Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
hachrainn dhomhanda global conflicts
" Nárbh fhiú dúinn seasamh siar ón mhíleatacas agus an cúram síochána seo a ghlacadh orainn féin? Níl polasaithe idirnáisiúnta Mheiriceá gan locht agus tá míthuiscintí go forleathan ar gach taobh de na hachrainn dhomhanda, ach is féidir linne iarracht a dhéanamh cairdeas a bhunú sa domhan.
téamh domhanda global warming
" Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda leis an scéal agus dá bharr sin go bhfuil El Niño ag tarlú níos minice agus níos treise ná mar bhíodh.
hollchomhlachtaí domhanda global multinationals
" Níos measa fós, is léir anois gur bhain Rialtas SAM agus a chuid comhghuallaithe úsáid as an gcruinniú mullaigh chun a gclár féin a bhrú chun cinn - clár a bhaineann le srianta ar an saorthrádáil a bhascadh ar mhaithe leis na hollchomhlachtaí domhanda.
téamh domhanda global warming
" Sin diúltú náireach SAM do Phrótócal Kyoto, comhaontú idirnáisiúnta a d'eascair as Rio a bhfuil mar aidhm aige dul i ngleic le truailliú an aeir (agus tús pianmhar a chur leis an obair chun téamh domhanda a stopadh).
an t-éileamh domhanda the global demand
" Ait go leor, cé gur dúradh gurbh é an bás a bhí i ndán don Ghaeilge, tá an t-éileamh domhanda ar an teanga ag méadú ó lá go lá.
ar phríomhshráid an tsráidbhaile dhomhanda on the main street of the global village
" Ach cé go bhfuil gluaiseacht bheag tosaithe i dtreo na n-ainmneacha as an ngnách seo, teastaíonn ó gach duine a bheith ar phríomhshráid an tsráidbhaile dhomhanda.
téamh domhanda global warming
" Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda nó ag El Niño leis sin.
olltubaiste dhomhanda major global disaster
" Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain, go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
slándáil na cruinne global security
" Ach ba mhaith liom anois díriú isteach gan mhoill ar an ghad is giorra don scornach: Cad é an chéad tír eile a rachaidh fórsaí míleata SAM isteach ann ar mhaithe le slándáil na cruinne? Mac Sceiche: Tomhais cad é atá ansin, a Bhaloir.
an ciníochas domhanda global racism
" "Tá an ciníochas domhanda ag cur isteach orainn anseo trí institiúidí ollmhóra na meán cumarsáide agus na téarmaí a úsáideann polaiteoirí.
ar scála domhanda on a global scale
" Tá iomaíocht ghéar idir na spóirt go léir agus ní thagann sé le ciall go dtabharfadh cumann amaitéarach spóirt (atá beag ar scála domhanda) cúnamh suntasach do dhá iomaitheoir chumhachtacha, láidre a bhfuil airgead mór agus tacaíocht lucht gnó agus na meán cumarsáide taobh thiar díobh.
domhanda global
" Anois, ar ndóigh, tar éis do na sceimhlitheoirí ionsaí a dhéanamh ar chóras iompair Londan, tá baint ag na Meiriceánaigh seo leis an chogadh domhanda i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
sráidbhaile domhanda global village
" Tá daoine eile ag rá gur cosantachas dóibh féin atá ar siúl ag na feilméaraí agus nach bhfuil siad sásta glacadh leis gur “sráidbhaile domhanda” atá ann anois agus go bhfuil fataí as an Nua-Shéalainn níos saoire agus chomh maith céanna agus go bhfuil chuile cheart ag McDonald’s 43,000 tona fataí sa mbliain a cheannach ann má thograíonn siad.
téamh domhanda global warming
" Inneall gan truailliú nach gcuireann leis an téamh domhanda – slí chun neamhspleáchas ón ola a bhaint amach? Nach iontach an rud é? Is cinnte gurb ea, ach is gá an cheist a chur: cad as a dtagann an hidrigin seo? Bhuel, más réiteach idéalach atá muid a lorg, is as “fuinneamh malartach” (fuinneamh “glan” as an ghaoth nó as hidrileictreachas) a dhéanfar an hidrigin (scoiltear uisce (H2O) go leictreach chun hidrigin agus ocsaigin a tháirgeadh).
