Pota Focal Intergaelic
gae | age | ga | gadé | Gael
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chluichí iománaíochta hurling games
" Anois an t-am is fearr den bhliain do chluichí iománaíochta ag gach leibhéal.
cluiche cáilithe qualifying games
" Is mar sin a bhí an scéal fiú tar éis athrú a bheith déanta ar an gcóras agus cúpla cluiche cáilithe a bheith le himirt le dul chun cinn go dtí babhta leathcheannais den chraobhchomórtas.
cluiche leathcheannais semi-final game
" Bia den chéad scoth ar fáil ag leath ama - sea is geall le cluiche leathcheannais haiku é seo ach nach bhfuilim in ann an scór a léamh.
cluichí craoibhe iomána agus peile hurling and football final games
" Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa! Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad.
chluichí na nGall the games of the English
" Cad é eile a dtiocfadh libh bheith ag dúil leis ach amháin teip, agus sibh ag gabháil do chluichí na nGall!!'" Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle agus na nGall atá lucht seirbhíse na tíre seo dar le Balorina na Súile Glinne Nimhe.
tugtha go hiomlán don chluiche totally taken with the game
" Deis a bhí ann dom faoiseamh a fháil ó leadrán an Domhnaigh ar dtús ach níorbh fhada go raibh mé tugtha go hiomlán don chluiche.
sárchluichí great games
" Bhí sárchluichí ann idir an Clár agus Tiobraid Árann faoi dhó an bhliain sin a mbeidh cuimhne ag lucht leanúna na hiománaíochta orthu, go háirithe i gContae an Chláir, go ceann i bhfad.
cluichí ríomhaireachta computer games
" Idir an teilifís agus cluichí ríomhaireachta bíonn sé deacair iad a bhogadh, go háirithe má bhíonn an aimsir go dona faoi mar a tharlaíonn rómhinic sa tír seo.
Eagraíodh cúpla cluiche peile a few football games were organised
" Eagraíodh cúpla cluiche peile i Melbourne in 1858 ach de bharr easpa rialacha, bhí an scéal ina chiseach.
cluiche sraithe league game
" Bhuadar gach cluiche sraithe (Roinn 2) agus bhí buanna ar Chorcaigh agus ar Phort Láirge ina measc.
cluichí cogaíochta war games
" Is é an rud nár chuir lucht na pleanála in arm Mheiriceá san áireamh, agus a gcuid cluichí cogaíochta ar siúl acu roimh ré, ná an tionchar a bheadh ag Al-Jazeera ar mheon an phobail, ní hamháin san Iaráic féin, ach ar fud an domhain Mhoslamaigh.
géim game
" Ach bhí an méid sin bia mara ann - oisrí agus diúlicíní, cuir i gcás - agus an méid sin géim sna foraoisí, nach raibh orthu bogadh.
na Cluichí Oilimpeacha the Olympic Games
" Is léir gur chuidigh na Cluichí Oilimpeacha sa mbliain sin.
sa chluiche comhscóir in the drawn game
" Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile! Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait.
Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí The Special Olympics World Games
" Ach, muna raibh sin olc go leor, níos déanaí sa bhliain tharla a leithéid arís, an uair seo ag mórócáid oscailte Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí bPáirc an Chrócaigh.
cluichí gallda foreign games
" Tá Riail 21, a chuir cosc ar fhórsaí na corónach, imithe, mar aon le Riail 28 a chuir cosc ar bhaill an CLG cluichí gallda a imirt.
na cluichí cáilithe the qualifying games
" Mar shampla, tá na cluichí cáilithe, nó córas an chúldorais mar a thugtar air, i ndiaidh líon mór daoine a mhealladh, ní hamháin go Páirc an Chrócaigh, ach thart ar an teilifís i dtithe agus i dtábhairní ó cheann ceann na tíre.
chluiche sinsearach senior game
" B'in an lá a rinne Mícheál Ó hEithir a chéad chraoladh raidió: tráchtaireacht ar an chluiche sinsearach.
