Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gaiscí feats
" Sea, cluichí iontacha agus gaiscí móra ag sárimreoirí.
gaisce feat
" Tá Corn Sacair an Domhain thart um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le *fans!* Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.
gaisce exploit, feat
" Tá a fhios aige Dia go ndeineadh an cinneadh ceart nuair a tugadh an cuireadh thar n-ais go Maigh Nuad dó mar is mó gaisce a rinne sé ansin.
gaiscí heroics
" B'fhéidir go dtiocfaidh an fhírinne chun cinn lá éigin ina cás siúd ach is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta ag muintir na hÉireann (d'aon turas, is dóigh) ar a cuid "gaiscí" sa linn snámha in Atlanta.
gaiscí feats
" Laoch agus réalt ab ea Jimmy Barry Murphy faoin am a d'éirigh sé as a bheith ag imirt, ach níor stad sé de bheith ag déanamh gaiscí: i 1999, mar shampla, agus é ina bhainisteoir ar fhoireann Chorcaí, rug siad leo Corn Mhic Cárthaigh cois Laoi uair amháin eile.
gaiscí exploits
" Glacann foirne saoire le chéile (tá Loch Garman agus Ciarraí díreach thar n-ais) - comhartha buíochais dóibh as ucht gaiscí nó iarrachtaí na bliana roimhe.
gaiscí tábhachtacha important feats
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
gaisce feat
" B'fhiú é, an gaisce a rinne siad - agus anois, seo muid mar cheannródaithe glasa in athuair!" Neart tionscadal eile ======= Ó osclaíodh doirse na linne snámha (a bhfuil ag éirí go han-mhaith léi, dála an scéil), tá neart tionscadal glas eile tagtha chun cinn, macasamhail an Wavegen "Limpet".
gaiscí an-mhóra great feats
" Is cuma cén bealach a mbreathnaíonn tú air, fear ab ea Éamonn Mac Gearailt a rinne gaiscí an-mhóra ó thaobh an spóirt de, ach is cosúil nach bhfuair sé riamh an t-aitheantas a bhí ag dul dó go dtí an bhliain seo féin, 72 bliain tar éis na gCluichí Oilimpeacha i Los Angeles agus 45 bliain tar éis a bháis i l958 leis an eitinn.
ghaisce feat
" Is cosúil nach ndearna sé mór is fiú de féin ná dá ghaisce féin.
gaisce feat
" Is mór an gaisce, dar ndóigh, réalta peile agus iomána a ghnóthú an bhliain chéanna agus tarlaíonn sé sin ó am go ham.
comhghairdeas leo as a ngaisce congratulations to them for their feat
" Ach comhghairdeas leo as a ngaisce, rud a chuidigh le cuid den ghruaim a ardú de lucht iomána na hardchathrach tar éis bhliain na hainnise ag na sinsir.
gaisce a dhéanamh to be boastful
" Níl aon éirí in airde ag baint leis ná aon iarracht gaisce a dhéanamh.
gaisce feat
" Is fíorannamh a dhéanann imreoir gaisce sa pheil agus san iomáint, ach i gcás Dinny tá sé le rá faoi go raibh trí chluiche máistrithe aige.
gaiscí ealaíne artistic feats
" Nuair a fhéachann tú siar ar an stair, tá sé spéisiúil a fhoghlaim nach eaglaisí nó pátrúin shaibhre ba chúis leis na gaiscí ealaíne a rinneadh sa chathair seo le linn an 17ú haois – rud a bhí amhlaidh i dtíortha eile – ach an pobal mór meánaicmeach a raibh airgead le spáráil acu agus a bhí ag iarraidh pictiúir a cheannach le crochadh ina dtithe féin.
gaisce feat
" Ar an bpáirc tar éis an chluiche bhí an t-áthas agus an gliondar croí le brath go soiléir, go háirithe i measc na múinteoirí agus na dteagascóirí a mhúin scileanna na hiomána do na buachaillí a rinne gaisce ar an bpáirc nóiméid roimhe sin.
