Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gníomhartha actions
" Is fóram í an Chomhdháil do na heagrais Ghaeilge agus do chomhluadair eile sa phobal chun polasaithe agus gníomhartha ar son na Gaeilge a dheimhniú.
gníomhartha deeds
" Smaoinigh air: 10-15,000 ball den IRA ag siúl síos Sráid Uí Chonaill fána mbratacha ómóis do laochra agus gníomhartha Óglaigh na hÉireann.
gléasta chun gnímh prepared for action
" D'fhágfadh san go raibh, ar a laghad, píolóta amháin acu gléasta chun gnímh ag an am sin.
ghníomhartha deeds
" Fuair sé 200 cárta ó mhuintir na háite nuair a bhí sé sa phríosún ar dtús, ach de réir a chéile tháinig an scéal amach faoina ghníomhartha, rud a bhain geit as na daoine.
na gníomhartha is cruálaí the cruelest deeds
" Déanann cuid acu iarracht na gníomhartha is cruálaí a mhíniú trí chúis éigin shíceolaíoch a aimsiú.
gníomhartha actions
" I measc na bpríomhcheisteanna a bheidh á scrúdú ag an bhfiosrúchán poiblí a d'ordaigh an tAire Dlí agus Cirt níos luaithe i mbliana le gníomhartha na nGardaí i nDún na nGall a scrúdú, beidh faoistin áirithe.
gníomhartha actions
" Tugadh neart airde le tamall anuas orthu siúd a cháin tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, na moltaí atá inti agus an cinneadh a rinneadh Comhairle Feidhmiúcháin a cheapadh le gníomhartha a mholadh don Aire Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
gníomh substaintiúil substantial action
"gníomh substaintiúil de dhíth ar aontachtaithe más mian leo muinín a bheith acu i bpoblachtánaigh, ach is cineál seó taoibhe iad na haontachtaithe i súile na bpoblachtánach - beidh an idirbheartaíocht thábhachtach á déanamh idir Sinn Féin agus Rialtas na Breataine.
gníomhartha deeds, actions
" Dálta Tony Blair, tá siad féin ag iarraidh go gcuirfí gníomhartha i gcrích.
gníomhartha deeds
" Ba chúis bhróid dó gníomhartha a sheanathar, ach d'admhaigh sé ní raibh a lán eolais aige faoin scéal.
ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh I had to take some action
" Chuir mé ceist orm féin, 'Cé hiad na strainséirí sa tír seo go stairiúil?' Bhuel, leis an fhírinne a rá, bhí mé go hiomlán ainbhiosach ar na cúrsaí a bhí ag cur isteach ar mo tír dhúchais, agus ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh.
ghníomhartha actions
" Cheana féin tá sé tar éis geallúint a thabhairt go mbunóidh sé, in áit Bhord Gearán an Gharda Síochána, bord cigireachta a mbeidh ar a chumas fiosrúcháin chearta neamhspleácha a dhéanamh ar ghníomhartha na nGardaí.
gníomhartha actions
" Cén sórt duine a bheadh ag iarraidh a bheith ina réiteoir? Cén duine ciallmhar, stuama a chuirfeadh suas le híde béil, le cáineadh pearsanta agus mímhúinte, agus anailís á dhéanamh ag na mílte duine ar a chuid gníomhartha seachtain i ndiaidh seachtaine.
gníomh barbartha barbaric act
" Is iomaí gníomh barbartha a raibh fórsaí rúnda Arm na Breataine freagrach as ar an oileán seo le linn Chogadh na Saoirse.
gníomhartha tromchúiseacha grave deeds
" Tuigtear do *Beo! *go bhfuil fianaise sách láidir anois i seilbh Fhiosrúchán Barron a léiríonn go raibh an toil, sna seachtóidí ar a laghad, i réimsí áirithe d'Arm na Breataine gníomhartha tromchúiseacha a chur i gcrích faoi rún, ar dhá thaobh na teorann.
moráltacht an ghnímh chogaidh the morality of the war action
" É sin ráite, ar cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar riachtanais eacnamúla agus síochána s'againn féin amháin nó an bhfuil cinneadh le déanamh maidir le moráltacht an ghnímh chogaidh? Tá sé soiléir go bhfuil go leor de lucht na polaitíochta agus den phobal in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa ag iompú i gcoinne na Stát Aontaithe agus feachtas na tíre in éadan na hIaráice.
gníomh tógtha muiníne confidence building act
" Ainneoin shéanadh na bpoblachtánach, meastar go bhfuil siad ag ullmhú gníomh tógtha muiníne, gníomh críochnaithe le tuilleadh brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir le "dímhíleatú".
