Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chineáil sin geilleagair that type of economy
" Agus tá na postanna a bhí acu sna longlanna agus sna monarchana imithe, mar tá lá an chineáil sin geilleagair thart le fada anois fud fad Iarthar na hEorpa.
deacrachtaí geilleagair economic problems
" Ba iad na hionsaithe céanna sin - a d'fhág 23 oifigeach de chuid an NYPD agus 343 fear dóiteáin marbh - a chuir tús tobann leis na deacrachtaí geilleagair atá mar an phríomhchúis nach féidir na harduithe atá, dar le go leor, tuillte ag na hoibrithe sin a bhronnadh.
cúrsaí geilleagair economic matters
" Ní mór cúrsaí geilleagair na tíre agus polasaithe an rialtais a chur san áireamh chomh maith.
cúrsaí geilleagair economic matters
" Níl an méid sin difríochtaí eatarthu ó thaobh cúrsaí geilleagair.
ceisteanna stairiúla, cultúrtha agus geilleagair historical, cultural and economic questions
" Ardaíonn an fógra a rinneadh le déanaí go bhfuil breis is fiche scoil Chaitliceach i gCathair Nua-Eabhrac le dúnadh nó le nascadh go leor ceisteanna stairiúla, cultúrtha agus geilleagair.
cúrsaí geilleagair economic matters
" Ar an drochuair bhí cúrsaí geilleagair go han-dona in Éirinn ag am sin agus chinn mo thuismitheoirí ar dhul go Sasana mar gheall ar go raibh sé níb fhusa obair a fháil.
ar chúrsaí geilleagair on economic matters
" Beidh smaointeoireacht úr de dhíth má bhíonn daoine ag obair sa “teach mór ar an chnoc” arís, ar chúrsaí geilleagair, sóisialta, sláinte, oideachais agus ar gach gné den saol.
cúrsaí geilleagair. economic matters.
" “Tá siad lag maidir le cúrsaí geilleagair.
fadhbanna seanbhunaithe infrastruchtúir agus geilleagair infrastructural and economic problems that go back a long way
" Measann cuid de na daoine gur bob eile atá ann “an réadúlacht eacnamaíoch” a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí sin atá ag iarraidh moll mór airgid le fadhbanna seanbhunaithe infrastruchtúir agus geilleagair a leigheas.
cúrsaí geilleagair agus bonneagair economic and infrastructure affairs
" An rud ba shuntasaí ná a laghad ama a tugadh le linn an choinbhinsiúin do chúrsaí móra na tíre – cúrsaí geilleagair agus bonneagair, cuir i gcás – agus an easpa suime a léiríodh san iarrthóir uachtaránachta, John McCain.
chríochdheighilt geilleagair commercial partition
" An chríochdheighilt geilleagair "Nach iontach chomh críochdheighilteach is atá Fianna Fail?" a fhiafraíonn fear eile ar bhlag Slugger.
saol geilleagair economic life
" Níl aon amhras ann go bhfuil tús curtha le tréimhse fhíordheacair i saol geilleagair agus sóisialta na tíre seo.
fás an geilleagair the economic growth
" Tá lucht comhshaoil ag rá le roinnt blianta anuas gur gá dúinn an nasc idir fás an geilleagair agus gur gá fás na n-astuithe ceaptha teasa a bhriseadh.
gcúlú geilleagair economic collapse
" De réir mar a thuigim, is mó an tionchar atá ag an gcúlú geilleagair ar an saol in Éirinn ná ar an saol anseo sa Fhrainc.
sochar geilleagair economic benefit
" ” Saíocht agus sócmhainní Táthar ann ar ndóigh a deir gur féidir sochar geilleagair a bhaint as an teanga in am an ghátair.
