Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an toradh gan choinne the unexpected result
" Agus cá bhfios nach dtarlóidh sé sin mar, tar éis an tsaoil, nach é iontas agus díol spéise cúrsaí spóirt ná go dtarlaíonn an toradh gan choinne agus an t-éacht glórmhar nuair nach mbíonn súil againn leo.
gan toradh ar bith dá bharr fruitlessly as a result
" Tá súil agam go mbeifear in ann an bhliain a úsáid le dhá rud a dhéanamh: (i) i dtosach, a chur ar a súile do mhuintir na hÉireann nach bhfuil i straitéis an rialtais i dtaobh pleanáil teanga sa Ghaeltacht ach cur i gcéill ó thús go deireadh, ar a bhféadfaí go leor airgid poiblí agus fuinnimh pobail a chur amú gan toradh ar bith dá bharr agus (ii) a chur in iúl don Aontas Eorpach, ag an leibhéal is airde, go bhfuil cuid tábhachtach d’oidhreacht cultúir na hEorpa i mbaol de dheasca cur i gcéill an rialtais anseo, maidir le caomhnú na Gaeilge sna ceantracha ina bhfuil sí fós ina teanga bheo.
gan mórán toradh le feiceáil without seeing much result
" Thuig mé ag tús na 1970aí gur ag mún in aghaidh na gaoithe a bhí lucht na Gaeilge, gan mórán toradh le feiceáil ar an obair.
gan mórán torthaí le feiceáil without many visible returns
" Glacadh go forleathan leis gur theastaigh atheagar ó na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag maireachtáil ag airgead an stáit: cuid acu ag trasnaíl a chéile nó ag treabhadh leo sa ngort céanna, gan mórán torthaí le feiceáil ar a gcuid oibre.
gan mórán toradh fadthréimhseach without much long term outcome
" An trí pobail éagsúla a chur ag iomaíocht in aghaidh a chéile, i gcomórtas seanchaite gan mórán toradh fadthréimhseach? Beidh an cúram ar Ghael-Linn dul ag plé le ‘oideachas in earnáil an bhéarla’, in áit an cúram a chur orthu siamsaíocht trí mheán na Gaeilge a eagrú is a spreagadh is a chothú, rud a theastaíonns go géar, le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge í a úsáid go sóisialta.