Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghníomhairí síochána agents of peace
" Má thagann cogadh domhanda mar thoradh ar an mhéid atá tar éis titim amach le cúpla seachtain anuas, nach mbeidh tíortha ag teastáil le bheith mar ghníomhairí síochána le réiteach a chuardach - moltóir cothrom, neamhspléach, gan aon bhagáiste míleata.
ghníomhaire dhúbailte double agent
" Is é an cás is déanaí (agus is suimiúla) ná dúnmharú an "ghníomhaire dhúbailte" William Stobie, fear nach féidir ach a shamhlú an méid rún atá tugtha chun na huaighe leis.
ghníomhaire agent
" Níor thug an Brainse an téip a raibh an admháil air do Stevens mar go raibh siad ag baint úsáide as an spiaire mar ghníomhaire dá gcuid féin.
ghníomhairí rúnda secret agents
" Ach nach bhfuil an Pápa ar shiúl ar oilithreacht go Ceanada agus Meicsiceo agus áiteanna beannaithe eile? Rún docht daingean é seo, rún nach féidir a scaoileadh le bhur mbeo, rún a chualthas ó ghníomhairí rúnda "Beo Ar Éigean" sa Róimh, rún ar tháinig an foláireamh scanrúil seo leis: "Do Not Repeat This!" Mar sin, níl mé sásta é a rá ach an t-aon uair amháin: Ní hé an Pápa atá imithe ar oilithreacht ar chor ar bith.
ghníomhaire rúnda secret agent
" Ní bhfuair a Naofacht ach an t-aon locht amháin air mar ghníomhaire rúnda: an tiomáint ghasta - chomh gasta sin agus nach bhfeiceann sé na comharthaí ná na fógraí ar na bóithre.
ghníomhaire na Breataine British agent
" De réir chlár teilifíse an BBC, "Panorama", rinneadh ionsaí ar 80 duine a bhí ar liosta ghníomhaire na Breataine Brian Nelson.
gníomhairí agents
" An é nach raibh a fhios ag na húdaráis go raibh caimiléireacht ar leibhéal fairsing ar siúl agus go dtí gur sceith duine éigin an scéal is déanaí, go raibh an cleachtas go hiomlán faoi rún? Is cosúil go raibh a fhios ag traenálaithe agus gníomhairí agus bainisteoirí na lúthchleasaithe faoi na drugaí agus go rabhadar ag cabhrú leo iad a fháil agus a ghlacadh, agus é sin ar fad á choinneáil faoi rún.
gníomhairí taistil travel agents
" Más mian leat cuairt a thabhairt ar an Iordáin, is féidir le gníomhairí taistil saoire a shocrú duit féin go pearsanta - ní théann grúpaí ann as an tír seo.
gníomhaire taistil travel agent
" Thaitin sé leo deis a bheith acu labhairt le gníomhaire taistil a bhí in ann comhairle a thabhairt dóibh faoina dturas, agus ní raibh muinín acu i slándáil cúrsaí tráchtála ar an idirlíon.
ghníomhaire eastáit estate agent
" “Is fiú £65,000 an teach anois,” a deir James Kersh ón ghníomhaire eastáit Sutton Kersh.
gníomhaire agents
" Tá barántais eisithe ag an Iodáil, mar shampla, fá choinne 19 gníomhaire de chuid an CIA as cléireach radacach darb ainm Osama Nasr Mostafa Hassan a fhuadach i Milano i bhFeabhra na bliaina 2003.
gníomhaire eastáit estate agent
" Measann Work at Home Success, eagraíocht teileachomaitéireachta Mheiriceánach, gur seo na postanna is oiriúnaí: cuntasóir, colúnaí, scríbhneoir scripteanna fógraíochta, eagarthóir, taighdeoir, scríbhneoir teicniúil, athscríobhaí, aistritheoir, teicneoir seirbhísithe ríomhairí, riarthóir bunachar sonraí, ealaíontóir grafach, dearthóir suíomh gréasáin, gníomhaire eastáit, agus gníomhaire taistil.
gníomhaire taistil travel agent
" Measann Work at Home Success, eagraíocht teileachomaitéireachta Mheiriceánach, gur seo na postanna is oiriúnaí: cuntasóir, colúnaí, scríbhneoir scripteanna fógraíochta, eagarthóir, taighdeoir, scríbhneoir teicniúil, athscríobhaí, aistritheoir, teicneoir seirbhísithe ríomhairí, riarthóir bunachar sonraí, ealaíontóir grafach, dearthóir suíomh gréasáin, gníomhaire eastáit, agus gníomhaire taistil.
gníomhaire taistil travel agent
" Yolanta is ainm dom agus is gníomhaire taistil mé.
gníomhairí agents
" Agus tuige nach mbeadh? Tar éis gur fhógair an Méara Michael Bloomberg le déanaí go raibh gníomhairí de chuid Al Qaeda ag pleanáil ionsaithe ar *subwa*y Nua-Eabhrac, tá atmaisféar bogfhaiteach ann.
