Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teacht i gcumhacht the coming to power
" Ní mhaireadh an turas ó Learpholl go Londain ach trí huaire le British Rail, go dtí teacht i gcumhacht rialtas Thatcher i 1979.
gcumhacht chorparáideach corporate power
" "Toisc gur dhíol mo thír a anam leis an gcumhacht chorparáideach.
i gcumhacht in power
" Tá na *Lib-Dems *i gcumhacht sa chathair, ach bhí Páirtí an Lucht Oibre ar aon ghuth leo ar an ábhar seo.
i gcumhacht in power
" Ag tosach an ochtú haois déag, bhí Impireacht na Spáinne, an impireacht ba mhó a bhí ann riamh nuair a bhí Séarlas V agus Philipe II i gcumhacht, ag titim as a chéile.
i gcumhacht in power
" Mairfidh an heigeamaine, is cuma cé tá i gcumhacht i dTeach Laighean agus cé acu tá ceannas ag an Dáil ar 26 nó ar 32 chontae.
i gcumhacht in power
" Rachaidh siad isteach i gcomhrialtas le haon dream ar chor ar bith chun fanacht i gcumhacht.
i gcumhacht in power
" Riochtaí éagsúla Is iomaí cor agus casadh a tháinig idir chéad chruinniú Fhianna Fáil i halla an La Scala, Sráid Uí Chonaill, ar an 23 Márta 1926, agus bualadh amach Bertie is a chairde sa Spa galánta sa Chaisleán Fraoigh, in iarthar Chorcaí, agus iad ar ais i gcumhacht arís leis an bPáirtí Daonlathach.
i gcumhacht go leanúnach in power continually
" Bhí Dev i gcumhacht go leanúnach anois ar feadh sé bliana déag.
ag iarraidh a gcumhacht a laghdú trying to lessen their power
" Gach áit a mbreathnaíonn na Stáit Aontaithe, ní fheiceann siad ach naimhde atá ag iarraidh a gcumhacht a laghdú.
a mbeidís ar ais i gcumhacht that they would be back in power
" Ba san am seo a thosaigh baill áirithe d'eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh ag pleanáil don am a mbeidís ar ais i gcumhacht.
iontaofa i gcumhacht trustworthy
" An bhfuilid fós “sound” ar an gceist náisiúnta? An bhfuilid iontaofa i gcumhacht? An bhfuil an ailse sa bheo phoiblí gearrtha amach fós? An bhfuil teacht aniar iontu ó oidhreacht an Chaptaein a bhí i bpá na gceannaithe móra laistigh dá chiorcail órga, fad a bhí na ceadaithe pleanála i gcúlphócaí chuid dá chriú le malartú do chlúdaigh donna litreacha na n-*entrepreneurs* céanna? Is léir go bhfuil muinín an phobail iontu lag ag an bpointe seo.
a gcumhacht a choimeád. to keep their power.
" Tá na húdaráis atá ann anois (Oifig Iompair Átha Cliath, agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród atá freagrach as an Luas) i gcoinne an phlean: níl siad chun a mbarántas báis féin a shíniú! Tá CIE agus Iarnród Éireann (agus na ceardchumainn atá iontu) i gcoinne an phlean: ba mhaith leo a gcumhacht a choimeád.
fanacht i gcumhacht stay in power
" Roimhe seo, glacadh leis go n-éireodh sé as in 2009, ach anois tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé ar intinn aige fanacht i gcumhacht go dtí 2012 má thagann sé slán as an scannal seo.
i gcumhacht in power
" Dá n-éireodh leo móramh a bhaint amach ag leibhéal náisiúnta, bheidís i gcumhacht i ngach parlaimint sa tír.
i gcumhacht in power
" Ina áit, cuireadh an Platforma Obywatelska (PO), arb é “Ardán Sibhialta” is brí leis, i gcumhacht i gcomhrialtas le Polskie Stronnictwo Ludowe (PSL), ar Páirtí na dTuathánach Polannach é.
ar ais i gcumhacht, back in power
" Dá bharr sin, tá Páirtí Lucht Oibre na hAstráile (Labor Party) ar ais i gcumhacht, agus tá Kevin Rudd ag feidhmiú mar an séú príomh-aire is fiche sa tír.
i gcumhacht in power
" Bhí an tUasal Howard i gcumhacht ar feadh aon bhliain déag agus ocht mí, rud a chiallaíonn gurbh é an dara príomh-aire ab fhaide seirbhíse i stair na tíre.
i gcumhacht in power
" Ceannaire an RPF is ea Kagame, a tháinig i réim i Ruanda sa bhliain 1994 agus atá i gcumhacht go fóill.