chluichí collaí sex games
" Bhí díomá ar dhaoine áirithe nuair a d'fhógair údaráis Mheiriceá go raibh siad ag cur bac iomlán ar chluichí collaí ina mbeadh daoine nochta ag súgradh le coniallacha.
cluiche an mhilleáin the blame game
" B'fhéidir gur mian leo go n-imeodh siad, agus nár mhaith leo pilleadh ar an "streachailt armtha" ach tig fearg orthu nuair a tchí siad iompar an PSNI, agus téann achan taobh ar ais go dtí an seanmhúnla - racáin, foréigean, cluiche an mhilleáin.
na Cluichí Oilimpeacha the Olympic Games
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha the philosophy of the founders of the modern Olympic Games
" Dar ndóigh, ní hiad na boinn is tábhachtaí ná an bua ach páirt a ghlacadh, do dhícheall a dhéanamh agus iomaíocht go cróga agus go féaráilte, de réir fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha.
físchluiche video game
" Is ráiteas é *The House of Osama bin Laden *faoi "éiginntitheacht" an chogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus tá sé mar a bheadh físchluiche ann.
chluiche stua arcade game
" Tá Langlands agus Bell tar éis fáil réidh leis an aidréanailín ón chluiche stua," a dúirt Judith Nesbitt, coimeádaí thaispeántas Dhuais Turner, a bheas ar siúl go dtí go mbronnfar an duais i mí na Nollag.
corrchluiche gailf the odd game of golf
" Imríonn sé féin corrchluiche gailf, agus le linn ár dtimpeall taitneamhach, éachtach, d'inis an mac go mbíonn ar a athair, an peileadóir cáiliúil, cáirín a thiomáint timpeall an chúrsa gailf ar an ábhar nach féidir leis é a shiúl gan pian a fhulaingt.
gcluichí ríomhaireachta computer games
" Dúirt sí ag comhdháil a tionóladh i Leitir Ceanainn go mbaineann athruithe sa tsochaí chomhaimseartha go dlúth leis an scéal - an bheirt tuismitheoirí ag obair, cuir i gcás, agus iad i muinín an chairr leis na páistí a thabhairt ar scoil nó go dtí an naíonra, tionchar na teilifíse agus na gcluichí ríomhaireachta, agus mar sin de.
luas an chluiche the speed of the game
" Cosc ar ruathair aonair - chuirfeadh sé le luas an chluiche mar taistealaíonn sliotar níos tapúla ná duine.
chuirfeadh sé leis an gcluiche it would add to the game
" Ach imreoir ag rith go tapa agus ag cromadh le lámh amháin chun an pheil a cheapadh - bheadh sin ina scil iontach agus chuirfeadh sé leis an gcluiche.
cluichí gallda foreign games
" Níl sé i gceist agam stair na rialach a ríomh ach is leor a rá gur riail í a tugadh isteach in áit riail chonspóideach eile a chuireadh cosc ar bhaill CLG cluichí gallda a imirt a cuireadh ar ceal i 1971.
gach cluiche iomána every hurling game
" Níl seo fíor faoi gach cluiche iomána, áfach, ach níl sé ar intinn agam díriú ar an gcnámh spairne sin an uair seo.
forbairt na gcluichí the development of the games
" ie)) mar a bhfuil eolas faoi gach gné den chumann agus de na cluichí maidir le stair, cluichí le theacht, an nuacht is déanaí faoi fhoirne agus imreoirí, eolas ar pheil agus iománaíocht, forbairt na gcluichí agus mar sin de.
i gcuiche peile nó iomána in a football or hurling game
" ) Go dtí le gairid, má cuireadh imreoir den pháirc i gcuiche peile nó iomána thuig gach duine cá raibh a sheasamh.
de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe because of the semi-final and final games
" Bhí críoch an-mhaith leis an mbliain de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe ach is gá a rá go raibh an iomarca cluichí aontaobhacha i gceist, is é sin cluichí ina raibh bearna mhór idir an dá fhoireann.
