Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gnóthaí affairs
" Is mian leo go mbeadh ról níos tábhachtaí ag tuataí i ngnóthaí na heaglaise, ach níl siad ag moladh athruithe conspóideacha ar bith, ar nós cead a thabhairt do shagairt pósadh nó go ndéanfaí mná a oirniú mar shagairt.
gnóthaí affairs
" Cén fáth nach féidir le tír bheag mar seo a cuid gnóthaí a eagrú go hionraic agus go cothrom? An é go bhfuil leithéidí John Waters (*The Irish Times*) ceart nuair a deir sé nach bhfuil éirithe linn imeacht, fiú fós, ó thionchar an choilíneachais, ar chaith muid na céadta bliain faoi, agus go gcaithfidh muid fós a bheith ag cleasaíocht agus a bheith mímhacánta mar a bhí orainn a bheith leis na tiarnaí talún fadó!
an tAire Gnóthaí Eachtracha the Minister for Foreign Affairs
" I bhfreagra ar cheist Dála an mhí seo caite, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Brian Cowen go raibh cead tugtha ag an stát seo, idir Samhain 2001 agus Deireadh Fómhair 2002, do 610 eitleán míleata ó thíortha eile tuirlingt in aerfoirt de chuid na tíre.
an am is gnóthaí the busiest time
" Agus cúrsaí olc go leor cheana féin ó thaobh an gheilleagair de, dhealraigh sé go raibh buille tubaisteach eile i ndán do lucht gnó - díreach ag an am is gnóthaí den bhliain, aimsir na Nollag.
gnóthaí affairs
" Dar leis an Taoiseach beidh an fhoráil nua seo, má ligtear di teacht i bhfeidhm, ina bac ar dhea-eagrú gnóthaí an Rialtais.
Roinn Gnóthaí Eachtracha The Department of Foreign Affairs
" Agus é i mBaile Átha Cliath, bhuail John Rumbiak le Tom Kitt, an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Roinn Gnóthaí Eachtracha The Department of Foreign Affairs
" Chaith sí dhá bhliain iontacha i bPáras, cé go n-admhaíonn sí anois nach ndearna sí mórán maidir le dochtúireacht a bhaint amach agus í ansin! An chéad fhostaíocht a bhí ag Máire nuair a d'fhill sí abhaile ó Pháras ná post sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, post a thaitin go mór léi.
an bhliain is gnóthaí the busiest year
" " Bliain ghnóthach ======= Seo an bhliain is gnóthaí ag Neil le fada an lá.
Aire Gnóthaí Inmhéanacha Minister for Internal Affairs
" Dúirt Ángel Acebes, Aire Gnóthaí Inmhéanacha na Spáinne, go feargach gurb iad bithiúnaigh amach is amach na daoine a bhí ag rá go mb'fhéidir nárbh iad ETA a bhí ciontach as an mbuamáil.
Aire Gnóthaí Eachtracha Minister for Foreign Affairs
" D'ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht.
Aire Gnóthaí Eachtracha Minister for Foreign Affairs
" Dúirt an sceimhlitheoir Alexander Downer, Aire Gnóthaí Eachtracha, go raibh an méid a dúirt Keelty cosúil le bolscaireacht Al-Qaeda.
an tAire Gnóthaí Eachtracha the Minister for Foreign Affairs
" Cé gur fhógair Brian Cowen, an tAire Gnóthaí Eachtracha, €1 milliún sa bhreis i mbliana, is é sin €5 milliún san iomlán, ní leor é sin, dar le hEmmett Stagg.
an tAire Gnóthaí Eachtracha the Foreign Minister
" " Tar éis dóibh beannú dá chéile, fiafraíonn Nixon de Rogers, "Cad é faoi na hÉireannaigh?" Rogers: "Bhuel, tá an tAire Gnóthaí Eachtracha ag teacht le mé a fheiceáil ar maidin.
a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit that the affairs of the State are run
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
sa Roinn Gnóthaí Eachtracha in the Department of Foreign Affairs
" Is léir go ndearna Brian Cowan an-dul chun cinn le linn a thréimhse sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; éireoidh chomh maith céanna leis cibé áit a rachaidh sé agus tá comharba cumasach, Dermot Ahern, tagtha ina áit.
