Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gaolta na n-íospartach the victims' relations
" Nuair a cuireadh tús leis an phróiseas síochána sa chéad chuid de na nóchaidí cuireadh brú ar an IRA deireadh a chur leis an bhriseadh croí a bhí á fhulaingt ag gaolta na n-íospartach.
gaolta relations
" Nuair a stopann oifigigh inimirce é, áfach, ní bhíonn le déanamh aige ach ainm roinnt gaolta a lua a bhfuil postanna sinsearacha acu san arm agus sa pholaitíocht agus scaoiltear isteach sa tír é.
gaolta relations
" Daoine a raibh gaolta acu sa champa a bhí iontu den chuid is mó agus ba léir go raibh suim ag a lán acu, idir Éireannaigh agus Bhreatnaigh, sa tréimhse sin d'ár stair.
De réir gaolta according to relatives
" Duine gan trua a bhí ann, ach cad é faoi ról a mhná céile, Primrose, a bhí i láthair nuair a mharaigh sé cuid de na daoine? De réir gaolta, ghoid sí seodra agus ornáidí ó na híospartaigh, agus fuarthas earraí mar seo ina dteach.
gaolta relatives
" Chuaigh cuid páistí Bresnan, a bhí fágtha gan aon tuismitheoir anois, chun cónaithe le gaolta.
gaolta relatives
" Ar thaobh amháin tá na gaolta atá go fóill ag caoineadh na n-oibrithe oifige agus na sibhialtach eile a fuair bás nach gcreideann gur cheart dream amháin a choinneáil i gcuimhne ar shlí dhifriúil.
gaolta dá gcuid relatives of theirs
" Is chun an tí tábhairne a théann turasóirí chun éisteacht leis an cheol traidisiúnta nó chun bualadh le gaolta dá gcuid nach bhfaca siad le tamall.
gaolta le related to
" Rose Kennedy ======= Tá cuntas mion, atá ar fheabhas ar fad, i leabhar Maier ar an chaidreamh rómansúil cinniúnach a bhí ag Kathleen "Kick" Kennedy, a thit i ngrá agus a phós Protastúnach a bhí gaolta le teaghlach ríoga na Breataine.
gaolta relations
" Rud tábhachtach amháin nár dhírigh Sheridan air, arsa Conde, ná na gaolta nach dtéann ar imirce, iad siúd a fhanann sa bhaile agus atá den tuairim go n-éiríonn le gach duine i Meiriceá milliún dollar a shaothrú ar an toirt.
na gaolta i bhfad amach the far-out relations
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
gaolta relations
" Cairde agus gaolta is mó a bhí i gceist ansin.
gaolta relations
" Déarfainn gur cheart do thosaitheoirí cúrsa nó dhó a dhéanamh, is cuma cén áit nó cén Ghaeltacht, go háirithe mura bhfuil gaolta agat in Éirinn.
gaolta na n-íospartach the relatives of the victims
" " Teistiméireacht ======= Bhí gaolta na n-íospartach ar buile nuair a dúirt Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí nach raibh cúis dlí ann agus níor tugadh duine ar bith os comhair na cúirte de thairbhe na tubaiste.
gaolta relatives
" Tugtar iad ar láimh do phóilíní rúnda na dtíortha seo agus deirtear lena ngaolta gur imigh siad gan tásc ná tuairisc.
gaolta leathana nua wide new relationships
" Níor mhaith liom bheith cineál patronising fúthu, mar ní seanfhear na gcnoc atá ionamsa (tá mé seacht mbliana is fíche d'aois), ach tá daoine le feiceáil ar fud na tíre anois atá, b’fhéidir, cúig nó deich bliana níos óige ná mé féin, agus tá siad ar bís le gaolta leathana nua a bhunú ar an teanga, agus le seilbh a ghlacadh uirthi.
gaolta relations
" Go deimhin, níl dearmad déanta ag Gearmanaigh Wisconsin ar a ngaolta sa Ghearmáin.
gaolta relatives
" Ós rud é nach mbíodh ionadaí ar bith ón údarás áitiúil ag agallaimh do phostanna, thug a lán príomhoidí postanna móra do chairde agus gaolta.
gaolta relations
" Thug Máirtín Ó Muilleoir, iriseoir leis an (Andersonstown)(http://Andersonstown) News (agus Comhairleoir de chuid Shinn Féin ag an am) cuidiú dom le mo chuid taighde i mBéal Feirste i samhradh na bliana 1987 agus chuir mé agallamh ar roinnt gaolta de chuid na bpríosúnach ansin, deartháir Ronnie McCartney ina measc.
a gaolta her relations
" I ndiaidh an chogaidh a chuir Maria Altmann agus a gaolta tús leis an fheachtas chun sealúchas a muintire a fháil ar ais agus is léargas é ar a mbuanseasmhacht agus ar a gcreideamh an dóigh ar éirigh leo na pictiúir a fháil ar ais ó Rialtas na hOstaire.