sna cluichí cáilithe in the qualifying games
" Tharla sin den chuid is mó sna cluichí cáilithe as ar tháinig Gaillimh, an Clár, Tiobraid Árann, Loch Garman, Port Láirge agus Luimneach.
sárchluiche an excellent game
" Bhí cuid de na tráchtairí á rá go ndearna tacaithe ar an dá thaobh an iomarca botún agus nach bhféadfaí a rá gur sárchluiche a bhí ann dá bhrí sin, ach measaim féin go raibh an léamh sin ar an gcluiche fabhtach.
sna cluichí comhrialacha in the international rules games
" Bhuail foireann na hAstráile an t-anam as na peileadóirí is fearr in Éirinn sna cluichí comhrialacha agus, mar bharr an an donas, d’imigh Roy Keane ó Manchester United faoi scáth na conspóide.
cluiche deireanach an tséasúir the last game of the season
" Ba chóir go gcríochnódh a leithéid sin d’imreoir a ré ar an stáitse mór ar nós cluiche deireanach an tséasúir nó a leithéid sin agus deis ag an lucht leanúna ómós a thabhairt dó.
fhorbairt na gcluichí the development of the games
" Tá airgead mór á chaitheamh ar fhorbairt na gcluichí, ar oiliúint agus ar thraenáil, ach ní thógfaidh sé ach eachtra amháin níos measa ná scliúchas na hÓmaí chun an obair sin go léir a chur ó mhaith.
príomhchluiche na cathrach the main game of the city
" Dúradh ag an am go raibh sé mar aidhm ag an gCoiste Forbartha Iomána i mBaile Átha Cliath príomhchluiche na cathrach a dhéanamh den iomáint agus Craobh na hÉireann a bhuachaint taobh istigh de chúig bliana.
líon na gcluichí the number of games
" Go gcaithfidh CLG i gcomhar leis an GPA aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhaineann le líon na gcluichí atá le himirt ag imreoirí, idir chluichí club agus chluichí contae.
cluiche na mbochtán the game of the poor
" Tá cosúlacht láidir ar an scéal gur cluiche na mbochtán é an sacar i mórán tíortha ar nós na Brasaíle agus na hAirgintíne agus gur dóigh gur de bharr daonra chomh mór a bheith ag na tíortha sin agus nach bhfuil ach aon spórt amháin mar rogha ag formhór an daonra go n-éiríonn chomh maith sin leo.
buaileann siad aon chluiche eile they beat any other game
" Ní raibh na cluichí iomána tríd is tríd thar barr go dtí seo i mbliana, áfach, ach fós buaileann siad aon chluiche eile ó thaobh scile, crógachta agus luas na himeartha.
taitneamh a bhaint as an gcluiche to enjoy the game
" An t-aon aidhm atá ag imreoirí ná taitneamh a bhaint as an gcluiche.
glúin nua de chluichí a new generation of games
" Anois tá glúin nua de chluichí á himirt thar an idirlíon.
imrítear an cluiche the game is played
" Agus imrítear an cluiche ar leibhéal iomlán difriúil ó leibhéal na Yankees.
cluichí corraitheacha exciting games
" Sna *Minor Leagues*, déantar botúin go minic, agus ní annamh mar sin go bhfeictear cluichí corraitheacha nó imreoirí ag dul sa seans ar chaoi nach bhfeicfeá riamh sna sraithchomórtais mhóra.
cluiche intleachtúil intellectual game
" Gan amhras, is tionscadal suimiúil é seo, tionscadal a osclaíonn amach romhainn féidearthachtaí iontacha maidir leis an teicneolaíocht dhigiteach agus an ealaín, ach is é an cheist mhór a ardaíonn sé ná an ealaín é seo nó cluiche intleachtúil de chineál éigin? Cé gurb iontach an rud é go bhfuil muid anois ábalta ealaín a bheith againn atá cruthaithe go speisialta le fóirstean do shaol pearsanta duine aonair agus don ghiúmar ar leith atá air ag an am, an gcuidíonn an cineál seo ealaíne linn tuiscint níos fearr a fháil ar an saol sin nó athrú chun feabhais a dhéanamh air? Cad é faoin ealaín a chuireann dúshlán romhainn agus a spreagann mothúcháin úra ionainn nó a chuireann ar bhealach suntasach leis an léargas atá againn ar an saol atá thart timpeall orainn? Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
comhlacht cluichí a games company
" Fuair sé ó chara éigin é, a bhí ag obair le comhlacht cluichí sa tSín.
cluiche an-chontúirteach a very dangerous game
" Ag an am bhí cluiche an-chontúirteach á imirt acu maidir le hAidan bocht agus bhí seisean imníoch go leor fá dtaobh de.
na cluichí idirchúige the inter-county games
" B’in iad na cluichí idirchúige agus ní raibh a sárú ó thaobh sluaite ach cluichí ceannais na Mumhan agus na hÉireann.
cluichí scoile san áireamh, including school games,
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, to make the change from hurling to the Australian game,
" Caithfidh sé go raibh sé an-deacair dóibh an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, agus go mór mór dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach – ba bheag cabhair dóibh é a dtaithí ar pheil Ghaelach sa chás sin.
an cluiche gairmiúil Astrálach the professional Australian game
" Traenáil chrua san AstráilBhí an difríocht idir an cluiche gairmiúil Astrálach agus na cluichí Gaelacha ó thaobh na traenála le tuiscint go soiléir freisin.
gnáthchluichí an tsraithchomórtais the regular league games
" Tosaíonn séasúr na peile i mí Lúnasa agus leanann gnáthchluichí an tsraithchomórtais ar aghaidh go dtí mí na Nollag.
Leath an cluiche am the game spread out
" Leath an cluiche amach i measc choláistí na hAontachta uilig go dtí go raibh an méid sin suime sa spórt gur bunaíodh go gairmiúil é in Ohio i 1920.
ag imirt cluiche ríomhaire, playing a computer game,
" Scéal simplí atá ann – ceathrar cairde ag imirt cluiche ríomhaire, Vortex.
nach cluiche a thuilleadh é which is no longer a game
" Tógann sé tamall ar an triúr eile a thuigbheáil go bhfuil a gcara slogtha agus go mbeidh orthu dul isteach sa chluiche le é a tharrtháil ar naimhde istigh sa ‘chluiche’ nach cluiche a thuilleadh é ach saol contúirteach eile faoin scáileán.
cluichí rugbaí/gallda rugby/foreign games
" Bhí daoine an-dearfach den chuid is mó faoi chluichí rugbaí a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh, cé go raibh mionlach láidir, agus ní seanfhondúirí ar fad ab ea iad, a bhí go láidir in aghaidh cluichí rugbaí/gallda a bheith á n-imirt ar fhód beannaithe an Chrócaigh.
an tsraith seo de chluichí this series of games
" Is é an t-iontas, ar bhealach, ná gur thosaigh an tsraith seo de chluichí agus Páirc an Chrócaigh lán go doras le cluiche peile idirchontae sa tSraith Náisiúnta Peile idir Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain.
cluiche peile idirchontae an inter-county game
" Is é an t-iontas, ar bhealach, ná gur thosaigh an tsraith seo de chluichí agus Páirc an Chrócaigh lán go doras le cluiche peile idirchontae sa tSraith Náisiúnta Peile idir Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain.
cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain a national league game this time of year
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas in comparision with a championship game
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
Cluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta World Special Olympics Games
" Ní hamháin sin, bhí Cluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 ann (casadh “God Save the Queen”, de réir mar a thuigim), agus babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, Muhammad Ali i gcoinne All Lewis, i 1974.
cluiche fichille a chess game
" Ní fhéadfadh siad cluiche fichille a eagrú gan chúnamh.
cluiche corr an odd game
" Sórt *theme park* a bhí ann ina raibh cluiche corr ar siúl sa chúlra, agus tá súil agam nach mbeidh an staid nua atá Gillett agus Hicks ag brath a thógáil anseo mar a gcéanna.
cluiche den scoth, an excellent game,
" Nuair a fheiceann duine cluiche ón tréimhse sin ar “All Ireland Gold” nó a leithéid, ar nós chraobh na bliana 1995, is iondúil gur cluiche den scoth, lán de scileanna agus luas lasrach, a bhíonn ann.
cluichí breise sa chraobhchomórtas. extra games in the championship.
