Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghnáthdhaoine ordinary people
" Rinne muid éadaí a dhearadh, amanna do cheoltóirí ach go minic do ghnáthdhaoine chomh maith.
gnáthdhaoine ordinary people
" Cuireann sé a phost féin i gcomparáid lena ndéanann gnáthdhaoine in Éirinn chun a mbeatha a thabhairt i dtír.
gnáthdhaoine macánta honest, ordinary people
" Tá sin maith go leor ina gcás siúd, leis an saibhreas atá acu, ach in áiteanna mar seo is gnáthdhaoine macánta, cosúil le teaghlach Brenda Wynne, atá ag fulaingt.
easpa cumhachta na ngnáthdhaoine ordinary people's lack of power
" Nach sampla maith é seo den chumhacht atá ag na meáin chumarsáide agus easpa cumhachta na ngnáthdhaoine? Is cuimhin liom nuair a rinne mé agallamh le deartháir de dhuine de Sheisear Birmingham don *Irish Post *i 1987.
níl sé d'acmhainn ag gnáthdhaoine a leithéid a íoc ordinary people can't afford to pay that much
" " Costas ard ======= Chosain sé €680 an RTC a fháil agus níl sé d'acmhainn ag gnáthdhaoine a leithéid a íoc; b'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Dochtúir Newman nuair a deir sé go bhfuil na tuairiscí seo á gceilt ar an bpobal.
ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de consulting ordinary people about it
" Beidh siad ag caitheamh £7 milliún gach bliain ar an phlean agus ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de sa samhradh i mbliana.
na gnáthdhaoine the ordinary people
" In aghaidh an chogaidh ======= Nuair a bhí cuma ar an scéal nach raibh Rialtas na Breataine ag déanamh mórán ar son Ken Bigley, thosaigh na gnáthdhaoine ag éirí ní ba cháintí mar gheall orthu.
scoite amach ó ghnáthdhaoine separated from ordinary people
" Is dearcadh seanfhaiseanta é sin, go mbíonn an t-ealaíontóir scoite amach ó ghnáthdhaoine.
gnáthdhaoine ordinary people
" Le cois neart gnáthdhaoine deasa díreacha saothracha, tá dlíodóirí mímhacánta agus neamhinniúla ann, oibrithe sa tSeirbhís Sláinte a dhéanann obair phríobháideach le linn a gcuid uaireanta oibre, agus roinnt mhaith daoine a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais.
gnáthdhaoine ordinary people
" Ní hé sin le rá nach féidir le gnáthdhaoine altanna a chur ar fáil do Vicipéid nó cinn atá ann cheana a chur in eagar.
gnáthdhaoine ordinary people
" ” Ach ag an am chéanna, luaigh Maebh go dtaitníonn Raidió na Life le héisteoirí áirithe de bharr gur gnáthdhaoine a bhíonn ar an aer agus go mbíonn gnáthscéalta acu.
gnáthdhaoine ordinary people
" Tá teach tábhairne Polannach ann anois, fiú! Is daoine pléisiúrtha, cairdiúla iad siúd atá i mbun na ngnólachtaí seo agus thig a rá go bhfuil gnáthdhaoine na cathrach breá cairdiúil leo fosta.
ionannú leis an ghnáthdhuine to identify with the ordinary person
" Ach ní fear é a bhfuil an mianach ann ionannú leis an ghnáthdhuine nó a chomhbhá a roinnt leis.
gnáthdhaoine ordinary people
" Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, nuair a fuair gnáthdhaoine laethanta saoire le pá agus thosaigh siad ag dul go dtí na hAlpa, thosaigh na Francaigh an córas Grande Radonnée nó GR, is é sin, cosán fada agus fógraí slí air.
báúil leis an ghnáthdhuine sympathetic to the ordinary person
" Daoine daonna Bhí Rembrandt báúil leis an ghnáthdhuine agus thaispeáin sé tréithe daonna an naoimh, chomh maith le pearsana eile an Bhíobla, sa tsraith.
gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú to show aspects of the life of the ordinary person
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
don ghnáthdhuine for the ordinary person
" Pat Mitchell: Bhuel, i dtosach báire is dóigh nach don ghnáthdhuine é an leabhar seo.
áit éisteacht leis na gnáthdhaoine. instead of listening to the ordinary people.
