Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gníomhú act
" Maíodh go raibh lucht déanta buamaí ar Sealadaithe iad tráth anois ag gníomhú don "Fhíor-IRA", agus thángthas ar ábhar pléascáin réidh le húsáid in aice le hArd Mhacha.
ag gníomhú acting
" Is féidir le Gluaiseacht na Gaeilge a bheith ina ghréasán ina bhfuil aithne againn uilig ar a chéile agus muid ag gníomhú taobh le taobh.
gníomhú act
" Ach an comhtharlúint é, agus borradh faoi Shinn Féin, go bhfuil comhairleoirí de chuid Fhianna Fáil ag moladh go ndéanfaí cónascadh idir páirtí s'acusan agus an SDLP? I mí Mhárta na bliana seo, ritheadh rún ag Ardfheis Fhianna Fáil a mhol gur cheart don pháirtí gníomhú ar bhonn 32 chontae.
ag gníomhú acting
" Tá eagraíochtaí agus rialtais ag gníomhú i gcoinne *spam *anois, agus tá an chuma air go mbeidh cosaint dlí ag daoine ina choinne amach anseo.
ag gníomhú mar acting as
" Idir an dá linn beidh David Cremin, atá ina easpag cúnta i Sydney agus gurb as Luimneach ó dhúchas é, ag gníomhú mar ardeaspag.
gníomhú ina aonar act alone
" Ní féidir leis an gcomhlacht gníomhú ina aonar maidir leis na cúrsaí seo agus go dtí go gcuirfidh Foras na Gaeilge breis acmhainní ar fáil do ÁIS, na dáilitheoirí leabhar, ní thiocfaidh aon fhorbairt ar an tionscal.
gníomhú go práinneach act urgently
" Tá muinín á cailleadh ag an phobal astu agus is gá don Aire McDowell gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an fhadhb seo.
caithfidh an CLG gníomhú the GAA must act
" Dar leis go bhfuil an córas ina gcoinne agus caithfidh an CLG gníomhú chun an staid mhíchothrom ina bhfuil contaetha Uladh ag feidhmiú a athrú.
gníomhú to act
" Dár ndóigh, más amhlaidh go bhfuil fianaise bhreise ag an aire nach bhfuil ag na Gardaí, tá dualgas air mar Aire Dlí agus Cirt gníomhú ar an cheist agus dlí an stáit a chur i bhfeidhm.
gníomhú to act
" Chomh luath is a bheidh siad sin thart, ní theastóidh ach an rud is lú le tabhairt ar gníomhú agus rogha a thabhairt don Uasal Ahern greadadh leis nó fanacht go mbrúfar é," arsa iaraire amháin le *Beo!.
gníomhú to act
" Gearradh siar ======= Céard tá le déanamh faoi? Tá na saineolaithe leighis ag rá anois go bhfuil fadhb ann agus, da bhrí sin, go gcaithfidh CLG gníomhú agus cinntí a thógáil.
gníomhú go tapa agus go ciallmhar to act quickly and sensibly
" An cheist ná cé tá i gceannas? Dar le daoine áirithe, is praiseach é an córas smachta i láthair na huaire agus ní mór don chumann gníomhú go tapa agus go ciallmhar sula mbíonn smacht caillte uilig.
ag gníomhú acting
" Níl míniú sásúil ach oiread tugtha ar a mhoille is a bhí sé ag gníomhú, fiú i ndiaidh do dhlíodóir mhuintir Rossiter an fhianaise nua a chur os a chomhair.
ag gníomhú ar a son acting on their behalf
" Deir sé, ‘Chuala mé sibh’ agus leanann sé ar aghaidh mar a bhí sé roimhe!” Sin fadhb mhór atá ag dul in olcas sa Bhreatain, dar le Fisk: an dóigh a mothaíonn daoine nach bhfuil rialtas na tíre ag gníomhú ar a son agus go bhfuil an bhearna idir an saoránach agus an córas polaitíochta ag méadú.
ag gníomhú acting
" Níl míniú sásúil ach oiread tugtha ar a mhoille is a bhí sé ag gníomhú, fiú i ndiaidh do dhlíodóir mhuintir Rossiter an fhianaise nua a chur os a chomhair.
gníomhú to act
" Is é an dóigh is fearr leis seo a dhéanamh ná plé tomhaiste, staidéarach a dhéanamh ar an tuarascáil agus gníomhú ar a gcuid moltaí.
ag gníomhú acting
" ) Cad é an fhianaise? An bhfuair siad an fhianaise ó spíodóir poblachtánach atá ag gníomhú ar son na Breataine? “The feeling is” – cad é an chiall atá leis sin? Cé a mhothaíonn é? “Could” – aimsir chomh héiginnte is atá ar fáil sa Bhéarla.
ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí acting on behalf of specific groups
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
gníomhú to act
" Ceist eile an mbeidh sé de mhisneach aici gníomhú agus an bhfaighidh sí an tacaíocht agus an cead leis sin a dhéanamh? Tá atheagar agus leasú iomlán de dhíth - ó na coláistí oiliúna anuas agus ó na naíonraí aníos.
gníomhú to act
" Bhí sé ábalta gníomhú saor ó phionós, agus na póilíní i gclaonpháirt leis.
Is gá gníomhú láithreach it is necessary to act immediately
" Is gá gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht seo, agus deireadh a chur le fulaingt na ndaoine óga atá thíos leis an chibear-bhulaíocht.
ag gníomhú mar liathróid dornála acting as a punchbag
" Má fhanann Meiriceá san Iaráic gan buanú na síochána, is ag cruthú naimhde a bheas siad, agus ag gníomhú mar liathróid dornála do na naimhde céanna.
ag gníomhú ar son a cuid balleagraíochtaí acting on behalf of its member organisations
" Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag gníomhú ar son a cuid balleagraíochtaí faoi láthair le neart phobal na Gaeilge a chur taobh thiar d’éilimh éagsúla agus olltoghchán mhí na Bealtaine ag druidim linn.
chun gníomhú mar sholáthraí airgeadais shóisialta, to act as providor of social finance.
