Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
glórmhar glorious
" Ar saoire dhuit, seas ar Bhinn Dhiarmada agus feic dul faoi glórmhar na gréine; seas ag Ceann Sratha agus cífir an Bhrasaoil; seas ar Bharr Chnoc Bhréanainn agus cífir, siar ó dheas uait ag íor na spéire, An Tír Tairngire.
chathanna glórmhara glorious battles
" Agus scéalta fá chathanna glórmhara á n-inse cois teallaigh, ní iontas ar bith go raibh an míleatachas ina ábhar spreagtha ag daoine nuair a iarradh orthu troid ar son a muintire.
glórmhara glorious
" " "Tá an tír seo ag imeacht le drabhlás agus le díobhlás," a mhaíonn fear na súile nimhe, "Murab ionann agus na laethanta glórmhara sin nuair a socraíodh aighnis le creach agus sceimhle agus comhrac aonair le breacadh an lae.
an t-éacht glórmhar the glorious feat
" Agus cá bhfios nach dtarlóidh sé sin mar, tar éis an tsaoil, nach é iontas agus díol spéise cúrsaí spóirt ná go dtarlaíonn an toradh gan choinne agus an t-éacht glórmhar nuair nach mbíonn súil againn leo.
clú glórmhar glorious honour
" Sa lá atá inniu ann, tá tuairim is ar 30,000 ball gníomhach san Ord, iad ag déanamh a ndíchill ag iarraidh an Protastúnachas a chur chun cinn agus clú glórmhar William of Orange a chosaint do dhream amháin; ach do dhream eile, is eagraíocht bhiogóideach, sheicteach, fhoréigneach í.
laethanta glórmhara na nóchaidí the glory days of the Nineties
" Faoi mar atá sé faoi láthair, tá Uíbh Fhailí, an Clár, Luimneach agus Loch Garman tite ar gcúl ó laethanta glórmhara na nóchaidí agus is ábhar buartha é sin do mhuintir na hiomána.
ghlórmhar glorious
" I stair ghlórmhar an Chumainn Lúthchleas Gael beidh caibidil ar leith á scríobh fúthu, an fhoireann iomána ab fhearr riamh dar le go leor, cé go mb’fhéidir go bhfuil seanbháireoirí i gCorcaigh nó i dTiobraid Árann a rachadh ag sárú faoin moladh áirithe sin.
i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar in martyrs’ glorious red blood
" Labhair sé ar dtús le Bullaí Buí Mac an tSiúlaigh: **Balor: Inis dom, a Bhullaí, cad tuige gur gá daoibh an mórshiúl a chleachtadh fríd an cheantar áirithe seo? Nach iomaí áit eile a dtiocfadh libh siúl, áiteanna a mbeadh na múrtha fáilte romhaibh?** Bullaí: An ag magadh atá tú, a Bhaloir? Nach dtuigeann tú a dhath ar bith? Ar léigh tú do Bhíobla riamh? Tá sé scríofa sa Bhíobla, i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar, go bhfuil sé de chead againn, agus de dhualgas orainn, mórshiúl a bheith againn fríd Ard Eoin.
ar thuras glórmhar, spleodrach sinn us on a glorious joyful journey
" Tugann a gcuid éachtaí ar thuras glórmhar, spleodrach sinn.
bhí guthanna glórmhara i gcoinne na gcéimeanna uilig there were loud voices against all of the steps
" Bhí daoine sa lucht éisteachta a bhí i gcoinne phróiseas forbartha na hEorpa ón tús – ’sé sin ón chéad mórdhíospóireacht i 1972 agus ón chéad lá d’Eanáir 1973, nuair a ghlac muid lenár suíochán ag bord an EEC, mar a bhí ag an am; bhí guthanna glórmhara i gcoinne na gcéimeanna uilig ó shin – i gcoinne Chonradh Maastricht, i gcoinne an nasc idir an £ Éireannach agus an £ Sterling a bhriseadh agus i gcoinne thionscnamh an Euro féin.
stair ghlórmhar iomána glorious hurling history
" Ní áibhéil é a rá gur tháinig deireadh le ré órga, an ré is órga is dóigh, i stair ghlórmhar iomána Chill Chainnigh ar an Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite nuair a bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann.
blianta fada glórmhara long glory years
" Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.