Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gealltanais pledges
" Níl na gealltanais a tugadh dóibh á gcomhlíonadh.
ghealltanas promise
" Ní raibh siad furasta a úsáid nó níor oibir siad i gceart agus, ar an tséala sin, theip orthu cloí leis an ghealltanas a tugadh fán éifeachtúlacht costais a bhí maíte le haois an idirlín.
ngealltanas pledges, promises
" Feachtas na lionsaí teilifíse atá ann, chuile thaobh ag sáraíocht ar a chéile faoi chostas na ngealltanas éagsúil.
gealltanas promise
" Tugadh gealltanas do na hoifigigh chléireachais sa Roinn nach ndéanfaí dearmad ar na híobairtí a rinne siad an t-am sin.
Níor comhlíonadh an gealltanas sin that promise hasn't been fulfilled
" Níor comhlíonadh an gealltanas sin go fóill.
gealltanas sollúnta solemn promise
" Ag a gcruinniú anuraidh thug ceannairí na Stát Aontaithe, Cheanada, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Seapáine, na Breataine agus na Rúise gealltanas sollúnta go gcuirfí na hacmhainní ar fáil do na tíortha is boichte le go bhféadfaí gach buachaill agus cailín sna tíortha sin dul ar scoil faoin mbliain 2015.
go gcoinneofadh sibh bhur ngealltanas that you would keep your promises
" Idir bhuile an *Tico Tico *agus leadrán na raiméise a bhíonn ag Pádraig Ó Dúiche Seoighe agus Bríd Anna Ní Wheelie Bin, ní bheadh duine ar bith ag súil le go gcoinneofadh sibh bhur ngealltanas, nó go mbeadh cuimhne agaibh ar ar gheall sibh, fiú.
gealltanas commitment
" " Go minic, nuair a thugann duine óg an "gealltanas maighdeanais" seo, bíonn searmanas i gceist chuig a dtugann lucht True Love Waits cuireadh dá dteaghlaigh.
gealltanas maighdeanais virginity pledge
" " Go minic, nuair a thugann duine óg an "gealltanas maighdeanais" seo, bíonn searmanas i gceist chuig a dtugann lucht True Love Waits cuireadh dá dteaghlaigh.
gealltanas promise
" " Ag labhairt dó agus é ag seoladh an tionscadail nua seo, dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD: "Rinne muid gealltanas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 go mbeadh níos mó seirbhísí poiblí ar fáil agus ar chaighdeán níos airde.
gealltanas promise
" Nuair a chuaigh an rialtas i gcomhairle leis an CDÉ, bhí a fhios ag gach duine go raibh an gealltanas tugtha agus nach raibh aon dul as ag an Roinn Sláinte.
gealltanas sollúnta solemn promise
" Nuair a tháinig Bertie Ahern go baile Thuama in oirthear na Gaillimhe sa mbliain 1996, thug sé gealltanas sollúnta do mhuintir an bhaile nach ndúnfaí an t-ospidéal beag príobháideach a bhíodh ar an mbaile ó d'oscail na Siúracha *Bon Secours *é caoga bliain roimhe sin.
gealltanais promises
" Tá brúghrúpaí ag lorg seirbhíse paisinéara ón Uaimh go Baile Átha Cliath, agus is cinnte go dtógfadh an rian seo roinnt brú ón N3, ach an ndéanfar gealltanais fhothoghchán na Mí a chomhlíonadh i ndáiríre? Ábhar mór eile plé é Conair Iarnróid an Iarthair, an rian ó Inis i gContae an Chláir, trí Chontae na Gaillimhe agus Clár Chlainne Mhuiris go Sligeach.
gealltanais promises
" Bhuel, tá an deich mbliana sin nach mór istigh: caithimis súil siar, mar sin, chun an réaltacht a chur i gcomparáid leis na gealltanais.
gealltanais pledges
" Fiú gan bacadh le mionsonraí an ailt, cuireann an pictiúr agus na focail sin in iúl gur díoltas poblachtánach a bhí ann agus nach féidir riamh gealltanais Adams a chreidiúint.
ag comhlíonadh na ngealltanas delivering on their commitments
" “Sa mhéid sin, tá an IRA ag comhlíonadh na ngealltanas a rinne siad mí Iúil seo caite, ní hamháin maidir le deireadh a chur le gníomhaíocht pharaimíleatach ach maidir le stop a chur le coiriúlacht.