Geilleagair economic
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
meathlú geilleagair economic decline
" Tá sé ráite ag an CAI gurb é seo an meathlú geilleagair is measa a tharla ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda i leith.
i sáinn geilleagair in an economic fix
" Ar ndóigh, ba é dearcadh an Uachtaráin Bush agus a chomrádaithe a chur bunús leis an íomhá seo, ach anois agus Meiriceá i sáinn geilleagair níos mó ná rud ar bith eile ó 1929 amach, tá cairde de dhíth ar an tír.
phríomhchomhairleoir geilleagair chief financial adviser
" Cuireann sé i gcuimhne dom an meamram inmheánach a scríobh phríomhchomhairleoir geilleagair do rialtas Obama, Lawrence Summers, i 1991 nuair a bhí sé mar phríomheacnamaí an Bhainc Dhomhanda: “*I think the economic logic behind dumping a load of toxic waste in the lowest wage country is impeccable.
geilleagair economic
" An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
borradh geilleagair economic growth
" Ba léir go raibh borradh geilleagair faoi lán seoil: bhí ionaid siopadóireachta á n-oscailt sna cathracha, bhí carranna móra breátha i measc na seanrudaí caite, bhí traein faoi thalamh á tógáil i nDelhi.
geilleagair economy
" Is é an lag trá geilleagair is cúis leis, is dóiche, agus níl an dara suí sa bhuaile againn ach cur suas leis, bail ó Dhia air mar mheathlú beag bíoganach.
geilleagair economy
" Níos measa go mór anois atá cúrsaí geilleagair agus eacnamaíochta agus airgeadais ná mar a bhí riamh roimhe seo in Éirinn, nó fiú i dToraigh.
geilleagair economy
" Bhuail géarchéim mhór geilleagair Críocha Lochlainn i dtús na nóchaidí.
geilleagair economic
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
geilleagair economy
" Ó bunaíodh Gaeltarra Éireann, os cionn 40 bliain ó shin, glacadh leis gur theastaigh eagras stáit faoi leith chun forbairt geilleagair, cultúir agus sóisialta na gceantracha Gaeltachta a chur chun cinn.
geilleagair economic
" Is iad an lagar geilleagair, an cosc ar thobac, an feachtas in aghaidh tiomáint ar meisce agus an costas cuid de na cúiseanna a chuirtear chun cinn.
borradh geilleagair economic growth
" Anuas ar sin, síníodh Kyoto le linn borradh geilleagair, ach ní raibh ach bliain idir titim an Bhainc Lehmans agus comhdháil Chóbanhávain, agus tá an geilleagar domhanda fíorlag go fóill.
geilleagair economic
" Deireadh Ré BD: Ag amharc chun tosaigh anois, an bhfuil aon rud a gcuirfidh tú béim air agus tú ag ullmhú do dheireadh an téarma Uachtaránachta? Uachtarán na hÉireann: Agus cúrsaí geilleagair anois athraithe as éadan ar fad, ní miste dúinn, mar phobal, spiorad soirbhíochais a chothú sa tír, le cur i gcoinne na lagspride agus na gruaime.
suaitheadh geilleagair economic turbulence
" In achar an-ghearr chuireamar, mar phobal, eolas ar a uafásaí agus a bhí an suaitheadh geilleagair a bhuail fúinn sa tír seo.
súmairí geilleagair economic parasites
" Cé go bhfeictear do roinnt den phobal gur súmairí geilleagair iad inimircigh neamhrialta a fhanann is a oibríonn i dtíortha gan cead, is amhlaidh nach é an sochar leasa shóisialta ach an infhaighteacht oibre an rud is mó a tharraingíonn daoine isteach i dtíortha eile gan na doiciméid chuí.
geilleagair economies
" Faoi láthair, tá na breoslaí iontaise seo chomh fite fuaite leis na geilleagair mhóra is gur mór agus gur iontach an t-athrú é foinsí nua a chur ina n-áit.
gcúlú geilleagair economic setback
" Níl a fhios agam an bhfuil aon bhaint ag an gcúlú geilleagair leis.
geilleagair economic
" Tá leas sóisialta is geilleagair thíortha bunaidh is cheann scríbe á chur chun cinn ag an imirce le fada an lá.
geilleagair economy
" Baineann síorathrú go nádúrtha le saol an duine agus saol pobail maidir le saíocht, slí bheatha an duine, cúrsaí geilleagair, polaitíochta, teicneolaíochta agus araile.
fás geilleagair economic growth
" Thar aon rud eile, is í aidhm Pháirtí na nOibrithe postanna agus fás geilleagair a sholáthar – beagnach ar chostas ar bith.