" Ach ba chuma le Tony Blair faoi thuairim na ndaoine i Sedgfield nó sa tír uilig agus, mar is nós le New Labour, lean formhór na bhFeisirí an ceannaire in áit éisteacht leis na gnáthdhaoine.
don ghnáthdhuine to the ordinary, lay, person
" Ach b’fhéidir gurb é sin an moladh is airde a d’fhéadfaí a thabhairt ar véarsaíocht – go bhfuil sé thar a bheith cumhachtach don ghnáthdhuine mar aon le hí a bheith cumhachtach don té atá oilte uirthi.
a labhraíonn mar a labhraíonn an gnáthdhuine. who speaks as the ordinary person speaks
" Ach d’fhéadfaí a chur ina leith go mbíonn sé ag bualadh bob ar mhuintir na tíre seo go minic agus gur cur i gcéill é an *persona* a bhíonn i gceist agus é ag labhairt go poiblí – is é sin, *persona* an ghnáthdhuine a labhraíonn mar a labhraíonn an gnáthdhuine.
an gnáthdhuine the ordinary person
" B’fhéidir go gcreideann an gnáthdhuine nach mbíonn a dhath eile ag baint leis, ach ba mhaith liom a mhíniú nach mbíonn sin fíor an t-am ar fad.
gnáthdhuine ordinary person
" Ach ba léir dom nuair a d’éist mé leis an téip i ndiaidh an agallaimh gurb ionann fiche nóiméad i gcomhluadar King agus trí huaire leis an ngnáthdhuine.
róthomhaltas an ghnáthdhuine the over-consumption of the ordinary person
" Ar aon chuma, níor cheap lucht déanta an chláir, is cosúil, gur ait an rud é milliúnaí taistealach a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine.
gnáthdhaoine ordinary people
" Is gnáthdhaoine muid ar fad ag déanamh rudaí neamhghnácha.
gnáthdhuine ordinary person
" Chuaigh Thomas Sotinel agus Jacques Mandelbaum, criticeoirí scannáin, céim níos faide i Le Monde ag deireadh mí Márta agus iad ag scríobh faoin inimireach neamhdhleathach mar phearsa i scannáin an lae inniu: Is é an fáth go bhfuil na scannáin ‘*Welcome*’ agus ‘*The Visitor*’ (scannán de chuid Tom McCarthy a tháinig amach in Éirinn le linn an tsamhraidh 2008) chomh éifeachtach sin ná go gcuirtear saol corrach cumhach an inimircigh os comhair gnáthdhuine, garda tarrthála i linn snámha nó múinteoir ollscoile i gcás an dá scannán thuas.
ngnáthdhuine Joe Soap, Jane Suds
" An sóisialaí a sheasann an fód leis an ngnáthdhuine in éadan an chórais.
ghnáthdhuine ordinary people
" Agus sin é meas an ghnáthdhuine anois.
ghnáthdhaoine ‘measúla’ ordinary decent people
" Chomh maith le seo, deirtear go bhfuil an dóigh a léiríonn sé saol an lucht oibre diúltach, mar ní thugann sé mórán aird ar ghnáthdhaoine ‘measúla’, daoine nach mbíonn ag eascainí nó ag ól barraíochta.
gnáthdhaoine ordinary people
" '* (Féach Beo eagrán 4, Lúnasa 2001) "Bhí mé ag iarraidh cuid d'ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiuil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine in innimh labhairt fúithi agus iad amuigh don oíche" a dúirt sé liom an t-am sin.
gnáthdhaoine people in general
" Nuair a thosaigh mé isteach go gearánach ar an ábhar seo dúirt m’fhear chéile liom nach ionann mise is ‘gnáthdhaoine’.
is iomaí gnáthdhuine there are many ordinary folk
" Tá formhór mór na bpóilíní armtha, tá cead ag fir shlándála phríobháideacha gunna a iompar agus is iomaí gnáthdhuine a bhfuil gunna ina sheilbh.
an gnáthdhuine the ordinary person
" Rud amháin a cheangail na géarchéimeanna seo - caimiléireacht, amhantraíocht amaideach, tuairteanna - is é gurbh é an gnáthdhuine a d'íoc as i dtólamh, in achan chás.
gnáthdhaoine ordinary people
" Ní shin le rá gur teanga chaighdeánach í ó théacsleabhar ach an cheist a chuirim i gcónaí ná “caidé atá á dhéanamh ag gnáthdhaoine ar ghnáthlá”.
dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine the amount of harassment and torture the ordinary people got
" N’fheadar aoinne dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine, ach níor bhris sé an misneach iontu.
dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine celebrates the heroism of the ordinary person
" ” Deir Duggan go bhfuil an scéal ‘fréamhaithe’ sa mhéid is go bhfuil sé suite i nDoire ach gur scéal ‘fairsing’ atá ann a dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine.
ghnáthdhaoine normal people
" Ní hamháin gur féidir linn cuardach a dhéanamh chun eolas oifigiúil a fháil ar cheantar ar leith ach is féidir linn eolas a fháil ónár líonraí sóisialta féin agus ó ghnáthdhaoine a thug aghaidh ar na háiteanna céanna.
gnáthdhaoine ordinary people
" Ní hamháin gur lorg sé margaíocht ar a son ach chuir sé na bonnacha faoi na hionaid siamsaíochta agus óstáin nua ina mbeadh fáil ar a gcuid ceoil ag gnáthdhaoine, Gaeil agus Gaill le chéile.