Gníomh stairiúil historic act
" Gníomh stairiúil a bheadh ansin, dar ndóigh, ach ní dóigh liom go dtarlóidh sin i mbliana.
gníomhartha actions
" Dúirt siad fosta go raibh a ngníomhartha ina siombail de chruachás íospartaigh chogadh na hIaráice.
gníomh action
" Ach tá dualgas ar phoblachtánaigh na haontachtaithe a mhealladh, chan le focla suaimhneacha, ach le gníomh.
gníomh stairiúil historic deed
" Rinne iománaithe Bhiorra gníomh stairiúil tré Chraobh Chlub na hÉireann a bhuachaint den cheathrú huair, éacht nach bhfuil déanta ag aon chlub eile in aon chontae eile, is cuma an bhfuil tú ag caint faoi Chill Chainnigh, Thiobraid Árann, Chorcaigh nó in aon chontae eile sa tír.
gníomhartha in ionad na cainte action instead of words
" " "Am cinniúnach é seo don Ghàidhlig," arsa John MacLeod ón ghrúpa FÁS, atá ag iarraidh gníomhartha in ionad na cainte.
ghníomhartha homaighnéasacha homosexual acts
" Rialaigh an chúirt go raibh an cosc a bhí ar ghníomhartha homaighnéasacha sa stát seo ag sárú a chearta príobháideachais.
gníomh croíbhrú act of contrition
" Ní fhéadfaí í a chur go hifreann, siúráilte, fiú dá mba scabhaitéara a bheadh ann mar thiocfadh dó aithrí agus gníomh croíbhrú a dhéanamh, go háirithe anois ó bheadh neart ama aige le smaoineamh air féin ar an saol seo agus ar an saol eile sul má léimfeadh isteach ann ar a leathchois.
a spreag chun gnímh mé that spurred me on
" Ceann de na rudaí a spreag chun gnímh mé ná nuair a chuaigh cara liom as Béal Feirste ar aisteoir é go RTÉ chun triail a dhéanamh agus diúltaíodh dó.
ghníomhartha paramíliteacha paramilitary acts
" Ar an dóigh seo, is féidir le daoine a chaith blianta fada i bpríosún mar gheall ar ghníomhartha paramíliteacha bualadh go neamhfhoirmeálta le dílseoirí, aontachtóirí, iarphóiliní le míchumas, baintreacha bhaill de chuid an RUC agus daoine a gortaíodh de dheasca eachtraí an IRA.
gníomh dearfach positive act
" Tá Netaid agus an 94 milliún duine a shínigh an achainí ag rá leis an ngrúpa G8 nach leor na focail bhreátha, go bhfuil gníomh dearfach de dhíth freisin.
gníomh práinneach urgent act
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhraith na bunaitheoirí nach raibh go leor ar siúl ag an Rialtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go raibh gníomh práinneach ag teastáil sa Ghaeltacht.
gníomh suntasach díchoimisiúnaithe a substantial act of decommissioning
" Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís.
Gníomh mínáireach infamous deed
" Gníomh mínáireach, dar leosan, a bhí i dtacaíocht an mhéara don chosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, cosc a raibh go leor de na hÉireannaigh - idir úinéirí na mbeár agus chustaiméirí - ina choinne.
gníomh action
" Is gá mar thús an fhadhb a aithint agus ansin tá gá le gníomh.
ghníomh act
" An ndearcann sé air féin mar sin? "Déarfainn, duine ar bith atá ag iarraidh guth s'aige a chur chun tosaigh nó guth a chruthú san fhilíocht, gur rud reibiliunach atá sa ghníomh sin," arsa Gearóid.
na gníomhartha críochnaithe the acts of completion
" Is é a fhiafraíonn siad seo ná: "Cad é is fiú deireadh a chur leis an chogadh nuair atá Arm na Breataine go láidir sa tír, nuair atá dílseoirí ag éirí gníomhach arís agus nuair atá David Trimble chomh lag sin taobh istigh dá pháirtí féin nach dtig leis na gníomhartha críochnaithe atá poblachtánaigh ag iarraidh uaidh a chur i bhfeidhm?" Ach tá bunús ghluaiseacht na poblachta ar chúl cheannaireacht Adams agus McGuinness.
