Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gaiscígh heroes
" Ach maidir le Seáiní Mac Mathúna, Jamsey Ó Conchubhair agus imreoirí cróga an Chláir, Pól Ó Floinn agus gaiscígh eile Phort Láirge, Joe Déin agus iománaithe sciliúla Chorcaí agus iliomad imreoirí iontacha eile, ealaíontóirí an chluiche is fearr in Éirinn, ní fheicfear iad i mbun imeartha lena gcontaetha go ceann bliana eile.
ghaiscígh heroes
" Le tríocha bliain anuas tá an leagan den stair atá á chur chun cinn ag na hathbhreithniúchóirí ag caitheamh drochmheasa ar ghaiscígh 1916.
ghaiscíoch cróga brave hero
" Cuireadh isteach é sa *Galleria dell'Accademia *in 1873 chun é a chosaint, agus fágadh macasamhail den ghaiscíoch cróga sa Piazza, ag coinneáil súil stuama ar an chearnóg ghnóthach.
gaiscíoch hero
" 71 méadar lasmuigh de churadh-iarracht dhomhanda an bhuaiteora, Nambu na Seapáine, gur laoch agus gaiscíoch ar leith ab ea é.
in onóir a ghaiscígh phearsanta féin in honour of his own personal hero
" Ach bronnadh Gradam Mór na gCluichí Cainte ar Bhalor na Súile Nimhe é féin as an amhrán a chum sé in onóir a ghaiscígh phearsanta féin, Charlie Hee Haw, Taoiseach Éireann uair dá raibh.
an triúr gaiscíoch the three heroes
" Éamó, Léamó agus Réamó atá ar an triúr gaiscíoch agus ag tús an leabhair tá siad ina suí sa chistin ag ól cupán tae.
gaiscígh spóirt sports heroes
" Is beag duine a d’easaontódh leis an tuairim gur gaiscígh spóirt ar leith iad an bheirt sin a bhfuil a gcáil is a n-éachtaí i ndiaidh teorainneacha cultúrtha agus polaitiúla an domhain mhóir a thrasnú.
ghaiscígh teallaigh armchair generals
" Ba í an tuairim choitianta í i measc ghaiscígh teallaigh agus thráchtairí na meán cumarsáide gurbh eisean an t-imreoir haca ab fhearr riamh.
na gaiscí agus na gaiscígh the feats and the heroes
" B’fhiú go mór dá leithéid a bheith ann, áfach, agus na gaiscí agus na gaiscígh a bhain leo.
i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo amongst the big sporting heros of this country
" Ní ionadh ar bith, dá bhrí sin, go bhfuil ainm Phádraig luaite anois i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo in éineacht le Stephen Roche, Christy Ring, Ronnie Delany, Éamon Coughlan, Sonia O’Sullivan agus mar sin de.
ghaiscíoch hero
" Criostóir Ó Rinn Tá iomrá i gcónaí ar Christy Ring mar ghaiscíoch spóirt, an laoch iomána ab fhearr riamh dar lena lán.
ghaiscíoch warrior
" Is mé an cainteoir dúchais deireanach de chainteoirí caoine ceannasacha Liatroma, bail ó Dhia orm mar ghaiscíoch gasta groí, sa chiall is cultúrtha de na focail sin, agus bail ó Dhia ar shluaite na marbh a d’imigh romham agus iad ag spalpadh Ghaeilge bhinn bhlasta Liatroma agus iad ar a ndé dheiridh agus an bás ag bagairt orthu, bail ó Dhia ar an bhás.
gaiscígh hero
" Bhuaigh sé 37 as na 51 rás a raibh sé páirteach iontu idir 1928-32 agus ba laoch spóirt náisiúnta é le linn an Spealadh Mhóir, am a raibh gaiscígh ag teastáil go géar ó mhuintir na hAstráile.
ngaiscíoch críonna old warriors
" Chuaigh umhlaíocht na ngaiscíoch críonna i gcion go han-mhór ar an lucht féachana ollmhór agus ba ríshoiléir nár chreid na seansaighdiúirí go raibh aon mhaitheas i gcogaíocht.
gaiscígh heroes
" Cé gur mórimeachtaí náisiúnta cultúrtha agus spóirt iad na cluichí ceannais iomána, camógaíochta agus peile atá thart go ceann bliana eile, agus muid ag caitheamh súil siar ar imeachtaí mhí Mheán Fómhair, ní mór tús áite a thabhairt do bhanghaiscíoch spóirt na hÉireann, Katie Taylor, atá tar éis gach a bhfuil déanta ag gaiscígh spóirt na tíre bige seo, idir fhir is mhná, a shárú.
ngaiscígh warriors
" Tá siad ina gceannródaithe, ina laochra, agus tá siad ina ngaiscígh.
na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo the native heroes who fell
" Nach mithid an urraim chéanna a thabhairt san iarsmalann do na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo i gCogadh na Teorann agus iad ag iarraidh an Astráil a chosaint in éadan na ngabhálaithe eachtrannacha?