gaolta relations
" Ar ndóigh is ar uaigheanna a ndaoine muinteartha is mó a chuireann cuairteoirí coinnle agus bláthanna ach ní annamh a thagann daoine go reilig atá gar dóibh nach bhfuil gaolta leo curtha inti.
a chuid gaolta ó thuaidh his relations in the north
" Ar a laghad bhí a fhios ag Charlie cé mhéad contae a bhí in Éirinn, agus atá go fóill; agus go bhfuil a chuid gaolta ó thuaidh fós ina nÉireannaigh.
gaolta nó cairde thar lear relatives or friends abroad
" Chomh maith leis sin, tá gaolta nó cairde thar lear ag go leor acu cheana féin.
airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta they miss their friends and relatives
" Ar ndóigh tá siad i bhfad ó bhaile agus airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta agus tá a fhios acu nach féidir a bheith san Eoraip faoi cheann uair a chloig.
a chuid gaolta his relations
" Chaith sé tús a óige ann agus ní raibh a chuid gaolta feicthe aige le 20 bliain.
gaolta agus leannáin relatives and lovers
" Baineann an saothar seo leis an chorp nocht chomh maith le féinphortráidí, portráidí de chairde, gaolta agus leannáin agus iad léirithe aige ar bhealach díreach neamheaglach.
ar na gaolta abhus. about their relations over here.
" “Mothaíonn na daoine atá i Sasana ciontach mar gur fhág siad a dteaghlach anseo in Éirinn agus mothaíonn siad ciontach go ndearna siad dearmad ar na gaolta abhus.
tá gaolta agam in Éirinn, I have relations in Ireland
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
gaolta relatives
" ” Bhí mé ag freastal ar ranganna oíche Gaeilge do dhaoine fásta i Learpholl i 1985 agus chuala muid ansin go raibh athbheochan iontach ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste, áit a bhfuil gaolta agam.
gaolta relatives
" Dúirt an sí linn go raibh gaolta aici féin sa cheantar agus, mar sin, bhíodh sí anseo go minic sular toghadh í mar uachtarán.
gaolta casta complicated relations
" Sa chéad chaibidil, cuireann sé síos ar a mhuintir – “an dream ar daofa mé” – agus tuigeann sé na gaolta casta agus an stair ar fad a bhaineann leo.
gaolta relations
" Tá John ina léachtóir dlí in Ollscoil Learphoill, ach is as Trá Lí ó dhúchas é, áit a bhfuil gaolta leis ag freastal ar an nGaelscoil.
gaolta relatives
" Cinnte, bheadh Caitríona Pháidín ag tabhairt amach go mbeadh a gaolta ag fáil £12,000 cionn is gur feallmharaíodh í nuair ba uaithise ar sciobadh an bheatha.
gaolta a aimsiú to find relatives
" Deir Premier Exhibitions go raibh na marbháin gan aitheantas agus go ndearnadh gach iarracht na gaolta a aimsiú sular tugadh do na póilíní iad agus ansin chuig Ollscoil Leighis Dalian (pairtnéirí Premier Exhibitions), áit a ndearnadh teascadh, nó sceanairt agus plaistiniú orthu.
gaolta na marbh relatives of the dead
" Cibé, is cuma le gaolta na marbh.
a gcuid gaolta their relatives
" Bhí cead ag lucht dídine na víosaí seo fanacht san Astráil, ach ní raibh cead acu taisteal thar lear, obair a fháil, úsáid a bhaint as na seirbhísí sóisialta ná a gcuid gaolta thar lear a thabhairt isteach.
gaolta related
" Bhí mise ag siúl amach le cailín a bhí gaolta leis an naoscaire.
gaolta dear ones, relatives
" Agus smaoiním ar na cairde agus gaolta liom a chuaigh ar shlí na fírinne.
gaolta related
" Within two generations the family had converted to Protestantism”* Ba léir mar sin go raibh siad uilig gaolta lena chéile, agus tar éis roinnt bheag taighde scríobh Ian chugam: *‘Have since found out that Cesca’s friend Claud Chevasse WAS a distant cousin of Liverpool’s Noel Chavasse VC.
Gaolta Gairide close relations
" Duaiseanna ====== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Sceon na Mara’ le Liam Ó Muirthile Nó: ‘Gaolta Gairide’ le Máirín Nic Eoin (eag.
gaolta relatives
" 173) Dúirt Niall Ó Dúlainn go raibh a fhios ag cuid den bhunadh Éireannach i Learpholl go raibh gaolta leo san Éirí Amach, ach tá cuid eile aineolach air agus gur mhaith leo go gcuirfeadh daoine ar an eolas iad.
gaolta relations
" Bhí an-bhaint aice le Contae an Chláir agus bhí gaolta againn i gCo.
