Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gearradh siar go mór to cut back greatly
" " Gearradh siar ======= Tá sé beartaithe ag Ó Céidigh gearradh siar go mór ar an obair a dhéanann sé le hAer Árainn.
ag gearradh siar cutting back
" Antaine: An bhfuil sé deacair urraíocht a fháil don fhéile? Éilís: Tá a lán des na hurraí ag gearradh siar go mór.
gearrthacha cuts
" Ag taibhreamh a bhí sé faoi na billiúin a bheadh le caitheamh arís aige de bharr na ngearrthacha siar a chuirfeadh sé i bhfeidhm i riocht réiteach agus feistithe, nuair a bhain mise siar as le mo chéad mholadh eile.
na ngearrthacha siar the cutbacks
" Ag taibhreamh a bhí sé faoi na billiúin a bheadh le caitheamh arís aige de bharr na ngearrthacha siar a chuirfeadh sé i bhfeidhm i riocht réiteach agus feistithe, nuair a bhain mise siar as le mo chéad mholadh eile.
chun gearradh siar ar na himeachtaí to cut back on the events
" Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b'fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
ag gearradh a mbuiséad bliantúil cutting their annual budgets
" Is é an *Bertie Speak *céanna a chuireann ar chumas an Taoisigh a rá nach bhfuil sé i bhfábhar comhlachtaí státurraithe a phríobháidiú ach, ag an am céanna, leanúint ag gearradh a mbuiséad bliantúil.
Gearradh siar cutbacks
" Cad é faoin chéad míle fáilte ar ghnách le muintir na hÉireann iad a fhearadh roimh chuairteoirí? Balor: Gearradh siar, a Íochtaráin.
ar gearradh coicís príosúnachta air who was given a two-week prison sentence
" Anuraidh ghlac Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (an IFA) agus Eagraíocht na bhFeirmeoirí Beithíoch agus Caora (an ICSA) páirt i léirsiú taobh amuigh de phríosún Theach an Locháin lena dtacaíocht a thabhairt d’Andy “The Bull” McSharry, feirmeoir as Contae Shligigh ar gearradh coicís príosúnachta air i gcás a bhain leis an aighneas leanúnach idir lucht siúil na sléibhte agus úinéirí talún.
go raibh an táille cheart á gearradh orainn that we were being charged the correct fee
" Bhíodh lucht féachana againn aon uair a bhíodh tacsaí á fháil againn le cinntiú go raibh an táille cheart á gearradh orainn! Teach do pháistí ======= Bhí an tionscadal ina raibh mé lonnaithe suite i mbaile beag darb ainm Denase, gar do Kumasi.
go raibh an táille cheart á gearradh orainn that we were being charged the correct fee
" Bhíodh lucht féachana againn aon uair a bhíodh tacsaí á fháil againn le cinntiú go raibh an táille cheart á gearradh orainn! Teach do pháistí ======= Bhí an tionscadal ina raibh mé lonnaithe suite i mbaile beag darb ainm Denase, gar do Kumasi.
agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air and that he was jailed for twelve months
" D'inis sé dom go raibh an feirmeoir, Martin Leigh, os comhair na cúirte i Chester an tseachtain sular bhuail mé leis agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air as trí chúis is fiche.
an pionós a gearradh ar dhaoine the punishment imposed on people
" Mo bharúil féin faoi fhreagairt an CLG agus an pionós a gearradh ar dhaoine ná go bhfuil siad an-mhíshásúil ar fad agus nach dtiocfaidh athrú ar bith chun feabhais dá mbarr.
mar a bheadh gearradh san aill ann like a gash in the cliff
" Sroicheann tú trá fhada phúrógach, agus tá an uaimh le feiceáil ag a deireadh, mar a bheadh gearradh san aill ann.
gearradh siar suntasach a significant cutting back
"gearradh siar suntasach ar an réimse leabhar Gaeilge atá i siopa leabhar Easons ar Shráid Uí Chonaill, cuir i gcás, agus is truamhéalach an scéal é ina lán siopaí eile, Waterstones agus mar sin de.
ag gearradh siar ar cutting back on
" Tá siad ag gearradh siar ar 3,500 post timpeall an domhain chun iarracht a dhéanamh a scairshealbhóirí a choinneáil sásta.
a gearradh as miotal láidir tanaí. which were cut from strong thin metal.
