Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Glacadh forleathan widespread acceptance
" Glacadh forleathan le húsáid na Gaeilge sa saol poiblí.
glacadh reception
" Sa deireadh ní raibh glacadh ar bith le fáil ar mo ghuthán soghluaiste, an nasc deireanach leis an domhan mór, agus thosaigh mé ag brath i bhfad ó bhaile.
glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom accept me or don't accept me
" Ach bhí mise bródúil as an áit a dtáinig mé as agus an cúlra clainne a bhí agam agus ní raibh aon fhadhb agam riamh ag rá, 'Okay, siúd é mise, glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom.
ag glacadh páirte participating
" Ag an am céanna, bhíomar ag glacadh páirte sna comórtaisí Scór.
a dhiúltaigh glacadh leis who refused to accept him
" Ansin tháinig cuireadh i Laidin, "*Veni statim*", "Tair gan mhoill," ón dream a dhiúltaigh glacadh leis an chéad lá - Maigh Nuad.
diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin her parents refuse to accept that
" Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain! Páiste faoi leith ======= Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál *prodigy*, í Marla ach diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.
ag glacadh grianghraf taking photographs
" An bhfuil aon rud níos measa ná daoine a fheiceáil ag glacadh grianghraf ag coirmeacha ceoil lena nguthán? Dúisígí agus éistigí leis an gceol a chairde! Tá sé ródhorcha chun grianghraif a ghlacadh agus tá do lámh i mo shlí! Is beag is fiú na ceamaraí saora atá le fáil sna gutháin – má tá ceamara digiteach uait téigh amach agus ceannaigh ceamara digiteach - lánstad.
ag glacadh le comaoineach taking the sacraments
" Shílfeá, leis an titim atá tagtha i líon na sagart i bparóistí ar fud an domhain agus an laghdú atá sa líon daoine atá ag freastal ar aifrinn agus ag glacadh le comaoineach, go mbeadh straitéisí eile á moladh seachas cosc ar an aontumhacht agus ar homaighnéasaigh.
ag glacadh sosa taking a break
" Lena ngob oráiste agus na cosa atá mar a chéile, tá siad an-tarraingteach ar fad! Bhuel, a léitheoirí, ba mhaith liom cur in iúl daoibh go mbeidh mé ag glacadh sosa i ndiaidh an ailt seo, mar tá sé ar intinn agam níos mó ama a chaitheamh ar phíosa taighde faoin tseanstair atá idir lámha agam.
ag glacadh sosa taking a break
" Lena ngob oráiste agus na cosa atá mar a chéile, tá siad an-tarraingteach ar fad! Bhuel, a léitheoirí, ba mhaith liom cur in iúl daoibh go mbeidh mé ag glacadh sosa i ndiaidh an ailt seo, mar tá sé ar intinn agam níos mó ama a chaitheamh ar phíosa taighde faoin tseanstair atá idir lámha agam.
ag glacadh seilbhe ar taking possession of
" Is léir go bhfuil déagóirí agus daoine óga áirithe ag glacadh seilbhe ar cheisteanna cearta teanga agus go bhfuil dreamanna mar na Gaeil Óga, eagraíocht réasúnta nua, chun dul i ngleic leis na dúshláin nár éirigh leis an ghlúin a tháinig rompu a shárú.
ag glacadh grianghraf taking photos
" Muintir an phreas ag cabaireacht agus ag glacadh grianghraf.
scíth bheag á glacadh aige ón obair taking a small break from the work
" Le linn na bpolcaí úd, thug mé sracshúil ar an mbeár agus ansin os mo chomhair bhí Gearóid (scíth bheag á glacadh aige ón obair), é ag stánadh amach roimhe ar thada agus méaracha a láimhe clé ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil.
ag glacadh páirte san fhéile taking part in the festival
" Ós rud é gur éirigh leis cheana féin, tá deis iontach ag IMRAM líon na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte san fhéile a leathnú ionas go mbeidh taispeántas cruinn ann d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí i saol liteartha na Gaeilge.
glacadh leis an gcuireadh to accept the invitation
" Nuair a tugadh cuireadh dúinn páirt a ghlacadh i gcomórtas an Athar Uí Mhurchú, ba mhór an fonn a bhí orainn glacadh leis an gcuireadh mar b’ionann é sin agus imirt i gcluiche ceannais, rud nach raibh taithí ag aon duine againn air san am.
ag glacadh páirte ann, taking part in it
" “Bhí a muintir féin ag glacadh páirte ann, tá go leor acu le fada an lá á dhéanamh sin, ag dul siar blianta fada.