tobthitim dhomhanda global crash
" Ach timpeall na bliana 2030, ní bheifear ábalta leanúint ar aghaidh leis an ganntanas breosla, agus ní bheifear ábalta tobthitim dhomhanda, iomlán agus buan, a sheachaint.
scéim chiondála domhanda a global rationing scheme
" Cuirfear i bhfeidhm scéim chiondála domhanda do na gáis cheaptha teasa ach le fírinne is é an breosla iontaise a bheas á chiondáil.
ar bhonn domhanda on a global basis
" Glactar leis anois ar bhonn domhanda gur trí na córais nua-theicneolaíochta seo a chuirfear ar fáil seirbhísí gutháin, seirbhísí teilifíse, an Gréasán Domhanda agus deiseanna oideachais baile, mar aon le siopadóireacht ar líne agus seirbhísí ón earnáil stáit.
lucht féachana domhanda a global audience
" I measc na mbuntáistí atá ann do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí físeáin a fhoilsiú ar an idirlíon tá (a) an costas íseal a bhaineann leo (má tá físeán nó fógra cruthaithe acu cheana féin ní chosnaíonn sé mórán é a chur ar fáil do lucht féachana domhanda ar an idirlíon) agus (b) an phoiblíocht chumhachtach (insíonn daoine dá chéile mar gheall ar mhíreanna maithe físe agus mar sin tugann daoine níos mó airde orthu).
ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta making the global terrorism threat
" D’fhoilsigh rialtas Mheiriceá Measúnú Náisiúnta Faisnéise le déanaí ag tabhairt le fios go raibh an cogadh san Iaráic ag tabhairt ugaigh d’antoiscigh timpeall an domhain agus ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta ní ba mheasa.
an téamh domhanda global warming
" Cinnte, má thagann an leictreachas do na gluaisteáin leictreacha (cé acu Tesla Roadsters nó mionghluaisteáin uirbeacha iad) ó stáisiúin chumhachta a úsáideann ola nó gás, beidh truailliú áirithe i gceist agus cuirfear leis an téamh domhanda.
téamh domhanda global warming
" Más rud é gur beag nár thit an tóin as an Eagraíocht Trádála Domhanda (WTO) mar gur theip orthu a theacht ar aontú faoi dheireadh a chur le fóirdheontais talmhaíochta, cén seans go n-éireodh níos fearr leo agus iad ag plé leis an cheist chigilteach seo? Is éard atá de dhíth ná an toil pholaitiúil le haghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda.
ar gheilleagar na cruinne. on the global economy.
" Óir is é an tátal atá le baint as Tuarascáil Stern ná go mbeidh tionchar tubaisteach ag téamh domhanda ar gheilleagar na cruinne.
in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, despite global warming and the increase in oil prices,
" Ach, in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, tá an líon aerlinéar ar domhan agus líon na bpaisinéirí ag méadú gach uile bhliain.
an téamh domhanda global warming
" Ba ghnách linn dul go Garbhchríocha na hAlban don chaitheamh aimsire seo, ach mar gheall ar an téamh domhanda níl oiread oighir sa tír sin is a bhí deich mbliana ó shin.
ar leibhéal uiledhomhanda. on a global level.
" Feiceann tú do dhúchas, do chultúr agus do thír féin ar leibhéal uiledhomhanda.
mórghalfaire domhanda big global golfer
" Is mórghalfaire domhanda é Harrington le roinnt blianta anuas, atá i measc an deichniúir is fearr atá ag imirt sa domhan faoi láthair.
teanga dhomhanda global language
" Ar ndóigh, is teanga dhomhanda é an Béarla ach nach bhfuil Sasana anois mar shatailít chultúrtha de Mheiriceá, a fhiafraím den Ollamh Welch? Nach bhfuair cultúr na Stát Aontaithe greim ar an domhan trí na cineálacha éagsúla popcheoil? Ní aontaíonn An Dr Welch leis an dearcadh sin.