" Dealbha iad a gearradh as miotal láidir tanaí.
gearradh príosúnacht saoil mar phianbhreith orthu. they were given a life sentence.
" Ciontaíodh an cúigear acu as dúnmharú Kieran Keane, ar cheannasaí droinge coiriúla é, ag tús na bliana 2005 agus gearradh príosúnacht saoil mar phianbhreith orthu.
gearradh é it was cut
" Ach gearradh é i ndiaidh ionsaithe Mheán Fómhair na bliana sin.
gearradh na gcrann seo, the cutting of these trees,
" Cé nach gceadaítear gearradh na gcrann seo, is féidir dul ag tochailt sna portaigh ar thóir na seanchrann atá iontu.
ag gearradh cíosa charging rent
" D'atheagraigh an mhainistir an sráidbhaile, agus thosaigh sí ag gearradh cíosa ar dhaoine.
pianbhreith fós le gearradh sentence still to be imposed
" Gearradh ceithre bliana agus ocht mí príosúnachta ar Shaun Greenhalgh, gearradh bliain phríosúnachta ar an mháthair, ach cuireadh an phianbhreith ar fionraí, agus tá breithiúnas fós le déanamh agus pianbhreith fós le gearradh ar George.
gearradh aon bhliain déag príosúnachta air. he was sentenced to eleven years in prison
" I ndeireadh na dála, ciontaíodh athair Barbara as a héigniú, agus gearradh aon bhliain déag príosúnachta air.
Gearradh pionós ar bheirt fhear óga, A penalty was handed down to two young men
" Pionós dianGearradh pionós ar bheirt fhear óga, a raibh na *tags *Krek agus Mers á n-úsáid acu, as a gcuid coireanna ealaíne in Manchester ar na mallaibh – dhá mhí dhéag agus cúig mhí dhéag príosúnachta faoi seach.
ag gearradh mo mhurnán. cutting my ankles.
" Ba é an botún ba mhó a rinne mé ná go bhfuair mé buataisí sciála a bhí ag gearradh mo mhurnán.
á gearradh being charged
" Ní thuigim, mar shampla, cén fáth a bhfuil táille riaracháin de €1 á gearradh ar chuntais leictreonacha tiománaithe gach mí? Is táille bhreise, chiniciúil í a mbeadh leithéidí Ticketmaster agus Ryanair bródúil as.
gearradh siar cut back
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal gur gearradh siar suntasach a bheas sa mhaoiniú seo le hais na suime atá á caitheamh ar nuachtáin Ghaeilge faoi láthair.
gearradh siar cut back
" Dá mbeifeá le comhairle a chur orthu, céard a mholfá dóibh?* DMW: Is cinnte gur chóir dóibh gearradh siar ar chaiteachas an rialtais.
cháin sin le gearradh ar mhuintir na Mumhan that emasculating tax on the Momnian Gaels
" Deich faoin chéad de cháin bhreise ar lucht labhartha na Gaeilge, agus cúig faoin chéad sa bhreis ar an cháin sin le gearradh ar mhuintir na Mumhan a labhraíonn an Ghaoluinn! “Char labhair mise ach Gaeilge bhlasta Uladh le mo bheo agus cha dtig libh a dhath ar bith a dhéanamh fá dtaobh de,” a mhaígh Maidhc Dainín Ó Sé, agus é i mbun agallaimh leis na hiniúchóirí cánach a bhí ar cuairt aige i gCorca Dhuibhne.
ag gearradh siar ar curtailing
" Ach má leanann leithéidí Ryanair ar aghaidh ag gearradh siar ar bhagáiste, b'fhéidir amach anseo go mbeidh cosc iomlán á chur ar bhagáiste láimhe agus go mbeimid ag tabhairt leabharlann linn i bhfoirm leictreonach chun ár leabhair a choinneáil faoi cheilt! Tá an leagan Windows den ghramadóir "Ceart" a fhoilsíonn Diarmaid ar fáil ar an suíomh www.
ag gearradh speeding
" Tá an t-óstán ar chrosbhealach gnóthach agus thart fá 100 méadar ar shiúl, tá mórbhealach ar chosa taca a bhíonn plódaithe i dtólamh le gluaisteáin agus le leoraithe ag gearradh suas is anuas.