na gaiscí agus na gaiscígh the feats and the heroes
" B’fhiú go mór dá leithéid a bheith ann, áfach, agus na gaiscí agus na gaiscígh a bhain leo.
gaisce a dhéanamh to do well
" Samhlaigh an triúr acu ag imirt le Corcaigh i gCraobh na hÉireann! D’fhéadfadh sé sin tarlú mar ní heol dúinn ón gclár an bhfuil sé i ndán dóibh go cinnte gaisce a dhéanamh le peil na hAstráile, ach de réir mar a imíonn an t-am is beag an seans go bhfillfidh siad ar Chorcaigh agus ar an iomáint.
a rinne gaisce. who achieved great things.
" Sa tréimhse sin idir 1975 agus 1986 d’fhéadfaí a rá go raibh *trí* fhoireann éagsúla ag Ciarraí a rinne gaisce.
a ghaisce his feat
" Maireann a ghaisce i mbéal na ndaoine.
gaisce achievement
" D’imir siad ar fhoireann mionúr agus ar fhoireann faoi 21 bliain Bhaile Átha Cliath agus rinne an triúr acu gaisce sa bhliain 1973 nuair a d’imir siad i gcluiche ceannais na hÉireann ar fhoireann faoi 21 bliain, cluiche a imríodh i gcoinne na Gaillimhe.
Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht there is a good chance that that achievement will be a record
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
gaisce feat
" Tá seans i gcónaí ann go mbainfidh Gaillimh geit as Cill Chainnigh – an cuimhin leat 2005? – agus le Ger Loughnan i bhfeighil fhoireann na Gaillimhe don dara bliain, cá fhios nach mbainfidh siad gaisce amach gan choinne.
gaisce feat
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
i measc na ngaiscí proifisiúnta among the professional achievements
" Bhí sé páirteach fosta in “Don’t feed the Gondolas”, sraith nach n-áiríonn sé i measc na ngaiscí proifisiúnta is mó a bhfuil sé bródúil astu (ach níos mó ina thaobh sin ar ball!)Níl Des Bishop ach 32 bliain d'aois, ach tá an t-uafás bainte amach aige cheana féin.
gníomhartha gaisce warrior deeds
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
Gaisce great feats
" Gaisce de dhéanamh Seamus Darby (nó Shane Lowry fiú) ag teastáil uaidh ar laethanta deiridh an Rialtais, má táthar le fanacht i gcumhacht.
gaisce marvelous work
" Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban.
gaisce valour
" Titeann an lug ar an lag agus an clár ag dul amach ar an aer nuair a ghlaíonn an pobal isteach chun ‘gaisce’ na beirte ‘laoch’ a shéanadh.
gaisce excellence
" Ní raibh deacracht ar bith an mhí seo áfach agus biaiste na hiomána idirchontae díreach thart agus ba é sin oirbheart agus gaisce iománaithe Chill Chainnigh a mholadh agus a mhóradh tar éis dóibh an ceathrú craobh shinsear iomána uile-Éireann as a chéile a ghnóthú.
ghaisce tobann sudden feat
" Cad é mar a mhothaigh tú nuair a chuala tú an scéal? PÓC: Mar a dúirt mé nuair a fuaireas an t-ardú céime, ba ghaisce tobann a bhí ann tar éis 25 bliain sa pholaitíocht! Bhí lúcháir orm.
gaisce achievement(s)
" Ainmníodh í mar Dhornálaí an Chomórtais ag deireadh Chraobhchomórtas an Domhain agus aithníodh mar Dhornálaí an Domhain í in 2008, ach is aisteach nach bhfuil aitheantas níos fairsinge tugtha dá cuid gaisce ina tír dhúchais.
ag déanamh gaisce blowing my trumpet, boasting
" Ní maith liom a bheith ag déanamh gaisce.
do chuid gaiscí your feats
" Ag Spochadh As ========= **Balor: Gabh mo leithscéal, a iar-Thaoisigh na ceannlitreach T séimhithe; ach ní le bheith ag caint fút féin agus do chuid gaiscí a d’iarr mé ort dul faoi agallamh.
