Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúis a ghangaide the reason for his bitterness
" "Níl ann ach cuid mhór seanchaca!" a mhaíonn ár Léirmheastóir Liteartha, agus leis sin míníonn sé cúis a ghangaide: Dar le Balor an Bhéil Bhinn nach bhfuil ann ach mac leabhair; gur seanuncail leis féin, Dónal Donn an Phinn Nimhe, a scríobh an leabhar bunaidh: *The McGlinchy Commode*.
neart a ghangaide the dint of his venom
" Scríobh fear a thugann Grassy Noel air seo - agus is fiú a fhágáil gan aistriú le go bhfaighidh sibh neart a ghangaide.
gangaid bitterness
" An cneasú thar ghoimh Ainneoin go mbíonn gach duine ag caint ar an fheabhas atá tagtha ar an tuaisceart agus ar Bhéal Feirste ach go háirithe - "nach iontach na bialanna galánta atá agaibh ansin" - ba é an rud a léirigh an ruaille buaille san Europa nuair a thug íobartaigh agus ionadaithe na n-íobartach ón dá thaobh, náisiúnaíoch agus aontachtach, aghaidh ar a chéile a fhad is a bhí an móramh tostach balbh, thug sé le fios go bhfuil gangaid faoin dromchla, go bhfuil an seicteachas beo beathaíoch ar thaobh amháin.
gangaid cantankerousness
" Agus cad é an teachtaireacht atá aige do Biffo? “Caith leat, a chlabaire, agus go dtachtaí sé thú,” a deir sé, amhail agus nach raibh Biffo á thachtadh féin cheana féin ag Sweet Afton agus ag binb, gangaid agus ag aiféala.
ghangaid venom
" com/watch?v=rUUuD0oh81o) Tá seanrá ag na Sínigh - ‘Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí’, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc, brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid in áit an ghrá.
gangaid spite
" Samhlaítear roinnt de na tréithe seo a leanas leis an bhfocal bronco: cíocras; gráin; díocas; binb agus gangaid.
an ghangaid agus an lagmhisneach bad blood and despondency
" Ciallóidh sé sin go mbeidh chóir a bheith ceithre bliana caite ag cur is ag cúiteamh fán chóras nua agus gan a dhath ar a shon ach an ghangaid agus an lagmhisneach.
gangaid sheicteach sectarian spite
" Chothaigh an reachtaíocht deiridh seo gangaid sheicteach in amanna.
gangaide agus conspóide cantankerousness and controversy
" Tá oiread sin gangaide agus conspóide cothaithe ag Airteagal 40, mír a 3 fomhír a 3 gan trácht ar chaingin chúirte agus theip ar aon reifreann a rinne iarracht dul i ngleic leis na fadhbanna a eascraíonn as.
baineann an ghangaid d'údarás oibiachtúil an tsaothair the spitefulness diminishes the work’s objectivity
" ”* Is léir go bhfuil clár oibre frith-Ghaeilge ag an údar, áfach, agus baineann an ghangaid d'údarás oibiachtúil an tsaothair, dar liom.