téamh domhanda, global warming,
" Is fear é a bhfuil taithí aige mar stocaire agus mar bhall d'institiúidí fíorchoiméadacha - an American Enterprise Institute, cuir i gcás, atá ag maíomh go fóill gurbh é Saddam Hussein faoi deara ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nach bhfuil a leithéid ann agus téamh domhanda, gur cheart do gach saoránach seilbh a bheith aige ar ghunnaí, gur cheart teorainneacha Mheiriceá a láidriú arís eile, agus gur cheart don arm fanacht san Iaráic.
ar bhonn domhanda on a global basis
" Óir de bharr dul chun cinn sa teicneolaíocht, tá bosca uirlisí cumarsáide ag an saoránach anois le go dtig leis feidhmiú mar iriseoir ar bhonn domhanda agus ar bheagán costais.
cumann díospóireachta domhanda a global debating group
" Tá sé mar a bheadh cumann díospóireachta domhanda ann! Samhlaigh dá mbeadh cúig mhilliún déag sain-iriseoir ag soláthar tuairiscí gan phá do nuachtáin saor in aisce nach raibh aon fhógraí ann, agus gheobhaidh tú blaiseadh beag d’éifeacht an bhlagaisféir! **Athruithe móra**Tá athruithe móra i ndán do chúrsaí craoltóireachta na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn.
an-chuidiú do théamh domhanda, a lot of help to global warming,
" Thug an gníomh seo an-chuidiú do théamh domhanda, gan trácht ar an damáiste a rinne sé do chomhphobail ar fud na tíre.
córas suite domhanda global positioning system
" Ní hamháin go bhfuil úsáid mhíleata á baint astu le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS).
pobal domhanda global community
" Tá tuiscint níos fearr againn in Éirinn anois gur pobal domhanda é lucht labhartha na Gaeilge agus go bhfuil muid ag brath ar a chéile.
an sceimhlitheoireacht dhomhanda. global terrorism.
" Sin an rud arbh éigean do Hugh Orde a chur i gcuimhne do dhaoine agus é ag caint ar an sceimhlitheoireacht dhomhanda.
téamh domhanda global warming
" Osna! Creideann Sammy nach n-imríonn CO2 tionchar rómhór ar an chomhshaol – agus mar sin, nár cheart dúinn béim a leagan air – agus gur miotas atá sa téamh domhanda; gur rud timthriallach é.
faoi théamh domhanda about global warming
" I rith na comhdhála, labhair Strong faoi théamh domhanda agus faoi nithe eile a bhí ina mbagairt don chomhshaol.
réiteach domhanda global solution
" Éilíonn fadhbanna domhanda réiteach domhanda, mar a deirtear.
rialachas domhanda global governance
" Ba é an clár a bhí á bhrú ag Manitou ná rialachas domhanda i leith cúrsaí comhshaoil.
córas suite domhanda global positioning system
" De thairbhe go bhfuil córas suite domhanda (GPS) ag beagnach gach tiománaí tacsaí i mBaile Átha Cliath, tá sé i bhfad níos simplí anois tiomáint timpeall na hardchathrach – go háirithe más é an ceann scríbe atá i gceist ná áit i gceantar "nua" atá lán d’árasáin nuathógtha agus de bhóithre atá díreach cosúil lena chéile.
chamchuairt dhomhanda. global tour
" Níl a fhios ag mórán daoine go ndearna Brains Cowen gearán oifigiúil leis an Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta cionn is nár tháinig an Tóirse Oilimpeach chun na hÉireann ar a chamchuairt dhomhanda.
gluaiseacht dhomhanda global movement
" Ach ní fhéadfaí choíche cur síos a dhéanamh ar na Cluichí Oilimpeacha mar imeacht spóirt amháin; is gluaiseacht dhomhanda iad a bhfuil idéil agus fealsúnacht ar leith ag baint leo.
téamh domhanda global warming
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha. the study of global dance in a cultural context
" Máistreacht mhúinte atá inti agus is éard a ndírítear air sa chúrsa ná staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha.
théamh an domhain global warming
" Go bunúsach is cliseadh ar an mhargadh í gach fadhb a bhaineann leis an chomhshaol: idir scriosadh na bhforaoisí báistí agus théamh an domhain.
téamh domhanda global warming
" Le téamh domhanda, níor tharla seo agus b'éigean dúinn dul síos, ó thuaidh, go Garbhchríocha na hAlban don chaitheamh aimsire seo.
