Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ganntanas shortage
" Bhí sé sin an-tábhachtach san am a raibh ganntanas postanna ann agus a rabhamar ag brath go mór ar na postanna a sholáthair na comhlachtaí ilnáisiúnta.
ganntanas shortage
" " ganntanas múinteoirí ======= Tá géarchéim ann le blianta de thairbhe go bhfuil ganntanas múinteoirí sa tír, go mór mór in ábhair mar mhatamaitic, eolaíocht agus ríomhaireacht.
ganntanas shortage
" Má théann tú ann is cinnte nach mbeidh ganntanas ceoil ort, mar a dúirt mé, ach tá áiteachaí ann atá níos fearr ná áiteachaí eile, ar ndóigh.
ganntanas áiseanna shortage of facilities
" Taispeánann an ganntanas áiseanna, seirbhísí agus cumann mac léinn nach bhfuil ach aidhm amháin ag na hollscoileanna Francacha: na mic léinn a mhúineadh.
ganntanas shortage
" Is ón Afganastáin a thagann an chuid is mó de hearóin an domhain agus nuair a d'fhógair iarcheannaire na dTaleban, Mullah Omar, ar an 27 Iúil 2000 go raibh cosc as sin amach ar fhás an phlanda opium, bhí ganntanas hearóine ar fud an domhain dá bharr.
ganntanas scarcity
" I mBaile Átha Cliath, an áit a bhfuil an ganntanas is mó tithíochta, níor tógadh ach thart ar 457 in aghaidh na bliana.
ganntanas airgid scarcity of money
" Is fiú gach deis a thapú chun tacú le TG4 agus a chinntiú nach mbeidh ganntanas airgid ag cur teorann leis an tsamhlaíocht agus leis an tseirbhís atá á cur ar fáil.
ganntanas shortage
" Ach tá ganntanas mór scoláirí ann leis na téacsanna a chur ar fáil.
ganntanas shortage
" I mBaile Átha Cliath, an áit a bhfuil an ganntanas is mó tithíochta, níor tógadh ach thart ar 457 in aghaidh na bliana.
ganntanas airgid shortage of money
" Níl aon duine ag rá nach bhfuil an cárta leighis tuillte ag na daoine aosta ach an bhfuil sé tuillte acu nuair atá daoine sa tír fós ata chomh bocht sin nach féidir leo dul chuig dochtúir? Nuair atá ganntanas airgid sa chóras sláinte nach cóir gach iarracht a dhéanamh an méid airgid atá ann a dhíriú orthu siúd is mó a bhfuil cóir leighis de dhíth orthu?
ganntanas dátaí scarcity of dates
" Ceann acu ná go mbíonn ganntanas dátaí a bhíonn saor le haghaidh cluichí breise agus toisc go bhfuil sé an-chostasach ar dhaoine filleadh arís chun cluiche athimeartha a fheiceáil.
ganntanas ola oil shortage
" Deich mbliana ó shin, bhí an smaoineamh go mbeadh ganntanas ola ann go luath an-chonspóideach fós.
ganntanas roghanna shortage of choices
" Níl ganntanas roghanna ann ó thaobh áiteanna spéisiúla de má tá tú sa tóir ar shaibhreas cultúrtha agus staire agus, gan aon amhras, ní eisceacht ar bith é seoid na hOllainne, Amstardam.
ganntanas scarcity
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
ghanntanas shortage
" AÓF: An seinneann Deaide aon uirlis cheoil? RNicD: Ní sheinneann faoi láthair ar aon nós – b’fhéidir nach bhfuil sé ródheireanach fós … AÓF: Agus an gcasann tusa aon amhrán? RNicD: Ní chasaim faraor ach is binn béal ina thost freisin uaireanta! Níl aon ghanntanas d’amhránaithe breátha thart a bhféadfaidh duine a bheith ag éisteacht leo.
ganntanas acmhainní daonna a shortage of human resources
" *Laigí* Tá ganntanas acmhainní daonna sa stáisiún, go háirithe fostaithe lánaimseartha.
ganntanas mór acmhainní teagaisc a great shortage of teaching resources
" Le linn na mblianta sa scoil sin, thosaigh sé ag scríobh téacsleabhar Gaeilge de bhrí go raibh ganntanas mór acmhainní teagaisc ann.
ganntanas shortage
" Beidh tuilleadh galar, tuillte, stoirmeacha agus ganntanas uisce ann, agus is iad tíortha bochta an domhain is mó a bheas thíos leis.
níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, there is no shortage of youth, experience, diversity or conspicuousness,
" Agus Barack Obama, Hillary Clinton, agus John Edwards mar na hiarrthóirí atá chun tosaigh faoi láthair, níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, agus síltear go fairsing gur duine den triúr seo a bheas mar chéad uachtarán eile Mheiriceá.
ganntanas airgid a lack of money
" Agus mhair sé trí thréimhsí ina raibh ganntanas airgid dá leithéid d’fhiontar i dTuaisceart Éireann.
