Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a ghnóthú to earn
" Cartlann cheoil ollmhór a chruthaítear i ndáiríre agus tá na comhlachtaí ceoil anois ag iarraidh airgead a ghnóthú as an gcoincheap seo.
gnóthaithe earned
" Ionsaí amháin eile ag Coláistí Átha Cliath agus poc éirice gnóthaithe acu.
ag gnóthú earning
" Cúrsaí airgid ======= Tá Breandán ag gnóthú i bhfad níos lú airgid ná an $75,000 sa tseachtain a shaothraigh Flatley le linn a thréimhse le Riverdance.
ag gnóthú go hindíreach benefiting indirectly
" Bhí thar 1,000 duine fostaithe i monarchana na paróiste le scór bliain, agus na céadta eile ag gnóthú go hindíreach.
ag gnóthú as benefiting from it
" Tá an-dochar déanta don Bhord agus Sinn Féin ag gnóthú as.
a ghnóthú to earn
" Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
gnóthaithe gained, achieved
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
a ghnóthú to earn
" "Má tá Enron agus Worldcom ábalta na billiúin de bhrabach fealltach a ghnóthú, níl ann ach dóithín do dhochtúirí na hÉireann an ceann is fearr a fháil air sin.
gnóthaithe won
" Tá grúpa deas imreoirí ag Áth Cliath san aoisghrúpa sin, imreoirí a d'imir le foireann iomána Choláistí Átha Cliath i gcluichí ceannais Choláistí Laighean agus a bhfuil boinn Choláistí gnóthaithe ag cuid acu.
a ghnóthú to earn
" Ní bhfuair sé an "t-éinín" agus b'éigean dó an liathróid a chur sa pholl ó 12 troigh thar dromchla aimhréidh le críochnú cothrom le Tomás Bjorn agus imirt bhreise a ghnóthú.
a ghnóthú to earn
" Ach an laige is mó a bhain le hAontroim, dar le Liam, ná nach raibh taithí acu ar bhua a ghnóthú i gcluiche mór ar an stáitse mór.
a ghnóthú to earn
" An chéad cheann ná cén aidhm atá ag na drugaí sa chéad áit? Is dóigh gurb é airgead agus brabach an freagra agus an peaca is bunúsaí ar fad laistiar dó - saint - an tsaint chéanna a chuireann cathú orainn ar fad an deis a thapú chun airgead bog a ghnóthú ar dhóigh nach bhfuil iomlán morálta nó dleathach.
cúl dána, sotalach a ghnóthú earn a bold, arrogant goal
" É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
á ghnóthú go bog being earned easily
" Níl leisce ar thuismitheoirí áirithe dul i muinín an dlí má fheiceann siad airgead á ghnóthú go bog agus tá lucht dlí sásta cabhrú leo.
a ghnóthú to earn
" Ní féidir cruthúnas níos fearr a fháil maidir le do chuid oibre ná Emmy a ghnóthú.
chun an bonn a ghnóthú to win the medal
" Ach, dáiríre, is é an bua atá ag teastáil ó gach iomaitheoir agus go minic tá siad sásta rud ar bith a dhéanamh chun an bonn a ghnóthú.
a ghnóthú to win
" Is iontach go deo an ríméad a bhíonn ar dhaoine i ndiaidh Craobh na hÉireann a ghnóthú, ach an leanann sé i bhfad? Ní leanann, is cosúil, go mór mhór sna contaetha sin a mbíonn an bua acu go minic, leithéidí Chiarraí agus Chorcaí.
meas a ghnóthú to earn respect
" Is minic chomh maith a bhíonn tionchar ag na cairde atá ar comhaois leo ar a n-iompar, agus go mbíonn siad ag iarraidh meas a ghnóthú trí bheith ag tiomáint go gasta agus go mífhreagrach.
a ghnóthú to earn
" Fágann sin go mbeadh ar an Lucht Oibre líon mór suíochán breise a ghnóthú.
a ghnóthú to earn
" Is mór an gaisce, dar ndóigh, réalta peile agus iomána a ghnóthú an bhliain chéanna agus tarlaíonn sé sin ó am go ham.
a ghnóthú to win
" Bheadh amhras ort ar éirigh le duine ar bith an comórtas a ghnóthú.
gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistear without having gained anything from the journey
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
a ghnóthú to earn
" Suntasach go leor, níor bhuaigh ach seacht dtír Corn an Domhain go dtí seo agus, lasmuigh den ghrúpa sin, is beag tír a tháinig gar don tríú háit a ghnóthú fiú amháin.
nach bhfuil a dhath le gnóthú aisti that there is nothing to be gained from it
" Tá daoine ann a deir nach bhfuil aon mhaitheas ag baint leis an Ghaeilge, nach bhfuil a dhath le gnóthú aisti.