gaolta related
" Le fada an lá, ní raibh mórán Éireannach nach dtiocfadh leo a rá nach raibh aithne acu ar alcólaí nó ar dhuine a bhí ‘trom’ ar an ól’; bíodh sé gur duine den teaghlach, duine gaolta nó cara a bhí i gceist.
chabhródh le gaolta iad a haithint would assist relations to recognise them
" Cuireadh uimhir ar gach corp agus cláraíodh aon rud suntasach faoi na híobartaigh a chabhródh le gaolta iad a haithint, dá dtiocfaidís dá lorg níos déanaí.
gaolta lena fear cheile related to her husband
" Eilís II féin, tá sise gaolta lena fear cheile.
roinnt de mo chuid gaolta some of my relations
" **SMM: Cá huair ar chuir tú spéis sa Ghaeilg?** Ray Mac Mánais: Bhí spéis agam riamh sa Ghaeilg agus bhí sí ag roinnt de mo chuid gaolta, col ceathracha agus col seisreacha.
gaolta eile other relations
" Nuair a bhí tuismitheoirí nó gaolta eile ag cur a gcuid páistí chuig na scoileanna saothair, is dócha gur shíl siad go raibh an ceart a dhéanamh acu.
atá gaolta le cuid acu who are related to some of them
" Ní thuigim an pholaitíocht a bhain leis na stailceanna ocrais 1981 - níor rugadh mé go dtí na 1990í! - ach tá cairde scoile agam atá gaolta le cuid acu, mar sin, chosain mé iad.
gaolta relatives
" Bhí gaolta Larkin ón cheantar i láthair fosta agus, tar éis na hócáide, bunaíodh The James Larkin Society sa cheantar chun saol Big Jim a chomóradh agus a cheiliúradh.
an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach a visit to the distant relations
" Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.
scoile agus gaolta (incidents at) school and among relations
" Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine agus imríonn eachtraí beaga pearsanta teaghlaigh, scoile agus gaolta go léir a dtionchair ar fhéiniúlacht an duine.
Ní raibh ach na gaolta i láthair just the relatives were present
" Ní raibh ach na gaolta i láthair agus cuireadh in uaigh gan leic é ar eagla go ndéanfaí truailliú air.
Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua the relatives erected a new memorial plaque
" Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua taobh le geata na reilige le cur in iúl go bhfuil muintir Uí Cheallaigh curtha inti.
Luaigh sé gaolta leis he mentioned relatives of his
" Luaigh sé gaolta leis ar tháinig scoilt ollmhór idir an mac aerach agus a athair bunchreidmheach.
le gaolta an iarshaighiúra with relatives of the ex-soldier
" 
D'éirigh le fear na dtaifead pinsin teagmháil a dhéanamh le gaolta an iarshaighiúra agus, dar ndóigh, bhí siad thar a bheith mórtasach as an tsin-seanathair a rinne éachtaí sa "chogadh a chuirfeadh deireadh le cogaíochta" - go dtí go bhfuair siad amach gur fear ‘dubh’ a bhí ann.
chun a chuid gaolta a chur chun báis to kill their relations
" Ní deir siad rud ar bith faoina chumas le gunna; ach nach cuma, nuair atá daoine eile aige chun a chuid gaolta a chur chun báis.
gaolta le daoine related to people
" Tá mé gaolta le daoine i gContae Loch Garman chomh maith.
gaolta eile other relatives
" Fear homaighnéasach ab ea Balenciaga, ach dála cuid mhór den saol Laidineach, ba ghnó teaghlaigh é an feathal a bhunaigh sé agus a dheartháir, a dheirfiúr agus gaolta eile ag obair leis, agus a mháthair lárnach sa chúlra ag stiúradh cúrsaí gnó ar a shon.
slán ag cairde is ag gaolta goodbye to friends and relations
" B'anseo a d'fhág an t-aos óg slán ag cairde is ag gaolta sular imigh siad siad chun na héiginnteachta san Oileáin Úr nó i Sasana nó i dtíortha níos faide i gcéin.
gaolta relatives
" Seo an baile más maith leat, ach cinnte, d’fhág sin nach raibh gaolta againn insa cheantar.
gaolta le related to
" An bhfuil an focal God/Gott gaolta le Guth? Freagra: Tá! Is maith liom a bheith ag éisteacht le cantaireacht agus tá a lán lán samplaí ar fáil ar an Idirlíon.
an-líon gaolta linn a great number of our relations
"an-líon gaolta linn amuigh ansin mar sin.
gaolta relatives
" Is léir go raibh rogha chrua ag gaolta Bromson nuair a thuig siad go raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin ar 27 Iúil: bás uaigneach don seanfhear nó iad féin a chur i mbaol le fortacht a thabhairt dó in am a ghátair.
gaolta relations
"gaolta na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh i dtubaiste Hillsborough i 1989 fós ag cur brú ar na húdaráis chun fiosrúchán ceart a chur ar bun le teacht ar an fhírinne.
dtugadh gaolta cuairt relatives used not visit
" An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt.