Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
geansaithe shirts
" Mar shampla, íocann baill an CLG Cáin Bhreis Luacha (CBL) ar na camáin (faigheann an rialtas trí euro ar gach camán a cheannaítear!), ar na geansaithe, ar an bpeitreal, ar ghlaonna gutháin, árachas, iompar foirne, bia agus mar sin de, is é sin na nithe go léir a bhaineann le foirne a chur chun páirce seachtain i ndiaidh seachtaine ar fud na tíre.
geansaithe nua new jersies
" Coiste Contae: monatóireacht ar obair na gclubanna, tacaíocht a thabhairt dóibh, oiliúnóirí a chur ar fáil, comórtais speisialta a eagrú sa samhradh (cnámh spairne i mBaile Átha Cliath), spreagadh do chlubanna, mar shampla, pointí a bhronnadh ar iarrachtaí éagsúla agus ansin bronntanais (ar nós geansaithe nua nó camáin nó turas go dtí Craobh na Mumhan) nuair a shroiseann club oiread áirithe pointí i mbliain amháin.
geansaithe jersies
" Bíonn na mílte duine óg, agus neart againn nach bhfuil chomh hóg sin chomh maith, ag caitheamh geansaithe CLG agus dathanna na gcontaetha orthu sa lá atá inniu ann, ar dhóigh nach raibh muid a dhéanamh fiú deich mbliana ó shin.
liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe the grey of the ashes of the Celtic jersey after it has been burnt
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
geansaithe á dtarraingt jersies being pulled
" Le linn an chluiche bhí teagmháil phearsanta an-trom agus láidir i geist idir imreoirí, rud atá coitianta go leor, le fírinne, ach níos mó ná uair amháin bhí doirne á gcaitheamh, geansaithe á dtarraingt, daoine á mbrú agus á leagadh le linn na himeartha agus nuair nach raibh an imirt ar bun.
geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh the jersies of the various counties being worn
" D’fheicfeá geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh ag na scoláirí mar léiriú ar an tsuim mhór sna cluichí agus coinníonn an clúdach teilifíse gach duine ar an eolas.
ar gheansaí oilithrigh éigin on the jersey of some pilgrim
" Cá bhfios nach mbeidh “Ó Muiríosa” le feiceáil scríofa ar gheansaí oilithrigh éigin.
geansaí ildaite multi-coloured sweater
" Caitheann sí culaith oifige agus cuireann geansaí ildaite an mhúinteora isteach go mór uirthi.
mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha. such as helmets and padded tops.
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
ceannaíonn siad na geansaithe, they buy the tops,
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
deich ngeansaí de chuid Celtic ten Celtic jersies
" I lár chathair Bhéal Feirste, chífidh tú deich ngeansaí de chuid Celtic in aghaidh gach geansaí de chuid Rangers ar dhaoine óga ag siúl na sráideanna.
an easpa geansaithe, the lack of sweaters,
" Mar gheall ar an drochádh leis an rothar, an aimsir agus an easpa geansaithe, tá an t-eolas seo á chur i láthair agam le cuidiú ó Google, agus ní de bharr go raibh eispéireas saibhrithe agam féin ar an láthair.
geansaí ildaite multi-coloured jumper
" Mothaíonn muintir na Sé Chontae ar nós nia a fuair geansaí ildaite a bhfuil réinfhianna air óna aintín don Nollag.
faoin ngeansaí, about the jersey,
" Agus bainisteoir, captaen, cathaoirleach nó roghnóir ag labhairt ag seisiún traenála roimh chluiche mór, d’úsáidtí tagairtí a thuigfeadh gach duine: rudaí faoin ngeansaí, faoin bparóiste agus faoin traenáil i ndoineann agus i soineann.
geansaithe jerseys
" Tá na geansaithe acu agus is breá leo iad a chaitheamh.
Nua-Gheansaí New Jersey
" "Nach tusa a tháinig i bhfad! Sínigh leabhar na gcuairteoirí!" Thograíos gan a rá léi gurbh as Nua-Gheansaí a d'eitlíos! "Rothaíocht sa chathair? An bhfuil tú cinnte nach bhfuil carr agat?" Is ea, lánchinnte.
geansaithe jerseys
" Gan aithne phearsanta ag baill an phobail ar a chéile, fós, aithníonn siad a chéile trína comharthaí feiceálacha - na geansaithe, na dathanna, na brait – agus tríd an iompar sóisialta – an sárú, an cur is cúiteamh, an magadh, an béiceach, an iomaíocht, an spraoi, an t-easaontú – a bhaineann le cluichí agus le hócáidí bainteach le imeachtaí eile an CLG timpeall na tíre.
geansaí a jersey
" Nach é calaois a bheadh i gceist ag Mícheál dá dtarraingeodh imreoir geansaí, nó cos, nó camán, nó clogad imreora eile, nó dá leagfadh imreoir go fealltach imreoir eile a bheadh ag déanamh ar a bháire féin? An ionann sin is a rá gur falcairí agus lúbairí a bhíonn ag imirt na peile agus na hiománaíochta? Tá súil agam nach ea.
geansaí pullover
" Ní bhfaighidh tú geansaí Nollag riamh arís.
gheansaí olla woolen jersey
" Ní gá ach cuimhneamh ar Willie Corduff, gléasta ina gheansaí olla agus a bhuataisí rubair, é ina shuí i dtóin an veain ag ól tae agus ag ithe brioscaí é ag cinntiú nach bhfuil dearmad á dhéanamh ag na mná ar na fir eile a dteastódh cupán tae uathu freisin.
geansaithe na Gaillimhe Galway jerseys
" Bíonn geansaithe na Gaillimhe á gcaitheamh acu, ach chonaic mé Fionnuala tráthnóna inné ag seisiún traenála agus geansaí Dhún na nGall uirthi.
bhuatais ná ar gheansaí imreora ar bith boots and jerseys of any player
" Chuala mé trácht ar liathróid shalach go minic fiú amháin ar laethanta breátha samhraidh gan ruainne puití le feiceáil ar bhuatais ná ar gheansaí imreora ar bith.
gheansaí uaithne green jersey
" Níor roghnaíodh ar an meitheal imreoirí don chluiche deireanach é agus is deacair a shamhlú go bhfeicfear arís é sa gheansaí uaithne.
aire a thabhairt do gheansaithe taking care of the jerseys
" Thóg mé féin agus Ruadhán cúram na bainistíochta orainn féin – teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le himreoirí faoi thraenáil agus faoi chluichí, aire a thabhairt do gheansaithe agus araile.
Geansaí Bándearg an bhuaiteora the winner’s pink jersey
" Baint an Giro in Éirinn ======== Tá baint lárnach ag an Giro le hÉirinn cheana féin mar gur bhuaigh Stephen Roche an ‘Maglia Rosa’, nó ‘Geansaí Bándearg an bhuaiteora’, i 1987.
atá i mbun na ngeansaithe a dhearadh which is designing jerseys
" An ‘Maglia Rosa’ ======= Tá lúcháir ar dhaoine go bhfuil dearthóir de chuid na hÉireann – Fergus Niland ag obair mar cheann roinne táirge agus dearaidh leis an chomhlacht Santini i mBergamo, san Iodáil atá i mbun na ngeansaithe a dhearadh don Giro d’Italia.