domhanda global, world wide
" Tá i bhfad níos mó i gceist san idirlíon ná an greasán domhanda amháin.
seoladh domhanda global launch
" B’ait go rabhas ag breathnú ar theachtaireacht dea-mhéine Ken Loach agus Eric Cantona ar an scáileán i Sydney ag tabhairt le fios nach mbeidís i láthair toisc gur seoladh domhanda tríchosach a gheobhadh an scannán seo i Manchain, Londain agus i mBleá Cliath sa tseachtain chéanna.
domhanda global
" ’ Agus é mar phrionsabal treorach na hEagraíochta domhanda Trádála, tá an tsamhail seo á dhomhandú anois.
téamh an domhain global warming
" Nach bhfuil pluais bhreá bhrocach aige gan leictreachas, gan ghas, gan ola, gan rud ar bith ann a chuirfeadh le téamh an domhain ná a bhainfeadh de shláinte an phobail.
téimh dhomhanda of global warming
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
ghné dhomhanda global aspect
" Faoi mar a dhein Joyce, tá an ghné dhomhanda agus an ghné áitiúil, an baile agus an deoraíocht, fite fuaite ina chéile i saothar Séamus Heaney, a chleachtann mar a deir sé féin: ‘making contradictions dance’.
ag rangú teangachaí an domhain global language classification
" Maidir le Joe Greenberg, rinne sé an-obair ag rangú teangachaí an domhain agus sa deireadh thiar thall, d’imigh sé as faisean agus is mór an trua é sin.
ghéarchéim an domhain the global emergency
" Altaímis an Ealaín ======= Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
ar bhonn domhanda on a global basis
" Cé gurb iad bronnadh na ngradam croílár na Féile, bíonn cainteanna agus díospóireachtaí bríomhara ann chomh maith agus i mbliana, i measc na n-ábhair a bhí faoi scrúdú, bhí ról na meáin chumarsáíde i saol na dteangacha Ceilteacha go háitiúil agus ar bhonn domhanda.
hoibríocht dhomhanda global operation
" Faraor, níl an scéal chomh diúid leis sin in aon chor agus mura mbímid cúramach lenár gcuid deonaíochta, d’fhéadfaimis a bheith ag cabhrú le hoibríocht dhomhanda a dhéanann níos mó dochar ná leas.
téamh domhanda global warming
" Tháinig díle an lá dár gcionn ach ní cionn is go raibh bandia poblachtánach nó dia Sasanach míshásta ach mar thoradh ar an téamh domhanda is dócha.
mbéaloideas na cruinne global folklore
" Tá a n-ionad féin ag na scéalta sin a bhfuil na catacóim mar théama acu i mbéaloideas na cruinne cé go mba leis na Rómhánaigh a cheanglaíodh an téarma “catacóm” go minic, fiú sa lá inniu féin.
Fad is a bheidh éagothroime dhomhanda as long as there’s a global inequality
" Fad is a bheidh éagothroime dhomhanda agus dlí an mhargaidh i réim, beidh an gháinneáil ar dhaoine linn.
Oidhreacht na Cruinne a global heritage
" Oidhreacht na Cruinne ========= Mar urraim dá gcara, thairg scoláirí éagsúla aistí speisialta.
ag rachmasóirí na cruinne by global capitalists
" Tá síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.
infheisteoirí i dtráchtáil chóir na cruinne investors in a just global commercial model
" Luann Mhic Róibín leoga (sna naisc leis an alt seo ar dheis) an aicme eile sin, infheisteoirí i dtráchtáil chóir na cruinne.
ag fáil réidh le seachaint chánach domhanda ending global tax evasion
" Ar an raidió tuairiscíodh go raibh an tOchtar ag fáil réidh le seachaint chánach domhanda, iad á phlé in óstán bancbhriste cois Éirne.
fhadhbanna sóisialta domhanda global social problems
" Ní bhaineann an Biennale le healaín amháin agus is minic a bhaintear leas as an ócáid chun ráiteas polaitiúil a dhéanamh nó chun aird a tharraing ar fhadhbanna sóisialta domhanda.
bhfuil a leithéid de rud is freagrachtaí domhanda ann there’s such a thing as global responsibilities
" Tá sé intuigthe ón gcoincheap seo go bhfuil a leithéid de rud is freagrachtaí domhanda ann agus is é domhan níos córa atá mar cheann de na cuspóirí ag daoine a chuireann coincheap na himirce is na forbartha ar aghaidh.
an Fóram Domhanda maidir le hImirce agus Forbairt (FDIF the Global Forum for Migration and Development (GFMD)
" Ar na tionscnaimh a d’eascair as an Idirphlé cuireadh an Fóram Domhanda maidir le hImirce agus Forbairt (FDIF) ar bun.
