Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an ghaoth a chur aníos to wind him
" Mhínigh Nuala di gur cheart cúpla ionsa bainne a thabhairt dó agus ansin é a chur ina shuí suas agus iarracht a dhéanamh an ghaoth a chur aníos.
snag beag sa ghaoth a lull in the wind
" Bhí snag beag sa ghaoth anois agus nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí bheadh teas ann fosta.
cén aird a raibh an ghaoth ann which direction the wind was in
" Bhí sé ag tiontú a chinn soir agus siar mar a bheadh sé ag meas cén aird a raibh an ghaoth ann.
tiománfaidh an ghaoth sin that wind will propel
" Nuair a thosóidh sé ag ardú beidh siúl 35 ciliméadar san uair faoi agus tiománfaidh an ghaoth sin 32 tuirbín a bheas 40 méadar os cionn na talún.
ag corraíocht leis an ghaoth struggling/doing battle with the wind
" Is léir gur bhuail néal codlata iad beirt i ndiaidh na caismirte uilig nó fán am a dtáinig siad chucu féin arís bhí an fharraige ina blár cothrom agus ní creidfeadh duine ná deoraí go raibh siad ag corraíocht leis an ghaoth níos lú ná uair roimhe sin.
an ghaoth agus an ghal the wind and the steam
" Tá sé sáite i gcistin Óstán Thoraí an samhradh seo – an ghaoth agus an ghal ag déanamh meascán mearaí dá cheann chaoin.
á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair being sought by the people of Gaoth Dobhair
" Bhí suim faoi leith aige sa ghaelscolaíocht agus rinne sé abhcóideacht éifeachtach ar a son nuair ba ghá, mar shampla, nuair a dúnadh bunscoileanna i Rann na Feirste agus i nDún Chaoin, nuair a bhí scolaíocht dara leibhéal á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair agus ag muintir Ros Dumhach agus, arís eile, nuair a bhí muintir Bhaile Munna ag iarraidh gaelscoil a bhunú.
an ghaoth mhasmais the wind of nausea
" “Tá an tErectus ina cock-up arís”, a fhreagróidh mo dhuine thar a ghualainn agus é ag teitheadh leis, mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann ag tús na Samhna, nó mar a bheadh an ghaoth mhasmais ann ag tús an tsamhnais.
ar foluain sa ghaoth, floating in the wind
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin. it is a bad wind that doesn't blow good for somebody
" Ach mar a deir an seanfhocal, is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin.
ghaoth wind
" Ní fhágtar, mar sin, ach an ghaoth agus an ghrian chomh maith le fuinneamh in-athnuaite eile, bithmhais agus cumhacht hidrileictreach, cuir i gcás, chun freastal ar riachtanais fuinnimh an 80 milliún duine atá ina gcónaí sa tír.
níor bhain sin an ghaoth as seolta that didn't phase
" Léirsithe, Agóidí is Círéibeacha Leanadh ar aghaidh leis an gcos ar bolg i 1985 nuair a rinneadh gníomhaithe Imazigh eile a ghabháil is a chur i bpríosún ach níor bhain sin an ghaoth as seolta agóideoirí Kabyle: i 1988 ghlac siad páirt i léirsithe i Kabylie is in Algiers a chuir iallach ar an rialtas deireadh a chur leis an gcóras aonpháirtí a bhí ag an Ailgéire ó bunaíodh an stát.
ghaoth ag athrú wind is changing
" Ach is léir go bhfuil an ghaoth ag athrú.
séideann an ghaoth the wind blows
" Feabhra ==== Ag meascadh leis an ngaoth titeann an sneachta; ag meascadh leis an sneachta séideann an ghaoth.
Shíothlaigh an ghaoth the wind subsided
" Cumhacht Iontach ===== Shíothlaigh an ghaoth, thit na bláthanna; canann an éanlaith, dorchaíonn na sléibhte – sin is cumhacht iontach an Bhúdachais ann Bothán === Im’ sheanbhothán trí sheomra d’éiríos aosta, caite amach.
Níl aon ghaoth nach séidfidh cóir do dhuine éigin there’s a good side to every story
" Níl aon ghaoth nach séidfidh cóir do dhuine éigin, mar a deir an seanfhocal.
Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin everything has some positive aspect to it
" Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin.
Is Olc an Ghaoth it’s an ill wind
séideann an ghaoth the wind blows
" Eagla Roimh Cheannlínte ========== Dála Oileán Reachlainn Uí Bhirn, caithfidh tú do lá a roghnú go cúramach don turas seo, mar is droim sléibhe géar é, Sliabh a Liag, agus séideann an ghaoth go láidir thuas ansin, gaoth a dtiocfadh leis duine a sciobadh den aill gan stró.
bhí an ghaoth bainte dá seolta ag an leasú seo it wasn’t going anywhere due to this amendment
" Bhí athbhreithniú breithiúnach Thomáis Mhic Ruairí fós ar na bacáin ag an am ach bhí an ghaoth bainte dá seolta ag an leasú seo.
Shéid an ghaoth an deorghás the wind blew the teargas
" Fínéagar ==== Shéid an ghaoth an deorghás i dtreo an tslua, isteach in aghaidh na ndaoine ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta chomh maith le haghaidh na lucht na troda ar theastaigh uathu bac bóthair na bpóilíní a shárú.
An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh the north wind is hard
"An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh,’ dar leis an dán, ach is cosúil go bhfuil achan ghaoth a shéid inár dtreo le cúpla mí anuas crua agus fuar, feannaideach agus anfach.
achan ghaoth a shéid inár dtreo every wind that came our way
" ‘An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh,’ dar leis an dán, ach is cosúil go bhfuil achan ghaoth a shéid inár dtreo le cúpla mí anuas crua agus fuar, feannaideach agus anfach.
mar a bheadh an ghaoth Mhárta as fast as anything
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin the F. let the wind out of that journal’s sails
" Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin chomh maith, cé go raibh díolaíocht 2,000 in aghaidh an eagráin ag an iris, níos mó ná Comhar agus Feasta agus an tUltach curtha le chéile.
an ghaoth imithe as have come to a halt
" Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an ghaoth imithe as blaganna na Gaeilge agus tá sé in amhras an bhfuil aon ní in ann dóibh feasta.