Scata oilithreach ag glacadh sosa ann. A crowd of pilgrims having a rest there.
" Scata oilithreach ag glacadh sosa ann.
glacadh go forleathan leis an tuairim there was broad acceptance of the opinion
" Iadsan a shuigh ag an chomhdháil an lá uilig, ní ródhearfach a bhí siad ar a mbealach abhaile! Ceann de na hábhair a pléadh ar an lá ná an caighdeán teagaisc i gcás na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta agus glacadh go forleathan leis an tuairim go raibh deacrachtaí agus dúshláin mhóra sa réimse sin.
ag glacadh páirte sa tionscadal. taking part in the project.
" Rinne muid na hamhráin a thaifeadadh ar dhá dhlúthdhiosca agus thug muid na dlúthdhioscaí agus na leabhráin do na scoileanna ar fad a bhí ag glacadh páirte sa tionscadal.
Bhí glacadh an-mhaith leis it was well received
" Bhí glacadh an-mhaith leis ag an am agus chuaigh ceol Sheáin Uí Riada i bhfeidhm go mór ar dhaoine.
ag glacadh scíste ón dianobair taking a break from the hard work
" Bhí Diarmuid bocht ag glacadh scíste ón dianobair a bhí ar siúl aige le deich mbomaite roimhe sin, é i ndiaidh a bheith ag treorú a chuid oibrithe sa dóigh ab fhearr leis na buidéil fholmha *champagne* a bhaint de ghrinneall a linn snámha caoga méadar i sciathán thiar a thí.
le glacadh. to be taken.
" ” Is próiseas an-orgánach é déanamh scannáin, ina bhfuil céimeanna éagsúla leanúnacha le glacadh.
Glacadh leis an gcur chuige seo this approach was accepted
" Glacadh leis an gcur chuige seo in ionad an chórais cómhargála a d’úsáidtí sa tír roimhe sin.
An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? is it so that a decision was made not to do it
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
ag glacadh comhairle taking advice
" Ni fios cé uaidh atá an tAire ag glacadh comhairle – ó na státseirbhísigh a reáchtálann a Roinn nó óna páirtí, Sinn Féin – ach tharla eachtra amháin a bhí an-suimiúil.
ag glacadh páirte iontu taking part in them
" I dtosach báire, tá caighdeán an-ard i gceist sna comórtais seo anois, agus lena chois seo tá líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu ag méadú de shíor.
Dhiúltaigh sé glacadh he refused to accept
" Dhiúltaigh sé glacadh le húsáid an fhocail “goidte” freisin de bharr go raibh cuid de na tuismitheoirí toilteanach a bpáistí a thabhairt do na húdaráis agus de bhrí gur tógadh cuid eile mar gheall ar fhadhbanna éagsúla ina dteaghlaigh.
an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil the way that we are happy to accept the drinking culture
" Iompar frithshóisialtaDeir Des gurb é an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil ar cheann de na rudaí is mó a mhairfidh ina chuimhne ón tréimhse sin a chaith sé i mbun “Work Experience”.