Cruinneas Lucht Ghaeilge na Cruinne the correctness (of speech) of global Irish speakers
"Cruinneas Lucht Ghaeilge na Cruinne ================= Is é an tríú ní a tuigeadh dom i Trier is mó a bhain stangadh asam.
Is amhlaidh Gaeilge na cruinne this is how global Irish is
Is de Ghaeltacht na cruinne ar fad sinn we are part of the greater global G.
is míniú falsa é an díothú domhanda the global demise is a lazy explanation
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
a léitheoirí dhil na cruinne my fond global readers
" Féachaidh libh iad ar thaobh na deiseoige, a léitheoirí dhil na cruinne.
domhanda global
" I gcaitheamh na bliana 2014 beidh an plé is leithne agus is féidir á spreagadh agam ar chúrsaí eitice i ngach gné den saol seo ’gainne, i gcomhthéacs náisiúnta agus i gcomhthéacs domhanda araon.
mar gheall ar ghuagacht dromchla an domhain due to the global crust’s instability
" Dúradh nach bhféadfadh Chernobyl tarlú agus nuair phléasc, dúradh ina dhiaidh nach bhféadfadh sé tarlú sa tSeapáin mar gur tógadh iad chomh cliste is chomh láidir thall mar gheall ar ghuagacht dromchla an domhain sa taobh sin.
oidhreacht ilréimseach dhomhanda heritage multi-faceted global
" An bhfuil saothar an Phartanóin mar chuid den oidhreacht ilréimseach dhomhanda is linne, an cine daonna ar fad, nó, an bhfuil muid ag déanamh mór is fiú dínn féin sa chás seo agus ar chóir saothar luachmhar oidhreachtúil a thabhairt ar ais do na tíortha as ar tháinig siad?
gcóras suite domhanda global positioning system
" Coinníonn sé eolas faoin gcóras suite domhanda, nó faoi GPS an tile, ar ndóigh, ach chomh maith leis sin úsáideann siad pobal úsáideorí Tile chun teacht ar rudaí.
ag smaoiteamh ar an mhargaíocht domhanda thinking about the global market
" (pléascadh gáire) Dúirt mé le Tric, “tá an fear sin ag smaoiteamh ar leabhar Gaeilge a scríobh!”, ach bhí seisean ag smaoiteamh ar an mhargaíocht domhanda, - a bhí ar fáil! Ní raibh seisean ag smaoiteamh ar an Ghaeilg, bhfuil a fhios agat, mar rud beag cúng amháin.
ceachtanna domhanda ina mhála aige global lessons in his bag (of tricks)
" Pearsantacht chúng so-aitheanta é Langrishe de chuid Cox, ach pearsantacht le ceachtanna domhanda ina mhála aige.
féilte spóirt an domhain global world sports festivals
" Mar sin féin, is fíor don té a dúirt go bhfuil ionad agus tarraingt ar leith ag comórtas Chorn Sacair an Domhain i measc ócáidí agus féilte spóirt an domhain.
téamh domhanda global warming
" Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag an téamh domhanda amach seo ach níl fonn dá laghad ar Rialtas na hÉireann ná ar rialtais tíortha eile dul i ngleic leis an fhadhb.
ngeilleagar an domhain the global economy
" Tá an fhreagracht agus an oscailteacht le cur sa mheá nó thig leis an tubaiste a tharla i ngeilleagar an domhain titim sa mhullach orainn arís eile.
cruinne global
" Thiocfadh le hÉirinn a bheith ina ceannródaí cruinne i dteicneolaíocht agus i ndéantúsaíocht úrnua achar gairid blianta nó mar sin, dar le Tomás Ó hAodha.
afáise iomlán Global Aphasia
" D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’.