gníomh eile another act
" Ní hé gur rúndiamhair Fatima eile é an beart a bhfuiltear ag obair air - gairm toghcháin an fómhar seo, barantáis ó na haontachtaithe nach scorfar an Tionól, an dímhíleatú (nó an normalú) ó thaobh Arm na Breataine de agus gníomh eile díchoimisiúnaithe ar a laghad ón IRA.
gníomhartha acts
" Is é a fhiafraíonn siad seo ná: "Cad é is fiú deireadh a chur leis an chogadh nuair atá Arm na Breataine go láidir sa tír, nuair atá dílseoirí ag éirí gníomhach arís agus nuair atá David Trimble chomh lag sin taobh istigh dá pháirtí féin nach dtig leis na gníomhartha críochnaithe atá poblachtánaigh ag iarraidh uaidh a chur i bhfeidhm?" Ach tá bunús ghluaiseacht na poblachta ar chúl cheannaireacht Adams agus McGuinness.
gníomhartha actions
" Mar a dúirt sé, ag lainseáil feachtas ollmhór frithsheicteachais: "Is dearbhú iad na bearta seo nach gcuirfidh Albain suas níos mó le gníomhartha ar léiriú iad ar an fhuath reiligiúnda .
gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe a substantial deed of decommissioning
" Dia ar sábháil, nár admhaigh an t-easaontóir is mó sa pháirtí, David Burnside, gur "gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe" a bhí déanta ag an IRA ag deireadh na míosa seo caite? Cuir i gcás nár theip ar fhéinmhuinín an UUP agus nár éirigh leo - ní den chéad uair - an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir a thug an IRA dóibh.
ghníomh act
" Deir an bheirt gur cinéal báis atá sa ghníomh seo mar nach féidir le giniúint ar bith a theacht as.
gníomhartha actions
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
gníomh éigin dearfa agus fónta some positive and useful act
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
gníomhartha acts
" An bhfuil muid ag maireachtáil in aois na frithealaíne? Agus cad a spreagann daoine chun saothar a scriosadh? Dar leis an síceolaí David Freeberg gur cuartú airde, iompar atá imithe ó smacht agus seasamh diúltach in éadan údaráis atá taobh thiar de na gníomhartha seo.
gníomh act
" Níor deineadh gníomh chomh simplí sin riamh, cé go bhfuil aithne ag go leor againn ar státseirbhísigh atá báúil leis an Ghaeilge agus atá breá sásta í a labhairt am ar bith.
ghníomh act
" Bí ag faire amach an t-earrach seo, díreach roimh na toghcháin áitiúla, do ghníomh éigin ón rialtas dírithe ar chostas ceannach tithe sa stát seo a ísliú.
gníomh substaintiúil díchoimisiúnaithe a substantial act of decommissioning
" gníomh substaintiúil díchoimisiúnaithe ======= Ó thaobh an IRA de, ní dhéanfaidh siad faic eile go dtí go bhfeicfidh siad na cúinsí a bhogfaidh chun tosaigh iad an chéad chéim eile ar a léarscáil bóthair féin.
trí ghníomh díchoimisiúnaithe three acts of decommissioning
" Agus an UUP as an bhealach, thig leis an DUP guth a thabhairt don tromlach i measc na n-aontachtach atá in éadan roinnt cumhachta, ainneoin trí ghníomh díchoimisiúnaithe, ainneoin scoir altanna a dó is a trí de bhunreacht na hÉireann, ainneoin go bhfuil "prionsabal an tola" glactha ag poblachtánaigh, ainneoin an tsosa (neamhfhoirfe) cogaidh a thosaigh 10 mbiana ó shin.
gníomhartha ceannródaíocha pioneering acts
" " Cainteanna na seascaidí ======= Ceann de na gníomhartha ceannródaíocha ina raibh Whitaker lárnach le linn a ré féin sa státseirbhís ná na cainteanna sna seascaidí idir an Captaen Terence O'Neill, Príomhaire Thuaisceart Éireann, agus an Taoiseach, Seán Lemass.