chimí geilleagair economic captives
" Tá gach gné díobh sin agus eachtraí eile nach iad tábhacht, ní hamháin duit féin ach don lánúin óg atá ina gcónaí i ngar duit ar chimí geilleagair anois iad i dteach nó in árasán a raibh orthu a cheannach mar go raibh gasúr ar an mbealach.
mheathlú geilleagair economic decay
" Ceannairí Ráscánta ========== Ar ndóigh ní hé deireadh na dtáillí tís an t-aon chúis amháin leis an mheathlú geilleagair, ach creidim go raibh sé tábhachtach.
smachtbhannaí geilleagair economic santions
" Rinne sí urraíocht ar bhille i mbliana a chuir na smachtbhannaí geilleagair is troime fós ar an bPoblacht Ioslamach.
lucht geilleagair economists
" Bhí geilleagar na tíre ag cúlú agus an tUachtarán Obama ag glacadh a phoist 21 mhí ó shin, agus ní léir go fóill go bhfuil an cúlú thart, ainneoin go bhfuil lucht geilleagair ar a ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an chuid is measa thart.
gcúrsaí geilleagair economic affairs
" Faigheann muintir labhartha na Gaeilge deis ionadaithe faoi leith a roghnú don Údarás agus deir Bourgeois “má tá a leithéid sin againn (i gcúrsaí geilleagair) cén fáth nach bhfuil an rud céanna ann sa rannóg oideachais atá i bhfad níos tábhachtaí”? Sin é an argóint atá aige bunaithe ar an méid eolais atá aige faoin gcás in Éirinn.
geilleagair economic
" 2 Soiléiriú agus buanú ar stádas Údarás na Gaeltachta go háirithe ó thaobh cúraimí forbartha bonneagair agus geilleagair de.
riaradh geilleagair na tíre managing the country’s economy
" Chuir an CAI agus an AE isteach ar riaradh geilleagair na tíre go tobann, ach i gcás na hÉireann níl siad ag plé le tír a bhfuil teipthe go hiomlán uirthi.
lucht polaitíochta agus geilleagair politicians and economists
" Roimhe sin, do bhíodh sé mar uirlis ag an lucht polaitíochta agus geilleagair a bhí i gceannas díluacháil a dhéanamh ar a gcuid airgid féinig agus iarracht a dhéanamh ar an tslí sin, teacht thar n-ais agus níos mó earraí a chur thar lear agus a leithéid.
fhear geilleagair economist
" Is léir go raibh sé ag smaoineamh mar fhear geilleagair agus ní mar eolaí polaitíochta.
córas geilleagair economic system
" Is gá, dar leis, an córas geilleagair a athrú, córas atá ag brath ar thomhaltas gan srian agus ar chomórtas géar idir thíortha agus idir phobail.
théarnamh geilleagair economic recovery
" Bhí ina measc Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus CGFÉ, agus iad a mhaíomh go gcuirfeadh na spriocanna uaillmhianacha sa bhille isteach ar théarnamh geilleagair na tíre.
chúlú geilleagair economic retreat
" D'éirigh go seoigh leis an ngluaiseacht i stáit áirithe seachas a chéile, go háirithe sna stáit a buaileadh go dona sa chúlú geilleagair.
ghníomhaí geilleagair economic agent
" Tá sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair.
a gcuid dúnghaoisí geilleagair their economic policies
" Baineann a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chlé – ar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheis – fíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce.
beartas geilleagair economic policy
" Ach má leanann na hArabaigh beartas geilleagair nualiobrálach na nEorpach, ní samhradh atá i ndán don réigiún ach geimhreadh crua.
i gcúrsaí geilleagair in economic affairs
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
croílár geilleagair economic heart
" Is í Toronto croílár geilleagair agus saol sóisialta agus cultúir Cheanada.
geilleagair economy
" Anuas ar sin, dúirt sé go raibh sé mar phríomhthosaíocht ag a rialtas tacaíocht a thabhairt d’athchóiriú polaitíochta agus geilleagair ar fud an réigiúin.
comhtháthú geilleagair economic integration
" ”* Bheadh Meiriceá ag cur comhtháthú geilleagair chun cinn idir na tíortha iad féin agus idir iad agus an geilleagar domhanda — ag tosnú leis an Túinéis agus an Eigipt.
