Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan trócaire without mercy
" Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí.
gan trócaire merciless
" Ar ionsaitheoir gan trócaire a mharaigh na mná óga, an le teann éada a maraíodh iad nó an bhfuil baint ag fórsaí osnádúrtha leis na heachtraí uafáis seo? Craolfar Na Cloigne arís mar scannán lán fhada ar TG4 amach san fhómhar.
foréigneach gan trócaire violent, merciless
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
daoine anaithnide á gcéasadh gan trócaire anonymous persons being tortured mercilessly
" Níorbh fhada go raibh trúpaí Mheiriceá san Íaráic agus san Afganastáin, agus go raibh carcracha rúnda á riaradh ag na Stáit Aontaithe timpeall an domhain ina raibh daoine anaithnide á gcéasadh gan trócaire.
Streachailt gan trócaire a merciless struggle
" Streachailt gan trócaire a bhí romhainn amach suas sleasa ingearacha Chnoc na nUilleann agus na cosa ag éileamh.
gan trócaire mercilessly
" Is cuimhin liom go maith ag an dtoghchán deireanach an bealach náireach inar cháin siad na Glasaigh go mí-ionraic agus gan trócaire a bheith i rialtas le Fianna Fáil, amhail is gurbh iad na Glasaigh a bhí ciontach as titim thubaisteach na mbancanna.