an ganntanas the shortages
" Cé go raibh sí óg an an am is cuimhin léi fós an ganntanas a thréithrigh na hochtóidí ina tír dhúchais.
ganntanas ama a lack of time
" An t-aon locht a gheobhainn air – agus bhí fáth leis, bhí ganntanas ama ann – ná gur cheart go mbeadh innéacs leis.
ganntanas ban a shortage of women
" Nuair a bunaíodh an choilíneacht, agus ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin, bhí ganntanas ban i gceist inti, agus b’éigean do chuid de na fir obair na mban a dhéanamh – an chócaireacht agus an níochán, cuir i gcás.
ganntanas bia food shortage
" Is é sin, tá cosc ar shaothrú talaimh i bhfeidhm ar achar atá dhá oiread níos mó ná achar na hAstráile – in ainneoin go ndeirtear go bhfuil ganntanas bia i gceist i gcuid mhaith tíortha.
ghanntanas lack
" Is é an teoiric sin ná go n-ardófaí praghas an gháis de thoradh ar a ghanntanas, agus go n-athródh tomhaltóirí ansin go foinsí fuinnimh eile dá bharr.
nganntanas lack
" Tá an tuairim aige gur gá córas iompair phoiblí feidhmiúil a chur ar bun agus bonneagar úrnua a thógáil má tá an pobal le dul i ngleic leis an nganntanas breosla feasta.
ganntanas poverty
" Nuair is in ísle brí ar fad atáim casaim ‘Window To Paris’ le Yuri Mamin (1993) – pléaráca ceart faoi dhornán beag Rúiseach ar féidir leo dreapadh caol díreach isteach i bPáras mealltach na mbrionglóidí trí fhuinneog a n-árasán suarach i gCathair Naoimh Peadar! Mairid idir ganntanas na scuainí vodca sa bhaile agus an rabharta raidhsiúil thar lear.
ganntanas ama air who’s short of time
" Ní fhéadfainnse dul go dtí an mhórsceir ar bord loinge mar bíonn tinneas farraige chomh dona orm go n-éirím tinn ar an mbád ó Ros a’ Mhíl go hÁrainn! Buntáiste eile a bhaineann le muireitleán a thógáil ná go mbíonn an turas an-sciobtha don té a mbíonn ganntanas ama air.
ganntanas a lack
" Bhí ganntanas léinte bána san Úisbéiceastáin.
ganntanas tithe millteanach a serious lack of housing
" Bhí ganntanas tithe millteanach tar éis an Blitz agus bhí Mary McCartney an-sásta nuair a fuair sí post mar bhean ghlúine áitiúil i gceantar Speke (in aice le Aerphort Learphoill, ar an taobh eile den cathair) mar tháinig teach bardais leis an phost.
a nganntanas their lack
" Tagann sé le mála amháin, ach fágann sé le Bean Azaire, Isabelle, ina chuideachta, agus fonn orthu beirt a nganntanas fisiciúil a leigheas i dteannta a chéile mar lánúin.
ghanntanas airgid lack of money
" B’fhéidir nach rud maith é sin ar fad i gcomhthéacs na dífhostaíochta agus an ghanntanas airgid i measc mhuintir óg na tíre seo.
ganntanas oibrithe oilte a lack of trained workers
" Dúirt sé go bhfuil ganntanas oibrithe oilte ag cur isteach ar fhorbairt i réimsí áirithe an gheilleagair agus go bhfuil an scéim SMP bunaithe ar urraíocht na bhfostóirí, ar riachtanais na tuaithe agus ar ghairmeacha ardluacha.
ganntanas ar bith sa saol anything lacking in life
" Is maith liom rud beag JayZ anois is arís, ach is fhearr liom mo rogha ceoil! Más róbheag leat é sin, céard faoin duga iPod is mó ar domhan don té nach bhfuil ganntanas ar bith sa saol aici nó aige.
níl ganntanas ar bith ann there’s no want for anything there
" Maireann muintir an Chultúir gan gabháil in aois munar mian leo (nó murab é sin an faisean is déanaí gur mian leo), is féidir leo smacht a choinneáil ar gach uile chóras ina gcorpanna, is féidir leo a ngnéas fiú amháin, a roghnú nuair is mian leo: níl srian dlí ar bith ná tada orthu mar níl ganntanas ar bith ann.
siocair an ghanntanais airgid due to lack of money
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
an ganntanas the lack / need
" Maidir le bheith ag cuartú post, áfach, is cinnte go bhfuil an ganntanas chomh dona agus go bhfuil sé fíordheacair freagra a fháil ar CV, gan trácht ar phost a fháil.
ganntanas mór a big shortage
"ganntanas mór múinteoirí ann, go háirithe ag leibhéal na bunscoile, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus níl ach réiteach amháin ar an fhadhb – coláiste oiliúna Gaeilge a bhunú.