ó ghníomhaire ealaíne from an art agent
" Ainneoin go ndéanann sé a ghnóthaí féin a láimhseáil anois, le cuidiú ó ghníomhaire ealaíne, tuigeann sé chomh tábhachtach is atá dánlanna i gcás ealaíontóirí óga atá ag dul i mbun oibre den chéad uair.
gníomhaire agent
" Tugadh na hairm ghoidte do William Stobie, máistir ceathrún an UDA agus gníomhaire de chuid an RUC.
dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit murders being committed by agents of the State
" Luaigh sé teip d’aon turas taifid a choinneáil, díobháil cuntasachta, coinneáil siar faisnéise agus fianaise, síos fríd an réimse iomlán, dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit san áireamh.
gníomhaire faoi cheilt, an undercover agent
" Bhí dlúthbhaint aige le muintir Bhéal Feirste agus bhí sé ar nós gníomhaire faoi cheilt, ach amháin nach raibh sé ag obair d'aon ghrúpa míleata nó paraimíleata.
gníomhaire agent
" ” Fuair sí gníomhaire ina dhiaidh sin agus d’éirigh léi páirt a fháil i roinnt drámaí agus cláracha teilifíse, “Anner House” (2007), an scannán rómánsach a bhí bunaithe ar scéal le Maeve Binchy, ina measc.
ghníomhaire agent
" Tuigeadh do Sibel Edmonds go raibh muintir Dickerson ag iarraidh í a earcú mar ghníomhaire ar son eagraíochta a raibh sí ceapaithe a bheith ag déanamh faire air, agus d’inis sí an scéal dá saoiste.
Gníomhaire agent
" Gníomhaire Iosraelach atá i gCristol, dar leis.
gníomhaire agent
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
gníomhaire agent
" Dé réir leabhar Gordon Thomas faoin Mossad, Gideon’s Spies, tháinig gníomhaire Mossad ó Londain go Loch Earbaí an lá i ndiaidh an uafáis agus bhailigh sé mála taistil a bhí ar an eitleán leis.
gníomhaire an agent
"gníomhaire agam agus déanann sí sin an obair ar fad dom.
ghníomhairí activists
" Beidh sé fós ar an gCoiste Comhaireachta a bheidh ag plé leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus, gan aon amhras, is cúis sóláis é sin do ghníomhairí teanga mar is Aire fuinniúil é a bhfuil a chroí san áit cheart.
ghníomhairí agents
" Fuaireamar an deis dráma den scoth a fheiceáil ar an teilifís le déanaí nuair a cuireadh iachall ar ghníomhairí Goldman Sachs, an príomhfheidhmeannach Lloyd Blankfein ina measc, labhairt go poiblí os comhair coiste Seanaid faoinar thit amach ina chomhlucht i dtaobh infheistíocht agus caimiléireacht i 2007 and 2008.
gníomhairí agents
" Meas tú céard a cheapfadh an gnáth-Mheiriceánach faoi leithéidí Lieberman, a mhaíonn gurb é an stát Giúdach an comhghuaillí is fearr atá acu, dá mbeadh a fhios aige gur chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954 le heasaontas a chothú idir Nasser agus SAM; gur mharaigh Iosrael 34 Meiriceánach nuair a d’ionsaigh siad an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967; go ndearna spiaireacht na nIosraelach, go háirithe spiaireacht Jonathan Pollard, an-dochar go deo do SAM; go raibh cúigear gníomhairí Mossad ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh ionsaithe 9/11; gurb é Iosrael agus a gcairde i Meiriceá foinse na faisnéise bréagaí i dtaobh na hIaráice; agus faoi go leor gníomhartha fill eile nach iad? Lena iarracht seo an t-idirlíon a mhúchadh, an é muintir Mheiriceá atá á chosaint ag Lieberman ó sceimhlitheoirí? Sin, nó an iad a leathbhádóirí fealltacha atá á chosaint aige ó mhuintir Mheiriceá?
gníomhairí agents
" Nuair a fiafraíodh de Carl Cameron, tuairisceoir Fox News, an raibh réamhfhios ag gníomhairí Iosraelacha faoi na hionsaithe, luaigh sé conclúid imscrúdaitheoirí SAM: *“How could they not have known?”* Agus nár mhaígh na *“dancing Israelis,”* a bhí ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh imphléasc na dtúir, ar chlár cainte Iosraelach: *“our purpose was to document the event.
gníomhaire mná female agent
" ”* Cheapfá go mbeadh fonn ar Joel Pollak na sonraí a sceitheadh don phobal faoin gcaoi a raibh Schakowsky sáinnithe ag gníomhaire mná de chuid na Tuirce, mar a léirigh Edmonds ina fianaise faoi mhionn i gcás cúirte in Ohio i mí Lúnasa anuraidh.
ghníomhairí agents
" Nuair a foilsíodh tuairisc John Marshall ar an gcuairt, áfach, nochtadh cairde Meiricéanacha na Fraince mar ghníomhairí thír eachtrannach shotalach, agus bualadh páirtí Thomas Jefferson go dona sa toghchán i 1798.
gníomhairí rúnda secret agents
" “Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.