ghníomh act
" Ní hamháin go bhfuil sofhriotail ann faoin ghníomh féin, ach tá roinnt nathanna doiléire ann fosta a úsáidtear le tagairt a dhéanamh don oideachas gnéasachta.
gníomh action
" Mar shampla, roinnt blianta ó shin rinne an rialtas iarracht fóirdheontais a chur ar fáil le cabhrú le daoine a bhí ag ceannach tí den chéad uair, ach in ionad costas na dtithe a ísliú rinne an gníomh seo luach an talaimh ar a raibh na tithe tógtha a mhéadú.
ghníomh action
" Thóg sí a cuid gruaige óna haghaidh agus tharla sé, leis an ghníomh seo, go dtáinig an bhrionglóid a bhí agam an oíche roimhe sin ar ais chugam mar a bheadh rachtanna na fírinneachta ann i ndiaidh oíche óil.
gníomhartha acts
" Cibé atá déanta ag na Stáit Aontaithe le príosúnaigh san Iaráic ní tada é i gcomparáid leis an mhéid a rinne sagairt agus mná rialta ar feadh na mblianta fada ar pháistí, gníomhartha a choinnigh an cliarlathas Caitliceach faoi cheilt.
gníomhartha actions
" Fuair Angie teistiméireacht bhuíochais ó na póilíní as a gníomhartha tráthnona na tubaiste, agus a hainm litrithe go mícheart uirthi.
gníomhartha barbartha barbaric deeds
" Go dtí seo tá úsáid freisin á baint as dlíthe clúmhillte na Breataine agus as an Acht Oifigiúil Rúndachta le foireann Stephens a chosc ó gach a bhfuil ar eolas acu faoin bhfear seo agus gníomhartha barbartha eile an FRU a nochtadh go poiblí.
gníomhartha actions
"gníomhartha de dhíth orainn anois.
an dara gníomh díchoimisiúnaithe the second act of decommissioning
" Thug siad leid mhór i mí Aibreáin 2002 leis an dara gníomh díchoimisiúnaithe, éacht a bhí aontaobhach agus substaintiúil.
gníomh act
" Ag scríobh dó san *Irish Times* an mhí seo caite, luaigh Peter Robinson, leascheannaire an DUP, ceithre réamhéileamh a bheadh le comhlíonadh sula mbeadh páirtí s'aige toilteanach cumhacht a roinnt le Sinn Féin: deireadh críochnúil le gníomhaíocht pharamíliteach; díchoimisiúnú airm na bparamíliteach; rún daingean na hinstitiúidí polaitiúla a oibriú gan stad gan staonadh; agus tacaíocht don tseirbhís phóilíneachta ó achan ghrúpa ó thuaidh.
gníomhartha actions
" Mothaíonn sé go láidir gurb é ár ngníomhartha le linn ár dtréimhse ar an domhan seo a bheidh mar oidhreacht againn agus is leis na smaointe seo a chuir sé deireadh leis an agallamh: "An t-aon dóigh ar féidir linn maireachtáil go deo ná má fhágann muid cuimhne inár ndiaidh.
gníomh polaitiúil political action
" Tá aithne ag na póilíní ar an bhean seo de bhrí gur thóg sí trioblóid cheana féin agus deir siad nach gníomh polaitiúil ach cás aonarach ab ea é seo.
gníomhartha acts
" "Ní féidir an milleán a chur ar an ealaín as gníomhartha a rinne an teaghlach," a deir sí.
ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe coming on the back of a major act of decommissioning
" Fuarthas amach cúpla lá ó shin, áfach, go bhfuil oifigigh rialtais ag obair ar dhréachtdoiciméad a leagfadh síos an comhthéacs ina gcuirfí ar bun feidhmeannas bunaithe ar roinnt cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin, ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe ón IRA.
gníomhartha gnéis sex acts
" Cad é an ceangal atá idir Maighdeana Muire déanta as cac eilifinte, caoirigh picilithe, éadaí leapa salaithe, and vásaí ceirmeacha ag léiriú gníomhartha gnéis i measc trasghléastóirí? Bhuel, mura bhfuil an freagra ar eolas agat cheana féin, tabharfaidh mé leid duit - is ealaín iad ar fad.
gníomhartha roinnte acts of sharing
" Tháinig na tiúin ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo as gníomhartha roinnte, daoine eile ag moladh tiún áirithe dúinn nó muid ag caitheamh tiún lena chéile.