gnáthdhaoine ordinary people
" Is téarma míchruinn mífhéaráilte é sa mhéid go gcuireann sé sinn ag smaoineamh ar choirpigh chontúirteacha, cé gur gnáthdhaoine iad tromlach na n-inimirceach seo nach bhfuil uathu ach deis a fháil ar shaol níos fearr.
ghnáthdhaoine ordinary people
" ” Luaigh sí cúpla cás uafásach a tharla do ghnáthdhaoine i láithreacha éagsúla coimhlinte agus an tionchar a d’imir na fíorscéalta seo ar phobail, ar aonaráin, ar náisiúin a fuair amach don chéad uair cad é bhí ag dul ar aghaidh.
gnáthdhaoine in ann labhairt fúithi ordinary folk able to speak about it
" “Bhí mé ag iarraidh cuid d’ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiúil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine in ann labhairt fúithi agus iad amach don oíche,” dúirt sé liom ag an t-am sin.
teagmháil a dhéanamh le gnáthdhaoine to make contact with ordinary people
" Gach Cineál Duine a Thabhairt Linn =============== **CMS Cé na haidhmeanna nó spriocanna a bhí leis an gclár?** BD An bhunaidhm a bhí leis an gclár ná teagmháil a dhéanamh le gnáthdhaoine trí mheán na Gaeilge.
gnáthdhaoine ordinary folk
" Ag an am céanna, an rud is maith liom, nuair a fheiceann tú gnáthdhaoine as Conamara, nó as áit éicint eile, ag dul isteach i dTeach Laighean agus deirim i gcónaí go bhfuil fáilte rompu - tugaim tacaíocht do na turasanna scoile, do dhreamanna pobail, a ghabháil suas agus siúl thimpeall ann - mar deirim gur leob an áit sin.
dtuigfeadh an gnáthdhuine the normal person would understand
" Ba chóir go dtuigfeadh an gnáthdhuine cuid mhaith de smaointe na heite clé, agus ba chóir go n-aontódh cuid mhaith den phobal leis na tosaíochta atá ag páirtithe na heite clé.
tarraingteach don gnáthdhuine attractive to the ordinary person
" Tá an argóint sin tarraingteach don gnáthdhuine agus is air a bheas Fine Gael ag brath leis an reifreann seo a bhuachaint.
i bhfeidhm ar ghnáthdhaoine affects ordinary people
" An réalachas uirbeach greanach céanna atá mar théama lárnach acu siúd agus an tslí a dtéann gníomh foréigneach amháin i bhfeidhm ar ghnáthdhaoine ach go háirithe.
Ní hé an gnáthdhuine amháin it’s not just Joe soap
" Ní hé an gnáthdhuine amháin a bhíonn ag streachailt le ceisteanna Eorpacha – ní dóigh liom gur fearr mórán na Teachtaí Dála.
ngnáthdhaoine ordinary folk
" Ach bhí mé fiosrach freisin faoi rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt i measc na ‘ngnáthdhaoine’ nó sa phobal i gcoiteann.
salach ar thuairim dhaingean na ngnáthdhaoine abhus opposes the firm opinion of the ordinary folk here
" Is dóigh liom go dtagann cinneadh Abbott salach ar thuairim dhaingean na ngnáthdhaoine abhus gur tír í an Astráil ina bhfuil sochaí chothromaíoch gan aon aicmíocht bainte amach acu.
ar chumarsáid an ghnáthdhuine on the ordinary person’s communication
" Is dócha gurbh é an scéal a nocht Edward Snowden faoin spiaireacht a dhéanann rialtas Mheiriceá ar chumarsáid an ghnáthdhuine is mó a chuir ina luí ar an phobal a leithne is atá an chúléisteacht chealgach.
ghnáthdhuine ordinary person/people
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.
ghnáthdhuine ordinary person(s)
" Bhí na hailt chéanna á n-úsáid, mar a bheidh feasta, ag daltaí i mbeagnach gach meánscoil in Éirinn agus ag na mic léinn sna hollscoileanna is mó le rá ar domhan ó Mhoscó go Boston, ó Sydney go Uppsala, chomh maith leis an ghnáthdhuine le Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne.
gnáthdhaoine ordinary people
" Is clár é "Barrscéalta" ar Raidió na Gaeltachta a thugann guth do na gnáthdhaoine in iarthuaisceart Thír Chonaill.
gnáthdhaoine ordinary people
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna an tslí a raibh deis ag gnáthdhaoine cur le tuairiscí nuachta na meán cumarsáide tar éis bhuamáil Londan an mhí seo caite, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua.
róthomhaltas an ghnáthdhuine the over-consumption of the ordinary person
" Agus an cineál stíle maireachtála atá aige féin, áfach, ar chóir dó a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine? Pléann Maidhc Ó Cathail an scéal.