Gnóthaí Eachtracha Foreign Affairs
" An mbeidh Ahern agus a aire úr Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, ábalta cur ina luí ar thoscaireacht an DUP go bhfuil siad sásta gach cuidiú a thabhairt dóibh, ach ag an am chéanna, bheith daingean go gcaithfidh "ailtireacht" Chomhaontú Aoine an Chéasta fanacht? Ar an chlár "Hearts and Minds" ar an BBC, dúirt Gregory Campbell go mbeadh difríochtaí móra idir Comhaontú 1998 agus Comhaontú 2005.
is gnóthaí busiest
" (Ó mo thaithí féin bíonn an-leisce ar thuismitheoirí ligean do pháistí óga siúl ar Bhóthar Chois Fharraige, atá ar cheann de na bóithre is gnóthaí agus is contúirtí dá bhfuil ann i gcontae na Gaillimhe.
an tAire Gnóthaí Eactracha the Minister for Foreign Affairs
" Duirt Rabbie Namaliu, an tAire Gnóthaí Eactracha, go raibh an tuarascáil míchruinn agus gur gáifeachas a bhí ann.
Aire Gnóthaí Eachtracha Minister for Foreign Affairs
" “Gheall mé do Bhertie go bhfanfainn i bhfad ar shiúl ón áit sin, nó ó thagairt ar bith don áit sin, ar feadh tamaillín ar a laghad, le go dtig leis mé a cheapadh i m’Aire Gnóthaí Eachtracha i gceann cúpla mí.
deich gceann scríbe is gnóthaí the ten busiest destinations
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
deich gceann scríbe is gnóthaí the ten busiest destinations
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
Roinn Gnóthaí Eachtracha the Department of Foreign Affairs
" Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gurb iondúil go dtugtar cead tuirlingthe d’eitleáin mhíleata ar an choinníoll nach mbíonn armlón nó ábhar pléascach á n-iompar acu.
an Aire Gnóthaí Eachtracha the Minister for Foreign Affairs
" Tá an freasúra ag iarraidh a rá go raibh a fhios acu – go háithrid ag an Aire Trádála Mark Vaile nó ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Alexander Downer.
ón Roinn Gnóthaí Baile from the Department of Home Affairs
" D’imigh na míonna thart agus níor chuala mé faic ón Roinn Gnóthaí Baile, cé go raibh mé féin agus Ronnie ag scríobh chuig a chéile.
an Roinn Gnóthaí Eachtracha the Department of Foreign Affairs
" De réir suirbhé a rinne an Roinn Airgeadais sa bhliain 2002, níor thug ranna agus oifigí stáit aitheanta mar an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an Roinn Cosanta, an Roinn Sláinte agus Leanaí, Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste marcanna breise d’iarrthóirí ag an am a raibh Gaeilge acu.
Roinn Gnóthaí Eachtracha the Department of Foreign Affairs
" An tseachtain seo caite, bhuail toscaireacht ón Ord le státseirbhísigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.
an tAire Gnóthaí Eachtracha the Minister for Foreign Affairs
" Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, Włodzimierz Cimoszewicz, an scéal a bhréagnú, ag rá “ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid den chéad uair, cé gur minic atá feall imeartha ar an bPolainn ag a comhghuaillithe san am atá caite”.
dá gcuid bealaí is gnóthaí for their busiest routes
" Agus nach cinnte go mbeadh na haerlínte ag lorg eitleán mór nua dá gcuid bealaí is gnóthaí? Bhuel, ní mar a shíltear a bítear.
airí gnóthaí eachtracha an Aigéin the foreign ministers of the Ocean
" Beidh cruinniú ar siúl inniu (1 Nollaig) ag airí gnóthaí eachtracha an Aigéin i Sydney leis an scéal a phlé ach ní léir an féidir leo tada a dhéanamh faoin scéal.
níos gnóthaí fós! even busier!
" Ach is dócha freisin go mbeidh na stáisiúin traenach agus na raonta rothar níos gnóthaí fós! Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair in earnáil na heitlíochta.
