, is cinnte go mbeidh idir céad agus 150 múinteoir de dhíth gach bliain sa chóras scolaíochta lán-ghaelaí.
ag imeacht le gairm eile, opting for another career,
" Agus múinteoirí ag dul ar scor, ag tógáil sos gairme, ag filleadh ar an staidéar nó ag imeacht le gairm eile, is cinnte go mbeidh idir céad agus 150 múinteoir de dhíth gach bliain sa chóras scolaíochta lán-ghaelaí.
an ghairm sin. that career.
" Tosaíonn de Barra ar an oilithreacht i ndiaidh dó éirí as an ghairm sin.
gairm vocation
" Is gairm dom é i ndáiríre, seachas obair.
lucht na ngairmeacha. the professionals.
" Agus talamh in Manhattan ag éirí gann, tá foirgnimh Harlem ar díol arís, an turas seo le lucht na ngairmeacha.
i dtreo na gairme sin. towards that profession.
" Diaidh ar ndiaidh, bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú mar shlí bheatha agus deis ag pobail bhochta tuaithe – fiú pobal Rann na Feirste – daoine a chur i dtreo na gairme sin.
gairm bheatha eile another career
" Bhí gairm bheatha eile aige chomh maith, mar léiritheoir amharclainne a léirigh saothair ardchaighdeáin.
deireadh brónach le gairm amhra. a sad end to a distingushed career.
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
go mbeadh reifreann á ghairm that a referendum would be called
" Ní luaithe go raibh Alex Salmond ceaptha ina Chéad-Aire ar Albain ná gur fhógair sé go mbeadh reifreann á ghairm chun an tsreang imleacáin le Sasana a ghearradh.
ina gcuid gairmeacha. in their careers
" Dáréag atá i gceist, ar mná ar fad iad - mná a raibh ardoideachas orthu, mná de chuid na meánaicme, mná a raibh roghanna acu agus mná atá, den chuid is mó, níos sine ná daichead bliain d’aois agus socair ina gcuid gairmeacha.
lucht na ngairmeacha the professionals
" Agus lucht na ngairmeacha imithe amach go dtí na bruachbhailte, ní raibh lucht na gcathracha in ann scoileanna a mhaoiniú ar an dóigh chéanna is a bhí lucht na mbruachbhailte a dhéanamh.
mar ghairm bheatha! as a career!
" Níl mórán daoine sa saol seo ar féidir leo a rá gur thaistil siad an domhan ar luamh, agus ansin, tar éis dóibh filleadh óna gcuid eachtraíochta, go ndeachaigh siad leis an bpuipéadóireacht mar ghairm bheatha!Ach sin mar a tharla do Dharach.
go rachainn leis an bhfuirseoireacht mar ghairm that I would go with comedy as a career
" “Bhí mé an-tógtha le drámaíocht agus mé ar an ollscoil, ach fós féin ní raibh a fhios agam ag an am sin go rachainn leis an bhfuirseoireacht mar ghairm bheatha.
ina ghairm in his career
" ** ** **Ceannródaí**Rugadh Julian Opie i Londain agus is céimí é de chuid choláiste ealaíne Goldsmiths, áit ar bhain sé aitheantas amach dó féin go luath ina ghairm as ucht a chuid ceannródaíochta.
an ghairm sin that career
" ” Tar éis di trí bliana a bheith tugtha aici mar mhúinteoir, d’fhág Carrie an ghairm sin ina diaidh i 1988 agus fuair post in *pizzeria*.
faoina ghairm nó faoina ealaín, about his profession or about his art,
" Bíonn sé de nós ag an ealaíontóir a leithéid a dhéanamh: chomh luath agus a fhoghlaimíonn sé gach rud atá le foghlaim faoina ghairm nó faoina ealaín, tagann sé ar an tuiscint gur mhaith leis an ealaín sin a chur i láthair amhail is gur páiste é – gan ualach an domhain, nó dearcadh daoine eile nó tionchar múinteora a bheith ag dul i bhfeidhm air a shaothar, ach a bheith i mbun a ealaíne amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air.
i leith na ngairmeacha éagsúla regarding the different professions
" Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.
sna gairmeacha. in the professions
" Ní hamháin sin, ach is iarrthóir tarraingteach é do liobrálaithe na gcathracha, go háirithe dóibh siúd sna gairmeacha.
nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm when the next general election is called
" D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d'éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha enjoyable challenging careers
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
deiseanna fostaíochta agus gairme employment and career opportunities
" Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
gairm bheatha career
" ” Cibé ar bith, chuaigh gairm bheatha Strong ó neart go neart i ndiaidh dó bualadh le David Rockefeller.
gairm chiallmhar sensible career
" Rachaidh siad chun na hollscoile; bainfidh siad céimeanna amach; rachaidh siad le gairm chiallmhar inphinsin.
mar ghairm as a career
" Toisc go raibh traidisiún láidir saorálaíochais ina teaghlach, níor smaoinigh Roche riamh ar dhul le hobair shóisialta mar ghairm i ndiaidh di an scoil a fhágáil.