Bítear ag glacadh le hiompar frithshóisialta istoíche inappropriate behaviour is accepted after midnight
" Bítear ag glacadh le hiompar frithshóisialta istoíche mar gur “cuid den chraic” é.
gurb ionann glacadh leis na tuairimí that accepting these opinions is the same as
" Nílim ag maíomh ach an oiread gurb ionann glacadh leis na tuairimí sin agus réiteach na bhfadhbanna dáiliúcháin agus léitheoireachta.
sásta glacadh léi willing to accept it
" Ach tá sé aisteach nach bhfuil níos mó daoine sna Stáit Aontaithe sásta glacadh léi go fóill.
glacadh le huachtarán mná nó gorm, to accept a female or black president,
" Is cosúil gur thuig an páirtí go mbeadh muintir na Stát Aontaithe sásta glacadh le huachtarán mná nó gorm, ach ní le huachtarán Mormannach! Creideamh sách nua is ea an Mormannachas, ar cuireadh tús leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
gur glacadh leis go forleathan it was widely accepted
" Mhol cuid mhór daoine a chrógacht agus dhealraigh sé gur glacadh leis go forleathan nár chóir a imeacht a cheiliúradh go caithréimeach an lá áirithe sin.
glacadh ceart proper reception
" Níl ach thart ar 600 ina gcónaí i sráidbhaile Rūātoki, ag bun na sléibhte Urewera, ar thalamh garbh, áit nach bhfuil glacadh ceart do ghutháin phóca.
ag glacadh páirte taking part
" Cé go mbíonn timpeall 3,000 duine ag glacadh páirte sa pharáid Oráisteach a bhíonn ar siúl sa chathair ar an 12 Iúil gach bliain, ní raibh ionadaí de chuid an phobail sin i láthair ag an chomhdháil.
a d'fhéadfadh glacadh leis an bhfarasbarr comaitéirí which could take the surplus of commuters
" Níl fáil níos mó ar línte traenach a d'fhéadfadh glacadh leis an bhfarasbarr comaitéirí atá ag iarraidh a gcarranna a fhágáil sa bhaile.
ag glacadh grianghraf taking photographs
" Ach bhí na céadta duine i láthair agus ba dheacair dom a bheith sáite sna rudaí seo agus na sluaite móra thart timpeall orm, go mór mór agus cuid acu ag glacadh grianghraf in áiteanna nár chóir dóibh a bheith á nglacadh.
i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach after possession was taken of their house
" A gcoir? Lorg siad cead le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh shuaraigh a thug Rialtas na Síne dóibh cúpla bliain ó shin i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach le haghaidh forbartha uirbí.
ag glacadh sosa taking a break
" Tá na mílte páiste i ndiaidh seal a chaitheamh in Éirinn – iad ag glacadh sosa ón anró atá i gceist ina gceantair féin, nó ag fáil cóireála leighis sa tír seo – agus úsáidtear sciar ollmhór den airgead le cúnamh agus cóireáil leighis a chur ar fáil do na daoine sna réigiúin atá thíos leis an tubaiste chomh maith.
ag glacadh páirt iomlán fully participating
" Taobh istigh de chúpla mí, toghtar coiste áitiúil agus leanann an club áitiúil ar aghaidh ina dhiaidh sin ag glacadh páirt iomlán san eagraíocht.
ag glacadh páirte taking part
" Is cainteoir Gaeilge í agus bhí sí le feiceáil ar scáileáin na hÉireann le déanaí agus í ag glacadh páirte mar mholtóir sa tsraith réaltachta *Fáilte Towers* a craoladh ar RTÉ.
ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo. taking part in the courses of this academy
" Ní bhíonn ach líon beag mac léinn ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo.
glacadh lena gcuid éileamh their demands were accepted
" Choinnigh siad thar oíche é go dtí gur glacadh lena gcuid éileamh maidir le híocaíochtaí breise iomarcaíochta.
glacadh folcadh fuaime taking a sound bath
" Is breá le Dee an mothúchán a thagann leis an bpíosa ceoil – deireann sí go bhfuil sé amhail is go mbíonn sí ag glacadh folcadh fuaime.