gaisce mór great feat
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
ag déanamh gaisce proudly proclaiming
" Tá a fhios a’m go dtáinig na daoine in RTÉ isteach ar an rud chomh luath is a bhí sé – an chuid is mó acub, cé is moite de Charlie Bird a bhíonns ag déanamh gaisce anois ach a d’éirigh as an gceardchumann mar gheall go raibh muid ag dhul á dhéanamh.
gaisce a feat
" An bádóir a thriomódh ar cheachtar den dá chósta, bheadh gaisce déanta aige.
Ba mhór an gaisce é sin that was a feat
gaisce a dhéanamh to perform brilliantly
" Dá bhrí sin, tá deis ag foireann Phoblacht na hÉireann i gcónaí gaisce a dhéanamh (a) má bhíonn an t-ádh leo maidir le nithe éagsúla ar nós cinntí réiteora agus imreoirí a bheith i mbarr a sláinte (b) má oibríonn plean agus beartas an bhainisteora an freasúra a chur den scóráil ina coinne agus (c) má imríonn siad leis an spreacadh agus leis an gcroí céanna a bhíonn ag foirne na hÉireann de ghnáth agus a bhfuil béim leagtha air ag an mbainisteoir Trappatoni.
nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce phrases, runs, flourishes
" Bíonn nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce sa chaint sin agus b’fhéidir nach dtuigfidís mórán de seo.
a bhfuil gaisce déanta acu who have done wonders
" Comhartha Measa ======= I measc na nithe eile gur mhaith liom a fheiceáil san athbhreithniú, tá an cosc atá ar an stát córas bronnta gradam a bhunú a thabharfadh aitheantas d'Éireannaigh a bhfuil gaisce déanta acu.
a rinne gaisce chomh mór who performed such deeds
" Seachas Caoimhín O hIfearnáin i 1974, a phleanáil agus a stiúir foireann peile Átha Cliath, a bhí in umar na haimléise ceart ag tús na bliana sin, chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan, is deacair cuimhneamh ar aon bhainisteoir eile ar fhoireann chontae ar bith a rinne gaisce chomh mór is atá déanta ag Jim Mac Géibheannaigh.
Tá gaiscí déanta have done wonders
" Tá gaiscí déanta ag lucht Coderdojo cheana féin.
an gaisce céanna the same great feat
" Ach dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis, an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna.
gaisce mór a great feat
" Agus cé nár bhuadar aon chraobh, d’éirigh le peileadóirí Londain gaisce mór a dhéanamh agus dhá chluiche craoibhe a bhuachan in aghaidh Shligigh agus Liatroma.
dhéanann bean gaisce as an ngnáth a woman performs an exceptional feat
" Rith sé liom i ndiaidh an imeachta úid, agus ní don chéad uair é, gur beag an aird a thugtar ar spórt na mban i gcoitinne le hais a dtugtar do spórt na bhfear seachas an chorr-uair a dhéanann bean gaisce as an ngnáth ar an ardán idirnáisiúnta.
de bharr a gcuid gaiscí spóirt for their excellence in sport
" Clann ina raibh seachtar deartháireacha a bhain clú agus cáil amach in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá agus ar bronnadh gradam Dámhachtain na Laochra in Éirinn orthu sa bhliain 1982 de bharr a gcuid gaiscí spóirt.
faoina chuid gaiscí polaitiúla about his own political heroic triumphs
" Ina ainneoin sin ní dhearna sé aon stad – ná fuaradh ach oiread – ina chuid cainte gur chaith sé cúig bhomhaite is fiche ag caint faoi mhórán de na daoine a bhí cruinnithe os a chomhair sa halla, agus ag caint faoi féin agus faoina chuid gaiscí polaitiúla.
na gníomhartha móra gaile agus gaisce the great deeds of valour and bravery
" Agus instear i seanchas an oird sin na gníomhartha móra gaile agus gaisce a dhein na ridirí uaisle sin.