ghairm-mhian as a professional aspiration
" Bhíodh sé le rá fada ó shin, dá mba mhian leat an domhan a thaisteal, gur cheart duit a bheith i do mhairéalach leis an chabhlach Ach is léir anois gurbh fhearr i bhfad mar ghairm-mhian post a fháil sa tseirbhís phoiblí! Cinntiú, nó ceisteanna le freagairt Eascraíonn ceisteanna go leor as an eachtra seo faoin ról atá ag boird stáit.
ag gairm being described/called
" Cé go raibh an Rinneach ós cionn ceathracha bliain d’aois am déanta an scannáin, bhíothas fós ag gairm ‘an t-iománaí is fearr’ air.
ngairm profession
" Ó thosaigh sé i ngairm na hinfheistíochta i 1960, fuair sé aithne ar an lucht airgeadais ba mhó agus ba thábhachtaí ar domhan, ina measc polaiteoirí mar Elliot Spitzer (iarghobharnóir Nua-Eabhrac), lucht cultúir mar Stephen Spielberg agus Zsa Zsa Gabor, agus rialtóirí airgeadais na tíre.
rogha ghairme a career choice
" Tá ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin.
ghairm profession
" Tá ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin.
gairmeacha professions
" Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil.
ríthe á ngairm kings being proclaimed
" An chéad phríomhchathair san Iorua a bhí inti, agus leoga, is ansin a mbíodh na ríthe á ngairm agus á bhfeisiú i bhfad ó shin.
gairmeacha professions
" Adhlacóir, i measc gairmeacha eile, a bhí i Mícheál Ó Duibhir.
ghairm announcement
" Ó chuaigh an ghairm is an choróin uirthi mar Miss Cork ag tús an Mhárta is beag seachtain a d’imigh thart gan a haghaidh le feiceáil ar na páipéir.
gairm bheatha a career
" D’imir Aisake Aussie Rules, díreach mar atá á dhéanamh ag Setanta ó d’fhág sé Éire tuairim is sé bliana ó shin chun gairm bheatha sa spórt sin a bhaint amach dó féin.
sos gairme career break
" “Mar a bhí á rá agam, táim chun saoire gan phá a thógáil – tá sos gairme á mholadh acu san earnáil phoiblí faoi láthair agus is maith an chiall dom é sin a dhéanamh anois fad is atá na cailíní óg agus suíochán agam sa Seanad.
ngairm profession
" Athrú eile atá tagtha ar an ngairm, agus ní mé an maith é i gcónaí, ná go mbíonn an dara duine, iarimreoir go minic, sa bhosca craolacháin mar chineál cúntóra ag an bpríomhthráchtaire.
sos gairme career break
" Tar éis fiche bliain a chaitheamh i mo mhúinteoir i mBaile Átha Cliath, shocraigh mé sos gairme a ghlacadh sa bhliain 2000 agus teacht go Páras.
cúrsaí gairme work related
" In aois a thrí bliana déag, bhí stainc air ó chuala sé roinnt seachtainí roimhe sin go raibh sé i gceist againn Baile Átha Cliath a fhágáil agus cúpla bliain a chaitheamh i bPáras de bharr cúrsaí gairme.
d'ionchas gairme of professional prospect(s)
" Is cinnte gur beag d'ionchas gairme atá ann don té a bheadh ag iarraidh a bheatha a bhaint i dtír in earnáil dheonach na Gaeilge.
ghairm profession
" Mar sin bhí bunús le hargóint Phól Uí Mhurchú gur cheart go mbeadh rialacha na cúirte, seachas pacáiste iomlán d'ionstraimí reachtúla, ar fáil dó siocair gur bhain na rialacha sin go sonrach lena ghairm.
gairmeacha professional
" Leis an líon beag d’aisteoirí gairmeacha le Gaeilge atá ann, agus cuid mhór acu feicthe go minic cheana ar an scáileán, bhí an baol ann gur cosúil le radharc samhlaíoch as Ros na Rún a bheadh sa scannán seo.
ghairm business
" Mar sin, tugann Kiarostami dúshlán na ngnás eagarthóireachta agus inste scannáin atá ina bhíobla sa ghairm againn ó aimsir Eisenstein agus ‘Sraith na gCéimeanna Odessa’ anall - bíodh is nárbh Eisenstein amháin a chum ná a cheap na bun-choischéimeanna graiméara scannáin sin.
gairm profession
" Tá níos mó múinteoirí sa Dáil anois ná gairm ar bith eile.
iliomad gairmeacha innumerable professions
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
a ghairm bheatha his profession
" "Sin mac Mhary Mohin," a chuala mé nuair a bhí mé ag fás anios anseo agus labhair na daoine fásta le chéile faoi Paul McCartney, a bhí ag tosú a ghairm bheatha mar bhall den Beatles ag tús na 1960's.
gairmeacha beatha professions
" Lig sé air féin go mba phíolóta aerlíne Pan Am é, go mba dhochtúir leighis é, go mba abhcóide é – i measc gairmeacha beatha eile.
rogha gairme a choice of profession
" Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.
gairm a profession
Gairm an Imreora playing as a profession
"Gairm an Imreora ======== Tá beirt Éireannaigh eile ann: Anthony O Connor agus John O Sullivan.