i gcumhacht in power
" Bhí an páirtí céanna i gcumhacht nuair a ghlac fórsaí Astrálacha páirt i gCogadh na Murascaille in éadan réimeas Saddam Hussein i 1991, ach bhí an cogadh sin údaraithe ag na Náisiúin Aontaithe.
bhí an comhrialtas coimeádach i gcumhacht the conservative coalition government was in power
" Ag an am, bhí an comhrialtas coimeádach i gcumhacht – agus John Howard ina phríomh-aire – ach an iarraidh seo, tháinig formhór na dteifeach ón Meánoirthear.
i gcumhacht in power
" Mar sin, ní bheidh i gceist ag na coinbhinsiúin anois ach óráid i ndiaidh óráide faoi staid na tíre agus faoi chomh huafásach agus atá an t-uachtarán atá i gcumhacht faoi láthair.
i gcumhacht into power
" Más ceadmhach don tSeoirsia páirt a ghlacadh i bhforghabháil neamhdhleathach na hIaráice in aghaidh thoil na nIarácach, cad chuige nach mbeadh cead ag an Rúis a bheith san Óiséit Theas, áit a gcuirtear fáilte mhór roimpi? Rud eile nár luaigh na meáin ná an tslí ar tháinig Mikheil Saakashvili, dlíodóir a fuair a chuid oideachais in Harvard, i gcumhacht sa tSeoirsia.
i gcumhacht in power
" Tá an dúnghaois seo i bhfeidhm fós, ach d’fhógair an Seanadóir Chris Evans, Aire Inimirce i rialtas náisiúnta an Lucht Oibre, anuraidh, beartas inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn ná an cur chuige a bhí ag an bPáirtí Liobrálach agus é i gcumhacht roimhe sin.
tháinig sí i gcumhacht she came into office/power
" An té a bhí ag éisteacht le Máire Ní Chochláin ag labhairt ar Morning Ireland an mhí seo caite, cheapfadh sé gur inné a tháinig sí i gcumhacht agus tá an chuid eile acu, go léir, amhlaidh.
teacht i gcumhacht coming to power
" Beidh cuid mhór sna páipéir nuachta an mhí seo fá imeacht a tharla 30 bliain ó shin an tseachtain seo - teacht i gcumhacht Margaret Thatcher mar Phríomh-Aire na Breataine ar an 4ú Bealtaine 1979.
gcumhacht power
" Gaisce de dhéanamh Seamus Darby (nó Shane Lowry fiú) ag teastáil uaidh ar laethanta deiridh an Rialtais, má táthar le fanacht i gcumhacht.
i gcumhacht in power
" D’athraigh siad ainmneacha roinnt cathracha móra ar ais go dtí leaganacha Hiondúcha nuair a bhí siad i gcumhacht.
gcumhacht power
" Ach, mar a léiríonn an traidisiún aislinge i litríocht an ochtú haois déag in Éirinn, bhí dóchas riamh ann i measc na nGael go dtiocfadh na Stiúbhartaigh i gcumhacht arís.
gcumhacht power
" Mar nach raibh aon fhís ideolaíochta fanta ag Fianna Fáil faoi am sin, seachas fanacht i gcumhacht, géilleadh do ideolaíocht Mac Dowell agus Harney.
gcumhacht power
" Tá cur amach againn, leis, ar ndóigh, ar an mbrúidiúlacht a imríodh ar mhuintir na hIaráice le linn do Shaddam a bheith i gcumhacht ó 1979 go 2003.
gcumhacht power
" Bhí dúnghaois ní ba láidre i bhfabhar gnímh mar fhreagra ar théamh an domhain ag Páirtí an Lucht Oibre ná a bhí ag na páirtithe coimeádacha, agus dhearbhaigh siad an prótacal a luaithe is a tháinig siad i gcumhacht dhá bhliain ó shin.
gcumhacht power
" Bíonn an lá le Fine Gael agus an Lucht Oibre ar éigin agus maíonn siad gur vótáil an pobal ar son Fianna Fáil a dhíbirt tar éis chóir a bheith scór bliain i gcumhacht.
i gcumhacht in power
" Ní raibh an comhrialtas idir Fine Gael agus Lucht Oibre i bhfad i gcumhacht nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhíodh ann go gcaithfí pas a fháil sa nGaeilge, nó ní thabharfaí duit an Ardteistiméireacht.
gcumhacht power
" Míshásamh i Learpholl === Áit a raibh siad i gcumhacht i Halla na Cathrach roimh an toghchán, d’iarr an DL i Learpholl ar Nick Clegg gan é seo a dhéanamh.
