Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan aon choir a bheith curtha ina leith without charge
" Tá go leor de na daoine seo de shliocht Arabach nó Meánoirthearach á gcoinneáil faoi ghlas gan aon choir a bheith curtha ina leith agus gan cead a bheith acu comhairle dlí a fháil.
gan tocht a bheith ina glór without a lump in her throat
" Ann ach go dtiocfadh léi smaointiú air gan tocht a bheith ina glór.
Gan a bheith ag seinm go róthapa go róluath not to play too quickly too soon
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag iarraidh an cairdín a fhoghlaim? PÓC: Gan a bheith ag seinm go róthapa go róluath agus taitneamh a bhaint as.
mothálach gan a bheith maoithneach. sensitive without being sentimental.
" Tá an cur síos a dhéanann sé ar cheantair an-tarraingteach; tugann sé eolas ar áiteanna stairiúla gan dul thar fóir leis agus tá an cur síos a dhéanann sé ar dhaoine mothálach gan a bheith maoithneach.
saibhir gan a bheith doiléir. rich without being obscure.
" Tá teanga an leabhair beacht ina cur síos ar charachtair agus ar mhothúcháin; níl na línte rófhada ach tá siad lán eolais; tá an scéal soiléir gan a bheith róshimplí agus tá an teanga saibhir gan a bheith doiléir.
gan impleacht a bheith aici don chomhshaol. without it having an implication for the environment.
" Níl tharlaíonn aon fhorbairt i dtionscal na heitlíochta gan impleacht a bheith aici don chomhshaol.
Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, it is difficult not to have an affection for Myers on a personal level
" Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, cé go n-easaontóinn féin le cuid dá thuairimí.
gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat. without getting our money's worth
" Dá bharr sin, ba chrá croí a bhí sa rud ar fad go minic – ag dul i mbun camchuairteanna agus ag teacht abhaile gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat.
gan a bheith buartha without being worried
" Ní hé gur ceamaradóir leisciúil mé, ach fágaim an fheidhm “auto” ar siúl an t-am ar fad, nach mór – toisc gur féidir! Agus go leor rudaí ag tarlú go sciobtha, bíonn sé seo go hiontach – is féidir liom a bheith ag taifeadadh láithreach, gan a bheith buartha faoi chúrsaí ar nós an tsolais, an leibhéil bháin nó an fhócais, fiú.
gan idirbheartaíocht a bheith i gceist. without negotiations taking place.
" Dúirt sé nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta ar cuireadh deireadh leis gan idirbheartaíocht a bheith i gceist.
gan an chraic a bheith fite fuaite tríd. without the crack being an integral part of it.
" Bhíodh a chuid ranganna beoga agus léannta; agus ní raibh sé in ann ceacht a thabhairt gan an chraic a bheith fite fuaite tríd.
gan a bheith fágtha ar an trá fholamh not to be left destitute or high and dry
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
gan machnamh ar bith a bheith déanta air without any thought having gone into it
" Chuir sé díomá ar Bhreandán Delap fosta: “Míofar!” a dúirt sé liom, “caite le chéile gan machnamh ar bith a bheith déanta air.
gan rún dá laghad a bheith acu without having the slightest intention
" Ba léir dó go raibh daoine áirithe i ndiaidh theacht isteach gan rún dá laghad a bheith acu an teanga a labhairt.
gan a bheith róghnóthach without being too busy
" Cathair fhuinniúil atá inti ach gan a bheith róghnóthach.
gan a bheith not to be
" Ach tá Balor Bocht faoi gheasa droma draíochta ag an eagarthóir Ó Slua Muirí gan a bheith ag scríobh faoi Bhanríon Shasana (eagarwhore: .
Ní raibh mé gan a bheith buíoch I was very grateful
" Ní raibh mé gan a bheith buíoch, ach b’fhearr liom cló dubh ná an cló laguaithne a bhí ar an bpíosa nua.
gan a bheith buartha not to be worried
" D'admhaigh sé dom go raibh sceitimíní air faoin duais, ach fosta: "Is é an rud is mó ná go mbeidh mé in ann saothar a dhéanamh ar feadh cúpla bliain gan a bheith buartha faoi ghnóthaí airgid.
gan a bheith i bhfiacha le héinne not to be in debt to anyone
" Bhí an prionsabal céanna ag m’athair, gan a bheith i bhfiacha le héinne.
gan a bheith ag caitheamh anuas ar not to be disparaging
" Mhol sé dúinn gan a bheith ag caitheamh anuas ar an mhuintir aerach, ach grá Dé a thaispeáint do gach duine.
choimhéad gan a bheith líofa watch without being fluent
" Is féidir leat clár a leanstan agus is féidir leat cluichí peile agus cluichí rugbaí a choimhéad gan a bheith líofa nó gan a bheith fíorchumasach sa teangaidh.
gan a bheith fíorchumasach without being really very strong
" Is féidir leat clár a leanstan agus is féidir leat cluichí peile agus cluichí rugbaí a choimhéad gan a bheith líofa nó gan a bheith fíorchumasach sa teangaidh.
as gan a bheith in ann of not being able
" Díograis na nEachtrann ========== Níl gach éinne brodúil, áfach, as gan a bheith in ann an teanga náisiúnta a labhairt.