Ag *Cothú Shochaí an Eolais in Éirinn: Plean Gnímh* Implementing The Information Society In Ireland: An Action Plan
" Sa cháipéis Ag *Cothú Shochaí an Eolais in Éirinn: Plean Gnímh*, a foilsíodh i 1999, mhaígh an Rialtas go mbeadh Éire sa deich faoin gcéad is airde i measc na dtíortha san Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip (ECFE) ó thaobh úsáid leathanbhanda roimh 2005.
gníomh act
" Coiste nach bhfuil beann acu ar éinne, baill choiste nach bhfuil, is nach raibh, baint acu le haon chlub nó fiú mórán bainte acu le contae ar aon slí a d'fhéadfadh cur as dá neamhspleáchas; daoine a bheadh in ann idirdhealú a dhéanamh idir an gníomh agus tábhacht an imreora dá chlub, dá pharóiste, dá chontae.
gníomh creidimh an act of faith
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
easpa gnímh lack of action
" Is amhlaidh go gcuirtear easpa tola agus easpa gnímh ina leith go minic.
Easpa gnímh lack of action
" Go leor ráite! Ach ní bheidh rath ar Aer Lingus má leanann an rialtas lena Easpa gnímh.
gníomh ar leith special action
" Is dóigh liom go n-aithníonn CLG anois gur contae ar leith é Baile Átha Cliath a bhfuil gníomh ar leith ag teastáil chun na cluichí Gaelacha a chur i réim inti.
Gníomh cróga a brave act
" Gníomh cróga a bhí i stailc ocrais na bliana 1981.
ghníomhartha barbartha barbaric acts
" Le linn na tréimhse 30 bliain inar mhair an cogadh, níor chreid mé riamh go raibh dualgas ar cheannairí Shinn Féin cáineadh poiblí a dhéanamh ar ghníomhartha barbartha an IRA, ná go raibh orthu míniú nó freagra a thabhairt ar na huafáis chéanna.
gníomh mór carthanachta a big charitable deed
" DENIS: Ba mhaith léi gníomh mór carthanachta a dhéanamh as a faillí.
gníomh mór aithreachais a big deed of repentance
" MOLLY: Cad é? MÁNAS: Ba mhaith liom gníomh mór aithreachais a dhéanamh sula dtugaim faoi.
dhá gníomh two acts
" Dráma dhá gníomh atá ann ach scríobh duine dár múinteoirí, Cecilia McDaid, gníomh breise, ceann a bhí fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí úra, mar sin, bhí daoine éagsúla, idir pháistí agus dhaoine fásta, ón bhun-, mheán- agus ardrang ábalta páirt a ghlacadh sa dráma.
gníomh breise an extra act
" Dráma dhá gníomh atá ann ach scríobh duine dár múinteoirí, Cecilia McDaid, gníomh breise, ceann a bhí fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí úra, mar sin, bhí daoine éagsúla, idir pháistí agus dhaoine fásta, ón bhun-, mheán- agus ardrang ábalta páirt a ghlacadh sa dráma.
gníomh fíorchliste an extremely clever act
" Ní fios cé acu an Loingseach féin nó duine éigin eile a smaoinigh air, ach gníomh fíorchliste a bhí i dTriail na nAirm.
gníomhartha acts
" Táthar ag dúil le gníomhartha móra díchoimisiúnaithe ón IRA roimh i bhfad.
óna heaspa gnímh féin from her own lack of action
" B’fhíor di ach, arís eile, bhí sí ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile le haird a tharraingt óna heaspa gnímh féin maidir leis an ghné seo den fhadhb.
ghníomh act
" Smaointigh mé dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeann nach ndéanfadh sé ach briseadh ar na carraigeacha thíos faoi agus a bheith tarraingthe amach leis an taoide agus go leanfadh achan rud ar aghaidh mar a bhí is nach mbeadh fiúntas ar bith sa ghníomh.
gníomh act
" Le teacht ráiteas – agus gníomh - an IRA an tseachtain seo caite, ní miste amharc ar an chead véarsa eile: So hope for a great sea-changeOn the far side of revenge.