gcumhacht power
" Bhí na Tóraithe i gcumhacht 52 bhliain den 89 mbliain ó bunaíodh an stát ó thuaidh go dtí i mbliana agus le linn an ama sin, nuair ba ghá, thug Coimeádaigh lántacaíocht dá gcomhghleacaithe i rialtas Aontachtach Stormont.
gcumhacht power
" Ag coinneáil greim an fhir bháite ar a gcumhacht a bhí siad.
bheas i gcumhacht shall be in power
" Tá Páirtí an Lucht Oibre sásta cionn is go bhfuil an Comrádaí Gilmore an-mhór leis na Comrádaithe Bellyband, mo leithscéal, Miliband thall, agus gurb é Mister Ed a bheas i gcumhacht in Uimhir 10 go luath.
gcumhacht power
" Bhí air imeacht as láithreach laistigh de bhliain, nuair a tháinig Ma Tse Tung i gcumhacht.
i gcumhacht in power
" Ar an uimhríocht sin níl ach 81 vóta, a d’fhéadfadh an Rialtas a bheith cinnte fúthu, ach 82 vóta a theastaíonn ón Rialtas le fanacht i gcumhacht.
gcumhacht power
" Ach dá olcas iad, níl pobal na hÉireann réidh le Fianna Fáil a chur arais i gcumhacht.
i gcumhacht in power
" D’admhaigh na feisirí a labhair in éadan an mhisin nach raibh aon mhaitheas i Rialtas na dTalaban, a bhí i gcumhacht nuair a rinneadh an t-ionradh sa bhliain 2001.
i gcumhacht to power
" Nuair a d’imigh na Briotanaigh sna seascaidí, tháinig Julius Nyerere i gcumhacht agus thug sé faoin tír neamhspleách a chur chun feabhais, agus sin mar atá sa lá atá inniu ann.
gcumhacht power
" Cuireann Blankfort i leith Chomsky go dtugann sé neamhaird ar an gcumhacht atá ag lucht Iosrael i Meiriceá agus an tionchar atá acu dá réir ar bheartas SAM i leith an Mheánoirthir.
gcumhacht power
" Cén tír eile a déarfadh go raibh oideachas curtha ar dhaoine agus gan na teangacha oifigiúla a bheith múinte do scoláirí na tíre sin! Agus deireadh ag teacht le tréimhse an rialtais seo, tá súil agam, pé ar bith rialtas a thiocfaidh i gcumhacht ina ndiaidh, go mbeidh sé le rá acu siúd faoi cheann cúig bliana, go bhfuil an oiread déanta acu siúd don Ghaeilge agus atá déanta ag na rialtais a bhí ann ó 1997 i leith.
i gcumhacht to power
" D'fhág sé scoil i Learpholl i 1979, an bhliain inar tháinig Margaret Thatcher i gcumhacht sa Bhreatain agus clár oibre radacach caipitil aici.
i gcumhacht to power
" Bhí An Scread ina ábhar iontais nuair a taispeánadh don chéad uair é i 1893 agus nuair a tháinig na Naitsithe i gcumhacht, chuir siad cosc ar an saothar ag rá go raibh sé mídhúchásach.
i gcumhacht in power
" Arú, feckit, tá a fhios ag an saol mór nach gcoinneodh sé ciúin iad, ach cá bhfaighidís an t-airgead chun an muirear a íoc? Cén áit? Cén banc? Mo náire sibh, a léitheoirí! Ach cén mhaith dúinn a bheith ag caint faoi dhaoine nach bhfuil i gcumhacht, fós, agus nach mbeidh deis acu feoil a chur ar a gcuid mianta muirir go ceann tamaill? Maith ar bith, a deir sibh, agus an ceart ar fad agaibh.
i gcumhacht in power
" Fad is atá rialtas éillitheach Karzai i gcumhacht, áfach, nílim dóchasach go mbainfidh cosmhuintir bhocht fhadfhulangach na hAfganastáine an tairbhe chuí as an gcúnamh seo.
i gcumhacht to power
" Ní nach ionadh, tá méid áirithe Críostaithe ag iarraidh cinntiú go bhfanfaidh Al-Assad i gceannas na tíre ar eagla go dtiocfadh Ioslamaigh radacacha, lena n-áirítear na Salafi i gcumhacht - dream a leanann teagaisc Wahhabi a bhí mar ábhar inspreagtha ag Osama Bin Laden roimh uafás 9/11.
i gcumhacht ar in control of
" Bhí Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht ar Chomhairle Contae Merseyside faoin am sin agus nuair a d’inis muid an plean dóibh, vótáil siad ar son deontais agus suíomh don dealbh.
