Pota Focal Intergaelic
gaf | gaff | gal | gala | gale
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhachaire gailf golf-course
" Tá cosc ar charranna ar an oileán de bharr go bhfuil na bóithre róchúng agus casta - ní cheadaítear ach rothair, móipéidí agus carranna leictreacha den chineál a úsáidtear ar an mhachaire gailf.
lucht leanúna gailf agus iomána golf and hurling fans
" Cé gur gnáthfhadhb ag lucht leanúna gailf agus iomána é an liathróid a leanúint ar an teilifís, tá an fhadhb níos measa ar an idirlíon.
maidí gailf golf sticks
" Gan choinne, tá an triúr timpeallaithe ag cúig óganach déag, cuid acu agus *balaclavas* orthu, gléas troda ag an uile dhuine, bataí adhmaid, maidí *baseball* agus maidí gailf.
chairrín gailf golf cart
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
corrchluiche gailf the odd game of golf
" Imríonn sé féin corrchluiche gailf, agus le linn ár dtimpeall taitneamhach, éachtach, d'inis an mac go mbíonn ar a athair, an peileadóir cáiliúil, cáirín a thiomáint timpeall an chúrsa gailf ar an ábhar nach féidir leis é a shiúl gan pian a fhulaingt.
liathróidí gailf golf balls
" Agus bhí an t-ádh dearg freisin leo siúd a bhí ag féachaint ar an gcomórtas ar an teilifís – bhí na liathróidí gailf ar fad níos soiléire ar an scáileán ná riamh i mbliana toisc go raibh teicneolaíocht nua na teilifíse ardghléine (nó HD) in úsáid.
neart machairí gailf plenty of golf courses
" Tugtar “baile an ghailf” ar Chill Rìmhinn agus tá neart machairí gailf ann agus áiseanna éagsúla speisialta don dream sin.
iarsmalann ghailf golf museum
"iarsmalann ghailf san áit freisin, agus siopa ag díol éadaí dearthóra gailf.
éadaí dearthóra gailf. designer golf clothes.
" Tá iarsmalann ghailf san áit freisin, agus siopa ag díol éadaí dearthóra gailf.
machaire cáiliúil gailf famous golf links
" Is é an galfaire Pádraig Harrington an té atá i gceist agam agus is é an t-éacht atá bainte amach aige ná a bhua i gComórtas Oscailte na Breataine ag Carnoustie, an machaire cáiliúil gailf in Albain.
ceann eile de na mórchomórtais ghailf one of the big golfing competitions
" Is cinnte go mbeidh lucht gailf na hÉireann – agus pobal na hÉireann i gcoitinne, go deimhin – ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn Phádraig in 2008 agus ag dréim go mbuafaidh sé ceann eile de na mórchomórtais ghailf arís i mbliana.
aghaidh nua an ghailf the new face of golf
" Mar a scríobhadh i nuachtán amháin faoin bhfear óg: “Is é Won Joon Lee aghaidh nua an ghailf san Astráil.
agus aghaidh a thabhairt ar mhachairí fada an ghailf and to head for the long golf courses
" Sea, i bhfad uainn aithreacha Éireannacha na seanghnásanna, na laethanta sin nuair nach raibh le déanamh ag athair ach an tuarastal a chur ar an tábla gach Aoine agus aghaidh a thabhairt ar mhachairí fada an ghailf ag an deireadh seachtaine.
maidí gailf golf sticks
" Is minic a fheictear daoine, a bhíonn cuibhiúil deas de ghnáth, á marú le maidí gailf nó le haon uirlis troda a bhíonn áisiúil.
chuir ar a chumas galf a imirt enabled one/him to play golf
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.
Aontacht Gailf na hÉireann the Golf Union of Ireland
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
ag iompar málaí gailf an uasaicme carrying the nobility’s golf bags
" Sna ‘seanlaethanta’ d’fhoghlaim leithéidí Harry Bradshaw, Christy O'Connor, Eamonn Darcy agus go leor galfairí eile scileanna an ghailf as a stuaim féin – thosaigh go leor acu amach ina gcodaithe agus iad ina ngasúir, ag iompar málaí gailf an uasaicme ar mhaithe le cúpla pingin a thuilleamh, agus chuir siad suim sa chluiche de bharr na taithí sin.
mhachairí gailf golfing fairways
" Ó mhachairí gailf go spealadh Neascóidí ar fud na hEorpa, bíonn a shá le déanamh ag Balor, ach a theacht slán ó Chumann Meyrickmen a chruinnigh ina dtreibheanna i nGaillimh deireadh mhí Eanáir.
bhán an ghailf golf fairway
" Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
Léiríonn corn gailf a golf cup demonstrates
" Léiríonn corn gailf san Astráil an ghuagacht a bhain le caidreamh idir an dá thír, Éire agus an Astráil, ar feadh na mblianta fada.