Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an geábh seo this time
" Ise a d'fhreagraíodh go hiondúil ach ba mise a d'éirigh an geábh seo ó tharla go raibh sé ar dheis mo láimhe.
gheábhanna trips
" Smaoinigh sé ar gheábhanna eile nuair nach raibh cos aige le cur faoi de bharr craiceáil óil, ach an t-am úd bhídís aige i gcónaí an lá dár gcionn nuair a dhúisíodh sé réidh le rith te reatha agus fogha a thabhairt faoi éinne a bhreathnaíodh cam air.
d’aon gheábh amháin in one go
" Tá sí níos troime ar na scamhóga freisin, mar sin ní féidir aistriú ón bhfeadóg stáin go dtí an fheadóg mhór d’aon gheábh amháin – tá cleachtadh agus foighid ag teastáil.
in aon gheábh amháin in one go
" AÓF: An dtagann an t-amhrán chugat as a stuaim féin in aon gheábh amháin nó an mbíonn ort a bheith ag obair air agus ag sracadh leis? ENíC: Bíonn sé difriúil chuile uair.
geábh eile. another time.
" Má bhí na hAstrálaigh ag breathnú ar an gcéad chluiche idir Baile Átha Cliath agus an Mhí, seans go raibh cineál mearbhaill orthu nuair a chonaic siad imreoir de chuid na Mí, ar iarchaptaen fhoireann na hÉireann sna cluichí idirnáisiúnta é, ag caitheamh doirn faoi dhó le cloigeann a chéile comhraic agus a lámh timpeall ar mhuineál imreora eile geábh eile.
dhá gheábh two quick trips
" Tar éis dhá gheábh timpeall an halla, faighim léamh ar an treocht.
an geábh seo. this time around.
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal gur géire i bhfad a bheas an iomaíocht an geábh seo.
geábhanna expeditions
" Thug muid cuairteanna, nó geábhanna, ar oileáin éagsúla sa Nua-Chaladóin agus i Vanuatú.
an geábh seo this time
" Tá daoine ar spéis leo cás na teanga ag dul i ngleic leis na fíricí loma faoi dheireadh ach tá lucht an tsaineolais teangeolaíochta ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán an geábh seo chomh maith.
geábh spleodrach merry run
" Beirt ar tí imeacht le bánaí i gcoinne an chórais mar nach leamh a bhéas an geábh spleodrach sin.
geábh trips, times
" Éagraíonn siad laethanta agus deireadh seachtaine ag siúl sléibhe agus dreapadh ina gceantair féin agus bíonn cúpla geábh náisiúnta sa bhliain ann nuair a thagann baill in éineacht le chéile le haghaidh seachtain iomlán de shiúl sléibhe.
cúpla geábh a few times
" Agus tuairisc an chromáin ríoga curtha ag Scott, thug sé le fios go ndeachaigh sé féin ar mhuin eilifinte cúpla geábh, ach nár scaoil sé urchar fúithi riamh.
ar an ngeábh deireannach on the last run
" "An Treo seo! Tá sibh ar an ngeábh deireannach!" Agus an ceart aici.