" Bunaíodh an fhondúireacht seo chun gníomhú mar sholáthraí airgeadais shóisialta, chun iasachtaí a thabhairt a thacóidh le tionscadail shóisialta agus forbartha agus le fiontraíocht shóisialta i bpobail áitiúla.
gníomhú to act
" Ní bheidh aontachtaithe ábalta gníomhú in éagmais cead na náisiúnaithe a bheith faighte acu, agus a mhalairt.
le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach to work energetically and effectively
" Is cosúil go bhfuil na heagraíochtaí sin ar bís le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach ar son na teanga.
ag gníomhú acting
" Tá sé ríshoiléir nach le leas na bhfeirmeoirí ná le leas lucht déantúsaíochta na hÉireann na moltaí céanna, ach níl an rialtas ag gníomhú agus sin *roimh* athruithe a thiocfadh de bharr Chonradh Liospóin.
ag gníomhú ar son leasa gnó working for business interests
" ”Ní hé gurbh iad an RPF an t-aon dream a bhí ag gníomhú ar son leasa gnó sa Chongó.
iallach orthu gníomhú compulsion on them to be active
" An fhreagracht Ba mhaith liom freisin go leagfaí freagracht ar bhainisteoirí foirne agus ar choistí contae maidir le hiompar a gcuid imreoirí agus go mbeadh iallach orthu gníomhú i gcás mí-iompair.
gníomhú to move, act
" Má bhí an tUachtarán Bush in ann gníomhú beag beann ar thíortha eile, ní féidir leis an Uachtarán Obama an rud céanna a dhéanamh.
gníomhú to act
" Ní bheidh an tAontas Eorpach ina measc mura n-éiríonn leis na ballstáit cur ar chumas an Aontais gníomhú go héifeachtach ar leibhéal idirnáisiúnta.
gníomhú act
" Caithfidh gach rialtas gníomhú laistigh de chóras polaitiúil a bhfuil an comhghéilleadh ina chuid bhunúsach de ach ní chuirtear na laincisí céanna ar thaighdeoirí acadúla.
is gá gníomhú it’s necessary to act
" Ní féidir é sin a dhéanamh, dar le páirtí an rialtais, an UMP, ar dhá chúis: tá glactha ag an bparlaimint leis na leasuithe atá molta ag an rialtas; lena chois sin, tá go leor ama curtha amú cheana féin ag na Sóisialaithe maidir leis an gceist agus is gá gníomhú anois chun an córas pinsin a shábháil.
gníomhú to act
" Bourgeois go bhfuil a fhios againn cén chumhacht atá ag COGG, ’sé sin comhairle amháin, caithfidh muid breathnú ar céard ba cheart a bheith acu, ansin suí síos leis an Roinn Oideachais, a fhad agus a bhfuil tacaíocht taobh thiar dínn agus ár gcos a chur síos agus a rá leis an Roinn go bhfuil na seacht gcumhacht uainn agus “cuir an cheist ar an Roinn, cén fáth nár chóir do thuismitheoirí agus do phobal na Gaeltachta, a bhfuil, ar shlí, a dteanga féin a chailleadh, gníomhú? Ní na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath a bheidh thíos leis, ach na gasúir a seasann a dtuismitheoirí agus a bpobal dóibh”.
in áit gníomhú air instead of acting on it
" Chuir siad tuarascáil ghonta le chéile le moltaí maithe ach in áit gníomhú air, bunaíodh coiste le comhairle a chur ar an rialtas.
gníomhú le cinntiú nach n-éireodh leis an Iaráin move to ensure than Iran would not succeed
" Dá dtarlódh a leithéid, bheadh ar na Stáit Aontaithe gníomhú le cinntiú nach n-éireodh leis an Iaráin a cumhacht sa réigiún a mhéadú tuilleadh.
sásta gníomhú ar cheist achrannach content to act on the contentious matter
" ‘Iontach’, a deirim liom féin, ‘faoi dheireadh tá Aire Gaeltachta sásta gníomhú ar cheist achrannach na dteorainneacha Gaeltachta, rud nach raibh sé de mhisneach ag Ó Cuív a dhéanamh, an fhad is a bhí cúram na Gaeltachta air’.
gníomhú faoi na portaigh to take action about the bogs
" Go drogallach, shocraigh an tAire Jimmy Deenihan, a bhfuil cúram na Gaeltachta air chomh maith, gníomhú faoi na portaigh.
ag gníomhú mar pháiste millte operating like a spoilt child
" 
 Cúpla lá roimhe rinne an tOrd Oráisteach géarcháineadh ar shagart na paróiste, ag baint díoltais amach sular tharla a dhath mar sin is léir go mbeidh an tOrd ag gníomhú mar pháiste millte le linn an tsamhraidh, compordach go leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor.
Gníomhú na Fraince France taking action
" Ní bheidh tuairim dá laghad acu faoi céard a bhí ar siúl, ná cuimhne ina dhiaidh! Gníomhú na Fraince ======== Cuireadh an tuarascáil ‘Against Hyper-Sexualisation: A New Fight for Equality’ le chéile sa Fhrainc anuraidh, a bhuí sin den seanadóir Chantal Jouanno.
gníomhú dá réir act accordingly
" Bhí ar an AE iachall a chur ar rialtas Bhleá Cliath cuid de na portaigh chéanna a chaomhnú is a chosaint agus caithfidh an tAire Jimmy Deenihan gníomhú dá réir.