chúinsí geilleagair economic reasons
" Tá mé den tuairim gur díbríodh an oiread céanna daoine amach as an tír seo de bharr easpa saoirse ina saol pearsanta is a ndeachaigh ar imirce ar chúinsí geilleagair is ar easpa fostaíochta.
tubaiste geilleagair economic disaster
" Beidh na húdaráis phóilíní áitiúla in ann an t-airgead seo a fháil ar ais ón rialtas i Londain agus sa deireadh, tiocfaidh an t-airgead as póca an ghnáthíocóir chánach - daoine atá faoi bhrú cheana féin tar éis an tubaiste geilleagair a chruthaigh na baincéirí.
gnóthaí geilleagair tromchúiseacha serious economic matters
" Níl aon leithscéal ag uascáin na hÉireann, tír a bhfuil an t-idirlíon sách coitianta, a bheith dall ar na gnóthaí geilleagair tromchúiseacha atá ag titim amach thart timpeall orthu le blianta beaga anuas.
cur chuige geilleagair economic approach
" Nach é seo an t-am le Peter Robinson seasamh taobh thiar de na daoine sin a bheas thíos le cur chuige geilleagair atá chomh lochtach sin, dar le saineolaithe airgeadais an FT féin.
beartas airgeadais agus geilleagair financial and economic policies
"beartas airgeadais agus geilleagair faoi smacht daingean ag Airí Fhine Gael.
chúlú geilleagair economic downturn
" Bhí an chéad dhá bhliain achrannach go maith don Údarás agus ní raibh aon éalú acu ón chúlú geilleagair náisiúnta agus domhanda a bhí ann.
De bharr cúinsí geilleagair an ama due to economic circumstances of the time
" De bharr cúinsí geilleagair an ama, theip ar go leor de chliantchomlachtaí an Údaráis a gcuid spriocanna a bhaint amach.
duibheagán geilleagair economic black hole
" Shíl Balor Bocht aineolach i gcónaí riamh gur trí chapall ag tarraingt carráiste nó sleamhnáin de shórt inteacht a bhí sa troika, ach tá faighte amach aige ó shin gur trí chapall ag tarraingt tíre isteach sa duibheagán geilleagair atá ann.
geilleagair economic
" Tús na bliana agus braithim éadóchas go forleathan san aer, ní hamháin faoi chúrsaí geilleagair agus sóisialta ach faoi ghnóthaí cultúir agus Gaeilge chomh maith.
an tsáinn geilleagair the economic predicament
" Ba olc an mhaise é dá ndéanfadh pobal na tíre seo cinneadh gearrthréimhseach deireadh a chur leis an tSeanad mar thoradh ar an tsáinn geilleagair ina bhfuilimid.
tharraing aird lucht geilleagair drew the attention of economists
" Ar feadh seachtó bliain, ó chogadh na saoirse go dtí na nóchaidí, an rud ba mhó a tharraing aird lucht geilleagair faoi Éirinn an dóigh ar theip uirthi forbairt ar nós na dtíortha Eorpacha eile.
cúlú geilleagair economic depression
" De réir eolais ón eagraíocht um fheasacht dúlagair ‘Aware’, bíonn ardú mór ar leibhéil struis is buairimh in aimsir cúlú geilleagair.
deacrachtaí geilleagair economic problems
" An Builín Beag is mo Mhallacht ========== Feictear an eisimirce, go rómhinic sa tír seo, mar chuid den réiteach ar ár gcuid deacrachtaí geilleagair.
eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta an economic and financial example
" Agus ní dhéanfadh sé a dhath gnoithe d’Edna an Taoiseach Tréan ach a ghabháil ann agus an cleas seo a fháil dó féin agus do thír na hÉireann; nó ba é a shantaigh Edna ní ba mhó ná rud ar bith eile ar an domhan ná tírín beag iathghlas seo na hÉireann a bheith arís mar eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta don chuid eile den Domhan Thoir, mar a bhí faoi cheannas a dheargnamhad Bertie Borrach Bearránach.
t-ollchliseadh geilleagair the massive financial collapse
" Sa deireadh, nuair a tharla an t-ollchliseadh geilleagair, b’éigean do Frank a theach a thabhairt suas agus dul sa tóir ar áit níos lú.