ón Roinn Gnóthaí Eachtracha from the Department of Foreign Affairs
" ” DeontasI dtrátha an ama chéanna, fuair Craobh Phádraig Mhic Phiarais deontas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn a chuir ar a gcumas post mar oifigeach forbartha a fhógairt.
an t-aerbhealach fadraoin is gnóthaí the busiest long-haul air route
" Mar shampla, is é an tAtlantach Thuaidh an t-aerbhealach fadraoin is gnóthaí ar domhan: téann timpeall 50 milliún duine siar nó aniar gach bliain idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh (na Stáit Aontaithe go háirithe, ar ndóigh).
gnóthaí businesses
" Tá an tSír fós an-tarraingteach dóibh siúd a bhfuil an fhealsúnacht ailtéarnach acu, agus bíonn gnóthaí ag tairiscint leigheasanna malartacha do gach saghas galair.
ciste de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha. a Department of Foreign Affairs fund.
" Dhréachtaigh CLG plean forbartha i gcomhair Chomhairle na Breataine i mbliana, le tacaíocht airgeadais ó Ard-Chomhairle CLG in Éirinn agus ciste de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
gnóthaí eachtracha agus polasaithe cosanta. foreign affairs and defence policies.
" Choinneodh Feisirí as Albain, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann a gcuid suíochán i dTeach na dTeachtaí ach ní bheadh cead vótála acu ach i nithe a bhainfeadh leis an Ríocht Aontaithe trí chéile ar nós cúrsaí cánach, gnóthaí eachtracha agus polasaithe cosanta.
gnóthaí beaga small businesses
" Is ionann sin agus dhá oiread an mhéid a rothaíonn chuig an obair in Éirinn, a bhféadfaí Tír na nGluaisteán a bhaisteadh uirthi mar leasainm! Tá tionscal nua ag teacht chun cinn in Portland – gnóthaí beaga a dhéanann agus a dheisíonn rothair agus comhlachtaí comhairleachta arb é a ngnó ná cuidiú agus comhairle a chur ar fáil do chathracha eile ar mian leo eiseamláir inbhuanaithe na cathrach seo a leanúint.
na daoine is gnóthaí the busiest people
" Cad é an rud a deir na daoine is gnóthaí ar domhan agus tuilleadh oibre á tairiscint dóibh? “Cinnte,” a deir siad, agus ba é sin an rud a dúirt Donald Shaw le gairid nuair a iarradh air a bheith ina stiúrthóir ar an fhéile is fearr ceoil ar na hoileáin seo, Celtic Connections.
Aire Gnóthaí Eachtracha Minister for Foreign Affairs
" Mar shampla, d’éirigh le Bernard Kouchner, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, an-dochar a dhéanamh ag tús na míosa seo caite nuair a dúirt sé le linn agallaimh raidió: “A* 'no' vote from the Irish would be greeted with gigantic incomprehension from the rest of Europ .
Aire Gnóthaí Eachtracha minister for foreign affairs
" Agus ní hé pobal na Seoirsia amháin a bhí ag iarraidh fáil réidh le Shevardnadze, iar-Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Shóivéadaigh.
Coiste Gnóthaí Affairs Committee
" Tá Kevin McNamara ar Choiste Comórtha an Northern Ireland Civil Rights Association, a bunaíodh 2 Feabhra 1967 agus ba é téama na léachta ná ‘Cén fáth a raibh freagra Rialtas Wilson ar an fheachtas ar son Cearta Síbhialta chomh dona agus a bhí?’ Bhí an Coiste Gnóthaí (NEC) agus Grúpa Parlaiminte Pháirtí an Lucht Oibre (PLP) eolach, de réir McNamara, ar fhadhbanna cosúil le hidirdhealú agus le claonroinnt ar thoghlaigh, ach ní raibh siad sásta rud ar bith a dhéanamh fúthu de dheasca an ceangal láidir a bhí acu le Páirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann (NILP).
tAire Gnóthaí Eachtracha Minister for Foreign Affairs
" Ní ba luaithe i mbliana, mar shampla, rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Seanadóir Stephen Smith, gearán le rialtas na hIaráine nuair a daoradh daoine óga chun báis ann.
Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
" An mhí seo caite léirigh mé nach raibh oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
is gnóthaí busiest
" Gan amhras, is cúis imní é an líon bád atá á ngabháil ag foghlaithe mara amach ó chósta na Somáile le tamall, mar is ceann de na bealaí farraige is gnóthaí ar domhan é.