Níor gearradh weren't charged
" Níor gearradh orainn sa Chelsea ach $100 an duine san oíche.
gearradh sentenced
" Cé go raibh an seanchosán in aice leis, ní raibh cead ag siúlóirí dul suas ar an bharr mar thalamh phríobháideach, le Diúc Devonshire, a bhí ann, Bhí caismirtí idir na siúlóirí agus na maoir ar an lá sin, agus gabhadh cumannach óg, Benny Rothman agus ceathrar eile agus gearradh téarma phríosúin orthu.
gearradh isteach cutting in
" Daoine ag gearradh isteach ar a chéile - teicníc na trasnála gan réamhchleachtú.
gearradh cut
" Le scéal fada a ghiortú, de bharr an lagtrá eacnamaíochta, d’iarr Rialtas na hÉireann ar choiste eacnamaithe iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil airgead poiblí á chaitheamh agus moltaí a dhéanamh i dtaca leis an dóigh is fearr le gearradh siar a dhéanamh.
Gearradh was sentenced
" com/video/x3h5vh_enquete-sur-le-meurtre-du-prefet-er_news) Gearradh téarma príosúin dhá bhliain is fiche ar Colonna níos luaithe i mbliana tar éis achomhairc.
gearradh cut
" Tá ráite aige, os comhair finnéithe agus i láthair a dhé féin, nach ndéanfaidh sé gearradh siar dá laghad ar an dá euro agus seachtó trí cent a fhaigheann muid in aghaidh an lae.
gearradh siar to cut back
" Tá sé i gceist aici chomh maith gearradh siar ar an méid aibhléise a ghintear ó bhreoslaí iontaise i rith an achair chéanna.
gearradh siar to cut back
" Tá sé i gceist aici chomh maith gearradh siar ar an méid aibhléise a ghintear ó bhreoslaí iontaise i rith an achair chéanna.
gearradh sleachta agus greamú cutting and pasting tracts
" Cén sórt taighde atá déanta acu mar sin? Taighde oifige, cinnte, mar déanann sé gearradh sleachta agus greamú ón *Lonely Planet Guide* agus ón *SAC Report*.
gearradh siar cutback
" Tá sé thar am dúinn a bheith fírinneach faoin méid is féidir a bhaint amach faoin Straitéis, ag am a bhfuil gearradh siar mór le déanamh ar an méid airgid a chaitear ar scéimeanna teanga taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, faoin Plean 4 Bliana a foilsíodh le gairid.
gearradh siar cut back
" Deis iontach a bhí sa leathnú a dhéanfar ar a gcuid cúraimí le gearradh siar ar líon na mball a thoghtar.
Gearradh he was convicted
" Gearradh ocht mí ar an leaba chláir air.
gearradh siar ar cut back on
" Lena chois sin, tá dualgas ar Éirinn faoin sprioc atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach gearradh siar ar na hastaíochtaí CO2 idir seo agus 2020.
gearradh was cut
" Níor inis duine ar bith do Ó Bama, áfach, go raibh rialtas s’againne i ndiaidh ionsaí eile a dhéanamh ar pháistí na hÉireann ar na mallaibh: go raibh deireadh á chur le 250 post múinteoirí Bhéarla do pháistí ón iasacht; go raibh an deontas leabhar don lucht siúil laghdaithe; agus gur gearradh pinsean na ndall chomh maith.
ag gearradh siar cutting back
" php) Cé go bhfuil daoine go leor atá ag gearradh siar ar líon na mbronntanas atá le cheannach, trí Kris Kindle is a leithéid a dhéanamh, tá an té sin ann a mbíonn mála mhór le hiompar fós aige anuas an poll deataigh.
Gearradh sentenced to
" Gearradh pianbhreith 15 bliana orthu i bhFeabhra 1975 as comhcheilg chun pléascáin a dhéanamh.