Glacadh le scaireanna shares were accepted
" Glacadh le scaireanna i gcomhlachtaí ola stáit mar chomhthaobhacht.
ag glacadh accepting
" Maraíodh an bheirt saighdiúirí agus iad ag glacadh le pizza taobh amuigh den bheairic in Aontroim.
glacadh leis accepting
" Is fusa go mór a bheith ag casaoid is ag cásamh faoi rud agus glacadh leis gur mar sin atá an saol, ná éirí amach agus rud éigin feidhmiúil, cuiditheach a déanamh faoi.
glacadh suaimhnis relaxing
" Seo mar a shamhlaíonn muid An tSúil Nimhe in eagrán mhí Lúnasa 2014: Chósta del Lager Lout Bhí Balor Bocht ar shiúl ar fud na bhfud an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí dílse; laoch ár linne ag glacadh suaimhnis cibé ar bith áit a raibh sé le fáil agus é ar a chuid alcoholidays.
Glacadh leis was accepted
" Glacadh leis i gcónai gurb é an mílísteoir ainrialta Federico Borrell García an t-íobartach sa phictiúr ach de réir an stairí Hugo Doménech, a tháinig ar chuntas finné súl ó 1937, fuair García bás ar chúl crainn a bhí in úsáid mar chosaint piléir aige i Cerro Muriano.
glacadh seilbh ar taken possession of
" Ós rud é go raibh talamh ag teastáil ó na pobail nua seo ar son na talmhaíochta is na tréadaíochta, cúngaíodh ar na Batwa is glacadh seilbh ar na tailte foraoise ina raibh siad ag maireachtáil.
glacadh accept
" Thóg sé i bhfad ar AMÁRACH an Cló Gaelach a thréigean agus glacadh leis an gCaighdeán Nua-Ghaeilge.
glacadh le accepting
" “Is mar sin a bhíodh sé, ach thosaigh siad ag glacadh le cailíní roinnt blianta ó shin.
glacadh leis was accepted
" Ó bunaíodh Gaeltarra Éireann, os cionn 40 bliain ó shin, glacadh leis gur theastaigh eagras stáit faoi leith chun forbairt geilleagair, cultúir agus sóisialta na gceantracha Gaeltachta a chur chun cinn.
glacadh leis it was accepted
" Chuir sé moladh faoi bhráid an Fhorais agus glacadh leis.
glacadh leis it was accepted
" Is tír í an Astráil atá fothaithe ar inimirce agus glacadh leis go forleathan le linn stair na nEorpach abhus go raibh daonra mór ag teastáil leis an tír a fhorbairt agus a chosaint.
ag glacadh sosa taking a break
" I ndáiríre táim ag glacadh sosa san oifig ó mo pháistí craiceáilte! Mar is eol don léitheoir dílseach táim ag obair don Irish Internet Association.
glacadh accept
" Is tubaiste é chomh maith don phobal Giúdach a chomhthoghadh ag na Síónaigh lena chuid fuinnimh, tallainne agus dóchais a chur amú ar thionscadal nár chóir dóibh glacadh mar chúram orthu féin sa chéad áit, agus *“whose only chance of success lay in obliterating the hopes of another people.
ach glacadh le but to accept
" Mar a sheasann rudaí, níl an Lucht Oibre ag tabhairt aon rogha dúinn ach glacadh le Enda Kenny mar Thaoiseach, cé nach bhfuil ach 19% tacaíocht aige i measc an phobail.
glacadh to accept
" Dhiúltaigh an Príomh-Aire glacadh le moladh Ausflag an lá dár gcionn, cé go bhfuil dúnghaois ag a páirtí poblacht a chur i bhfeidhm.
glacadh leis to accept
" An Rogha Eile ====== Creidim nach dtarlóidh aon athrú sa leagan amach polaitíochta in Éirinn má chinneann baill an Lucht Oibre, ag an gComhdháil Dé Domhnaigh, glacadh leis an dtairiscint ó Fhine Gael a bheith páirteach i gcomhrialtas.
glacadh leis to accept
" An Rogha Eile ======== Creidim nach dtarlóidh aon athrú sa leagan amach polaitíochta in Éirinn mar gheall ar chinneadh an Lucht Oibre glacadh leis an dtairiscint ó Fhine Gael a bheith páirteach i gcomhrialtas.