Gnóthaí Eachtracha foreign affairs
" Grád: B Micheál Martin (An tAire Gnóthaí Eachtracha): Meas tuillte ar a chuid iarrachtaí Éire a thabhairt chun míntíreachais san Aontas Eorpach i bhfianaise theip Chonradh Liospóin.
gnóthaí polaitíochta politics
" Ar mhí-ámharaí an tsaoil áfach, tá gnóthaí polaitíochta na Pacastáine ag éirí míshocair le tamall anuas agus ní fios cén treo a rachaidh an Phacastáin amach anseo.
gnóthaí affairs
" Gheall Howard agus an t-aire a bhí freagrach as gnóthaí bundúchasacha, Mal Brough, go gcaomhnófaí ord poiblí sna comhphobail agus caitheadh baill an airm chuig comhphobail áirithe le cuidiú leis na póilíní áitiúla.
Gnóthaí affairs
" Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
Gnóthaí Eachtracha foreign affairs
" Tá an comórtas seo urraithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ag Oideas Gael.
gnóthaí eachtracha foreign affairs
" Bhí an t-atmaisféar dóchasach céanna i réim arís le linn do Barack Obama a bheith sa rás d’uachtaránacht Mheiriceá ach ó bhain sé an Teach Bán amach, tá idir dhíomá agus lúcháir ar a lucht tacaíochta maidir leis an gheilleagar agus le gnóthaí eachtracha.
Gnóthaí Eachtracha foreign affairs
" An ‘Smeadar Gàidhlige’ ======= Ag seoladh an phlean, dúirt Aire Cultúir agus Gnóthaí Eachtracha na hAlban, Fiona Hyslop, go gcuideodh sé le seasamh ‘níos suntasaí’ a thabhairt don teanga i measc an phobail agus go spreagfadh sé daoine chun í a fhoghlaim agus a labhairt.
Gnóthaí Eachtracha for foreign affairs
" Ní féidir dul timpeall an domhain ag crochadh bratach, á rá gur leatsa féin an talamh úd”, a dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada ag an am.
Roinn Gnóthaí Eachtracha Dept. of Foreign Affairs
" I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
Gnóthaí Eachtracha Foreign Affairs
" Comhaid ó Roinn an Taoisigh agus ón Roinn Gnóthaí Eachtracha a scaoileadh amach i mbliana agus bhí roinnt fillteán iontu a bhaineann go sonrach le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Gnóthaí Eachtracha foreign affairs
" Bheadh sé le cur i mbun na Roinne Gnóthaí Eachtracha ach gur fearr leis a bheith níos deise do bhaile de bharr drochshláinte a mhná.
Gnóthaí Eachtrach foreign affairs
" Agus i measc comhairleoirí sinsearacha ICG, tá Shlomo Ben-Ami, iar-Aire Gnóthaí Eachtrach Iosrael; Stanley Fischer, gobharnóir Bhanc Iosrael; agus Shimon Peres, Uachtarán reatha Iosrael.
gnóthaí an CLG GAA affaris
" Cén cúram atá ort ar na saolta seo i dtaca le gnóthaí an CLG?** A.
gnóthaí eachtracha of foreign affairs
" Ghnóthaigh na hOileáin Mhic Cùga stádas neamhspleách sna 1960í, cé go dtagann siad faoi scáth na Nua-Shéalainne fós i dtaobh gnóthaí eachtracha agus gnóthaí cosanta.
gnóthaí cosanta matters of defence
" Ghnóthaigh na hOileáin Mhic Cùga stádas neamhspleách sna 1960í, cé go dtagann siad faoi scáth na Nua-Shéalainne fós i dtaobh gnóthaí eachtracha agus gnóthaí cosanta.
Gnóthaí Pobail public affairs
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
Cíorfar gnóthaí polaitíochta political matters shall be discussed
" (Cíorfar gnóthaí polaitíochta, an NUJ agus Plean 20 Bliain Don Ghaeilge sa dara leath den Agallamh an mhí seo chugainn.
Gnóthaí cóipchirt matters of copyright
" Gnóthaí cóipchirt agus bainistiú cearta digiteacha** Ach is dócha chun fáiltiú roimh an saol úr cróga seo, beidh gá le reachtaíocht nua cóipchirt.
gnóthaí geilleagair tromchúiseacha serious economic matters
" Níl aon leithscéal ag uascáin na hÉireann, tír a bhfuil an t-idirlíon sách coitianta, a bheith dall ar na gnóthaí geilleagair tromchúiseacha atá ag titim amach thart timpeall orthu le blianta beaga anuas.