Gearradh siar were cut back severely
" Gearradh siar go mór ar scéimeanna leasa sóisialta, agus leagadh béim mhór ar Chríostaíocht ar shlí nach ndearnadh ó na caogaidí.
gearradh siar na rátaí cánach cutbacks in tax rates
" Chuir gearradh siar na rátaí cánach ar thuarastail mhóra (agus ar bhrabúis) leis an treocht seo gan amhras.
gearradh pianseirbhís saoil convicted to penal servitude for life
" Glactar leis fosta gur dócha nach raibh aon bhaint ag ceathrar den chúigear eile a gearradh pianseirbhís saoil orthu leis na dúnmharuithe.
le gearradh siar mór millteach a dhéanamh to make a massive cutback
" Anois céard déarfá! Más amhlaidh atá, tá cás íontach láidir déanta ag na ‘Irish language broadcasters’ céanna le gearradh siar mór millteach a dhéanamh ar uaireanta craolta na gcraoltóirí céanna! Mura bhfuil aon tionchar rathúil ar chraolacháin i nGaeilge ó thaobh cur le líon na gcainteoirí Gaeilge nó ó thaobh a bheith úsáideach do fhoghlaimeoirí na teanga, is deacair an cás a dhéanamh go mba cheart €60 milliún in aghaidh na bliana d’airgead poiblí a thabhairt do na craoltóirí céanna le cláracha i nGaeilge a chraoladh! Caoinfhulaingt na Gaeilge: ============ ‘Caoinfhulaingt dhea-mhéiniúil na Gaeilge in RTÉ’ an ceannteideal atá ar an tarna chuid den tuarascáil.
gearradh fíneáil £5 air móide he was fined £5 plus
" Diúltaíodh don iarratas seo gearradh fíneáil £5 air móide costaisí £23.
ag gearradh na scamhóige amach cutting out the heart
" Chonaiceamar an tseachtain seo chuaigh thart fear de chuid an FSA, mar a thugtar mórán go geanúil orthu, ag gearradh na scamhóige amach as saighdiúir de chuid na Siria agus á ithe ar Youtube.
ag gearradh scornach saighdiúra cutting a soldier’s throat
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
ag gearradh bealaigh go maolchluasach heading off ashamedly
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
gearradh éiric ar leanaí a labhair as children were penalised who spoke
" Ba é an Béarla an teanga oifigiúil i gcúirteanna is i scoileanna Phórtó Ríce agus gearradh éiric ar leanaí a labhair as Spáinnis ar scoil.
gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu they were sentenced to 15 yrs in jail
" Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu.
ar gearradh siar ar a dtuarastal whose wages were cut
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
gearradh was cut
" Caidé a thugann tú ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: Tá an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a ithe – Imigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! Hó! Hó! Hó! Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach in áit inteacht eile.
cnámha ainmhithe le gearrthacha orthu animal bones with cut markings
" Fuarthas go dtí seo: 1) Fásra agus ainmhithe (flora & fauna); 2) déantáin bhreochloiche; 3) cnámha ainmhithe le gearrthacha orthu; 4) 50 lorg coiscéimeanna daonna.
gearradh siar millteanach a massive cutback
"gearradh siar millteanach tarlaithe i réimse na meáin chumarsáide - táimid gan nuachtán Gaeilge le fada cuir i gcás.
gearradh pianbhreith was sentenced to
" Ciontaíodh as smuigleáil drugaí an bhliain dár gcionn í, ámh, agus gearradh pianbhreith fiche bliain uirthi.
tar éis gearradh siar have cut back
" Tá teaghlaigh tar éis gearradh siar go mór ar chaiteachas riachtanach: bia, leictreachas agus breosla, gan trácht ar chaiteachas breise.
Beidh mé ag gearradh cosán dearg siar ann I’ll be beating a track out there to the west
" Beidh mé ag gearradh cosán dearg siar ann feasta.
ag gearradh bealaigh siar heading west
" Bhí Roseanne Smith ag gearradh bealaigh siar go deisceart Mhaigh Eo nuair a bhí an t-alt seo nach mór foilsithe, chuig comhdháil spéisiúil, saothrach, an Congregation, a eagraíodh go cliste.