Is cuma thú a bheith cliste nó gan a bheith whether you’re clever or not
" Is cuma thú a bheith cliste nó gan a bheith.
cúrsaí litrithe agus gramadaí gan a bheith socair literacy and grammar not being settled
" Ceann de na dúshláin ná cúrsaí litrithe agus gramadaí gan a bheith socair.
gan a bheith rófhuar not too cold
" Bhí sé fuar gan a bheith rófhuar ach mhothaigh mé mo ghaosán ag éirí dearg agus mé ag siúl i lár chathair Bhéal Feirste, Oíche Chiúin á cheol go híseal agam.
ach gan aon choir a bheith curtha ina leith but he wasn’t charged with anything
" Cúiseanna eile atá luaite ag an Aire as diúltú iarratais ná úsáid a bheith bainte ag iarratasóir as an gcóras leasa shóisialaigh agus aird na nGardaí a bheith tarraingthe ag iarratasóir air féin, ach gan aon choir a bheith curtha ina leith.
gan a bheith eascairdiúil not to be unfriendly
" Caithfidh siad daoine eile a ghortú agus ní leor domsa ná duitse a bheith ag tathaint orthu gan a bheith eascairdiúil agus ionsaitheach.
comhrá a dhéanamh i nGaeilge gan imní a bheith orthu to converse in Irish without being worried
" Sílim gur mian le daoine a bheith in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge gan imní a bheith orthu faoi bhotúin ghramadaí.
gan a bheith os comhair an tsaoil not being the centre of attention
" Caitheamh aimsire ciúin socair a bhí ann, gné a thaitin liom, gan a bheith os comhair an tsaoil, mar a déarfá.
uaillmhian gan a bheith ardnósach ambition without being snobbish
" Measann Róisín (agus a máthair) gurb é an t-oideachas, fiosracht faoin saol agus uaillmhian gan a bheith ardnósach, tréithe an-luachmhara.
gan a bheith chomh mór leis without being as large
" Ní hamháin gur staidiam nua-aoiseach é ar nós Pháirc an Chrócaigh (gan a bheith chomh mór leis) ach bhí idir shiopaí, bhialanna agus thábhairní taobh amuigh agus iad go léir bainteach le staidiam na ‘New England Patriots’.
gan a bheith réidh not being ready
" Bíonn an spéis ann scaití ach an margadh gan a bheith réidh nó tá an margadh róchoimeadach toisc, mar shampla, deacrachtaí sa gheilleagar nó san earnáil ag an am.
gan a bheith ag caint ar never mind (electronics)
" Ar ndóigh, mura bhfuil sé ag taifeadadh nó ag ardú na fuaime le go gcluinfidh daoine é, tá go leor den aos ceoil go dubh in éadan na haibhléise, gan a bheith ag caint ar an leictreonach.
gan seoladh a bheith agat without having an address
" Mar shampla, ní féidir cuntas bainc a oscailt gan seoladh a bheith agat, ach ní féidir árasán a fháil ar cíos murar féidir a thaispeáint go bhfuil cuntas bainc agat chun an cíos a íoc! Anuas air sin, tá sé an-deacair guthán póca a cheannach gan seoladh a bheith agat, ach níl tú in ann cuntas bainc a oscailt gan uimhir ghutháin a bheith agat.
gan a bheith ag trácht ar not to mention
" Sna Stáit Aontaithe, tá siadsan ag suansiúl go bacach ó ‘aill fhioscach’ go géarchéim maoinithe (gan a bheith ag trácht ar na cogaí roghnacha thubaisteacha a tharraing siad orthu féin le deich mbliana anuas).
deacair gan a bheith meallta ag difficult not to be won over by
" Ag siúl thart ar Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, tá sé deacair gan a bheith meallta ag pictiúr áirithe amháin a léiríonn bean uasal ina suí i stúideó scáthach ard in éineacht le hógbhean agus páiste.
Is minic an Teiscinn Chiúin gan a bheith ciúin the Pacific Ocean is often not peaceful
" Is minic an Teiscinn Chiúin gan a bheith ciúin nuair a bhíonn an míol mór le cosaint ó shaint an duine.