Roinn Gnóthaí Eachtracha Dept. of Foreign Affairs
" Chuir Rúnaí Príobháideach an Taoisigh meamram faoi rún chuig a chomhleacaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ag lorg treorach faoi cad é ba cheart a dhéanamh faoin litir.
gnóthaí agóide business of agitation
" Faoin am ar thosaigh sé a chuid staidéir i nDámh na nDán i bPrág bhí Jan Palach gafa le gnóthaí agóide na mac léinn, an dream ba mhó díograis i bhfeachtas na n-easaontóirí.
léirscaoileadh gnóthaí tráchtála trade matters were freed up completely
" Mealladh infheistíocht Mheiriceánach, léirscaoileadh gnóthaí tráchtála, agus cuireadh athruithe ar leagan amach an gheilleagair.
Roinn Gnóthaí Baile Dept. of Home Affairs
" Tá an t-iompar seo in aghaidh treoirlínte ón Roinn Gnóthaí Baile ar *'Stop and Account.
gnóthaí riaracháin the point of administration
" Ó thaobh gnóthaí riaracháin, bhí mé i mo chathaoirleach contae ó 1980 go 1987, bliain ina dhiaidh sin bhí mé mar ionadaí ag DnaG i bPáirc an Chrócaigh agus mar iontaobhaí i bPáirc an Chrócaigh ag tús na forbartha.
Gnóthaí Oideachais educational matters
" Gnóthaí Oideachais ======== **SÓC: An fíor é gur thosaigh tú ag teagasc agus tú fós i do dhéagóir?** MMGE: Dhá bhliain a bhí i gColáiste Phadráig san am sin.
a gcuid gnóthaí oifigiúla their official business
" Óir tá teachtaireacht láidir á tabhairt ag na Gardaí don ghlúin atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair – ’sé sin go gcaithfidh siad a gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí mheán an Bhéarla.
luigh gnóthaí geilleagair go trom orthu economic problems weighed heavily on them
" Foirne eile, luigh gnóthaí geilleagair go trom orthu, nó bánaíodh a lucht imeartha le déanaí agus mic léinn Erasmus na hÉireann bailithe leo.
gnóthaí geopholaitíochta geopolitical matters
" Ar a laghad, tá cúrsaí teicneolaíochta (an ríomhaire, an t-idirlíon) agus gnóthaí geopholaitíochta (fás na Síne) chomh mór agus chomh lárnach sa scéal sin.
Gnóthaí Óige youth affairs
" Agus í ag caint ar an ábhar, dúirt Frances Fitzgerald, An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, “is féidir le maistíneacht tionchar uafásach agus creimeach a imirt ar ár gcuid páistí agus ar dhaoine óga, ar a bhféinmhuinín, a bhféinmheas, a sláinte intinne.
gnóthaí polaitíochta the world of politics
" Thabharfadh go leor daoine ‘seó gnó’ seachas ‘féile’ ar na cluichí samhraidh ar an ábhar go mbíonn tionchar nach beag ag cúrsaí gnó, airgead agus gnóthaí polaitíochta orthu.
Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Dept. of Foreign Affairs and Trade
" Mar a mheabhraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála: Tá cead taistil ag aon saoránach Éireannach ar bhun a phas Éireannnaigh.
gnóthaí oifigiúla official business
" Fuarthas comhairle chúntach ó chainteoirí dúchais as gach ceann de na Gaeltachtaí, ó mhúinteoirí, agus ó dhaoine eile a raibh eolas ar leith acu ar na teanga, agus comhaontaíodh leis an Roinn Oideachais an leabhrán seo a fhoilsiú mar chaighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne (CO 1958, viii).
ag brath go mór ar na gnóthaí móra are really depending on the large companies
" Tá maoiniú na n-údarás áitiúil iontach saoithiúil ar fad: níl an pobal róshásta iad a mhaoiniú go díreach agus mar gheall air sin, tá na húdaráis ag brath go mór ar na gnóthaí móra.
níl i mbéal an phobail ach gnóthaí airgid people are only thinking about financial matters
" I mbeagán focal, níl i mbéal an phobail ach gnóthaí airgid.
gnóthaí staire historical matters
" Bíonn an-ráchairt ar an ionad i measc na nGael agus lucht na staire araon de bharr go reáchtáiltear imeachtaí éagsúla ann go rialta a bhaineann le gnóthaí staire Gael-Astrálacha.