" Samhlaím go mb’fhéidir go raibh foireann Loch Garman na gcaogaidí cosúil leo ach nílim sách sean le labhairt faoi sin! Ag féachaint siar anois air, is deacair a thuiscint gur le linn na ré órga úd a thosaigh an brú i dtreo an dara seans agus cluichí breise sa chraobhchomórtas.
géim game
" Bhí crainn agus géim sna foraoisí agus iascaireacht bhradáin.
agus cluiche á chraoladh. when a game is being broadcast.
" Ar an gcéad dul síos ní thuigim cén fáth go dtaispeántar athfhéachaint d’imreoirí ag tógáil poc saor nó cic saor agus cluiche á chraoladh.
shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche. he decided that he'd attend the game.
" Bhí athair Peter náirithe agus shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche.
dhá chluiche Rómhánacha two Roman games
" Scríobh an staraí Abraham de la Pryme ina dhialann sa bhliain 1697: Tá dhá chluiche Rómhánacha acu ansin (Alkborough), ceann a dtugann siad Gillian’s Bore air, agus ceann eile ar a nglaoitear Troy’s Walls.
cluichí idirchontae inter-county games
" Feictear é ag cluichí scoile, ag cluichí club, ag cluichí idirchontae agus i ngach áit.
Cluichí Oilimpeacha Olympic Games
" Is é an t-éacht nó mórghníomh spóirt is faide siar i mo chuimhne-se ná an t-am a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn óir sa rás 1,500 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne sa bhliain 1956.
formhór na gcluichí móra. most of the big games.
" Cé gur drochshamhradh a bhí ann ó thaobh na haimsire de, bhí sé suntasach go raibh an aimsir go breá nuair a imríodh formhór na gcluichí móra.
ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí looking at the live broadcast of the games
" Caithfidh sé go bhfuil dúil ag Dia sna cluichí Gaelacha! An té a bhí ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí ar an teilifís cheapfadh sé go raibh an aimsir go breá fiú agus an bháisteach throm ag titim, a bhuíochas sin don teicneolaíocht teilifíse agus do dhea-chuma Pháirc an Chrócaigh i mbliana.
na cluichí ba shuntasaí don lucht féachana the standout games for the spectators
" Níl dabht ar bith ach gurb iad na cluichí ba shuntasaí don lucht féachana ná na trí chluiche idir Luimneach agus Tiobraid Árann, na trí chluiche idir Port Láirge agus Corcaigh agus an cluiche leathcheannais idir Luimneach agus Port Láirge.
i rith cluiche peile Meiriceánach during an American Football game
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
ag athrú an chluiche changing the game
" Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
Cluiche reatha running game
" Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá The game spread out from the well known universities
" Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá ar an gcósta thoir, agus roimh i bhfad, bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, ar a tugadh The Ivy League.
ag freastal ar na cluichí attending the games
" I gcás gach ceann acu, na cinn mhóra ach go háirithe, bíonn corradh agus 80,000 duine ag freastal ar na cluichí gach Satharn.
ag breathnú ar chluiche mór looking at a big game
" Bhí dhá nó trí chéad iar-mhac léinn de chuid Ollscoil Wisconsin ag breathnú ar chluiche mór ar ollscáileán.
a céad dhá chluiche its first two games
" Den chéad uair i stair na foirne, bhuaigh Pioneers, foireann ollscoil William Paterson, áit a bhfuil mé féin ag teagasc faoi láthair, a céad dhá chluiche sa sraithchomórtas.
cluiche game
" Cinnte, bhíodar ní ba ghalánta agus níb ardnósaí! **Céad bhlas den rugbaí**Ar cheann de na céad laethanta, d’fhógair an Bráthair Thomas go mbeadh seisiún traenála rugbaí tar éis scoile gach Luan agus go mbeadh cluiche gach Céadaoin agus gach Satharn - bhíodh ranganna maidine ar siúl ar an Satharn ag an am.