ghníomhartha uafáis acts of horror
" An pointe a bhí mé a dhéanamh ná má mhíníonn tú na cúiseanna atá taobh thiar de ghníomhartha uafáis – 9/11, feachtas na Sealadach, an “*insurgency*” atá ar siúl faoi láthair san Iaráic – go ndéarfaidh daoine go bhfuil tú ag tabhairt leithscéil do sceimhlitheoirí, á maitheamh, agus ag tabhairt tacaíochta dóibh.
ghníomh danartha cruel deed
" “*Extraordinary Renditions*” a thugtar ar an ghníomh danartha seo atá mar dhlúth is inneach de chath na Meiriceánach i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
ná gníomhartha coiriúlachta a thuairisciú than to report criminal acts
" Ba thábhachtaí i bhfad cumhacht na hEaglaise a chothú, is léir, ná gníomhartha coiriúlachta a thuairisciú.
Trí ghníomhartha polaitiúla amháin through political actions only
" Trí ghníomhartha polaitiúla amháin atá na poblachtánaigh ag brú ar aghaidh anois, rud nach bhfuil fíor i gcás na ndílseoirí.
ghníomh fiúntach worthwhile deed
" Ní tharlóidh aon ghníomh fiúntach a chuirfidh feabhas ar chúrsaí sa bhliain atá romhainn.
easpa gnímh lack of action
" Ach go dtí go dtárlóidh sin, bhuel, beidh focail Woody Allen in aigne go leor agus creidfear gur sampla eile í an tuarascáil seo den easpa gnímh a bhaineann le mórpháirtithe polaitíochta na hÉireann.
sa ghníomh barbartha seo in this barbaric act
" Cé nár chruthaigh Fiosrúchán Barron amach is amach go raibh lámh ag seirbhísí rúnda na Breataine sa ghníomh barbartha seo, chuaigh sé an-ghar dó.
gach gníomh a beartaíodh every action that was planned
" Chruthaigh sé go raibh spiairí maithe ag Seirbhísí Rúnda na Breataine i measc na ndílseoirí paraimíleatacha ag an am agus, dá réir, go raibh eolas maith acu ar gach gníomh a beartaíodh.
iad a chur i ngníomh to put them in action
" * Gluais &#149; Glossary glúin nuaa new generation brívigour ag dul ó neart go neartgoing from strength to strength fiontar foilsitheoireachtapublishing enterprise cnuasach gearrscéaltacollection of short stories cé gur mhionnaigh Artairalthough Artair swore slíomairesmooth, flattering, hypocritically friendly person saint an ghoilethe greed of his stomach a chomhairle a athrúto change his mind ar fheabhas uiligabsolutely excellent osnasigh ar chúl an mhuinílbehind the neck muisiriúnmushroom ní réitíonn siad sin liom beag ná mórthey don&#148;t agree with me at all snaghiccups gráinnínpinch cainéalcinnamon síoltaseeds a sháith biaenough food ag cruthú rud úrcreating something new má thuigeann tú leat méif you know what I mean a sheachaintto avoid muiníntrust blastatasty ordóg coisetoe an iarraidh sinthis time cnapheap á ghreadadh go cúramachcarefully mixing it babhlabowl scilléadskillet shamhlaigh séhe imagined go díbhirceacheagerly subhachascheerfulness ag leathadhspreading geirfat bréanfoul doilighdifficult a chreidbheáilto believe ar leithseparately mar a thit rudaí amach domhow things worked out for me ní raibh dadaidh le fáilthere was nothing available i mo ghlacin my hand ag diúlsucking bhí an t-ádh dearg ormI was dead lucky dea-chumthashapely láchfriendly fialgenerous níor bhlais mé riamhI never tasted faic na ngrástnot a thing ag cuimilt a béilrubbing her mouth a mháshis thigh seanmóireachtpreaching greimbite iomrámention deisopportunity luachmharvaluable seanchaslore as ar fáisceadh iadfrom which they were wrought doilíssorrow, difficulty i leathchogarin a half-whisper iad a chur i ngníomhto put them in action seal beag gearra short period sa Nua-Shéalainnin New Zealand ina ghabhalcrotch ag sápressing críonmhíoltawood-worms corrachprojecting lorgashin damanta nimhneachdamn sore scoilteadh a chraiceannhis skin was split crá gan mhaolútorment without alleviation chun an tí bhigto the toilet ina