glacadh leis accept
" Chomh luath is a bhí na critéir foilsithe ag Coimisiún na Gaeltachta (2002) agus ag an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007), dúirt sé nach bhféadfaí glacadh leis na critéir sin.
níor glacadh leis an rún the motion wasn't accepted
" Reáchtáladh reifreann faoin gceist sin in 2005, ach níor glacadh leis an rún an uair sin.
ag glacadh sosa taking a break
" Cé go mbíonn sé i gceist acu cabhair a thabhairt don eán róin, uaireanta, ní bhíonn siad gortaithe ar chor ar bith, agus tá an bhainirseach san fharraige leis an mac ar an trá ag glacadh sosa! Bheadh an bhainirseach an-chrosta le duine ar bith a thiocfadh i ngaobhar dá heán, agus is féidir leo a bheith an-ionsaitheach ar fad má cheapann siad go bhfuil an t-eán i gcontúirt.
glacadh leis accept that
" Ainneoin an obair a dhéanann sí filleadh ar na Stáit Aontaithe sara saolaítear a páiste, teipeann uirthi, agus caithfidh sí glacadh leis nach mbeidh a gasúr ina uachtarán ariamh.
Glacadh leis was accepted
" Glacadh leis an rún agus cé nár cuireadh an structúr ar bun i gceart go dtí 1914, glactar leis gurb é 2012 an bhliain leis an comóradh 100 bliain a dhéanamh.
glacadh sosa taking a break
" Nuair a bhí mé ag glacadh sosa mar gheall ar sin, chonaic mé ar chúl leathanach an Irish Times go raibh ranganna Gaeilge le Gael Linn i gCearnóg Mhuirfean gach oíche ó 6-10.
glacadh le to accept
" An tAire Gnothaí Baile idir 1921 agus 1943, Dawson Bates, dhiúltaigh sé glacadh le haon Chaitliceach ina roinn den státseirbhís.
glacadh leo scun scan accepting them entirely
" Eachtraí áirithe a thit amach i rith na dtreimhsí sin chuaigh siad i bhfeidhm chomh mór sin ar mhuintir na Seice go spreagann siad cur agus cúiteamh i gcónaí, in ionad glacadh leo scun scan mar chuid de leagan oifigiúil na staire a scaiptear go coitianta, mar is minic a tharlaíonn i gcás stair náisiúnta.
Níor chóir dúinn glacadh le we shouldn’t accept
" Níor chóir dúinn glacadh le beartais stáit nó le dearcadh aon scríbhneoir ailt san Irish Times atá dírithe ar muid a bhrú isteach i dtimpeallacht urbach.
glacadh le horduithe to accept orders
" ‘Nár mhúin siad duit conas glacadh le horduithe?’ arsa mise leis nuair a bhí an bheirt againn sa chistin, mise ag cócaireacht, eisean ag lorg bia.
Ach is beag glacadh a bhí ag this didn’t hold water at all for
" Ach is beag glacadh a bhí ag Boyle leis an freagra sin: *"You didn't know that the people in the west of Ireland speak Gaelic and I'm the idiot!"* Céad faraor nach bhfuil Gardaí i gceantair Ghaeltachta áirithe chomh tuisceanach céanna is a bhí Boyle ar an phobal theanga agus ar a gcuid gnásanna.
glacadh roinnt dúshláin chúirte some court challenges were taken
" ' Dornán blianta ó shin, glacadh roinnt dúshláin chúirte a cheistigh bailíocht na mbreithiúna a bhí ag feidhmiú sa chontae de thairbhe nach raibh siad ábalta an teanga a labhairt.
