Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ghleann Bheatha Glenveigh National Park
" Tugann siad cuairt ar na Cruacha Gorma agus ar Ghleann Bheatha chomh maith.
nGleann Comhann Glen Coe
" Bhí leoraí de cuid arm Shasana sa charrchlós i nGleann Comhann an chéad mhaidin, agus líne fhada saighdiúirí ag dul suas ar na cnoic.
gleann galánta a lovely valley
" Tugtar Glen House ar theach Doris - tá sé in aice le gleann galánta a bhfuil eas álainn ann.
Ghleann Comhann Glencoe
" Sé huaire an chloig taistil ó Ghlaschú, thart le Loch Lomond, trí Ghleann Comhann agus "trasna na farraige go *Skye*" (nó, sa lá atá inniú ann, trasna an droichid go *Skye*!) Is áit ar leith é Sabhal Mòr Ostaig, an coláiste ina bhfuil os cionn 100 mac léinn agus 60 ball foirne fostaithe i réimsí éagsúla.
lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin full of valleys and mountains and twists in the path
" Tosaíonn Martin agus Dennis ar an bpíosa – píosa an-fhada atá ann, lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin.
bánú na ngleannta. the glen clearances.
" Ba thréimhse uafásach i stair Gharbhchríocha na hAlban é bánú na ngleannta.
gleann gleoite glas a beautiful green valley
" Is gleann gleoite glas é Srath-pheofhair, agus an t-ainm atá ar an abhainn a ritheann fríd ná Peofhar, focal de bhunús Ceilteach Briotanach a chiallaíonn “álainn” agus “lonrach”.
ag taisteal na ngleannta agus an chósta, travelling the glens and the coast,
" D’fhreastail thart fá 70 duine ar an scoil agus chaith muid trí lá ar bhus ag taisteal na ngleannta agus an chósta, ag amharc ar láithreáin shuimiúla ón Aois Neoiliteach go dtí an naoú haois déag.
muintir na ngleannta the people of the glens
" Seo ceann de na háiteanna ar cuireadh muintir na ngleannta nuair a glanadh amach as a mbailte iad sa 19ú haois, ar mhaithe le na caoirigh.
ó thaobh ghlanadh na ngleannta de. as regards the glen clearances.
" Sa 19ú aois, bhí Cataibh ar cheann de na háiteanna ba mheasa ó thaobh ghlanadh na ngleannta de.
Théidís trí na gleannta they used to go through the glens
" Théidís trí na gleannta ag tabhairt earraí, seirbhísí, ceoil agus cairdis do mhuintir na háite.
na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann the crowds which will be drawn to the Glen
" I nGleann Cholm Cille a bheas sé ag oscailt roimh Nollaig, díreach in am do na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann fá choinne chóisirí na Nollag.
go bhfágfaí gleann álainn San Luis ina fhásach that the beautiful San Luis valley would turn into desert
" Ar deireadh thiar, áfach, d’éirigh le muintir na háite stop a chur leis an bplean tar éis dóibh a mhaíomh go bhfágfaí gleann álainn San Luis ina fhásach dá leanfaí ar aghaidh leis.
Gleann na bhFiach Ravensdale
" Sin an fáth go bhfuil líne tráchta ar an A1 ag síneadh siar go dtí Gleann na bhFiach ar a 8.
Ghleann Comhann Glencoe
" Tá eolas maith agam ar Coire an Tulaich, atá in aice leis an phriomhbhóthar A82 trí Ghleann Comhann, ionad an áir fhealltaigh ag Clann Chailein (Caimbeul) ar Chlainn Mhic Iain (Mhic Dhomhnaill).
Chaiseal Gleann Cholm Cille
" Léacht dar teideal 'An Beirneach' ag tús na féile i halla na scoile náisiúnta ar an Chaiseal a bhí ann agus rinne sé cur síos ar shaol an fhir seo a raibh bua ceoil ar leith ann.
Ionad na nGleannta the Glens Center
" Bhí aithne á cur agam féin ar dhaoine trí bhunú na gaelscoile anseo chomh maith, trí imirt na hiománaíochta, trí Ionad na nGleannta agus mar sin de.
ghleanna glen
" Dá aistí é mar leagan de Buachaill ón Éirne, b’fhíor é an leagan údaí, dar leis féin: “Is liom Corcaigh Uí Mháirtín, dhá thaobh an ghleanna is Tír Eoghain; is mura n-athróidh mé béasaí, is liom Éire uilig is Maigh Eo.
Gleann Nimhe Poison Glen
" Ar cheann de na laethanta rothaíochta is mó a raibh éagsúlacht ag baint leis, chuaigh muid ó na Rosa, thart leis an Earagail agus le Gleann Nimhe, trí Shléibhte Dhoire Bheatha, agus i dtreo na gcnoc glas atá siar ó Leitir Ceanainn.
gleann carrach na síoraíochta eternity’s craggy vale
" Bóthar spéire, bóthar lúbach, bóthar crochta, bóthar gan mharc, comhartha ná líne air, bóthar gan chlaí, fál ná sconsa idir é agus gleann carrach na síoraíochta thíos fúinn.
gleann mínghlas torthúil the fine green fertile valley
" Taobh ó dheas de, tá gleann mínghlas torthúil Dyfi, ar an leiceann thiar thuaidh baile Bala, agus in alt an tsléibhe ag breathnú soir i dtreo Shasana tá Llanrhaeadr.
ngleann cúng iargúlta a narrow out of the way valley
" I ngleann cúng iargúlta faoi scáth na haille atá sé.
a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn which drives us mental
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
i ngleann beag lách sin an cheoil in that friendly glen
" Bhí an aimsir go hálainn, rud atá neamhchoitianta go leor i ngleann beag lách sin an cheoil – chomh maith sin gur mheall sé mórán achan duine a bhí ag freastal ar an scoil chun na brístí beaga a chaitheamh.
ar leataobh an ghleanna on one side of the valley
" Bhí mainistir mhór ansiúd ar leataobh an ghleanna i mbéal na habhann sa dara haois déag agus manaigh oird Tiron as Albain aduaidh i mbun tráth agus urnaí ann.
an ceann ab fhaide suas faoi ghleann na habhann the one furthest up the river valley
" An chloch oghaim i séipéal Llanwenog an ceann ab fhaide suas faoi ghleann na habhann, í fiche míle ón bhfarraige.
ngleannta guail na Breataine Bige Welsh coal valleys
" Déanann Campbell cur síos gairmiúil sonrach ar shaol Jenkins, saol a tosnaíodh i ngleannta guail na Breataine Bige tar éis an Chéid Chogaidh Mhóir.
fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, a fiddler who is from the Glenties in Donegal
" Tá Tara Connaghan, fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, díreach tagtha ar ais go hÉirinn tar éis di a bheith ar camchuairt san Fhionlainn.
Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir our dreary world, the vale of tears, overcame the writer
" Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid.
Gleann na nGealt thoir’ seal the maddening crowd for a while
" D’fhág Robert McMillen ‘Gleann na nGealt thoir’ seal, seal a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine, cló atá ceilte ar éigean orthu i stair oidhreachta na comharsan acu féin.
i ngleann goirt seo na ndeor in this briny vale of tears
" Bhí Ciara Nic Gabhann ar cuairt chuig taispeántas ealaíne sa Róimh atá bunaithe ar chruas an tsaoil i ngleann goirt seo na ndeor, taispeántas an ghrianghrafadóra Lee Jeffries.