Beirt ghníomhaire two agents
" Beirt ghníomhaire de chuid Sheirbhís Rúnda SAM a thug faoi fhear a bhí ag ceannach ticéid agus a dúirt go raibh sé “going to Kilbarrack”.
ngníomhaire faoi cheilt undercover agent
" ”* Bhí amhras ar an FBI faoin ngníomhaire faoi cheilt a d’úsáid na póilíní, áfach, agus ní raibh siad sásta aon bhaint a bheith acu leis an gcúis choiriúil.
gníomhaire misniúil a courageous activist
" An raibh maith ar bith ionann? Anois is arís, bhí gníomhaire misniúil ann.
ghníomhaire faoi cheilt an undercover agent
" Gabhadh é sa bhliain 1958 nuair a thairg sé roinnt bheag raithní do ghníomhaire faoi cheilt i gclub oíche i San Francisco agus chaith sé tréimhse eile i ngéibheann an stáit, an uair seo i San Quentin.
ghníomhaire luachmhar precious agent
" ''* Seo an bhuíon a raibh Brian Nelson, nach maireann, ina ghníomhaire luachmhar aige.
gníomhaire an agent
" Tá radharc sa scannán *The Guard* nuair a thugann gníomhaire ón FBI, Wendell Everett, faoi deara nach bhfuil muintir na háite ag caint sa teanga chéanna leis féin.
Faoi bhrú ollmhór ó ghníomhairí cultúrtha under great pressure from cultural activists
" Faoi bhrú ollmhór ó ghníomhairí cultúrtha, a chuir ciníochas i leith Zimmerman agus póilíní an bhaile, ní raibh an dara rogha ag na húdaráis ach Zimmerman a chúiseamh i ndúnmharú.
scata gníomhairí polaitíochta a group of political activists
" An Chuach sa Nead Poblachtach ============ Scríobh mé cheana faoin Tea Party, scata gníomhairí polaitíochta ar an eite dheis a mheascann codanna d'fhealsúnacht an tsaormhargaidh, na náisiúntachta, agus an choimeádachais le chéile chun gluaiseacht trastíre a chruthú a bhfuil an-tionchar á imirt aige ar ghnóthaí polaitíochta na Stát Aontaithe.
teach a ghníomhaire his agent's house
" Dúirt sé go suíonn sé isteach ina Bugatti Veyron (luach £2,000,000) gach maidin agus go dtiomáineann sé síos go dtí oifig a chuntasóra é, sula dtiomáineann sé suas go dtí teach a ghníomhaire é, agus ansin tiomáineann sé é thart ar an timpeallán cúig nó sé huaire ar mhaithe leis an spraoi, sula dtiomáineann sé an Bugatti síos go dtí teach an fhir a choinníonn cuntas cruinn ar an mhéid carranna atá aige.
Gníomhaire agent
" Gníomhaire diMaso (FBI), dáiríre, atá ann.
iarradh ar na céadta gníomhaire eastáit hundreds of estate agents were asked
" Mar shampla deireanach, iarradh ar na céadta gníomhaire eastáit luach tí a bhí ar díol a mheas.
ngníomhairí feimineacha feminist (and lesbian) activists
" De thoradh ar thuairimí liobrálacha agus comhaimseartha DiFranco, ghin an t-amhránaí lucht leanúna a bhí go príomha ina ngníomhairí feimineacha agus leispiacha.
gníomhairí eastáit estate agents
" Cé nár cheannaigh sé réadmhaoin sa deireadh, fuair sé léargas suimiúil ar an áit, agus ar chleachtais tréandíola na ngníomhairí eastáit.
ghníomhairí agents
" Chomh maith le hobair na hacadúlachta i SAM, bhí Brian Ó Broin ag faire go géar ar scéal uisce faoi thalamh ghníomhairí Putin sa chomharsain aige féin.
cluasáin na ngníomhairí dírithe the agents earphones directed
" Bíonn an deartháir mór ag faire i dtólamh, cluasáin na ngníomhairí dírithe ar ár gcuid guthán baile agus oifige agus bíonn ceamaraí spéire agus sráide dár siarleanacht ar an talamh, ach bhí Brian Ó Broin ag faire fosta.