Ní féidir glacadh leis one can’t take for granted
" Tá an méad sin le míniú iontu! Ní féidir glacadh leis go dtuigeann gach léitheoir céard is poll péiste ann agus cén fáth go n-úsáidfí sa spástaistil é.
is féidir glacadh leis it can be accepted
" Más mic léinn iad a bhformhór (agus is cosúil gurb ea), is féidir glacadh leis go bhfuil 3,000 duine nua gach ceithre bliana nó mar sin ag foghlaim na teanga.
as ar glacadh le mionn from which was accepted an oath
" Dream Buailte nó Dream a Buaileadh? ================== Deir seanfhocal linn, ‘an madadh a bhuailtear sa chloigeann, cuimhníonn sé!’ B’fhéidir gur ag cuimhneamh le fada a bhí muintir na hÉireann agus gurb ’in é an fáth a raibh na coiscéimeanna malltriallach le breis is céad bliain anuas: Cogadh na Talún, Cogadh na Saoirse as ar glacadh le mionn ‘don Rí’ le ‘Saorstát’ a bhaint amach.
glacadh le to accept
" Theastaigh ó Rialtas Garret FitzGerald dhá reacht Eorpach nua a ghlacadh i 1986, agus rinne siad achainí ar Dháil Éireann glacadh le hAcht (Leasaithe) an Chomhphobail Eorpaigh (1986) chun feabhas a chur ar obair na n-institiúidí, mar aon le reacht slándála eile, Acht na hEorpa Aontaithe.
is deacair glacadh leis it’s difficult to accept
" Ach, is deacair glacadh leis an méid a mhaíonn an lucht airgeadais féin, mar atá, gurb iadsan agus an córas casta airgeadais is cúis leis an dul chun cinn mór geilleagair sna tíortha saibhre le daichead bliain anuas.
ag glacadh go drogallach leis reluctantly accepting
" Tuairiscítear go bhfuil na feirmeoirí ag glacadh go drogallach leis an dlí úr agus go bhfuil borradh suntasach tagtha faoin ghné áirithe sin den turasóireacht ó shin.
ceadaíodh glacadh it was permitted to accept
" Nárbh é Rialtas na Breataine céanna a bhí taobh thiar den obair léarscáile in Albain? Is deacair dom a chreidiúnt gur ordaíodh don dream a bhí ag plé le logainmneacha in Éirinn, gan feidhm a bhaint as logainmeacha i nGaeilge in aon chás agus gur ceadaíodh glacadh in Albain leis an leagan Ghaeilge go fairsing? An bhfuil fianaise ann gur dúradh leis an saineolaí ar na logainmneacha, a bhí fostaithe ag an Suirbhéireacht Ordanáis, John O Donovan, nach bhféadfadh sé an leagan Ghaeilge a úsáid, nó an amhlaidh gur shocraigh O Donovan gur mar sin a bheadh? Is dócha nár cheart a bheith róghéar ar an Donnabhánach.
ag glacadh grianghrafanna taking photos
" Fir sa mhórshiúl ag glacadh grianghrafanna de lucht agóide.
toilteanach glacadh le willing to accept
" Thug na ceardchumainn tacaíocht láidir don bhille de bharr go raibh imní orthu go mbeadh oibrithe Áiseacha toilteanach glacadh le coinníollacha oibre ní ba mheasa ná iad siúd a bhí bainte amach ag oibrithe geala.
ag iarraidh glacadh leis trying to accept
" "Bhí m'athair mór chomh croíbhriste sin i ndiaidh mo mháthair mhór Julia, bás a fháil, é i gcónaí ag iarraidh glacadh leis go raibh sí imithe go deo na deor.
Níor glacadh wasn’t accepted
" Easpa Trédhearcachta… ======== Níor glacadh, áfach, le hiarratas an Uasail Mallak féin.
níl sé sásta glacadh le he’s not content to accept
" Fear paiseanta, gealgháireach agus uaillmhianach is ea Whelton ach níl sé sásta glacadh le gnásanna seanbhunaithe.
glacadh le síneadh isteach accept signing in
" (A system of anarchy can only work in a society of altruists) Ar an mbonn sin, creidim go láidir go mbeidh ar an idirlíon glacadh le síneadh isteach ar chláir phlé faoi ainm ceart cruthanta amach anseo: ainm, sloinne, dáta breithe, móide sonraí eile nach iad.
gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis it’s obvious that it’s broadly accepted
" Ní raibh gíog nó míog as éinne i gcoinne an mhéid a dúirt an tAire mar gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis, ní hamháin i nGartan ach ar fud na hÉireann nach bhfuil aon chúlú siar nó athrú treo le tarlú i dTionscnamh na hEorpa.
