Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chun sruth leanúnach airgid a ghiniúint to generate a continuous stream of money
" Agus é sin ráite, tá ciall leis an straitéis nua gnó seo ag Microsoft chun sruth leanúnach airgid a ghiniúint.
Beidh leictreachas á ghiniúint electricity will be generated
" Beidh leictreachas á ghiniúint i gcaitheamh na hoíche freisin ar leibhéal níos ísle.
chun gnó a ghiniúint to generate business
" Ach ní hiad na Gardaí amháin atá ag cur spéise san eolas seo - is féidir é a úsáid chun gnó a ghiniúint freisin.
giniúint conception
" Deir an bheirt gur cinéal báis atá sa ghníomh seo mar nach féidir le giniúint ar bith a theacht as.
gur féidir linn féin a ghiniúint that we ourselves can generate
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras? Gan amhras ar bith, i gcás cúrsaí maoinithe is laige é go bhfuil an tÁras ag brath ar mhaoiniú sa bhreis ar an méid gur féidir linn féin a ghiniúint.
obair ghiniúna an chapaill the horse's reproduction work
" Ní hea, a deir na húinéirí eile, mar gurb é an socrú a bhí ann ná go bhfaigheadh an bainisteoir leath den airgead a bhuaigh an capall ar an ráschúrsa, ach nach raibh aon socrú faoi aon ioncam a bheadh tagtha isteach de thoradh obair ghiniúna an chapaill.
leictreachas a ghiniúint to generate electricity
" ) Níl na tuirbíní beaga seo mórán níos mó ná na cinn a úsáideann bádóirí chun leictreachas a ghiniúint ar thurasanna fada farraige, agus ní ceart go gcuirfeadh siad an t-imní céanna ar dhaoine is a chuireann na "feilmeacha" móra gaoithe.
a ghiniúint to generate
" An tátal atá le baint as conspóidí an FDNY agus an DOE, dar liom féin, ná, in ainneoin nach bhfuil oiread Éireannach ag cur fúthu i Nua-Eabhrac níos mó, go bhfuil siad cumhachtach go leor go fóill le conspóidí mar seo a ghiniúint.
leictreachas a ghiniúint to generate electricity
" Is cineál baoi é a dhéanfaí a mhúráil san Aigéan Atlantach, agus dhéanfadh na tonnta a bhuailfeadh ina éadan leictreachas a ghiniúint.
go leor cumhachta a ghiniúint to generate enough power
" Agus, ar ndóigh, caithfidh an cadhnra go leor cumhachta a ghiniúint chun gur féidir leis an ghléas feidhmiú ar feadh roinnt uaireanta an chloig ar a laghad.
chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint Irial began to generate ideas
" Ar dtús, ní raibh taobh teicniúil ag baint leis an gcomhlacht, agus chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe.
ná á ghiniúint. than generating it.
" Easpa fiontraitheChuir iar-Eagarthóir *The Sun*, Kelvin MacKenzie – fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí nó nach bhfuil cáil na ceartaiseachta polaitiúla air – olc ar go leor Albanach i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuir sé ina leith nach raibh aon spiorad fiontraíochta sa tír agus go raibh níos mó scile acu i gcaitheamh airgid ná á ghiniúint.
giniúint conception
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
haibhléis a ghiniúint to generate electricity
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
ghiniúint to initiate
" Tá Facebook iontach maith le do chuid gnó neamhfhoirmeálta a dhéanamh, agus is uirlis iontach é le tacaíocht a fháil nó a ghiniúint; scéal a fháil amach; eolas a chruinniú, srl.
ghiniúint to generate
giniúint generation
"giniúint eolais nua is tábhachtaí sa lá inniu ach teacht ar eolas domhanda, líonrú agus cothú cónaisc.
giniúint aibhléise electrical generation
" ” Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu.
ghiniúint to start
" Thóg an suíomh *“38 Degrees”* air féin mar ainm toisc gurb é sin an fhána leitreach a theastaíonn le maidhm shneachta a ghiniúint, ach ar ndóigh is maidhm dhaoine atá á chruthú anseo, iad ag bogadh mar ghluaiseacht ollmhór ar son cúiseanna éagsúla.
chun aibhléis a ghiniúint for producing electricity
" Is ina dhiaidh sin a fuair mé amach go raibh feidhm á baint fós as an stáisiún chun aibhléis a ghiniúint agus go mbíodh muintir na háite ag tarraingt móna ann go rialta i gcaitheamh an tsamhraidh.
le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint to generate renewable energy
" Tuigeann muid uilig an gá atá le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint agus le astaíochtaí carbóin a laghdú.
giniúint aibhléis electricity generation
" Tá PJ Mac Gabhann ag meá cheist na glaine agus an chostais maidir le giniúint aibhléis na tíre.
ghiniúint aibhléise generation of electricity
" Tá toibreacha na hartola á dtaoscadh i rith an ama agus tá PJ Mac Gabhann den tuairim go mbeidh cinneadh i leith ghiniúint aibhléise le déanamh ag muintir na hÉireann.