Gnóthaí Baile na Breataine British Home Affairs
" Ní hamháin go raibh ar Oifig Gnóthaí Baile na Breataine leasuithe nua a chur chun cinn de thairbhe líon na bPoblachtach a bhí anois mar chimí acu ach bhí orthu riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu, córas nár cuireadh mórán athruithe suntasacha air ó ré na Géarleanúna ar aghaidh.
gnóthaí teileachumarsáide telecommunication matters
" (Níl gnóthaí teileachumarsáide mar chuid den Mhargadh Aonair faoi láthair, sin é an fáth a bhfuil costais mhóra fánaíochta san Eoraip).
Aire Gnóthaí Eachtracha ina rialtas minister for foreign affairs in her government
" Rinne Gillard iarracht an chloch a chaitheamh as an muinchille nuair a cheap sí Rudd mar Aire Gnóthaí Eachtracha ina rialtas tar éis an olltoghcháin sa bhliain 2010.
dhíol le gnóthaí cogaíochta selling to war faring businesses
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
chuaigh gnóthaí in olcas matters worsened
" An Té atá Thuas, Óltar Deoch Air =============== Idir an dá linn chuaigh gnóthaí in olcas.
is breá liom gnóthaí pócair I love poker matters
" “Ní thiocfadh liom é a chreidiúint i ndáiríre, is breá liom gnóthaí pócair, níl mé á rá gur tháinig sé gan stró ach ní raibh ann ach caitheamh aimsire ag an tús.
Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile Home Secretary
" ” An tOileáinín Mé-Féineach ========= Ní fhéadfadh Jenkins éalú ón “gceist Éireannach” agus é ina Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine idir 1965-67 agus arís ó 1974-77.
gnóthaí faoin tuaith rural businesses
" Gan na turasóirí, ní féidir le cuid mhaith gnóthaí faoin tuaith maireachtáil agus má dhúnann siad, caithfidh muintir na háite dul chuig mórbhailte le haghaidh breosla, earraí grósaera, pionta agus comhluadar.
gnóthaí rochtana idirlín matters of internet access
" Toradh amháin is ea go dtuigim anois a dhonacht is atá gnóthaí rochtana idirlín 3G in áiteanna ar leith agus braithim ciontach faoin ráiméis a bhí mé ag caitheamh ‘síos na píopaí’ chugaibh sna ceantracha úd.
gnóthaí affairs
" Tá an Astráil ag cur a ladair isteach i ngnóthaí tíortha eile de chuid an Aigéin Chiúin a bhfuil fadhbanna polaitiúla ag teacht chun cinn iontu.
gnóthaí matters
"gnóthaí ag téamh i SAM an mhí seo ach dar le Brian Ó Broin, ní gnóthaí aimsire is bun leis an ardú teasa an iarraidh seo, ach corraíl pholaitíochta a d’fhéadfadh cor a chur i leagan amach polaitíocht SAM ar an mórgóir.
gnóthaí matters
" Dearcann Áine Ní Chiaráin siar san alt seo ar thréimhse fhada Éamoin Uí Chuív i mbun gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.
gnóthaí muirthéachta revolutionary matters
" Bhí Tony Birtill ag machnamh ar an mbaint atá ag an ealaíon le gnóthaí muirthéachta, gaol a bhí feiceálach i Learpholl céad bliain ó shin.
Gnóthaí geilleagair economic matters
" Gnóthaí geilleagair? Ní hé an dea-scéal atá ag Ciarán Mac Aonghusa dúinn ar ndóigh.
gnóthaí seirce matters of the heart
" Tá Ken Ó Donnchú ag cur faoi in A Coruña na Gailise le scathamh agus is siad gnóthaí seirce a thug ann é.
gnóthaí cine race matters
" Ghlac Brian Ó Broin staidéar ar ghné thruamhéalach a bhaineann le SAM, gnóthaí cine.