de ghealltanais neamhiontaofa na bpolaiteoirí, of the politicians' unreliable promises,
" Tar éis blianta den díomá agus de ghealltanais neamhiontaofa na bpolaiteoirí, tugadh cead d’Aer Lingus seirbhísí nua a chur ar bun idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe, margadh mór le héileamh turasóireachta nach bhféadfadh an comhlacht a shásamh go hiomlán go dtí anois.
gealltanas promise
" Thug Martin Cullen, a bhí ina aire iompair ag an am, gealltanas go ndéanfaí “leasanna straitéiseacha an Stáit” a chosaint agus, chuige sin, go gcoimeádfadh an Stát bun mór sa chomhlacht príobháideach.
gealltanas promise
" Gné amháin de pholasaithe PiS a thaitin le formhór na bPolannach thiar in 2005 ná an gealltanas a thug siad go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachta i saol na tíre.
go gcomhlíonfaí an gealltanas sin that that promise would be fulfilled
" Bhí an chuma ar an scéal go gcomhlíonfaí an gealltanas sin nuair a cuireadh oifig frith-chaimiléireachta (CBA) ar bun, ach ba ghearr go bhfacthas do Pholannaigh nach raibh i CBA ach uirlis rialtais chun poiblíocht mhaith a fháil do PiS agus chun an freasúra a chiapadh.
gealltanais promises
" Níl mórán déanta ag baill an Chomhrialtais ó aimsir an olltoghcháin le cruthú do thoghthóirí go bhfuil sé ar intinn acu na gealltanais ar fad a chomhlíonadh a rinne siad agus iad i mbun feachtais.
gealltanas promise
" Beidh sé i gcónaí ann chun Biffo a choinneáil ar bhóthar a leasa agus é ag cúlú ó gach gealltanas gealtach a thug sé féin ná a Rialtas riamh.
gealltanais promises
" Ar cheann de na gealltanais is mó a thug an Lucht Oibre ar lá a dtofa, go gcuirfidís caoi cheart ar sheirbhísí poiblí tar éis dó na Tóraithe iad a chur ó cheart.
gealltanais promises
" Ag deireadh na bliana anuraidh, shocraigh an CATT go raibh gá le múnla cuíchóirithe a leagan síos don todhchaí agus nach leanfaí leis na gealltanais a bhí ann maidir le bunmhaoiniú ar bhonn bliantúil.
gealltanas committment
" D’éirigh leis gealltanas a mhealladh ó roinnt díobh go n-ísleofaí na táillí atá á n-éileamh acu faoi láthair.
gealltanas promise
" Glacfaidh an rialtas le teachtaireachtaí ríomhphoist i nGàidhlig agus tá gealltanas tugtha acu gur i nGàidhlig a fhreagrófar achan chomhfhreagas a scríobhfar chucu sa teanga sin.
gealltanas scríofa a written promise
" Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
láidreacht an ghealltanais sin strength of that promise
" Mar sin féin, bhí éiginnteacht áirithe ann maidir le láidreacht an ghealltanais sin.
gealltanas scríofa a written promise
" Ní hamháin go raibh gealltanas scríofa i gClár Comhaontaithe don Rialtas go reáchtálfar leagan áirithe den bhille seo, ach chomh maith leis sin níor mhaith a lán polaiteoirí fós do na heagraíochtaí feirmeoireachta as an scaoll a chuir siad ar fheirmeoirí roimh an chéad Reifreann ar Chonradh Liospóin.
gealltanas promise(s)
" Níor sheas an rialtas deiridh lena gcuid gealltanas maidir leis an tsaoráid agus chuir siad na pleananna ar ceal arís is arís eile.
gealltanas promise
" Is é an fáth atá tugtha ag Mag Aonasa, is cosúil, ná gur bhris an Caisideach conradh nó gealltanas a bhí sínithe aige agus ag baill eile na foirne nach labhróidís le lucht na meáin chumarsáide faoi nithe a bhain le hullmhú na foirne.
ghealltanas reatha the current promise
" Tá muid sa dara bliain den ghealltanas reatha anois.
gealltanais promises
" Chuir sé síos ar an chaimiléireacht, an tsaint, an craos chun cumhachta, na gealltanais nár comhlíonadh agus doirteadh ollmhór na fola nuair a bhí an ceathrú cuid de dhaonra an domhain faoi smacht ag Impireacht na Breatáine.