vótaí le gnóthú votes to be earned
" Ach tá lámh na bpolaiteoirí le sonrú go soiléir ar an phróiseas anseo agus vótaí le gnóthú as cead pleanála a fháil don toghlach, beag beann ar an dochar a dhéanfadh an fhorbairt atá beartaithe don taobh tíre.
a ghnóthú to earn
" Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach D’éirigh le Fianna Fáil 81 suíochán a ghnóthú sa toghchán deireanach – trí shuíochán faoi bhun móraimh iomláin.
móramh Dála a ghnóthú to earn a Dáil majority
" Agus níl amhras ar bith ann ach go mbeadh ar a gcumas móramh Dála a ghnóthú.
le gnóthú to be gained
" Tá duaiseanna agus buntáistí nua le gnóthú ag an mbuaiteoir i mbliana: poiblíocht sa nuachtán áitiúil, *The Galway Advertiser* agus ar an stáisiún raidió áitiúil, Galway Bay FM; priontáil agus comhairle mhargaíochta ó Snap Printing; ballraíocht de Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus dlúthchairdeas le Gaillimh le Gaeilge.
gnóthaithe won
" Dála na Colts, níl ach Superbowl amháin gnóthaithe acu (1985).
bheadh cúig cinn as chéile gnóthaithe. five in a row would have been earned.
" Bhuadar an chraobh ceithre huaire (78 – 81) agus trí huaire (84-86) as a chéile agus murach cúl Shéamuis Uí Dhairbe d’Uíbh Fhailí i 1982 bheadh cúig cinn as chéile gnóthaithe.
a ghnóthú to gain
" Sna trí chomórtas, theip air an bua a ghnóthú taobh istigh de na ceithre bhabhta imeartha.
gnóthaithe. won.
" Naoi mbliana ó shin a bunaíodh cumann CLG Chaisleán Cnucha in iarthar Chontae Átha Cliath agus cheana féin tá Craobh na hÉireann gnóthaithe.
is léir nach bhfuil tada le gnóthú it is clear that there is nothing to be gained
" Diaidh ar ndiaidh, is léir nach bhfuil tada le gnóthú ó fhanacht leis an uachtarán, nach bhfuil cumhacht ar bith fágtha aige agus go bhfuil sé ag caitheamh níos mó ama ar a rainse in Texas, de cheal oibre.
áit a ghnóthú (in) getting a place
" Tháinig sé go hÉirinn agus é ocht mbliana déag d’aois de bhrí nár éirigh leis áit a ghnóthú in aon ollscoil sa Bhreatain.
Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, if a person suceeds in passing the exam
" Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, bronntar teastas air le dearbhú go bhfuil cumas sa teanga bainte amach aige ag leibhéal áirithe.
scoláireachtaí gnóthaithe have won scholarships
" Caithfidh muid gan iad a fhágáil chun fáin gan saorchead taistil - mic léinn nach féidir staidéar a dhéanamh thar lear ainneoin go bhfuil scoláireachtaí gnóthaithe acu, fir ghnó, oibrithe fánacha a chuirfeadh airgead chun an bhaile chun sochair a dteaghlach, agus mar sin de.
ghnóthú to win
" Ní raibh deacracht ar bith an mhí seo áfach agus biaiste na hiomána idirchontae díreach thart agus ba é sin oirbheart agus gaisce iománaithe Chill Chainnigh a mholadh agus a mhóradh tar éis dóibh an ceathrú craobh shinsear iomána uile-Éireann as a chéile a ghnóthú.
ghnóthú to win
" Bhí toirmeasc fós ar Tamazight, áfach, agus d’fhonn aitheantas a ghnóthú don teanga d’eagraigh an Ghluaiseacht Chultúrtha Bheirbeireach ollchruinniú i 1990 sa phríomchathair.
ghnóthú to win
" Chomh maith leis sin, is ceart gan an iomarca moilleadóireachta a dhéanamh lena daingniú: cé gurb intuigthe an mhaise don Aire tacaíocht pháirtithe an fhreasúra a ghnóthú, d’fhéadfadh éiginnteacht pholaitiúil nó olltoghchán gan choinne an straitéis a chur ó mhaith.
gnóthaithe won
" Rinne ceannasaithe fhórsaí na gComhghuaillithe botúin mhíleata go leor roimh an bhfeachtas agus lena linn agus, tar éis leamhsháinn fuilteach fánach, b’éigean dóibh a gcuid fórsaí a aistharraingt gan aon sprioc gnóthaithe acu.
gnóthaithe won
" Trí huaire i ndiaidh a chéile, 2006, 2007 agus 2009, tá Craobh na hEorpa gnóthaithe aici agus dhá uair as chéile, 2006 agus 2008, bhain sí Craobh an Domhain.
le gnóthú to be won
" ”* Clár oibre dúshlánach a chuir Blair roimhe mar sin agus gan mórán le gnóthú ar a shon: *“the conflict was the issue in Northern Ireland (no labour voters there) but not really an issue in United Kingdom politics (indeed, the more you solve it the less salient it becomes); fantastically difficult; inordinately time-consuming.