gcúlú geilleagair economic collapse
" Is oth liom alt a thosnú le caint ar an gcúlú geilleagair ach níl aon ghabháil as go bhfuil tionchar as cuimse ag an gcúlú seo ar ghnólachtaí beaga, aireagóirí, cruthaitheoirí agus ar ealaíontóirí.
luigh gnóthaí geilleagair go trom orthu economic problems weighed heavily on them
" Foirne eile, luigh gnóthaí geilleagair go trom orthu, nó bánaíodh a lucht imeartha le déanaí agus mic léinn Erasmus na hÉireann bailithe leo.
rialachas geilleagair na tíre the national economic regulation
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
gcúrsaí geilleagair economic matters
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
cúrsaí geilleagair matters of economy
" Cé go ndearnadh roinnt cainte le linn an fheachtais faoi chearta an duine agus an eagla roimh dhíbirt a thréithríonn saol an inimircigh lasmuigh den dlí, bhí ról ag cúrsaí geilleagair i gcinneadh na Polainne an tríú tionscnamh a chur ar siúl, leis.
leagan amach geilleagair de version of economics
" Tá iarrthóir uachtaránachta acu, Mitt Romney, atá ina bhall den Eaglais Mhormannach (eaglais a bhfuil go leor Meiriceánach in amhras faoi), agus nár chualathas mórán faoi in aon chor go dtí earrach na bliana seo, agus tá iarrthóir leasuachtaránachta acu, Paul Ryan, atá i bhfad amach ar an eite dheis ó thaobh Críostaíochta agus leagan amach geilleagair de.
ag cnagadh ar dhoirse geilleagair knocking on the economic doors
" Idir an dá linn, tá cumhachtaí nua mar an tSín agus an India ag cnagadh ar dhoirse geilleagair an domhain thiar.
chumhacht geilleagair na poblachta nua seo economic power of this new republic
" Tháinig an earnáil tionslaíochta agus tráchtála chun cinn go mór faoin tsaoirse nuaghnóthaithe seo agus thosaigh ceannaithe rachmasacha, a bhí anois i gceannas ar chumhacht geilleagair na poblachta nua seo, ag cur spéise san ealaín i measc rudaí eile, lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi.
an deacracht geilleagair the economic problem
" Tá breall orthu siúd a áitíonn orainn ad nauseum gurb í an fhadhb is mó atá le sárú againn ná an deacracht geilleagair.
tábhacht geilleagair agus straitéise economic and strategic importance
" Anuas ar sin, ainneoin cosc ar nuachtóirí i gcuid mhaith den tír faoi láthair, is soiléir go bhfuil smacht caillte ag an rialtas ar cheantair a bhfuil tábhacht geilleagair agus straitéise leo.
ghéarchéim geilleagair economic crisis
" Maidir leis an pholaitíocht, tógann sé ceisteanna faoi fheidhmiúlacht an Fheidhmeannais sa ghéarchéim geilleagair ó thuaidh, an tAire Airgeadais Sammy Wilson agus a choiste airgeadais.
cúlú geilleagair shrinking economy
" Mar a dúirt Eamon Phoenix, tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair, an cúlú geilleagair, cúrsaí oideachais, fadhbanna pearsanta agus feiceann siad gur féidir na cuspóirí pearsanta agus na gairm-mhianta atá acu a chomhlíonadh sa tuaisceart.
in éadan a leasa geilleagair contrary to their economic benefit
" Tá cothromaíocht de chineál éigin bainte amach ag náisiúntóirí agus ní chaithfidh siad vóta atá in éadan a leasa geilleagair.
ag fulaingt faoin ghéarchéim geilleagair seo suffering from this economic crisis
" Tá tíortha na hEorpa agus mórán de thíortha an domhain ag fulaingt faoin ghéarchéim geilleagair seo.
is geilleagair and economy
" Sa lá atá inniu ann, gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice le réimsí na tuisceana is geilleagair seachas le réimsí na braistinte agus an mhothúcháin, faraor.
