Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bhonn ginearálta in a general way
" " Nuair a deir mé leis nach féidir labhairt ar bhonn ginearálta mar sin faoi dhream ar bith, deir sé go magúil, "Is féidir!".
treoirlínte ginearálta general guide-lines
" Beidh cead ag na 21 réigiún riaracháin san Iodáil athruithe a dhéanamh ar chodanna áirithe den churaclam, ach beidh na treoirlínte ginearálta á dtabhairt ag an Stát.
rúnaí ginearálta general secretary
" Le gairid sheol rúnaí ginearálta an cheardchumainn, Blair Horan, litir chuig príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht Bia, an Dr Patrick Wall.
sna healaíona go ginearálta in the arts in general
" Ach tá spéis agamsa san fhilíocht éisteachta agus sna healaíona go ginearálta - tá suim agam i gcúrsaí drámaíochta agus sa phéintéireacht.
Stair ghinearálta general history
" Stair ghinearálta, ní hamháin stair an cheoil.
cruinnithe ginearálta bliantúla annual general meetings
" Cé gur gnátheagraíocht é Cumann na Gaeltachta (tá táillí ballraíochta, cruinnithe ginearálta bliantúla agus toghcháin i gceist), seachnaímid an "múnla corparáideach".
bhainisteoir ginearálta general manager
" Cén ról atá agat féin san Áras agus cén fhad atá tú sa phost? Táimse mar rúnaí ar an gcomhlacht atá i gceannas ar Áras na nGael agus ag feidhmiú mar bhainisteoir ginearálta an Árais.
gcruinniú ginearálta bliantúil annual general meeting
" Fuair mé cuireadh le gairid chuig a gcruinniú ginearálta bliantúil san Ionad Éireannach i Learpholl ((www.
Rúnaí Ginearálta Chumann Náisiúnta Phríomhoidí na Ríochta Aontaithe General Secretary of the UK's National Association of Headteachers
" Tá daoine áirithe tar éis gníomhú go tapa ó foilsíodh an fhianaise shuaitheach seo – mar shampla, dúirt David Hart, Rúnaí Ginearálta Chumann Náisiúnta Phríomhoidí na Ríochta Aontaithe gur cheart cosc iomlán a chur ar ghutháin phóca i scoileanna tar éis fholáireamh an Ollaimh Stewart.
stailc ghinearálta general strike
" ” Crith talún ======= Bhí stailc ghinearálta ar siúl agus mé i Lucca – ní rud neamhchoitianta é sin san Iodáil – agus bhí crith talún ann freisin, a mhothaigh mé i lár na hoíche.
aspalóid ghinearálta general absolution
" Sula ndeachaigh na saighdiúirí Éireannacha isteach sa Wheatfield, thug sé aspalóid ghinearálta don bhriogáid uilig, ag rá leo, ámh, go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár.
bunchéim ghinearálta a general primary degree
" Rinne sé bunchéim ghinearálta ach chuaigh sé leis an teangeolaíocht ansin agus fuair sé an deis bheith ag staidéar sa Sorbonne i bPáras agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
mar chomheagarthóir ginearálta as joint general editor
" ” Is tionscadal mór eile de chuid Bob Welch é *The Oxford History of The Irish Book*, a bhfuil sé mar chomheagarthóir ginearálta air i gcomhar leis an Dr Brian Walker ó Ollscoil na Ríona.
do chomhlachtaí idirlín go ginearálta, for internet companies in general,
" Ceacht tábhachtach atá san eachtra seo do chomhlachtaí idirlín go ginearálta, ach bíonn an oiread sin brú ar sheirbhísí áirithe idirlín airgead a shaothrú dá scairshealbhóirí go bhfuil gach seans ann go ndéanfaidh comhlachtaí eile na botúin chéanna arís amach anseo.
eolas ginearálta general information
" Agus eolas ginearálta á lorg agam maidir le comhlacht nó le hábhar faoi leith, bainim úsáid as na suíomhanna KartOO ((www.
argóint ghinearálta general argument
" Is minic a chomhairlítear do dhaoine nach dtig argóint ghinearálta a bhunú ar shamplaí aonair.
tuiscint ghinearálta general understanding
" Tá an chaibidil an-ghearr, ach tá go leor eolais inti le tuiscint ghinearálta a thabhairt don léitheoir maidir leis na teangacha as ar eascair na teangacha Ceilteacha, an difríocht idir P-Ceilteach agus Q-Ceilteach (coincheap a raibh deacracht riamh agam leis) agus na tréimhsí stairiúla éagsúla a ndéantar tagairt dóibh agus an teanga á plé i gcomhthéacs acadúil.
Leas-Rúnaí Ginearálta Vice-Secretary General
" Fadhbanna dearthaAdmhaíonn Leas-Rúnaí Ginearálta Aontas Múinteoirí Éireann, John Mac Gabhann, go bhfuil borradh mór tagtha ar “fhadhbanna deartha” nó “*designer difficulties*” i measc daltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as tuairiscí shíceolaithe a chiallóidh go bhfaighidh a gcuid páistí díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.
forais ghinearálta the general institutions
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
ngeallúint ghinearálta general promise
" Ó Griffith go Walsh ======== Ar a laghad, ba chóir na teipeanna a bhaineas leis an ngeallúint ghinearálta in Art 44 a aithint.
teoiric ghinearálta a thairiscint offer a general theory
" Cén dearcadh atá ag Úna? "Ní thig liom teoiric ghinearálta a thairiscint," ar sí.
cheangal le gné ghinearálta linking to a general category
" Más ortsa atá an fhreagracht seirbhísí nó táirgí a chur chun cinn is féidir haischlibeanna a úsáid chun do tháirgí a cheangal le gné ghinearálta, nó haischlibeanna a chruthú a chuireann le feathal do ghnó agus a ligeann dod’ mhargadh teacht ar d’ábhar gan stró.
gné ghinearálta cosúil le a general category such as
" Tapú na nDeiseanna ======== Mar sin is féidir haischlibeanna a úsáid chun seo leanas a dhéanamh: ● Do tháirge nó do sheirbhís a chomhcheangal le gné ghinearálta cosúil le laethanta saoire nó le ham saor.