le gnóthú to win
" Níl ach duais amháin fágtha le gnóthú ag Katie Nic an Táilliúra agus is é sin, bonn Oilimpeach.
ghnóthú to win
" Tuigim go rímhaith gur le beart seachas briathar a chaithfimid muinín an phobail a ghnóthú in athuair.
ag gnóthú aireachta winning a ministerial position
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
Geall Gnóthaithe a bet won
" Titim Tuartha agus Geall Gnóthaithe =================== Leanfaidh agus leathfaidh géarchéim an euro go dtí go dteipfidh air am éigin san earrach, b’fhéidir.
ag gnóthú tacaíocht gach éinne winning everyone’s support
" Feachtas é seo a shamhlófá a bheadh ag gnóthú tacaíocht gach éinne, ach ní mar a sin a tharla.
Tá an mhian sin gnóthaithe anois aici she’s brought that desire into being
" Tá an mhian sin gnóthaithe anois aici agus cá bhfios nach é an sméar mullaigh a bheas ar an scéal an bonn óir a bhuachan?
níos mó pointí gnóthaithe acu they won more points
" Bhí an lá le muintir Valencia sa dá chomórtas, ach thug cumann na hardchathrach an dá chraobh leo, idir chraobh na mban agus chraobh na bhfear, mar go raibh níos mó pointí gnóthaithe acu in imeacht na bliana ná aon chumann eile.
a raibh meas mhuintir na tíre gnóthaithe who earned the people’s high esteem
" Faoiseamh gur éirigh le Katie Nic an Táilliúra, a raibh meas mhuintir na tíre gnóthaithe aici le tamall anuas, tar éis éacht chomh mór a dhéanamh agus bonn óir a bhaint ag na Cluichí Oilimpeacha, rud a bhí tuillte go maith aici de bharr a cuid dúthrachta.
an chraobh gnóthaithe the championship won
" B’fhéidir gur ón traenáil agus ón ullmhúchán rialta ó sheachtain go seachtain a thagann an fíorshásamh agus ní ón meandar gearr sin nuair atá an corn buaite, an chraobh gnóthaithe.
a ghnóthú as an chíos seo to earn from this rent
" Beidh Droichead an Rialto, a tógadh i 1591 agus atá ar cheann de na séadchomharthaí is aitheanta sa Veinéis, le bheith leathchlúdaithe le fógraí gan mhoill agus tá an chomhairle dóchasach go n-éireoidh leo na cúig mhilliun euro atá de dhith leis an droichead a athchóiriú a ghnóthú as an chíos seo.
gnóthaithe níos minice won more often
" Spéis na nÉireannach ========= I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe shall the experience and the long struggle endured
" An mbeidh iománaithe óga, oilte Chorcaí rómhear agus rólúfar d’iománaithe Átha Cliath, nó an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe ag fir na hardchathrach le roinnt blianta anuas leo leis na Corcaigh a chloí? Agus céard faoi Luimneach agus an Clár? Garchomharsana is ea iad dar ndóigh, agus is cinnte go mbeidh coimhlint an-ghéar eatarthu.
gnóthaithe ag has one
" Thar 50 ciliméadar a bhí rás Chraobh an Domhain agus don chéad uair ina shaol, agus é cúig bliana is tríocha d’aois, tá ceann de chraobhacha móra an spóirt gnóthaithe ag an Ifearnánach.
ghnóthú dá réir to earn accordingly
" Níor deineadh aon leithscéal ariamh go raibh sé mar aidhm ag an togra brabach a shaothrú don dá nuachtán trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir.
a bhfuil na billiúin gnóthaithe aige who has made billions
" Le teacht Péladeau, fear gnó a bhfuil na billiúin gnóthaithe aige sa teileachumarsáid, os comhair an phobail, ní raibh an dara rogha ach ag Marois reifreann ar scarúntacht a phlé - agus ba léir nach raibh an coincheap ullmhaithe i gceart aici.
gnóthaithe ag won by
" Ó shin i leith tá an Corn Oscailte gnóthaithe ag Darren Clarke (2011) agus ag Rory Mc Ilroy (2014).
ag gnóthú earning
" Tá feirmeoirí na hAstráile ag gnóthú go leor airgid as onnmhairiú caorach ach is minic a fhulaingíonn na hainmhithe cuid mhór agus iad á n-iompar thar lear.
le gnóthú to be gained
" Tá cuid mhór le gnóthú ag Aer Lingus as an chomhaontú a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe maidir le heitiltí trasatlantacha, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
ghnóthú saibhris accruing of wealth
" Caitheann Majella Ní Dhomhnaill súil ar ghné de shaol an duine óig in Éirinn, an dearcadh coiteann a tholg go leor le linn ghnóthú saibhris na nóchaidí agus tús an chéid.