gcuideachtain their company báisteach mhillteanachterrible rain foscadhshelter a bhaint amachto reach ag bleadaracht go díchéillíblattering senselessly scaiftecrowd ag casachtachcoughing breallánfool millteanach dóighiúilextremely pretty as miosúrextraordinary gan choinneunexpected blas searbha sour taste breis agus a sáithmore than her fill strambánachlong-winded smut féin den fhírinneeven a small bit of truth é a thionlacanto accompany him a bhéarfadh íthat would take her críochend gan mhórchuid náirewithout a lot of embarrassment gnóthachbusy straois léanmharwoeful grimace trína gruaig mhín bhánthrough her soft white hair sula bpléascfadh a lamhnánbefore his bladder would explode ag cogaint a spúnóigechewing the spoon déaraimislet us say drochnósannabad habits tuairimíopinions cogaíwars slí mhaireachtála fholláinhealthy way of life a mhealladhto coax a chuir fíorionadh uirthiwhich really surprised her ag cur tharstutalking away go díbhirceach dícheallacheagerly and diligently d&#146;fholmhaigh séhe emptied sásarsaucer doirtealsink thriomaigh éhe dried it slachtmhartidy á thionlacan féinaccompying himself sultmharenjoyable spídslander gan mhuirnwithout tenderness magairlítesticles nuair a dheifrigh Artair tharstu de léimwhen Artair hurried past them with a jump <t
ghníomh coiriúil criminal act
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
sa ghníomh barbartha seo in this barbaric act
" Cé nár chruthaigh Fiosrúchán Barron amach is amach go raibh lámh ag seirbhísí rúnda na Breataine sa ghníomh barbartha seo, chuaigh sé an-ghar dó.
gach gníomh a beartaíodh every action that was planned
" Chruthaigh sé go raibh spiairí maithe ag Seirbhísí Rúnda na Breataine i measc na ndílseoirí paraimíleatacha ag an am agus, dá réir, go raibh eolas maith acu ar gach gníomh a beartaíodh.
gníomh fónta worthwhile act
" Sular ceapadh Diarmuid bhí brú mór ar choiste an chontae ó lucht iománaíochta i mBaile Átha Cliath gníomh fónta a dhéanamh don chluiche san ardchathair.
le breithiúnas a thabhairt ar an ghníomh sin to judge that action
" Tá céimeanna réabhlóideacha á nglacadh aige maidir le príobháidiú Aer Lingus ach tá sé ró-luath le breithiúnas a thabhairt ar an ghníomh sin go fóill.
gníomh diongbháilte determinded action
" In ionad gníomh diongbháilte a ghlacadh in aghaidh an Derry Club, chuir Merseyside Police brú orainne, agus rinne póilíní a raibh meaisínghunnaí agus héileacaptar acu ruathar ar chlub na nÉireannach (cf.
Dhealródh sé nach bhfuil a gníomhartha ag teacht salach ar a cuid focal. Her actions would appear to be conflicting with her words.
" Dhealródh sé nach bhfuil a gníomhartha ag teacht salach ar a cuid focal.
gníomh tábhachtach an important action
" Sílim féin gur gníomh tábhachtach a bhí i gcruthú an pholasaí sin.
gníomh na léitheoireachta the act of reading
" Tá go leor abairtí thar a bheith gairid sa saothar, bua a d’éascódh gníomh na léitheoireachta ag páistí.
an gníomh ann féin the act in itself
" Is cuma nár gortaíodh an t-imreoir a ionsaíodh; bhí an gníomh ann féin contúirteach agus níor chóir do na tráchtairí imirt gharbh, chontúirteach a chosaint, dar liom, ach a mhalairt.
gníomhartha an imreora the actions of the player
" Agus cé go raibh gníomhartha an imreora sofheicthe don lucht féachana agus iad ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís, ní dhearnadh tada faoi.
gníomh cóir just action
" Ach laistigh de cheithre lá tháinig claochlú ar thuairim roinnt mhaith de phobal na cruinne agus iad den bharúil nach gníomh cóir a bhí sa chrochadh ach linseáil sheicteach an daoscarshlua.
gníomh act
" Thug an gníomh seo an-chuidiú do théamh domhanda, gan trácht ar an damáiste a rinne sé do chomhphobail ar fud na tíre.