cluiche peile Gaelaí Gaelic football game
" Ní ba dhéanaí sa lá, chuaigh mé chomh fada leis an mBráthair Thomas le rá leis nach mbeinn ar fáil ar an Satharn, dá mbeinn ag teastáil, mar go mbeadh cluiche peile Gaelaí agam de ghnáth an tráthnóna sin.
cluiche sacair soccer game
" Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.
a raibh cluichí cairdiúla amháin aici, which only had friendly games,
" B’ar an bhfoireann B, a raibh cluichí cairdiúla amháin aici, a bhínnse ag imirt.
i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais. in a league game
" Bhí na peileadóirí ag imirt ar an lá céanna i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais.
a chluiche deireanach his last game
" Bliain roimhe sin, d’imir Kevin Moran a chluiche deireanach ar fhoireann Átha Cliath agus d’fhág an sé an tír chun sacair a imirt le Manchester United.
ar oícheanta roimh chluichí móra. on nights before big games
" Scéal amháin a léiríonn pearsantacht réchúiseach Mick ná go ndúirt Kevin Heffernan le foireann Átha Cliath, roimh chluiche ceannais na bliana 1979, go raibh táibléid ar fáil ó dhochtúir na foirne do dhaoine a raibh deacrachtaí codlata acu ar oícheanta roimh chluichí móra.
cluichí gearra short games
" Imrítear dhá shaghas cluiche idirnáisiúnta cruicéid: na comórtais thrialacha, a mhaireann ar feadh laethanta, agus cluichí gearra ina bhfuil teorainn maidir le líon na gcor babhlála atá ceadaithe – cluichí lae agus cluiche ar a dtugtar Twenty20 Cricket, cuir i gcás.
sna mionúir in the minor game
" Bhí gach rud go breá – an bua ag Gaillimh sna mionúir – go dtí gur cuireadh tús le cluiche na sinsear.
cluiche na sinsear. the senior game
" Bhí gach rud go breá – an bua ag Gaillimh sna mionúir – go dtí gur cuireadh tús le cluiche na sinsear.
fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha philosophy of the founders of the Olympic Games
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
sular cuireadh tús leis na cluichí before the games started
" Sa bhliain 1968, maraíodh idir 200 agus 300 mac léinn le linn léirsithe in Tlatelolco i gCathair Mheicsiceo, cúpla seachtain sular cuireadh tús leis na cluichí ansin.
a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, to focus mentally on the game,
" Bítear ag cur ina luí ar imreoirí a thábhachtaí is a bhíonn sé a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, lena linn agus roimh ré.
cluichí liathróide ball games
" Tháinig na póilíní orainn agus go tobann d'oir sé domh nár thuig siad mo chuid Fraincise! Tá mé ag déanamh go bhfuil ádh an tosaitheora iontach tábhachtach agus tú ag imirt Boules nó bhí mé iontach maith aige, agus bímse *cat* go maith ag cluichí liathróide go hiondúil! Tá sé tábhachtach dul amach le dath na gréine a fháil más Aixois thú, mar sin, agus bomaite saor agam i rith an lae, d'éalaínn amach doras cúil an stiúideo damhsa agus “ghlacainn grian” mar a deir muintir na háite.
Cluichí na nGarbhchríoch Highland Games
" Agus muid ansin, thapaíomar an deis freastal ar na Géamannan Gáidhealach, nó Cluichí na nGarbhchríoch, mar a thabharfaí orthu sa Ghaeilge.
Géamannan the games
" Ar an 16 Lúnasa bhí sé de phléisiúr agam a bheith i láthair ag na Géamannan Gáidhealach ar Eilean Sgitheanach, oileán atá buailte le cósta thiar na hAlban.
cluichí troma páirce heavy field games
" Is iad na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl lena linn ná cluichí troma páirce, lúthchleasaíocht, píobaireacht, damhsa Gàidhealach agus seoltóireacht.