Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gean affection
" Is é an cóála an t-ainmhí is mó a bhfuil gean an phobail air.
gean love
" Ach an babhta seo, agus cainteanna ar tí tosú, ní hamháin go bhfuil sé tar éis ligean d'urlabhraithe de chuid a rialtais féin formhór phobal náisiúnach na Sé Chontae a mhaslú, ach tá na hurlabhraithe céanna tar éis leithscéal a thabhairt do na haontachtaithe le gan dul ar ais i rialtas le Sinn Féin.
gean affection
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
gean love
" AÓF: Nuair a thosaigh tú, arbh é do rogha féin é amhráin a fhoghlaim, nó arbh é gur "cuireadh" chuig na ranganna thú? CÓCC: Ba mo rogha féin a dhul chuig na ranganna ach ní le gean ar na hamhráin a chuaigh mé chucu.
a raibh gean acu ar Éirinn who had affection for Ireland
" “Athbhunaíodh an *8th Irish Battalion, Liverpool Kings Regiment *i mí na Bealtaine 1939 agus mheall sé sin a lán fear óg a raibh gean acu ar Éirinn, mo mhacasamhail féin, isteach san Arm,” a dúirt sé liom.
níos mó geana more affection
" Anuas air sin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil níos mó geana ag an phobal air go fóill ná mar atá ar a chéilí comhraic san fhreasúra.
a raibh gean acu air for which they held affection
" Tuigeann siad, dá óige iad, go bhfuil deireadh leis an neach beag bídeach a raibh gean acu air.
gean affection
" Dráma a thug sonc ar aghaidh chomh maith d’fheachtas tithíochta Chiarraíoch óg sagairt i Slough Shasana san am, fear a thuill gean na n-imirceach Éireannach uile, an tAth.
gean affection
"gean agus cion ar leith ag muintir na hAstráile ar an gcosán seo i ngeall ar fheachtas míleata tábhachtach a tharla ann i rith an Dara Cogadh Domhanda.
geana affection
" Cuireadh an bhéim ar úsáid a bhaint as nósanna an mhargaidh (rud nach mbeadh mórán geana air in Éirinn sa lá atá inniu ann de bharr an chaoi ar theip an margadh airgeadais).
ghean affection
" Ina dhiaidh sin arís, sheas mé ag cúl halla ag fanacht le Deaidí na Nollag (’09) agus ag éisteacht le Gaeilge na Gaeltachta, chuile fhocal chomh glan soiléir, ó ghasúir ghaelscoile na Galltachta! Dá mhéid mo ghean ar an ghaelscolaíocht roimhe seo, níor shamhlaigh mé riamh go dtí Nollaig 2009 go n-oibreodh an córas chomh ceart críochnúil is atá ag éirí le gaelscoil amháin ar m’eolas.
gean agus cion esteem and affection
"gean agus cion ar leith ag muintir na hAstráile ar na hIósafánaigh, ar a dtugtar na Brown Joeys i ngnáthchaint mhuintir na tuaithe, agus measaim go mbeidh lá mór ag an ord rialta nuair a dhéanfar naomh de Mary MacKillop.
ngean affection
" Bheadh drogall orm dóigh a dhéanamh de mo bharúil sna cúrsaí seo, ach déarfainn gur tugadh an post do Maradona ní i ngeall ar a oiriúnacht don phost, ach i ngeall ar an ngean atá ag gnáthmhuintir na hAirgintíne air.
gean an phobail popular affection
" Le ráta tacaíochta de 83%, is é an tUachtarán reatha, Lula, an ceannaire is mó a bhfuil gean an phobail air ó bhain an tír neamhspleáchas amach ón bPortaingéil thiar sa bhliain 1822.
gean an phobail public favour
" An Tánaiste agus tAire Oideachais: Éamon Gilmore ======================== Tá teacht i láthair den scoth aige agus gean an phobail saothraithe aige.
meas agus gean esteem and affection
" “Tá Ardrí úr sa tír, chan rí ná prionsa ná diúc ná iarla, ná fiú Uachtarán; ach Ardrí a bhfuil meas agus gean agus ómós agus urraim agus umhlaíocht an phobail ar fad tuillte aige,” a deir Balor Borrach.