I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair in light of the financial difficulties
" I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair atá mar sciúirse ar an Eoraip faoi láthair, is lú fós an bhá a bheidh ag Eorpaigh le hinimircigh fho-Shaháracha agus is in iomadúlacht a bheidh scéalta leithéidí Eric Tabo ag dul.
múnla geilleagair an-difriúil a very different financial model
" Tá muide ag cur múnla geilleagair an-difriúil chun cinn agus tógfaidh sé tamall ar dhaoine athrú mar gheall ar an gcoimeádachas atá iontub.
thubaiste geilleagair a bheadh ansin that’d be a disaster
" Dúirt Fianna Fáil, Fine Gael agus na páirtithe ar fad ag an am nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, gur thubaiste geilleagair a bheadh ansin.
ar son chóras geilleagair an artdollair on behalf of the petrodollar system
" Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise? Bhí Gurdjieff den tuairim gur ‘*potiential human beings*’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine.
a ba chiontsiocair leis an phracás geilleagair which caused the economic mess
" Déarfaidh siad fosta gur chaith siad a dtréimhse i rialtais ag iarraidh an tír a a chur ina cheart agus nach bhfuil aon rún ar bith acu dul i bpáirt leis an pháirtí a ba chiontsiocair leis an phracás geilleagair ina bhfuilimid.
in aghaidh na bpolasaithe geilleagair oppose the economic policies
" Nuair a chuir Enda Kenny tús leis an bhfeachtas cúpla seachtain ó shin dúirt sé nach raibh aon mhaith leis an Seanad mar nár chuir an Seanad in aghaidh na bpolasaithe geilleagair a mba cúis iad leis an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír faoi láthair.
rath geilleagair economic success
" Cheap coireolaithe go dtí roinnt blianta anuas go raibh baint mhór ag rath geilleagair le rátaí coiriúlachta.
théann cúrsaí geilleagair in olcas economic matters worsen
" Bhí siad cinnte go dtagann borradh faoi líon na gcoireanna nuair a théann cúrsaí geilleagair in olcas.
an córas geilleagair the economic system
" Agus iad ag bualadh na Lambegs agus ceol an Sash taobh amuigh de thithe pobail Caitliceacha, ní thabharfaidh lucht na mbuíonta faoi deara go bhfuil an córas geilleagair ar chóir dóibh bheith ag bualadh drumaí ina éadan á gcur faoi chois.
a chuireann leas geilleagair na bpáirtithe éagsúla chun cinn which advances the economic welfare of the various parties
" Dar leis go n-éireoidh le cruinniú Dheireadh Fómhair má thagtar chun comhghéillte maidir le plean gníomhaíochta a chruthóidh córas imirce idirnáisiúnta níos sábháilte a chosnaíonn cearta na n-imirceach, a chuireann leas geilleagair na bpáirtithe éagsúla chun cinn is a chuireann imircigh os comhair an phobail mar bhaill thábhachtacha den tsochaí, seachas mar dhaoine atá freagrach as fadhbanna sóisialta.
ró-eolach ar chúrsaí geilleagair too well versed in economics
" Léirigh staidéar atá á dhéanamh ag an Ollamh Brian Lucey (Coláiste na Tríonóide) nach bhfuil pobal na hÉireann ró-eolach ar chúrsaí geilleagair.
nach bhfuil ciall cheart geilleagair leo they dont make economic sense
" Tá siad claonta fosta ar son beartais a mhaíonn go gcruthaídís poist, fiú amháin nuair nach bhfuil ciall cheart geilleagair leo.
ag cíoradh cúrsaí geilleagair discussing financial matters
" “Nach í sin an iriseoireacht i ndáiríre? D'fheadfadh muid a bheith ag cíoradh cúrsaí geilleagair ach i ndáiríre píre, ciallaíonn an iriseoireacht is fearr ná an iriseoireacht a insíonn scéal an duine.
síorchúlaithe geilleagair continuing economic regression
" Eascraíonn an t-imeartas focal, *Poorhouse*, as an Drochshaol agus buailtear é le cás comhaimseartha na hÉireann agus síorchúlaithe geilleagair.
dheacrachtaí geilleagair financial difficulties
" Mar gheall ar dheacrachtaí geilleagair dar leis, beidh an stát ag caitheamh súile thar a gcuid agus santóidh siad na portaigh sléibhe (.