Níor glacadh leis an mholadh seo this advice wasn’t accepted
" Níor glacadh leis an mholadh seo, áfach, ins an leagan deireanach den Straitéis.
Níor glacadh leis an scéal a ríomh (Marius’s) story wasn’t accepted
" Níor glacadh leis an scéal a ríomh Marius i ndiaidh dó an Bhreatain a bhaint amach, áfach, is tugadh ordú go gcuirfí ar ais go Camarún é.
glacadh níos fearr le deacrachtaí agus le dúshláin better accept difficulties and challenges
" As siocair rud éicint a thit amach i saol roinnt daoine, is féidir leo glacadh níos fearr le deacrachtaí agus le dúshláin, an lámh is fearr a fháil orthu, an chuid is mó den am, agus go minic, tairbhe a bhaint as na deacrachtaí céanna.
glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta accept pupils on a geographic basis
" Ina áit sin, beidh orthu glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta.
Ní cóir dúinn glacadh leis seo we shouldn’t accept this
" Ní cóir dúinn glacadh leis seo.
na Meiriceánaigh óga glacadh liom mar eachtrannach in the young Americans accepting me as a foreigner
" Croí na Féile ==== Chomh maith leis sin, ní raibh aon mhoill ar na Meiriceánaigh óga glacadh liom mar eachtrannach, nó le cairde eile linn ón Áis, ó thíortha Arabacha nó eile.
níos fusa dá lucht leanta glacadh le easier for their supporters to accept
" Ar an Phort Chéanna ========= Bheadh sé níos fusa dá lucht leanta glacadh le Rialtas Náisiúnta, áfach, dá mbeadh an geilleagar fós ina chocstí.
ní gá don chuid eile againn glacadh leis the rest of us don’t have to accept it
" Tá an Seoiníneachas ceart go leor ina áit féin – i bhfad uainn - agus ní gá don chuid eile againn glacadh leis aníos faoin ghaosán, sna meáin chumarsáide.
ag glacadh le rialacha ó eaglais éigin accepting the rules of some church
" Ceapann siad gurb ionann agus coinsias a bheith ag glacadh le rialacha ó eaglais éigin agus, chun an daonlathas a chosaint, go gcaithfidh tú diúltú dó sin.
is maith liom sos a glacadh in aice leis I like to take a breather beside it
" Tá an teach i mbaile fearainn Cill Athnaid, taobh thiar den choláiste i nGleann Cholm Cille, agus is maith liom sos a glacadh in aice leis, ar ár mbealach go Gleann Mhálainne, chun insint don scaifte faoin tsraith teilifíse ‘*Murder in Eden*’, a rinne an BBC sa cheantar i 1991 agus atá bunaithe ar an úrscéal ‘Bogmail’, a scríobh Mc Ginley i 1978.
glacadh leis an mholadh a glacadh le móramh accept the motion which accepted a majority
" Ar ndóigh, caithfidh an rialtas trasna na teorann (cén teorainn?) glacadh leis an mholadh a glacadh le móramh 73% a bhí i bhfách agus 20% ina éadan (Ní raibh an 8% cinnte nó níor léirigh siad aon bharúil).
Coiscéim Bheag le Glacadh a small footstep to take
" Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh ========================= Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim.
diúltú glacadh le refusing to accept
" Níor mhaith liom a bheith im’ phríomhoide i Meánscoil, go háirithe na laethanta seo, tar éis don ASTI, ceardchumann na meánmhúinteoirí, diúltú glacadh le Socrú Bhóthair Haddington.