oiread geana such affection
" Bhí oiread geana ag na mic léinn corpoideachais le Gaeilge uirthi, dáiríre, agus rinne sí togha múinteoirí astu.
gean na ndaoine the people’s support
" Dá bhfanfadh muintir Qathafi i dTripoli, chaillfidís gean na ndaoine as an bhuamáil a tharraingt orthu.
gean agus taca affection and support
" Thacaigh an Eaglais Phreispitéireach le Fuadach nan Gàidheal 1782 – Uileloscadh na hAlban – feall a thug an deis do na Saor-Phreispitéirigh gean agus taca an mhuintir Ghaidhealtachd na hAlban a bhaint dóibh féin.
Tá gean mór acu ar they’ve a strong affection for
" Tá gean mór acu ar a dtír féin, pé acu an í an Ghailís nó an Spáinn í.
gean affect
" Is féidir linn a bheith róghéar agus rórighin in amanna agus sinn ag díriú go dícheallach ar sprioc éicint, ach ná caillimist an ghnaíúlacht a dtugann daoine gnaíúla i dtíortha eile an domhain gean dó.
an grá agus an gean de dhíth orthu they need love and affection
" Cosaint ar Leith do Dhream ar Leith ============== Is beag duine sa lá atá inniu ann nach síleann go bhfuil draíocht ar leith ag baint le páistí, agus gur daoine speisialta iad ar chóir dúinn iad a chosaint agus a chothú, go bhfuil an grá agus an gean de dhíth orthu, agus gur dual dúinn ár ndícheall a dhéanamh dóibh.
gean ar leith a particular affection
" Dúradh go raibh gean ar leith aige ar ‘Dubs’ maidir le comhluadar agus craic agus má bhí, bhí a mhalairt fíor chomh maith, mar is i gCiarraí a chaitheadh go leor d’fhoireann Átha Cliath na seachtóidí a laethanta saoire agus tábhairne Pháidí i gcónaí ar an sceideal acu.
bhí oiread sin geana ag daoine ar people has such affection for
" Is cuimhin liom féin lá an tórraimh agus an dúscaifte de dhaoine óga, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh a d'fhreastail air, bhí oiread sin geana ag daoine ar Terry Óg ach cad é mar a chuaigh de i bhfeidhm ar Fheargal? "Bhuel, le linn na tréimhse sin, chonaic mé daoine a bhí ag obair ar son an phobail, m'athair agus mo dhearthair agus nuair a chonaic mé an dlúthphairtíocht i mo theaghlach i ndiaidh an dúnmharaithe, dhaingnigh sé sin an dearcadh a bhí agam ar cad is pobal ann.
oiread sin geana ag had so much affection
" Chuir muid ceist orainn féin, cad chuige a raibh oiread sin geana ag an bhean seo as tír i bhfad i gcéin ar an bhratach.
tá gean faoi leith ag have a particular fondness
" Agus mar a dúras cheana, tá gean faoi leith ag Nua-Gheirsígh ar a gcuid carr.
an gean affection
" Níl aon teorainn leis an mbá agus an gean atá againn dár gcairde is dílse, idir alsáiseacha agus huscaithe, púdail nó síotsúnna agus mura bhfuil tú in ann rogha a dhéanamh idir na coileáin sin, is féidir madra de mhianach measctha a aimsiú gan stró.
gean as cuimse great affection
" Tá Brian Ó Broin den tuairim gur áit ar leith í San Francisco agus is iomaí duine eile mar é a thug gean as cuimse do chósta thiar na Stát mar a luíonn an ghrian tráthnóna.
gean an phobail the public’s affection
" An laoch tite nach bhfuil gean an phobail air a thuilleadh, sin é a tharraing aird Cholaim Mhic Shéalaigh.
a ghean his affection
" Thug Brian Ó Broin a ghean do chathair Nua-Orléans ar na mallaibh.
Thug Daragh Ó Tuama gean do grew attached to, liked
" Thug Daragh Ó Tuama gean do charr acmhainneach áirgiúil láidir i ndiaidh leadhbanna d'uachtar Laighean agus na Mumhan a shiúl léi.