Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghalúin go leith one and a half gallons
" Le héifeacht an ghalúin go leith Red Bull a bhí ólta ag Rí an Oileáin chuaigh sé thart ag pógadh gach a raibh i láthair, idir fhir agus mhná, é á thachtadh féin le mórchúis agus le paisean na hócáide, agus an mhuintir bhocht a d'fhulaing na póga á dtachtadh féin le samhnas.
ag ól cúpla galún leanna drinking a few gallons of beer
" "Ní mó ná sásta a bhí mé cúpla mí ó shin agus mé ar mó sháimhín só istigh i dtábhairne, mé suite liom féin ag ól cúpla galún leanna go ciúin béasach, nuair a tháinig ceann de na cleitíní damanta sin fá leath troighe de mo chluais chlé - bhuail sé mé i gclár m'éadain!" Balor bocht! Ní mó ná sásta a bhíonn sé leis na daoine nach mbíonn ag caitheamh ar chor ar bith sna tábhairní - iad sin nach mbíonn ag caitheamh airgid atá i gceist aige, iad sin nach gcuireann a lámh isteach ina bpócaí riamh ach amháin fá choinne a dtóin a scríobadh.
sé ghalún pórtair six gallons of porter
" Sé seachtaine i ndiaidh do Bhalor tosú amach ar a chamchuairt casadh air Séimí an Siúinéir, agus i ndiaidh do Shéimí sé ghalún pórtair a chaitheamh siar scaoileadh an chéad rún: airgead na Chéad Chomaoineach.
in aghaidh an ghalúin. per gallon
" Síleann a cuid cairde go bhfuil sí as a meabhair, ach tá a fhios aici go n-athróidh siad a bport nuair a ardófar praghas an pheitril go $8 in aghaidh an ghalúin.
a íoctar as galún peitril that is paid for a gallon of petrol
" An t-athrú ba mhó a tharla le déanaí ná gur tháinig ardú ar an bpraghas a íoctar as galún peitril go os cionn $4 den chéad uair riamh.
mílte in aghaidh an ghalúin miles per gallon
" Is éard atá ann ná go léirítear sonraí maidir le hinniúlacht MPG (mílte in aghaidh an ghalúin) na gcarranna go soiléir, is é sin, chomh tíosach is atá siad ar an mótarbhealach agus sa chathair.