Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i ngiorracht cúpla míle within a few miles
" " Cé go raibh sí i ngiorracht cúpla míle don scoil, is mar chailín cónaithe a chaith sí a tréimhse meánoideachais, ag freastal ar an scoil iomráiteach a mbíodh tarraingt chomh mór sin ag muintir Chonamara uirthi, Coláiste Mhuire.
faoi ghiorracht an loisceora about the nearness of the incinerator
" Tháinig aontachtaithe ón tuaisceart, Billy Armstrong MLA ina measc, lena gcás siúd a dhéanamh faoi ghiorracht an loisceora do shuíomh Chath na Bóinne agus chun tacú leis an méid a bhí á rá ag na toscairí eile - gur chóir an Gleann iomlán a ainmniú mar Láithreán Oidhreachta Domhanda.
ba dheacair aon ghiorracht dá thuama a bhaint amach it was hard to get anywhere near his grave
" Cailleadh an ceoltóir mór le rá Czeslaw Niemen in 2004 agus ba dheacair aon ghiorracht dá thuama a bhaint amach toisc go raibh an méid sin coinnle timpeall air.
a giorracht its nearness
" ” **Idir dhá chultúr** Uaireanta, meastar go bhfuil an Nua-Shéalainn ró-spleách ar chultúir ón taobh amuigh, de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, agus a giorracht don Astráil.
i ngiorracht within
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
i ngiorracht scread asail within a donkey's roar
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
ngiorracht proximity
" Anuas air sin, ní bhíonn an páiste chomh haireach céanna i gceantair a thaithíonn sé go rialta, bíodh sé sin gar dá áit chónaithe, ar a bhealach chuig an siopa áitiúil nó i ngiorracht dá scoil.
i ngiorracht shorter
" Anois, agus dhá chraobhchluiche na hÉireann imeartha, craobhacha na céachtaíola thart, na laethanta ag dul i ngiorracht agus na hoícheanta ag dul i bhfad, is fadálach agus is leadránach an mhí atá romhainn amach.
i ngiorracht near
" Ar ór ná ar airgead, nó fiú ar son ainmniúchán an Taoisigh don Seanad (€70,000 in aghaidh na bliana), ná téir i ngiorracht scread asail do *‘Let Me In’* (Matt Reeves, 2010), athdhéanamh ar *‘Let The Right One In’* (Tomas Alfredson, 2008), an scannán Vaimpíre, nó Súmaire Fola, is fearr dá bhfaca mé le sciar fada blianta.
i ngiorracht don slua close to the crowd
" Cé go raibh an áit breac le tinte cnámh, agus go raibh mórán ólacháin ar bun, agus go raibh an farraige mhór i ngiorracht don slua, ba shéimh agus ba bhéasach mar a chaith gach duine lena chéile.