teacht i gcumhacht the coming to power
" B'in an 11 Samhain 2005 agus idir sin agus teacht i gcumhacht Fhine Gael bhain pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta na sála dá chéile ag iarraidh a chinntiú nach dtiocfadh bhláth ar an bheartas seo.
ní hamháin a gcumhacht not just their power
" Léirigh a bhflaithiúlacht, ní hamháin a gcumhacht agus a mórshaibhreas saolta ach thaispéain sé fosta doimhneacht a spioradáltachta agus a móraigeantas chomh maith.
tháinig tusa i gcumhacht you came to power
" Ón am a tháinig tusa i gcumhacht níor chaith tú ach scoth na n-éadaí: síoda agus sról; agus giuirléidí órga a bhí thart ort i gcónaí.
drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air a military junta put in to replace him
" Anuas air sin, rinne an CIA buíonta frith-Árbenz a armáil is a shlógadh agus faoi lár 1954 bhí Árbenz éirithe as mar uachtarán agus drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air.
dá gcumhacht of their power
" Léiríonn na constaicí seo an deacracht a bhaineann le comhaontú agus comhdhearcadh a bhaint amach ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i réimse chomh conspóideach leis an imirce ina mbíonn drogall ar stáit aon phioc dá gcumhacht a thabhairt suas.
ar ais i gcumhacht aríst back in power again
" ” Nach é a bhí fadbhreathnaitheach? Ar ndóigh gheall Fianna Fáil go gcuirfidís an scéal ina cheart nuair a bheidís ar ais i gcumhacht aríst, rud nach ndearna cé go raibh neart deiseanna acu ó shin.
a bhí i gcumhacht who were in power
" Deir Balor gurbh fhiú an bás a fhulaingt, beagnach, le bheith in ann éisteacht le Páidí Ó Sé ag bualadh le Maggie Thatcher: “Anois, a Mhaighréad, tá a fhios agat nach n-oireann an comhluadar seo de dhaoine córa leithéidí iar-phríomhairí na Breataine a bhí i gcumhacht le linn na stailceanna ocrais sa Cheis Fhada.
atá i gcumhacht which is in power
" Ní athscríobhtar an bunreacht de réir mar a fheileann sé don pháirtí atá i gcumhacht.
i gcumhacht in power
" Feall na Teicneolaíochta =========== Sin é an rud faoin teicneolaíocht: téann sé i bhfeabhas agus i gcumhacht gan stad gan staonadh.
i gcumhacht to power
" Is fíor go raibh cuid mhaith de na ciorruithe is mó curtha i bhfeidhm ag Fianna Fáil sular tháinig Fine Gael agus an Lucht Oibre i gcumhacht.
choinneáil i gcumhacht (to) keep in power
" Ar na huimhreacha sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá rogha réadúil ann: FF agus FG i gcomhrialtas le chéile agus 84 suíochán eatarthu nó FF, LO agus SF le chéile le 79 suíochán agus iad ag brath ar roinnt Teachtaí Dála neamhpléacha, leis an rialtas a choinneáil i gcumhacht.
i gcumhacht in power
" Is í an chosaint is mó a bhíonn ag tráchtairí áirithe (mé féin ina measc) ar chinnidh chonspóideacha an rialtais seo i leith na teanga, ná nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach is a bhí nuair a bhí an rialtas deireanach i gcumhacht.
i gcumhacht in power
" Ní raibh aon chúis go mbeadh: le Fianna Fáil i gcumhacht ag an am, is beag éileamh a bhí ar sheirbhísí Seanadóra ón bhfreasúra, rud a thug deis bhreá domsa suí síos leis ag caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla ar feadh píosa.
mar gheall ar an gcumhacht núicléach about nuclear power
" Tá súil ag Pádraig Mac Éamoinn go dtabharfar neamhaird ar an méid a bhí le rá ag Príomh-Aire na Breataine le déanaí mar gheall ar an gcumhacht núicléach agus go dtabharfar tús áite sa todhchaí d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite.
i gcumhacht in power
" Tá súil ag Robert McMillen go mbeidh rialtas i gcumhacht a bheidh in ann feidhmiú i gceart, i ndiaidh an toghcháin do Thionól Thuaisceart Éireann ar an 7 Márta.
i gcumhacht, in power,
" Tá sé ag dul dian ar Shinn Féin a bheith ina sóisialaithe agus iad i gcumhacht, mar a mhíníonn Robert McMillen.
an rialtas reatha i gcumhacht the current government in power
" Amharcann Breandán Delap ar na cinnidh ba mhó a rinne dochar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó tháinig an rialtas reatha i gcumhacht.