nótaí gealltanais promissory notes
" Beidh orainn comhoibriú go dian agus go glic lenár gcomhghleacaithe Eorpacha sna blianta atá amach romhainn i réimsí na talmhaíochta, an airgeadais, na trádála, na hiascaireachta, gan trácht ar na nótaí gealltanais.
sáraíodh gealltanas reachtúil legislative promises were broken
" Ní hamháin sin, ach sáraíodh gealltanas reachtúil a bhí déanta ag an Gharda Síochána ina scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiún Gaeltachta.
ngealltanas promises
" Ar an dara lá de Nollaig, 2009 scríobh an tOmbudsman agus Coimisinéir Faisnéise, Emily O Reilly, chuig an Aire Ó Cuív ag deimhniú go raibh a hOifig tiománta do chur i bhfeidhm na ngealltanas a tugadh sa dréachtscéim agus go raibh súil aici go mbeadh an Roinn “i dteagmháil linn arís chun é seo a chur in iúl gan mhoill.
Nár loic tú ar an ghealltanas didn’t you go back on the promise
" Gheall tú faoiseamh dúinn agus ansin dúirt tú ‘Nein!’ Nach fíor sin? Nár loic tú ar an ghealltanas a thug tú d’Enda bocht?” “Bhuel, a Bhaloir, níor loic mé ar rud ar bith; agus ní nein a dúirt mé ach nine – thug mé nine as ten d’Éirinn as an tsáriarracht atá á déanamh agaibh leis an déine seo.
gealltanais promissory
" Le déanaí, mar shampla, chuala an Taoiseach ar an teilifís ag rá gur ceist thar a bheith ‘casta’ agus ‘teicniúil’ is ea an cheist seo a bhaineann leis na nótaí gealltanais.
an fáinne gealltanais ar a méar aici the engagement ring on her finger
" Rud a tharraing aird faoi leith an domhain agus Johansson ar an gcairpéad dearg an babhta seo ná an fáinne gealltanais ar a méar aici.
i dtaca leis na gealltanais in regard to promises
" Shíl Balor nárbh fhearr dó rud a dhéanamh ná moladh nó dhó a thabhairt do roinnt daoine atá i mbéal an phobail i dtaca leis na gealltanais a dhéanfaidh siad, nó ba chóir go ndéanfaidís, agus an bhliain úr buailte linn anois.
gealltanais atá tugtha faoi promises given
" **CMacS: Cad leis a mbeidh tú ag súil ón gCoimisinéir nuacheaptha Rónán Ó Domhnaill?** AÓC: Bheinn ag súil, de bharr sheasamh Sheáin Uí Chuirreáin, go mbeadh náire ar dhaoine áirithe agus go rachfaí i ngleic le rúibricí agus le gealltanais atá tugtha faoi na scéimeanna teanga.
théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin that basic promise’s bare and perfectly evident terminology
" 4) cead don Stát cabhair a thabhairt do ghrúpaí creideamhacha i riocht airgid san earnáil oideachais, is deacair éalú ó théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin a chuireann cosc ar chánacha ginearálta an Stáit a aistriú go dtí forais chreidimh.
an gealltanas the promise
" Amharcann na daoine ar an dóigh ar chlis ar an daonlathas, an chaoi ar chuir sé díomá orthu, an bhearna a tháinig idir an gealltanas agus an saol mar atá, agus tagann fearg agus frustrachas orthu ar dtús.
aisíocaíochta na nótaí gealltanais paying back the promissory notes
" D’éirigh leo fosta aisíocaíochta na nótaí gealltanais a chur siar.
na gealltanais neamhionraice the dishonest promises
" Agus is cinnte nach maitheann daoine iad as na gealltanais neamhionraice a thug siad le linn an fheachtais dheireanaí.
ar ghealltanais sháraithe on broken promises
" Anuas air sin, bhí tacaíocht do pháirtithe an chomhrialtais tite go dona mar gur chreid muintir na tíre go raibh an cháinaisnéis bunaithe ar bhréaga agus ar ghealltanais sháraithe.
bhrí nár chomhlíon sé gealltanas because he didn't fulfill a promise
" Ní chreideann muintir Thuama i gContae na Gaillimhe an Taoiseach Bertie Ahern níos mó de bhrí nár chomhlíon sé gealltanas a thug sé dóibh ocht mbliana ó shin, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.
gealltanais promises
" Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad ar na gealltanais a tugadh roimh an Olltoghchán: 20,000 post, 30,000 post, 80,000 post, nó má athraímid an rialtas arís, 150,000 post, le teacht go luath?!